|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2026/4926 |
18.9.2026 |
Bearta arna nglacadh ag an tSlóivéin i gcomhréir le hAirteagal 14(1) de Threoir 2010/13/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus dá dtagraítear in aithris 1 de Chinneadh C(2026) 4980 final an 15 Iúil 2026
(C/2026/4926)
Uradni List RS (UL RS; Iris Oifigiúil Phoblacht na Slóivéine) Uimh. 104/2025 an 12 Nollaig 2025
3537. Cinneadh lena leagtar síos liosta mórimeachtaí le haghaidh na craoltóireachta teilifíse, leathanach 11915.
De bhun Airteagal 34a(1) den Acht um Sheirbhísí Meán Closamhairc (UL RS Uimhreacha 87/11, 84/15 agus 204/21), ghlac Rialtas Phoblacht na Slóivéine an
CINNEADH
lena leagtar síos liosta mórimeachtaí le haghaidh na craoltóireachta teilifíse
Airteagal 1
Leis an gCinneadh leagtar síos liosta mórimeachtaí le haghaidh na craoltóireachta teilifíse (dá ngairtear an Liosta anseo feasta).
Airteagal 2
Cuimsítear sa Liosta imeachtaí a chomhlíonann na critéir a leagtar síos in Airteagal 34a(2) den Acht um Sheirbhísí Meán Closamhairc (UL RS Uimhreacha 87/11, 84/15 agus 204/21) agus a liostaítear san Iarscríbhinn, ar dlúthchuid den Chinneadh seo í.
FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA
Airteagal 3
An lá a thiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm, scoirfidh an Cinneadh lena leagtar síos liosta mórimeachtaí le haghaidh na craoltóireachta teilifíse (UL RS Uimh. 120/22) d’fheidhm a bheith aige.
Airteagal 4
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil Phoblacht na Slóivéine.
Liúibleána, an 11 Nollaig 2025
Uimh. 00704-351/2025
EVA 2025-3340-0020
Rialtas Phoblacht na Slóivéine
Dr Robert GOLOB
Príomh-Aire
IARSCRÍBHINN
Liosta mórimeachtaí le haghaidh na craoltóireachta teilifíse
|
Sraithuimhir |
Spórt/réimse |
Imeacht |
Modh craolacháin closamhairc |
||||||||||||
|
1 |
Cluichí Oilimpeacha an tSamhraidh agus an Gheimhridh |
Imeachtaí uile Chluichí Oilimpeacha an tSamhraidh agus an Gheimhridh ina mbíonn foireann náisiúnta na Slóivéine nó lúthchleasaí Slóivéanach amháin nó níos mó páirteach. |
Craoltar na himeachtaí beo ina n-iomláine nó i bpáirt. Mura bhfuil craoladh beo indéanta go teicniúil toisc go bhfuil dhá imeacht nó níos mó ar siúl ag an am céanna, féadfar iad a chraoladh ar bhonn moillithe feisin. |
||||||||||||
|
2 |
Sacar |
|
Craoltar na himeachtaí beo ina n-iomláine. |
||||||||||||
|
3 |
Sciáil – disciplíní na Cónaidhme Idirnáisiúnta Sciála agus Clársciála (FIS) agus dé-atlan |
|
Craoltar na himeachtaí beo ina n-iomláine. Mura bhfuil craoladh beo indéanta go teicniúil toisc go bhfuil dhá imeacht nó níos mó ar siúl ag an am céanna, féadfar iad a chraoladh ar bhonn moillithe feisin. |
||||||||||||
|
4 |
Cispheil |
|
Craoltar na himeachtaí beo ina n-iomláine. |
||||||||||||
|
5 |
Liathróid láimhe |
|
Craoltar na himeachtaí beo ina n-iomláine. |
||||||||||||
|
6 |
Eitpheil faoi dhíon |
|
Craoltar na himeachtaí beo ina n-iomláine. |
||||||||||||
|
7 |
Rothaíocht bhóthair |
|
Craoltar na himeachtaí agus codanna de na himeachtaí beo. |
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/4926/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)