European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2026/4637

3.9.2026

FÓGRA ÓN GCOIMISIÚN

Teoirlínte i dtaca le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2024/3015 maidir le táirgí arna ndéanamh le saothar éigeantais a thoirmeasc ar mhargadh an Aontais

(C/2026/4637)

1.

Réamhrá 4

2.

Creat dlíthiúil 5

2.1.

Creat bunreachtúil an Aontais 5

2.2.

An creat dlíthiúil idirnáisiúnta 5

3.

Raon Feidhme an Rialacháin 6

3.1.

Táirgí agus oibreoirí eacnamaíocha atá faoi raon feidhme an Rialacháin 6

3.2.

Saothar éigeantais a shainmhíniú 7

3.2.1.

Obair nó seirbhís 7

3.2.2.

Easpa toiliú deonach (neamhthoil) 7

3.2.3.

Comhéigean 7

3.3.

Cineálacha saothair éigeantais 8

3.3.1.

Saothar éigeantais arna fhorchur go príobháideach 8

3.3.2.

Saothar éigeantais arna fhorchur ag an stát 8

3.3.3.

Saothar éigeantais leanaí 8

3.4.

Táscairí riosca chun saothar éigeantais a shainaithint 9

4.

An próiseas imscrúdaitheach 9

4.1.

Imscrúdú a dhéanamh ar sháruithe féideartha ar an toirmeasc ar shaothar éigeantais 9

4.2.

Raon feidhme an phróisis imscrúdaithigh 9

4.3.

Cur chuige rioscabhunaithe chun tosaíocht a thabhairt d’imscrúduithe agus chun iad a spriocdhíriú 10

4.3.1.

Critéir chun táirgí a shainaithint agus chun tosaíocht a thabhairt do chásanna a ndéanfar imscrúdú orthu 10

4.3.2.

Sainaithint oibreoirí eacnamaíocha le haghaidh na gcéimeanna den imscrúdú 11

4.4.

Faisnéis a mheasúnú 12

4.4.1.

Faisnéise atá ar fáil a bhailiú agus a mheasúnú 12

4.4.2.

Foinsí ábhartha faisnéise 12

4.5.

Réamhchéim na n-imscrúduithe 12

4.5.1.

Faisnéis a iarraidh ó oibreoirí eacnamaíocha 12

4.5.2.

Faisnéis a iarraidh ar ‘sholáthróirí táirgí eile’, páirtithe leasmhara eile agus aimsiú fíoras breise 13

4.5.3.

Measúnú agus conclúid den chéim thosaigh d’imscrúdú 14

4.6.

Imscrúdú 15

4.6.1.

Ceart an oibreora eacnamaíoch go gcuirfear ar an eolas é agus chun éisteacht a fháil 15

4.6.2.

Faisnéis a iarraidh ó oibreoirí eacnamaíocha 15

4.6.3.

Teagmháil a dhéanamh le páirtithe leasmhara ábhartha eile agus cigireachtaí ar an láthair 15

4.6.4.

Rúndacht imscrúduithe 16

4.6.5.

Toradh an imscrúdaithe 16

4.7.

Comhoibriú oibreoirí eacnamaíocha leis na húdaráis inniúla agus faisnéis is féidir a iarraidh 17

4.7.1.

Samplaí d’fhaisnéis faoi ghníomhaíochtaí an oibreora eacnamaíoch chun rioscaí saothair éigeantais a shainaithint, a chosc, a mhaolú, deireadh a chur leo nó iad a leigheas 17

4.7.2.

Samplaí d’fhaisnéis faoi dhálaí oibre ar láithreán an tsaothair éigeantais líomhnaithe 18

4.7.3.

Samplaí d’fhaisnéis faoin táirge a líomhnaítear ina leith go sáraíonn sé an toirmeasc ar shaothar éigeantais 18

4.8.

Cinntí maidir le sáruithe ar an toirmeasc ar shaothar éigeantais 19

4.8.1.

Sárú ar an toirmeasc ar shaothar éigeantais a shuí 19

4.8.2.

Sárú a shuí i gcás neamh-chomhoibriú 21

4.8.3.

Inneachar an chinnidh 22

4.8.4.

Slabhraí soláthair lena mbaineann tábhacht straitéiseach nó chriticiúil don Aontas 23

4.9.

Athbhreithniú ar chinntí agus achomhairc 24

4.9.1.

Iarrataí ar athbhreithniú ar chinneadh 24

4.9.2.

Tarraingt siar cinnidh a iarraidh ar chomhlíontacht agus faisnéis atá le cur isteach ag oibreoirí eacnamaíocha 24

4.9.3.

Achomhairc riaracháin agus bhreithiúnacha in aghaidh cinnidh 25

4.10.

Comhordú agus comhar maidir le himscrúduithe agus forfheidhmiú 25

4.10.1.

Comhordú idir údaráis náisiúnta laistigh de Bhallstát 25

4.10.2.

Comhar le húdaráis forfheidhmithe dlí agus idirghníomhú le himeachtaí coiriúla 26

4.10.3.

Comhordú, comhar agus cúnamh frithpháirteach idir na húdaráis inniúla agus an Coimisiún 26

5.

Forfheidhmiú agus pionóis 27

5.1.

Forfheidhmiú cinntí maidir le sárú ar an toirmeasc 27

5.1.1.

Forfheidhmiú cinntí maidir le sárú ar an toirmeasc laistigh den Aontas 27

5.1.2.

Forfheidhmiú cinntí maidir le sárú ar an toirmeasc ag na teorainneacha 28

5.1.3.

Sainaithint na dtáirgí ag an teorainn 29

5.1.4.

Scaoileadh táirgí a chur ar fionraí agus fógra a thabhairt do na húdaráis inniúla 29

5.1.5. S

caoileadh i saorchúrsaíocht nó onnmhairiú 30

5.1.6.

Diúltú, urghabháil agus diúscairt 30

5.2.

Pionóis 30

5.2.1.

Cúiseanna le pionóis 31

5.2.2.

Pionóis a ríomh 31

6.

Treoraíocht d’oibreoirí eacnamaíocha maidir le dícheall cuí i ndáil le saothar éigeantais 34

6.1.

Cuspóir 34

6.2.

Reachtaíocht an Aontais a bhaineann le dícheall cuí 34

6.3.

Céard is dícheall cuí ann i ndáil le saothar éigeantais? 35

6.3.1.

Dícheall cuí mar uirlis éifeachtach in aghaidh saothar éigeantais 35

6.3.2.

Saintréithe an díchill chuí 35

6.3.3.

Rannpháirtíocht páirtithe leasmhara 36

6.4.

Próiseas an díchill chuí 36

6.4.1.

Céim 1: Dícheall cuí i ndáil le saothar éigeantais a chomhtháthú i mbeartais agus i gcórais bainistíochta riosca na cuideachta 37

6.4.2.

Céim 2: Rioscaí saothair éigeantais a shainaithint agus a mheasúnú in oibríochtaí, slabhraí soláthair agus caidrimh ghnó na cuideachta 39

6.4.3.

Céim 3: Rioscaí saothair éigeantais a chosc agus a mhaolú agus deireadh a chur leo 41

6.4.4.

Céim 4: Faireachán agus measúnú a dhéanamh ar chur chun feidhme agus ar rioscaí 43

6.4.5.

Céim 5: An chaoi a dtéitear i ngleic le rioscaí a chur in iúl 44

6.4.6.

Céim 6: Leigheas a sholáthar nó comhoibriú ann 45

7.

Faisnéis a chur isteach faoi sháruithe féideartha ar an toirmeasc ar shaothar éigeantais 47

7.1.

Réamhrá 47

7.2.

Faisnéis a chur isteach 47

7.2.1.

Faisnéis a chur isteach 47

7.2.2.

Faisnéis atá le cur isteach 47

7.2.3.

Sonraí teagmhála 47

7.3.

Líomhaintí maidir le saothar éigeantais 48

7.4.

Fianaise ar shaothar éigeantais agus doiciméid tacaíochta 48

7.5.

Faisnéis faoi na hoibreoirí eacnamaíocha agus/nó na táirgí lena mbaineann 48

7.6.

Cén chaoi a láimhseálfar an fhaisnéis a chuirfear isteach? 49

7.6.1.

Measúnú tosaigh 49

7.6.2.

Idirphlé leis an achainíoch 49

7.7.

Rúndacht agus cosaint sonraí 50

7.7.1.

Rúndacht 50

7.7.2.

Déileáil le sonraí pearsanta 50

FÓGRA TÁBHACHTACH

Comhlíontar leis na treoirlínte seo an oibleagáid a leagtar síos in Airteagal 11 den Rialachán maidir le Saothar Éigeantais (1) (‘an Rialachán’ anseo feasta), agus tá siad ceaptha chun tacú lena chur chun feidhme (2). Dírítear iad chuig na húdaráis inniúla atá freagrach as an Rialachán a chur chun feidhme agus chuig údaráis chustaim, oibreoirí eacnamaíocha, comhlachais tomhaltóirí, eagraíochtaí sochaí sibhialta, ceardchumainn agus aon pháirtí leasmhar eile.

Is mar threoirdhoiciméad amháin atá na treoirlínte seo beartaithe, agus níl feidhm dhlíthiúil ach ag téacs an Rialacháin féin. Baineann an léirmhíniú ceangailteach ar reachtaíocht an Aontais le hinniúlacht eisiach Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh. Leis na tuairimí a nochtar sna treoirlínte seo, ní féidir réamhbhreithiúnas a dhéanamh ar an seasamh a d’fhéadfadh an Coimisiún Eorpach a ghlacadh os comhair na Cúirte Breithiúnais. Níl an Coimisiún ná aon duine atá ag gníomhú thar ceann an Choimisiúin freagrach as aon úsáid a d’fhéadfaí a bhaint as an bhfaisnéis atá sna treoirlínte seo.

Leagtar amach na treoirlínte seo mar threoraíocht maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin sna Ballstáit agus san Íoslainn, i Lichtinstéin agus san Iorua mar shínitheoirí den Chomhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (LEE), agus i leith na Ríochta Aontaithe agus sa Ríocht Aontaithe i ndáil le Tuaisceart Éireann i gcomhréir le Creat Windsor (3), nuair a chuirtear an Rialachán leis na comhaontuithe faoi seach. Dá bhrí sin, tagairtí don Aontas, don Aontas Eorpach, nó don mhargadh aonair, ba cheart a thuiscint leo go gcuimsítear iontu LEE nó margadh LEE chomh maith leis an Ríocht Aontaithe i ndáil le Tuaisceart Éireann.

De réir mar a cheanglaítear leis an Rialachán, forbraíodh na treoirlínte seo i gcomhairle leis na páirtithe leasmhara uile, ar a n-áirítear eagraíochtaí idirnáisiúnta, na Ballstáit, gnólachtaí agus comhlachais ghnó, ceardchumainn agus eagraíochtaí sochaí sibhialta. Chun tacú leis an bpróiseas comhairliúcháin, chruthaigh an Coimisiún grúpa saineolaithe maidir le saothar éigeantais (4), sheol sé glao ar fhianaise (5) faoina bhfuair sé 160 aighneacht, agus rinne sé comhairliúcháin spriocdhírithe. D’fhéadfadh sé go ndéanfaí na treoirlínte a athrú agus a thabhairt cothrom le dáta le himeacht ama, de réir mar ba ghá.

1.   RÉAMHRÁ

Leagtar síos sa Rialachán rialacha ceangailteacha lena gcuirtear toirmeasc ar oibreoirí eacnamaíocha táirgí arna ndéanamh le saothar éigeantais a chur ar mhargadh an Aontais, agus iad a onnmhairiú ó mhargadh an Aontais. Is é is aidhm dó feabhas a chur ar fheidhmiú an mhargaidh aonair trí rannchuidiú le margadh cothrom trédhearcach a choinneáil ar bun agus cothrom iomaíochta a áirithiú le haghaidh gnólachtaí sa mhargadh aonair, agus iompar freagrach gnó á chur chun cinn san am céanna i measc gnólachtaí atá ag feidhmiú laistigh den Aontas agus lasmuigh de. Is é is aidhm don Rialachán freisin rannchuidiú leis an gcomhrac in aghaidh cleachtais saothair éigeantais, lena n-áirítear Sprioc Forbartha Inbhuanaithe 8.7 ó na Náisiúin Aontaithe maidir le deireadh a chur le saothair éigeantais faoi 2030.

Déantar oibleagáid toradh a ghnóthú a fhorchur ar oibreoirí eacnamaíocha leis an Rialachán. Bíodh is nach bhforchuirtear aon oibleagáid shonrach díchill chuí ar chuideachtaí, aithnítear ann dícheall cuí mar uirlis úsáideach chun dul i ngleic leis an saothar éigeantais i slabhraí soláthair. Dá réir sin, agus i gcomhréir leis an Rialachán, is é is aidhm do na treoirlínte seo freisin soiléiriú a thabhairt ar conas is féidir le dícheall cuí cuidiú le cuideachtaí an Rialachán a chomhlíonadh. Tá feidhm ag na rialacha seo gan beann ar cibé acu a tharlaíonn saothar éigeantais ar láithreáin oibríochta an oibreora eacnamaíoch féin nó laistigh dá shlabhra soláthair.

Agus an Rialachán á chur chun feidhme, ní mór do na húdaráis inniúla agus don Choimisiún cloí le prionsabail ghinearálta dhlí an Aontais amhail prionsabal na comhréireachta. Ní mór urraim chuí a thabhairt ar cheart éisteachta oibreoirí eacnamaíocha agus imscrúduithe á ndéanamh, agus ní mór dóibh a bheith gan dochar do nósanna imeachta faoi reachtaíocht eile an Aontais agus faoin reachtaíocht náisiúnta. Chuige sin, ceanglaítear leis an Rialachán go rachaidh na príomhúdaráis inniúla i ndlúthchomhar le húdaráis inniúla eile.

2.   CREAT DLÍTHIÚIL

2.1.   Creat bunreachtúil an Aontais

Tá an Rialachán maidir le Saothar Éigeantais fréamhaithe i gConarthaí an Aontais (6), agus léirítear ann na luachanna a liostaítear in Airteagal 2 CAE, ar luachanna coiteanna iad don Aontas agus dá Bhallstáit (7). Ceanglaítear leis na Conarthaí ar an Aontas agus a Bhallstáit tacú le luachanna amhail dínit an duine, cearta an duine, saoirse, ceartas agus an dlúthpháirtíocht agus iad a shaothrú, agus dhearbhaigh an Chúirt Bhreithiúnais go bhfuil na luachanna sin ag croílár fhéiniúlacht an Aontais agus gur gné bhunúsach iad d’fheidhmiú dhlíchóras an Aontais (8).

Déantar na gealltanais sin a shonrú agus a atreisiú le Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (9), ina leagtar síos go sainráite go bhfuil dínit an duine dosháraithe agus nach mó í a urramú agus a chosaint. Déantar sclábhaíocht, daoirse, saothair éigeantais nó éigeantach, agus gáinneáil ar dhaoine a thoirmeasc go sainráite sa Chairt freisin (10).

2.2.   An creat dlíthiúil idirnáisiúnta

Cuireann an Rialachán le hionstraimí idirnáisiúnta lena dtoirmeasctar an saothar éigeantais de gach cineál, go háirithe Coinbhinsiún EIS Uimh. 29 (11) maidir le saothar éigeantais agus Prótacal 2014 (12) a ghabhann leis agus Coinbhinsiún EIS Uimh. 105 maidir le saothar éigeantais a dhíothú (13), arna chomhlánú le Moladh Uimh. 203 ó EIS maidir le saothar éigeantais (14). Baintear leas sa Rialachán freisin as Coinbhinsiún EIS Uimh. 182 (15) lena dtoirmeasctar saothar éigeantais leanaí mar cheann de na cineálacha is measa saothair leanaí (16) agus as ionstraimí idirnáisiúnta um chearta an duine. Shínigh Ballstáit uile an Aontais gealltanas chun an saothar éigeantais a chomhrac mar tá Coinbhinsiúin EIS Uimh. 29 agus Uimh. 105 maidir le Saothar Éigeantais daingnithe acu uile.

Cuirtear san áireamh sna treoirlínte seo na prionsabail agus na caighdeáin a leagtar amach i dtreoirlínte a aithnítear go hidirnáisiúnta agus go háirithe maidir leis na hionstraimí seo a leanas:

OECD Guidelines for Multinational Enterprises on Responsible Business Conduct [Treoirlínte ECFE d’Fhiontair Ilnáisiúnta maidir le hIompar Gnó Freagrach] (‘Treoirlínte ECFE d’Fhiontair Ilnáisiúnta’ anseo feasta) (17) agus Due Diligence Guidance for Responsible Business Conduct [Treoir ECFE um Dhícheall Cuí le haghaidh Iompar Gnó Freagrach] (‘Treoir ECFE um Dhícheall Cuí’ anseo feasta) (18);

EIS, Hard to see, harder to count [Deacair a fheiceáil, níos deacra a áireamh] (19);

EIS-Eagraíocht Idirnáisiúnta na bhFostóirí (EIF) Combating forced labour – A handbook for employers and business (‘Lámhleabhar EIS-EIF’ anseo feasta) (20);

Prionsabail Threoracha na Náisiún Aontaithe maidir le Gnó agus Cearta an Duine (21).

3.   RAON FEIDHME AN RIALACHÁIN

3.1.   Táirgí agus oibreoirí eacnamaíocha atá faoi raon feidhme an Rialacháin

Tá feidhm ag an Rialachán maidir le gach táirge a dhéantar le saothar éigeantais (22), gan beann ar a thionscnamh, a chineál ná ar a earnáil (23), a chuirtear ar mhargadh an Aontais nó a chuirtear ar fáil ann nó a onnmhairítear uaidh. Tá feidhm aige maidir le táirgí a dhéantar ‘go hiomlán nó go páirteach’ agus saothar éigeantais in úsáid ag aon chéim d’eastóscadh, buaint, táirgeadh nó monarú an táirge, lena n-áirítear ina oibriú nó ina phróiseáil ag aon chéim dá shlabhra soláthair, gan beann ar cibé acu a tharlaíonn sé sin laistigh den Aontas nó lasmuigh de. Dá bhrí sin, tagann táirgí faoi raon feidhme an Rialacháin gan beann ar mhéid an sciar nó na coda a monaraíodh le saothar éigeantais.

Is leithne an sainmhíniú ar ‘tháirge’ faoin Rialachán ná an sainmhíniú sa Chreat Reachtach Nua (24). Anuas ar tháirgí monaraithe, cumhdaítear leis an Rialachán táirgí talmhaíochta mar a shainmhínítear in Airteagal 38 CFAE (25) agus táirgí a eastósctar, amhail mianraí agus amhábhair eile.

Tá feidhm ag an Rialachán maidir le gach táirge ar mhargadh an Aontais nó a chuirtear ar fáil ann ón 14 Nollaig 2027 amach, fiú más rud é gur táirgeadh na táirgí nó a gcomhpháirteanna nó gur onnmhairíodh isteach san Aontas iad roimh an dáta sin. Ní chumhdaítear leis tarraingt siar (26) táirgí a díoladh cheana féin (i.e. atá imithe chomh fada leis an úsáideoir deiridh), ach ina ionad sin cumhdaítear táirgí atá á gcur ar fáil ar an margadh i gcónaí, e.g. atá ar na seilfeanna nó i dtrádstórais.

Táirgí a thairgtear lena ndíol ar líne nó trí mhodhanna eile ciandíolacháin, tagann siad faoi raon feidhme an Rialacháin freisin má tá an tairiscint díola dírithe ar úsáideoirí deiridh san Aontas. I gcás inar gá measúnú cás ar chás chun a chinneadh cé acu atá nó nach bhfuil tairiscintí ar líne dírithe ar úsáideoirí deiridh laistigh den Aontas, ní mór roinnt tosca a bhreithniú. Áirítear orthu sin an cumas táirgí a sheoladh chuig limistéir gheografacha laistigh den Aontas, úsáid theangacha agus airgeadra Ballstáit, modhanna íocaíochta a bhaineann go sonrach leis an réigiún, agus úsáid ainm fearainn atá cláraithe i mBallstát (27).

Féadfaidh an Coimisiún nó údaráis náisiúnta inniúla seiceálacha a dhéanamh agus gníomhaíochta breise is gá a dhéanamh i ndáil le táirgí den sórt sin de bhun an Rialacháin, fiú i gcás nár cuireadh na táirgí ar mhargadh an Aontais tráth na tairisceana ar líne faoi seach.

Ní áirítear an soláthar seirbhísí faoi raon feidhme an Rialacháin, fiú más rud é go mbaineann siad le cur an táirge ar an margadh, amhail iompar (28), stórasú agus lóistíocht.

Tá feidhm ag an Rialachán maidir le gach oibreoir eacnamaíoch (29) a chuireann táirgí ar mhargadh an Aontais nó a chuireann táirgí ar fáil ar mhargadh an Aontais nó a dhéanann táirgí a onnmhairiú ó mhargadh an Aontais (30). Ní mór dóibh an toirmeasc ar tháirgí a dhéantar le saothar éigeantais a chomhlíonadh, mar a leagtar amach in Airteagal 3 den Rialachán, agus d’fhéadfaidís a bheith faoi réir cinneadh chun cosc a chur ar tháirgí dá sáróidís an toirmeasc.

Is dearbhthoirmeasc neamhchoinníollach atá sa toirmeasc ar tháirgí arna ndéanamh le saothar éigeantais (31) a chur ar mhargadh an Aontais, iad a chur ar fáil ar mhargadh an Aontais nó iad a onnmhairiú ó mhargadh an Aontais, i ngeall ar a thromchúisí atá an sárú ar chearta an duine. Tá sé de fhreagracht ar na hoibreoirí eacnamaíocha comhlíontacht an toirmisc sin a áirithiú.

3.2   Saothar éigeantais a shainmhíniú

Úsáidtear sa Rialachán an sainmhíniú ar shaothar éigeantais ó Airteagal 2 de Choinbhinsiún EIS maidir le Saothar Éigeantais, 1930 (Uimh. 29), lena gcumhdaítear gach obair nó seirbhís a éilítear ar dhuine faoi chomhéigean agus nár thairg an duine é féin go deonach ina leith. Trí phríomhghné atá sa sainmhíniú: obair nó seirbhís, easpa toiliú deonach, agus comhéigean.

Chun a chinneadh gur saothar éigeantais atá i gceist, ní mór don neamhthoil agus don chomhéigean araon a bheith ann go comhuaineach ag pointe éigin sa tréimhse ar a bhfuil anailís á déanamh. D’fhéadfadh forluí a bheith idir an dá ghné sa chleachtas: i gcás inarb ann don chomhéigean, ní ann d’fhíorthoiliú; agus i ndálaí nach bhféadfaí toiliú a shamhlú iontu, d’fhéadfaí a thuiscint go réasúnta gurbh ann don chomhéigean (32).

3.2.1   Obair nó seirbhís

Tagraíonn obair nó seirbhís d’aon ghníomhaíocht a dhéanann duine chun earraí a tháirgeadh nó chun seirbhísí a sholáthar lena n-úsáid ag daoine eile nó dá úsáid féin.

Cé go luaitear seirbhísí sa sainmhíniú ó EIS, tá raon feidhme an Rialacháin teoranta do tháirgí a dhéantar le saothar éigeantais. Mar thoradh air sin, ní chumhdaítear leis an Rialachán seirbhísí agus obair tí, fiú má dhéantar le saothar éigeantais iad.

Eisiatar cineálacha áirithe oibre ón sainmhíniú ar shaothar éigeantais faoi Choinbhinsiún EIS (33), agus dá bhrí sin eisiatar iad ó raon feidhme an Rialacháin freisin:

seirbhís mhíleata éigeantach de chineál míleata amháin;

gnáthoibleagáidí saoránach;

obair mar thoradh ar chiontú i gcúirt dlí, faoi mhaoirseacht údarás poiblí;

obair i gcásanna éigeandála, amhail i gcás cogaidh nó tubaistí nádúrtha;

mionseirbhísí comhchoiteanna a dhéantar ar mhaithe le leas díreach an phobail agus i gcomhairle leis an bpobal.

Mar sin féin, is féidir leis na cineálacha oibre sin, in imthosca áirithe, teacht faoin sainmhíniú ar shaothar éigeantais athuair (Roinn 3.3.2).

3.2.2   Easpa toiliú deonach (neamhthoil)

Tagraíonn an téarma ‘go deonach’ do thoiliú saor feasach oibrí post a ghlacadh agus a shaoirse chun imeacht tráth ar bith. Is ann d’easpa toiliú deonach i gcás ina ndéanann fostóir nó earcaitheoir gealltanais bhréagacha, nó i gcás ina bhfuil oibrí faoi réir earcú faoi dhaoirse, amhail sclábhaíocht nó saothar faoi bhanna, nó i gcás ina gcuirtear iallach ar oibrí post a dhéanamh atá de chineál éagsúil leis an bpost a sonraíodh le linn na hearcaíochta gan a thoiliú. Ar shamplaí eile d’imthosca a d’fhéadfadh a bheith ina gcúis le hobair ainneonach, tá ceanglais mhí-úsáideacha maidir le ragobair nó obair ar glao-dhualgas, obair i ndálaí guaiseacha gan chúiteamh gan trealamh cosanta, obair ar phá an-íseal nó gan phá i ndálaí maireachtála táireacha a bhaineann leis an obair, agus obair gan saoirse deireadh a chur leis an bhfostaíocht.

3.2.3   Comhéigean

Tagraíonn comhéigean do na modhanna a úsáidtear chun obair a fhorchuir ar dhuine in aghaidh a thola, lena n-áirítear trí bhíthin foréigin, srianta ar a ghluaiseachtaí, cuibhriú fiachais, coinneáil siar pá nó doiciméad aitheantais, agus mí-úsáid a bhaint as a leochaileacht. D’fhéadfadh an comhéigean a bheith i bhfoirm imeaglaithe agus bagairtí freisin, amhail bagairtí duine a dhífhostú nó a dhíbirt, nó mí-úsáid cumhachta, amhail séanadh ceart nó pribhléidí nó mí-úsáid leochaileachta oibrithe, e.g. i ngeall ar shuíomh cianda a gcuid oibre nó ar a stádas mar náisiúnaigh tríú tír. Is féidir oibrithe a chomhéigniú freisin trí bhagairtí nó cineálacha eile comhéigin i leith bhaill a dteaghlach, a gcomhoibrithe nó a ndlúthchomhlach.

3.3   Cineálacha saothair éigeantais

Is féidir saothar éigeantais a roinnt ina dhá chatagóir bunaithe ar lucht a fhorchurtha: saothar éigeantais arna fhorchur go príobháideach agus saothar éigeantais arna fhorchur ag an stát. Áirítear leis saothar éigeantais leanaí freisin, ar fiú é a bhreithniú ar leithligh.

3.3.1   Saothar éigeantais arna fhorchur go príobháideach

Tagraíonn saothar éigeantais arna fhorchur go príobháideach do shaothar éigeantais arna fhorchur ag daoine, grúpaí nó cuideachtaí príobháideacha. Déanann sé difear do gach cuid den gheilleagar, nach mór, agus baineann formhór na gcásanna le ceithre earnáil leathana: an earnáil tionsclaíochta, seirbhísí, talmhaíocht, agus obair tí (34). Saothar éigeantais arna fhorchur go príobháideach atá i gceist le formhór an tsaothair éigeantais ar fud na cruinne (35).

3.3.2   Saothar éigeantais arna fhorchur ag an stát

Tagraíonn sé do shaothar éigeantais arna fhorchur ag údaráis stáit, gníomhairí a ghníomhaíonn thar ceann an stáit, nó eintitis a fheidhmíonn údarás atá cosúil le húdarás an stáit. Eascraíonn an cineál sin saothair éigeantais as dlíthe, beartais nó cleachtais náisiúnta, agus is minic a tharlaíonn sé laistigh de chomhthéacs sóisialta níos leithne ina bhfuil fearais stáit chomhéigneacha agus easpa ghinearálta saoirsí sibhialta.

Cuireann Coinbhinsiún EIS Uimh. 105 le Coinbhinsiún Uimh. 29 trí thagairt do chásanna áirithe faoina bhfuil cosc sainráite ar stáit úsáid a bhaint as saothar éigeantais nó saothar éigeantach:

mar mhodh comhéigin pholaitiúil nó oideachais pholaitiúil nó mar phionós as tuairimí polaitiúla nó tuairimí atá, ar bhonn idé-eolaíoch, i gcoinne an chórais bhunaithe pholaitiúil, shóisialta nó eacnamaíoch a shealbhú nó a chur in iúl;

mar mhodh chun saothar a shlógadh agus a úsáid chun críocha forbartha eacnamaíche;

mar mhodh smachta saothair;

mar phionós as rannpháirtíocht i stailceanna;

mar mhodh chun idirdhealú ciníoch, sóisialta, náisiúnta nó reiligiúnach a dhéanamh.

Ní dhéanfar i gcás ar bith na cineálacha sin saothair éigeantais nó saothair éigeantaigh a mheas mar a bheith dleathach faoi chaighdeáin saothair idirnáisiúnta.

3.3.3   Saothar éigeantais leanaí

Is cineál ar leith saothair éigeantais é saothar éigeantais leanaí lena mbaineann saintréithe sonracha i ngeall ar na caidrimh is casta atá i gceist. Sainmhínítear é, chun críoch an Rialacháin seo, mar obair a dhéanann leanbh (aon duine faoi 18 mbliana d’aois) le linn tréimhse thagartha shonraithe a thagann faoi cheann amháin de na catagóirí seo a leanas (36):

obair a dhéantar le haghaidh tríú páirtí, i gcás ina bhfuil an leanbh nó na tuismitheoirí faoi réir comhéigin;

obair a dhéantar le tuismitheoirí an linbh nó lena n-aghaidh, i gcás ina bhfuil an leanbh nó na tuismitheoirí faoi réir comhéigin;

obair a dhéantar le tuismitheoirí an linbh nó lena n-aghaidh, i gcás ina bhfuil na tuismitheoirí féin i gcás saothair éigeantais;

obair a dhéantar sna cineálacha is measa saothair leanaí dá dtagraítear i gCoinbhinsiún EIS 182 mar gach cineál sclábhaíochta nó gach cineál cleachtas atá cosúil leis an sclábhaíocht (37).

3.4   Táscairí riosca chun saothar éigeantais a shainaithint

Áirítear ar imthosca nó táscairí comónta saothair éigeantais: a) earcú éigeantais; d) dallamullóg; c) teacht i dtír ar fhiachas; d) dálaí oibre guaiseacha nó táireacha; e) uaireanta oibre dochraideacha nó sceideal oibre dochraideach; f) dálaí maireachtála táireacha a bhaineann leis an obair; g) oibleagáidí breise mí-úsáideacha; h) foréigean coirp nó gnéasach; i) mí-úsáid scoiteachta; j) srianta ar ghluaiseachtaí oibrithe; k) coinneáil airgid thirim, sócmhainní nó doiciméad aitheantais; l) coinneáil siar pá; m) bagairtí nó imeaglú; agus n) mí-úsáid leochaileachta.

Ar tháscairí struchtúracha coitianta atá ábhartha do shaothar éigeantais arna fhorchur ag stát, tá: a) príosúnacht agus coinneáil; b) cúbláil coinníollacha coinneála; c) pionós airgeadais arna fhorchur ag an stát; d) tarraingt siar seirbhísí stáit, stádais dhlíthiúil agus teidlíochtaí sóisialta nó diúltú dóibh; e) díshealbhú nó coigistiú maoine, talún, tithíochta, nó modhanna táirgeachta; f) smachtbhannaí fostaíochta arna bhforchur ag an stát nó ag fiontair stáit; g) toirmeasc dlíthiúil ar dheireadh a chur leis an bhfostaíocht; h) faireachas agus faireachán sóisialta; i) comhéigean síceolaíoch agus brú idé-eolaíoch arb é an stát is cúis leo; agus j) pionóis chomhchoiteanna agus tríú páirtí.

Sainmhínithe agus mínithe mionsonraithe ar na táscairí agus ar na cineálacha oibre ainneonaí agus ar chomhéigean, tá siad le fáil sa treoraíocht ó EIS maidir le táscairí saothair éigeantais (38).

4.   AN PRÓISEAS IMSCRÚDAITHEACH

4.1.   Imscrúdú a dhéanamh ar sháruithe féideartha ar an toirmeasc ar shaothar éigeantais

Ní mór d’oibreoirí eacnamaíocha staonadh ó tháirgí a chur ar mhargadh an Aontais, nó ó tháirgí a allmhairiú agus a onnmhairiú, i gcás ina bhfuil na táirgí sin faoi smál saothair éigeantais. Is ann don oibleagáid sin gan beann ar cibé acu a sheoltar imscrúdú nó nach seoltar. Chun an toirmeasc a chaomhnú, féadfaidh na húdaráis inniúla imscrúduithe a sheoladh, as a dtiocfaidh cinneadh foirmiúil táirge a thoirmeasc ó mhargadh an Aontais.

Aon chinneadh chun táirge a thoirmeasc ón margadh, ní dhéanfar é ach amháin tar éis imscrúdú críochnaitheach arna dhéanamh ag príomhúdarás inniúil (39). Is é atá san údarás sin (i) an Coimisiún i gcás ina dtarlaíonn an saothar éigeantais lasmuigh den Aontas Eorpach, nó (ii) údarás inniúil Ballstáit i gcás ina dtarlaíonn sé ar a chríoch (40).

Le linn an phróisis imscrúdaithigh agus nuair a bhíonn cinntí á ndéanamh, ní mór do phríomhúdaráis inniúla dlí an Aontais a chomhlíonadh, lena n-áirítear prionsabal na comhréireachta: ní mór do na bearta agus na gníomhaíochtaí uile a bheith iomchuí agus riachtanach chun a n-aidhm a bhaint amach agus ní fhorchuirfear leo ualach iomarcach ar oibreoirí eacnamaíocha.

4.2   Raon feidhme an phróisis imscrúdaithigh

Tá sé d’aidhm ag imscrúduithe faoin Rialachán (i) a shuí cibé acu a sáraíodh nó nár sáraíodh Airteagal 3 (is é sin an toirmeasc ar shaothar éigeantais) agus (ii) a chinneadh cé na bearta a fhorchuirfear (41).

Chun sárú ar an toirmeasc ar shaothar éigeantais a shuí, ní mór don údarás inniúil imscrúdú a dhéanamh an tráth céanna ar (i) cibé acu a úsáideadh nó nár úsáideadh saothar éigeantais i dtáirgeadh na dtáirgí atá faoi mheasúnú de réir shainmhínithe EIS agus na dtáscairí maidir le saothar éigeantais, agus (ii) cibé acu a rinne nó nach ndearna oibreoirí eacnamaíocha iad a chur ar fáil ar mhargadh an Aontais nó a onnmhairiú ón Aontas.

Díríonn an próiseas imscrúdaitheach ar tháirgí a líomhnaítear go ndearnadh iad le saothar éigeantais agus ar úsáid saothair éigeantais le haghaidh a n-eastósctha, a mbuainte, a dtáirgthe nó a monaraithe, seachas ar ghnó iomlán oibreora eacnamaíoch.

D’fhéadfadh sé go mbainfeadh imscrúduithe le codanna, comhpháirteanna nó táirgí iomlána, táirgí idirmheánacha nó deiridh, sraitheanna táirge nó catagóirí táirgí den chineál céanna, nó táirgí ó mhonarcha nó ó shaoráid shonrach (42). I gcomhthéacsanna áirithe, i gcás ina dtugtar le tuiscint leis an bhfianaise gur ann d’úsáid shistéamach nó fhorleathan saothair éigeantais, lena n-áirítear cásanna amhrasta de shaothar éigeantais arna fhorchur ag an stát, féadfar an raon feidhme imscrúdaitheach a leathnú chun táirgí breise nó catagóirí táirgí ó sholáthróirí áirithe agus nó ó limistéir gheografacha áirithe a chur san áireamh.

Fíor 1

Forbhreathnú ar an bpróiseas imscrúdaitheach, ar ghlacadh cinntí agus ar fhorfheidhmiú

Image 1

4.3   Cur chuige rioscabhunaithe chun tosaíocht a thabhairt d’imscrúduithe agus chun iad a spriocdhíriú

Leagtar amach sa Rialachán an cur chuige rioscabhunaithe (43) le haghaidh príomhúdaráis inniúla chun na táirgí (Roinn 4.3.1) agus na hoibreoirí eacnamaíocha (Roinn 4.3.2) ba cheart a bheith faoi réir imscrúduithe a shainaithint, agus chun tosaíocht a thabhairt do chásanna sna céimeanna tosaigh agus sna réamhchéimeanna den phróiseas imscrúdaitheach. Áirithítear leis an tosaíocht sin go mbaintear úsáid éifeachtach as acmhainní forfheidhmiúcháin trí iarrachtaí a dhíriú ar chásanna inarb airde an riosca agus an tionchar féideartha de sháruithe ar an toirmeasc ar shaothar éigeantais, agus inar dócha gurbh éifeachtaí an idirghabháil.

4.3.1   Critéir chun táirgí a shainaithint agus chun tosaíocht a thabhairt do chásanna a ndéanfar imscrúdú orthu

Is ann do thrí chritéar (44) ar gá measúnú a dhéanamh orthu le chéile chun an riosca foriomlán a chinneadh maidir le sárú ar an toirmeasc ar shaothar éigeantais in aghaidh an ghrúpa táirgí ábhartha agus dá bhrí sin chun an tosaíocht a thugtar do chásanna a chinneadh.

—   Scála agus déine an tsaothair éigeantais amhrasta, lena n-áirítear saothar éigeantais arna fhorchur ag an stát

Dá mhéad scála agus déine an tsaothair éigeantais amhrasta, is ea is airde an leibhéal riosca, agus is ea is mó an tosaíocht lenar cheart an cás sin a láimhseáil. Ní mór do phríomhúdaráis inniúla an scála agus an déine a bhreithniú i ndáil le táirge agus, i gcás inarb ábhartha, i gcomhar leis an réigiún/tír ina dtáirgtear é.

Is féidir cleachtais saothair éigeantais ar scála is mó a bhreithniú i gcás ina ndéanann na cleachtais sin difear do líon is mó daoine, i dtéarmaí an lín iomláin agus a leitheadúlachta araon.

Cé gur féidir gach cás de shaothar éigeantais a mheas mar a bheith dian, is féidir cásanna áirithe a mheas mar a bheith an-dian bunaithe ar ghnéithe amhail iad seo a leanas: (a) an líon táscairí saothair éigeantais atá ann, (b) a dheacra nó a dhodhéanta atá sé an cás a leigheas, (c) fad fada nó cineál athfhillteach na gcleachtas saothair éigeantais, nó (d) cineál sistéamach an tsaothair éigeantais líomhnaithe, amhail ról an stáit féin maidir leis an saothar éigeantais a fhorchur, nó comhpháirt an stáit ann.

Is dócha go mbíonn saothar éigeantais arna fhorchur ag an stát ar scála mór agus ar dhéine mhór, mar is iondúil go ndéanann sé difear do líon mór daoine agus baineann sé le cleachtais saothair éigeantais struchtúracha nó shistéamacha arna bhforchur trí fheidhmiú údaráis stáit.

—   Cainníocht nó méid na dtáirgí a chuirtear ar mhargadh an Aontais nó a chuirtear ar fáil ar mhargadh an Aontais

Dá mhéad cainníocht nó líon na dtáirgí lena mbaineann a chuirtear ar mhargadh an Aontais nó a chuirtear ar fáil ar mhargadh an Aontais nó a onnmhairítear ó mhargadh an Aontais, is ea is mó an tosaíocht lenar cheart an cás a láimhseáil, mar is mó an líon gnólachtaí agus tomhaltóirí san Aontas a nochtar do tháirgí a bhfuil riosca saothair éigeantais ag baint leo.

Ag brath ar na sonraí atá ar fáil, ní mór na gnéithe seo a leanas a bhreithniú agus measúnú á dhéanamh ar chainníocht nó ar líon na dtáirgí lena mbaineann: (i) cainníocht fhisiciúil nó líonta fisiciúla; agus (ii) luach airgeadaíochta nó an méid díolachán.

—   An sciar den chuid den táirge a bhfuil amhras faoi go ndearnadh é le saothar éigeantais sa táirge deiridh

Dá mhéad an sciar den chuid nó den chomhpháirt a bhfuil amhras faoi go ndearnadh le saothar éigeantais é laistigh den táirge deiridh agus dá shlabhra soláthair, is ea is airde an tosaíocht lena bhféadfadh sé gur cheart an cás a láimhseáil. Tá an sciar sin le tuiscint i dtéarmaí na tábhachta fisiciúla, feidhmiúla nó eacnamaíche den chuid nó den chomhpháirt faoi seach i ndáil leis an táirge deiridh.

4.3.2   Sainaithint oibreoirí eacnamaíocha le haghaidh na gcéimeanna den imscrúdú

Agus imscrúdú á dhéanamh ar sháruithe líomhnaithe den toirmeasc ar shaothar éigeantais, ní mór don phríomhúdarás inniúil a chinneadh cé na táirgí a thabharfar tosaíocht dóibh agus freisin cé na hoibreoirí eacnamaíocha a ndíreofar orthu (45). Agus é sin á dhéanamh, ní mór na gnéithe seo a leanas a bhreithniú:

—   Gaireacht don saothar éigeantais líomhnaithe agus tionchar

Ní mór do na húdaráis inniúla a bhreithniú cé na hoibreoirí eacnamaíocha is gaire do na céimeanna den slabhra luacha a bhfuil amhras maidir le saothar éigeantais fúthu. Is é bhíonn i gceist leis sna hoibreoirí eacnamaíocha sin go hiondúil soláthróirí, táirgeoirí, monaróirí nó próiseálaithe réamhtheachtacha, nó soláthróirí idirmheánacha ag a bhfuil smacht conarthach nó oibríochtúil ar an gcéim den táirgeadh i gceist. Mar sin féin, i gcás saothar éigeantais a tharlaíonn lasmuigh den Aontas, d’fhéadfadh sé nach mbeadh nasc soiléir le margadh an Aontais ag na hoibreoirí eacnamaíocha sin, agus dá bhrí sin d’fhéadfadh sé gur dócha gur príomhoibreoirí eacnamaíocha iad allmhaireoirí a ndíreoidh údaráis inniúla orthu. Cumhdaítear oibreoirí iartheachtacha leis an Rialachán, lena n-áirítear dáileoirí a oibríonn laistigh den Aontas.

Mar aon leis an ngaireacht, ní mór do na húdaráis inniúla a bhreithniú cé na hoibreoirí eacnamaíocha ag a bhfuil an tionchar is mó chun saothar éigeantais a chosc, a mhaolú agus deireadh a chur leis. Áirítear leis sin breithniú a dhéanamh, go háirithe, ar a n-acmhainn athrú a bhaint amach in oibríochtaí nó i gcleachtais eintitis eile a chuireann leis an riosca saothair éigeantais (46).

—   Méid agus acmhainní eacnamaíocha oibreoirí eacnamaíocha

Ní mór do na húdaráis inniúla méid agus acmhainní eacnamaíocha na n-oibreoirí eacnamaíocha a bhfuil siad ag cuimhneamh ar dhíriú orthu a chur san áireamh freisin, agus an riosca go rachfaí timpeall ar an toirmeasc trí sheachfhoinsiú chuig fiontair is lú á chur san áireamh san am céanna. Is iondúil gur mó saineolas agus acmhainní le haghaidh comhlíontachta a bhíonn ag cuideachtaí móra seachas fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna).

—   Castacht an tslabhra soláthair

Bíodh is nach gné atá ann chun cinneadh a dhéanamh cé na hoibreoirí eacnamaíocha a ndíreofar orthu, ba cheart do na húdaráis inniúla a chur san áireamh go laghdaítear trédhearcacht, cuntasacht agus inrianaitheacht na rioscaí saothair éigeantais mar thoradh ar chastacht níos mó an tslabhra soláthair go hiondúil. I slabhraí soláthair casta, bíonn táirgí ag dul trí chéimeanna iomadúla táirgthe, tiontaithe agus próiseála, agus/nó, turais agus trasloingsithe iomadúla, thar dhlínsí agus réigiúin iomadúla go minic, agus cuid mhór rannpháirtithe i gceist thar líonraí soláthair trasteorann ilsraithe. Ó tharla go bhféadfadh sé go dtarlódh saothar éigeantais ag cuid mhór pointí i slabhraí nó i ngréasáin soláthair den sórt sin, d’fhéadfadh sé go mbeadh anailís ab fhairsinge de dhíth ar na húdaráis inniúla chun é a bhrath.

4.4   Faisnéis a mheasúnú

4.4.1   Faisnéise atá ar fáil a bhailiú agus a mheasúnú

Sa chéad chéim den phróiseas imscrúdaitheach, déanann an príomhúdarás inniúil an fhaisnéis ábhartha, fhíorasach agus infhíoraithe uile a bhailiú agus a mheasúnú chun a chinneadh cé acu is dócha nó nach dócha gur ann do shárú ar an toirmeasc ar shaothar éigeantais (47). Agus é sin á dhéanamh, ní mór don phríomhúdarás inniúil critéir an chur chuige rioscabhunaithe a chur i bhfeidhm freisin (Roinn 4.3).

4.4.2   Foinsí ábhartha faisnéise

Is iomaí foinse agus cineál faisnéise is féidir le príomhúdaráis inniúla a chur san áireamh, lena n-áirítear:

faisnéis a chuirtear isteach tríd an bpointe aonair chun faisnéis a chur isteach (Roinn 7 maidir le faisnéis a chur isteach);

faisnéis sa bhunachar sonraí de rioscaí saothair éigeantais (48), lena léireofar rioscaí a bhaineann le táirgí agus le limistéir gheografacha;

táscairí riosca saothair éigeantais (49), lena n-áirítear conas iad a shainaithint (Roinn 3.4);

an Córas Faisnéise agus Cumarsáide maidir le Faireachas Margaidh (ICSMS) – Modúl maidir le Saothar Éigeantais (50), ar a n-áireofar, mar shampla, cinntí roimhe seo maidir le sáruithe an toirmisc, agus faisnéis arna comhroinnt idir an Coimisiún agus údaráis inniúla na mBallstát mar chuid d’imscrúduithe roimhe seo;

faisnéis ó údaráis eile, e.g. cigireachtaí saothair náisiúnta, údaráis sláinte agus sábháilteachta, údaráis fhioscacha agus chánach, comhlachtaí breithiúnacha agus údaráis atá i gceannas ar imscrúdú a dhéanamh ar chionta gáinneála ar dhaoine;

faisnéis ó pháirtithe leasmhara, e.g. eagraíochtaí sochaí sibhialta, pobail áitiúla, gníomhaithe ar son cearta saothair, ceardchumainn agus ionadaithe oibrithe, oibrithe aonair agus íospartaigh líomhnaithe;

faisnéis a bhailíonn an Coimisiún agus na húdaráis inniúla ar a dtionscnamh féin, lena n-áirítear ar bhonn anailísí agus staidéar, imscrúdú faoi chreataí dlíthiúla eile de chuid an Aontais, taighde deisce, uirlisí inrianaitheachta slabhra soláthair agus uirlisí ábhartha eile.

4.5   Réamhchéim na n-imscrúduithe

I gcás ina léirítear i measúnú tosaigh an phríomhúdaráis inniúil gur dócha gur ann do shárú ar an toirmeasc ar shaothar éigeantais, féadfaidh sé an réamhchéim d’imscrúdú a thionscnamh, agus critéir an chur chuige rioscabhunaithe a mhínítear i Roinn 4.3 mar threoir aige.

Is é is aidhm don réamhchéim tuilleadh faisnéise a bhailiú ó oibreoirí eacnamaíocha agus ó ghníomhaithe eile, chun gur féidir le príomhúdaráis inniúla a chinneadh cibé acu atá nó nach bhfuil ‘ábhar imní ann a bhfuil bunús leis’ maidir le sárú ar an toirmeasc ar shaothar éigeantais.

4.5.1   Faisnéis a iarraidh ó oibreoirí eacnamaíocha

4.5.1.1   Cás ina ndéantar iarraidh ar fhaisnéis

Le linn na réamhchéime, is féidir leis an bpríomhúdarás inniúil faisnéis a iarraidh ar na hoibreoirí eacnamaíocha atá faoi mheasúnú maidir leis na gníomhaíochtaí chun na rioscaí saothair éigeantais a chosc, a mhaolú agus deireadh a chur leo ina n-oibríochtaí. Agus faisnéis á hiarraidh, ní mór don phríomhúdarás inniúil cuimhneamh (i) ar mhéid agus ar acmhainní an oibreora eacnamaíoch agus ar an bhfaisnéis ar féidir leis teacht uirthi go réasúnta, agus (ii) ar an bhfaisnéis a d’fhéadfadh a bheith curtha isteach ag oibreoirí eacnamaíocha chuig na húdaráis cheana féin agus dá bhrí sin nár cheart a iarraidh arís (prionsabal na haonuaire). Féach Roinn 4.7 maidir le faisnéis is gá d’oibreoirí eacnamaíocha a sholáthar má iarrtar sin orthu. Deis atá sa chéim seo d’oibreoirí eacnamaíocha chun faisnéis ábhartha a sholáthar mar aon lena mbarúlacha, de réir mar is ábhartha, maidir le (i) conas a théann siad i ngleic le rioscaí saothair éigeantais ina slabhraí soláthair i ndáil leis na táirgí faoi mheasúnú, nó (ii) an fáth nach bhfuil ábhair imní an phríomhúdaráis inniúil ábhartha dá dtáirgí. Ní mór don phríomhúdarás inniúil an fhaisnéis sin agus na barúlacha sin a mheasúnú go dícheallach agus go hoibiachtúil.

Ní mór do phríomhúdaráis inniúla cuimhneamh freisin, bíodh is gur cur chuige úsáideach atá i ndícheall cuí an tslabhra soláthair d’oibreoirí eacnamaíocha chun a léiriú nach ndearnadh na táirgí faoi mheasúnú le saothar éigeantais (51), nach bhforchuirtear aon oibleagáid díchill chuí leis an Rialachán agus go bhféadfadh sé go mb’éifeachtach freisin cur chuige eile, amhail inrianaitheacht táirgí, cleachtais cheannaigh fhreagracha, scéimeanna deimhniúcháin agus faireachán faoi stiúir oibrithe.

Doiciméadacht a eascraíonn as iarracht díchill chuí an oibreora eacnamaíoch nó as cur chuige eile, is féidir an doiciméadacht sin a sholáthar don phríomhúdarás inniúil le linn chéimeanna éagsúla an imscrúdaithe.

Gan dochar d’Airteagal 16 den Rialachán, i gcás ina ngníomhaíonn an Coimisiún i gcáil an phríomhúdaráis inniúil (52), féadfaidh sé faisnéis a iarraidh go díreach ón oibreoir eacnamaíoch gan cúnamh a iarraidh ón údarás inniúil náisiúnta den Bhallstát ina bhfuil an t-oibreoir eacnamaíoch bunaithe.

4.5.1.2   Cás nach ndéantar iarraidh ar fhaisnéis ann

Cé nach mór don phríomhúdarás inniúil, i bprionsabal, iarraidh ar fhaisnéis a sheoladh chuig oibreoirí eacnamaíocha, ní dhéanfaidh sé é sin i gcás ina measann sé go bhféadfadh iarraidh den sórt sin toradh mheasúnú an údaráis a chur i mbaol (53). D’fhéadfadh sé sin a bheith amhlaidh, go háirithe, sna cásanna seo a leanas:

i gcás inarb ann do riosca ard go bhfaighfí réidh le fianaise dá ndéanfaí teagmháil leis an oibreoir eacnamaíoch;

i gcás ina bhféadfadh sé go gcuirfí imscrúdú coiriúil comhuaineach i mbaol;

i gcás ina bhféadfadh sé go gcuirfí íospartaigh fhéideartha saothair éigeantais nó an t-achainíoch i mbaol frithbheartaíochta.

Agus an rogha sin á déanamh, ní mór don phríomhúdarás inniúil machnamh a dhéanamh ar éifeachtacht an nós imeachta, ceart éisteachta an oibreora eacnamaíoch, an gá cosaint finnéithe agus íospartach féideartha saothair éigeantais a áirithiú, agus sainiúlachtaí an cháis. Más rud é nach ndéantar teagmháil leis an oibreoir eacnamaíoch agus má osclaítear imscrúdú ina dhiaidh sin, ní mór an deis a thabhairt don oibreoir eacnamaíoch faisnéis a chur isteach le linn chéim an imscrúdaithe, rud a áirithíonn urramú a chirt chun cosanta (54).

4.5.1.3   Neamh-chomhoibriú oibreoirí eacnamaíocha nó údarás poiblí

I gcás nach ndearnadh teagmháil leis an oibreoir eacnamaíoch toisc go bhféadfadh sé go gcuirfeadh iarraidh ar fhaisnéis an measúnú i mbaol, nó i gcás nach gcomhoibríonn an t-oibreoir eacnamaíoch (nó údarás poiblí) (Roinn 4.5.1.3), ciallóidh sé sin nach bhféadfaidh an príomhúdarás inniúil a aighneacht a chur san áireamh. Sna cásanna sin, ní mór don phríomhúdarás inniúil a chinneadh cé acu atá nó nach bhfuil ábhar imní ann a bhfuil bunús leis bunaithe ar aon fhíoras ábhartha eile atá ar fáil (55).

Áirítear leis sin an fhianaise uile eile a bailíodh le linn mheasúnú tosaigh an údaráis agus le linn réamhchéim na n-imscrúduithe, lena n-áirítear taighde deisce agus fianaise ó pháirtithe leasmhara eile. Is fianaise ábhartha é neamh-chomhoibriú i bprionsabal (Roinn 4.8.1.1).

4.5.2   Faisnéis a iarraidh ar ‘sholáthróirí táirgí eile’, páirtithe leasmhara eile agus aimsiú fíoras breise

I gcás inarb ábhartha, féadfaidh an príomhúdarás inniúil faisnéis a iarraidh ar ‘sholáthróirí táirgí eile’ freisin (56). Áirítear leis sin monaróirí táirgí atá níos airde ar an slabhra soláthair a bhféadfadh sé go raibh baint acu leis an saothar éigeantais líomhnaithe nó a bhféadfadh sé go bhfuil faisnéis acu faoi sholáthróirí nó faoi mhonaróirí a líomhnaítear go bhfuil baint acu le saothar éigeantais, ach nach bhfuil nasc díreach acu le margadh an Aontais.

Féadfaidh an príomhúdarás inniúil faisnéis a iarraidh ar pháirtithe leasmhara ábhartha eile (57) freisin amhail achainígh, oibrithe lena mbaineann, ceardchumainn, cuideachtaí atá ag gabháil do lóistíocht na dtáirgí atá faoi mheasúnú, údaráis phoiblí eile (e.g. údaráis a dhéanann ionchúiseamh ar chionta a bhaineann le gáinneáil) agus pobail a dhéanann ionadaíocht ar son na ngrúpaí íospartach lena mbaineann.

Ní mór don phríomhúdarás inniúil coimircí leormhaithe a chur i bhfeidhm chun rúndacht agus sábháilteacht na bpáirtithe leasmhara lena ndéanann sé teagmháil a chosaint, lena n-áirítear céannacht na n-oibrithe lena mbaineann agus céannacht íospartach féideartha saothair éigeantais. I gcás inar féidir, ba cheart dó íospartaigh fhéideartha a atreorú chuig comhlachtaí náisiúnta ábhartha (e.g. sásraí náisiúnta atreorúcháin a bhunaítear faoin reachtaíocht um chomhrac na gáinneála (Roinn 4.10.1)).

4.5.3   Measúnú agus conclúid den chéim thosaigh d’imscrúdú

4.5.3.1   Conclúid maidir le hábhar imní a bhfuil bunús leis

Ní mór don phríomhúdarás inniúil, ar bhonn na faisnéise uile a bhailítear, a chinneadh cibé acu atá nó nach bhfuil ábhar imní ann a bhfuil bunús leis gur sháraigh na hoibreoirí eacnamaíocha faoi mheasúnú an toirmeasc ar shaothar éigeantais, agus dá bhrí sin cibé acu a sheolfar nó nach seolfar imscrúdú (58).

Tá 30 lá oibre ag an bpríomhúdarás inniúil, ón dáta a fhaigheann sé an fhaisnéis ó na hoibreoirí eacnamaíocha faoi mheasúnú, teacht ar a chonclúid (59). Más rud é go ndearnadh teagmháil le roinnt oibreoirí eacnamaíocha, cuirfear tús leis an tréimhse 30 lá sin ón lá tar éis an dáta a fhaightear na freagraí ó na hoibreoirí eacnamaíocha uile a ndearnadh teagmháil leo.

Ciallaíonn ‘ábhar imní a bhfuil bunús leis’ tásc réasúnach atá bunaithe ar fhaisnéis oibiachtúil, fhíorasach agus infhíoraithe, arb ar a bonn a bhféadfadh an Coimisiún nó na húdaráis inniúla a bheith in amhras gur dócha go ndearnadh táirge le saothar éigeantais (60). Is é atá i bhfaisnéis oibiachtúil agus infhíoraithe faisnéis a dtacaíonn fianaise léi agus atá bunaithe ar fhoinsí iontaofa. Féach Roinn 4.8.1.1 le haghaidh cineálacha ábhartha fianaise.

Chun rúndacht imeachtaí coiriúla féideartha a chosaint, i gcás ina suitear gur ann d’ábhar imní a bhfuil bunús leis, ba cheart don phríomhúdarás inniúil de Bhallstát ar mian leis imscrúdú foirmiúil a sheoladh teagmháil a dhéanamh ar dtús leis na húdaráis i gceannas ar imscrúdú a dhéanamh ar chionta gáinneála ar dhaoine (Roinn 4.10.2), d’fhonn an t-uainiú a chomhordú agus measúnú a dhéanamh ar an éifeacht a d’fhéadfadh a bheith ag imscrúdú den sórt sin ar imeachtaí coiriúla atá ar feitheamh. Níl na himscrúduithe ná na cinntí faoin Rialachán coinníollach ar imscrúdú coiriúil.

4.5.3.2   Conclúid maidir le heaspa ábhar imní a bhfuil bunús leis agus an fhéidearthacht ag oibreoirí eacnamaíocha dul i ngleic leis an ábhar imní

Más rud é, ag féachaint don fhaisnéis uile a bailíodh, nach bhfuil i gceist le hábhar imní an phríomhúdaráis inniúil ábhar imní a bhfuil bunús leis gur sáraíodh an toirmeasc ar shaothar éigeantais, nó gur cuireadh deireadh leis na cúiseanna leis an ábhar imní sin, ní sheolfaidh sé imscrúdú agus cuirfidh sé an t-oibreoir eacnamaíoch ar an eolas dá réir sin (61). I gcás ina léiríonn an t-oibreoir eacnamaíoch, laistigh den sprioc-am 30 lá, go bhfuil bearta iomchuí á ndéanamh aige chun dul i ngleic leis an gcás saothair éigeantais, féadfaidh an príomhúdarás inniúil cinneadh a dhéanamh tréimhse réasúnta a thabhairt do na hoibreoirí eacnamaíocha ábhartha chun na bearta sin a thabhairt i gcrích agus deireadh a chur leis an saothar éigeantais, agus castacht an phróisis, a indéanta atá sé deireadh a chur leis an saothar éigeantais, an líon páirtithe leasmhara lena mbaineann, agus méid agus acmhainní na n-oibreoirí eacnamaíocha lena mbaineann, inter alia, á gcur san áireamh (62).

Ní mór don phríomhúdarás inniúil teacht ar an gconclúid, tar éis na tréimhse réasúnta sin, maidir le cé acu a baineadh nó nár baineadh amach a gcuspóir leis na bearta agus dá bhrí sin cé acu atá nó nach bhfuil ábhar imní a bhfuil bunús leis ann.

I gcásanna áirithe, d’fhéadfadh sé nach mbeadh sé réalaíoch dul i ngleic leis na rioscaí saothair éigeantais i dtréimhse ghearr. Is fíor é sin go háirithe i gcás formhór na gcásanna de shaothar éigeantais arna fhorchur ag an stát, mar níl ach tionchar teoranta ag an oibreoir eacnamaíoch chun deireadh a chur leis na beartais stáit atá mar bhonn faoi. Sna cásanna sin, d’fhéadfadh sé gurbh é an díscor freagrach an t-aon mhodh atá ar fáil chun dul i ngleic le saothar éigeantais sa phróiseas táirgthe (Roinn 6.4.3).

4.6   Imscrúdú

Má mheasann an príomhúdarás inniúil go bhfuil ábhar imní ann a bhfuil bunús leis gur sháraigh na hoibreoirí eacnamaíocha faoi mheasúnú an toirmeasc ar shaothar éigeantais, ní mór dó imscrúdú a thionscnamh (63).

Ní mór don phríomhúdarás inniúil faisnéis ábhartha faoin bpróiseas imscrúdaithe agus faoi na hiarmhairtí féideartha air a thabhairt d’oibreoirí eacnamaíocha atá faoi imscrúdú (Roinn 4.6.1). Le linn na céime sin, tá sé de chumhacht ag an bpríomhúdarás inniúil faisnéis bhreise a bhailiú atá ábhartha dá mheasúnú lena n-áirítear, i gcásanna eisceachtúla, trí chigireachtaí ar an láthair (Roinn 4.6.3).

Tá imscrúduithe faoin Rialachán gan dochar d’imeachtaí coiriúla féideartha faoi dhlíthe an Aontais nó faoi dhlíthe náisiúnta um chomhrac na gáinneála.

4.6.1   Ceart an oibreora eacnamaíoch go gcuirfear ar an eolas é agus chun éisteacht a fháil

Nuair a chinneann an príomhúdarás inniúil an t-imscrúdú a sheoladh, tá 3 lá oibre aige chun an fhaisnéis a léirítear thíos a thabhairt don oibreoir eacnamaíoch.

Tionscnamh an imscrúdaithe agus na hiarmhairtí féideartha air (64), lena n-áirítear na hiarmhairtí a eascraíonn as neamh-chomhoibriú agus na horduithe féideartha toirmisc agus diúscartha.

Na táirgí, nó na codanna de tháirgí, atá faoi réir an imscrúdaithe, agus aon fhaisnéis ábhartha eile, amhail na láithreáin táirgthe lena mbaineann. Má chuirtear táirgí breise leis an imscrúdú ina dhiaidh sin, ba cheart an t-oibreoir eacnamaíoch a chur ar an eolas faoi sin go cuí agus a dhóthain ama a thabhairt dó chun freagairt do na líomhaintí a bhaineann leis na táirgí breise sin.

Na cúiseanna leis an imscrúdú, ach amháin i gcás ina bhféadfadh cur in iúl na gcúiseanna sin an toradh a chur i mbaol, e.g. riosca go bhfaighfí réidh le fianaise nó riosca d’íospartaigh fhéideartha. Ní mór rúndacht agus sábháilteacht páirtithe leasmhara a chosaint agus cúiseanna á dtabhairt.

Ceart an oibreora eacnamaíoch barúlacha a chur isteach faoi sprioc-am sonraithe, lena n-áirítear maidir le haon fhaisnéis ábhartha nár soláthraíodh le linn na réamhchéime nó faisnéis faoi ghníomhaíochtaí is úire chun dul i ngleic le saothar éigeantais maidir leis na táirgí faoi imscrúdú. Príomhghné den imscrúdú is ea an ceart ag an oibreoir eacnamaíoch éisteacht a fháil (65).

4.6.2   Faisnéis a iarraidh ó oibreoirí eacnamaíocha

Ar aon dul leis an réamhchéim, féadfaidh an príomhúdarás inniúil faisnéis a iarraidh ar na hoibreoirí eacnamaíocha faoi imscrúdú le linn an imscrúdaithe fhoirmiúil (féach Ranna 4.5.1 agus 4.7). Tá liosta táscach den fhaisnéis sin le fáil i Roinn 4.7.

Ní mór don phríomhúdarás inniúil sprioc-am 30 lá oibre ar a laghad agus tráth nach faide ná 60 lá oibre a shocrú chun an fhaisnéis a iarradh a chur isteach. Féadfaidh oibreoirí eacnamaíocha síneadh ama a lorg ach cúis bhailí le síneadh den sórt sin a thabhairt. Ní mór don phríomhúdarás inniúil iarraidh ar shíneadh den sórt sin a mheasúnú go cuí, agus imthosca an cháis á gcur san áireamh, lena n-áirítear méid agus acmhainní eacnamaíocha an oibreora eacnamaíoch lena mbaineann, mar shampla an FBM é an t-oibreoir eacnamaíoch (66).

4.6.3   Teagmháil a dhéanamh le páirtithe leasmhara ábhartha eile agus cigireachtaí ar an láthair

Ar aon dul leis an réamhchéim, féadfaidh an príomhúdarás inniúil faisnéis a bhailiú ó pháirtithe leasmhara ábhartha eile freisin le linn an imscrúdaithe fhoirmiúil (67).

Féadfaidh an príomhúdarás inniúil cigireachtaí ar an láthair a dhéanamh (68), chun an fhianaise a bailíodh cheana féin a dheimhniú nó a bhréagnú, agus chun fianaise bhreise a bhailiú. Féadfaidh an fhianaise sin a bheith idir inchoiritheach agus saorthach.

4.6.3.1   Cigireachtaí ag na húdaráis inniúla laistigh den Aontas

Féadfaidh príomhúdaráis inniúla na mBallstát, le linn na réamhchéime nó le linn imscrúdú foirmiúil, cigireachtaí a dhéanamh ar a gcríoch, i gcás ina measann siad gur riachtanach agus comhréireach na cigireachtaí sin, i gcomhréir le dlí an Aontais agus lena reachtaíocht náisiúnta. Féadfaidh príomhúdaráis inniúla comhar a iarraidh freisin ar údaráis náisiúnta eile, amhail údaráis saothair, shóisialta, sláinte nó fhioscacha. Ag brath ar an gcreat reachtach náisiúnta agus údaruithe breithiúnacha ábhartha, d’fhéadfaí a áireamh leis sin an fhéidearthacht cigireachtaí gan fógra a dhéanamh ar áitreabh gnó, agus doiciméid a chóipeáil nó a urghabháil.

Ní mór do phríomhúdaráis inniúla dul i gcomhar le húdaráis eile den Bhallstát céanna a bhfuil imscrúdú á dhéanamh acu ar chásanna cosúla (e.g. cigireachtaí saothair, an lucht forfheidhmithe dlí i gcomhthéacs chur i bhfeidhm dlíthe Eorpacha nó náisiúnta um chomhrac na gáinneála). Is amhlaidh é sin go háirithe i gcás ina bhféadfadh sé go ndearna na húdaráis eile, sa chomhthéacs sin, seiceálacha gan fógra ar áitreabh gnó na n-oibreoirí eacnamaíocha.

4.6.3.2   Cigireachtaí ag an gCoimisiún lasmuigh den Aontas

Ina cháil mar an príomhúdarás inniúil i gcásanna a bhaineann le saothar éigeantais lasmuigh den Aontas, féadfaidh an Coimisiún, in imthosca eisceachtúla, na seiceálacha agus na cigireachtaí uile is gá a dhéanamh, le toiliú na n-oibreoirí eacnamaíocha agus na rialtas neamh-AE i gceist (69). Féadfar déileáil le diúltú toiliú a thabhairt mar neamh-chomhoibriú i bhfianaise imthosca fíorasacha agus dlíthiúla an cháis.

4.6.4   Rúndacht imscrúduithe

An fhaisnéis neamhphoiblí uile a fhaightear le linn an phróisis imscrúdaithigh, ní bhainfear leas aisti ach amháin chun an Rialachán a chur i bhfeidhm, mura bhforáiltear a mhalairt le dlí an Aontais nó leis an dlí náisiúnta i gcomhréir le dlí an Aontais (70). Mar shampla, má bhraitear aon iompar coiriúil amhrastach, ní mór údaráis forfheidhmithe dlí nó údaráis bhreithiúnacha a chur ar an eolas.

Faisnéis a bhailítear ó oibreoirí eacnamaíocha agus ó pháirtithe leasmhara eile ag aon chéim den phróiseas imscrúdaitheach, lena n-áirítear a gcéannacht, ní mór déileáil leis mar fhaisnéis rúnda, mura sonraíonn siad a mhalairt. Ciallaíonn sé sin nach ndéanfaidh an Coimisiún ná údaráis inniúla i bprionsabal faisnéis den sórt sin a nochtadh ná rochtain ar an bhfaisnéis sin a thabhairt do thríú páirtithe. Is amhlaidh atá chun íospartaigh, achainígh, sceithirí, rúin ghnó agus sonraí íogaire gnó eile a chosaint. Spreagtar údaráis inniúla chun comhairle a lorg ó chomhlachtaí poiblí agus ó ghníomhaireachtaí eile a bhfuil taithí acu ar na dea-chleachtais chun na sonraí sin a choinneáil slán agus faoi rún.

Mar sin féin, i gcás oibreoirí eacnamaíocha ar glacadh cinneadh ina leith inar suíodh gur ann do shárú ar an toirmeasc ar shaothar éigeantais, féadfar a gcéannacht agus céannacht na soláthróirí agus na monaróirí táirgí lena mbaineann a nochtadh sa chinneadh más rud é gur gá é sin a dhéanamh chun an táirge a bhfuil toirmeasc air a shainaithint (71).

4.6.5   Toradh an imscrúdaithe (72)

Tar éis an beart foirmiúil a dhéanamh chun imscrúdú a sheoladh, ní mór don phríomhúdarás inniúil a shuí cibé acu a sáraíodh nó nár sáraíodh an toirmeasc ar shaothar éigeantais. Dá bhrí sin, ní mór dó cinneadh a ghlacadh lena suitear gur sáraíodh an toirmeasc (Roinn 4.8) nó an t-imscrúdú a dhúnadh laistigh de ‘thréimhse réasúnta’ nár cheart, i bprionsabal, a bheith níos faide ná 9 mí ón dáta a thionscain sé an t-imscrúdú.

Más rud é nach féidir leis an bpríomhúdarás inniúil a shuí gur sáraíodh an toirmeasc ar shaothar éigeantais, ní mór dó an t-imscrúdú a dhúnadh agus na hoibreoirí eacnamaíocha a chur ar an eolas dá réir sin. Ní mór dó údaráis inniúla eile agus an Coimisiún, i gcás inarb ábhartha, a chur ar an eolas freisin trí ICSMS – Modúl maidir le Saothar Éigeantais. Ní chuireann dúnadh an imscrúdaithe bac ar thionscnamh imscrúdaithe nua ar na táirgí céanna agus ar na hoibreoirí eacnamaíocha céanna i gcás ina dtagann faisnéis nua chun solais, agus beidh sé gan dochar d’imscrúduithe coiriúla atá ar siúl nó a bheidh ann amach anseo san ábhar céanna i gcónaí.

4.7   Comhoibriú oibreoirí eacnamaíocha leis na húdaráis inniúla agus faisnéis is féidir a iarraidh

Ag aon chéim den phróiseas imscrúdaitheach, tá sé de chumhacht ag an bpríomhúdarás inniúil faisnéis a iarraidh ar oibreoirí eacnamaíocha a dhéanann na táirgí faoi mheasúnú atá ar fáil ar mhargadh an Aontais agus, i gcás inarb ábhartha, ar sholáthróirí táirgí atá bunaithe lasmuigh den Aontas (73). D’fhéadfaí a áireamh leis sin: (a) faisnéis faoina ngníomhaíochtaí chun rioscaí saothair éigeantais a shainaithint, a chosc, a mhaolú, deireadh a chur leo nó iad a leigheas ina n-oibríochtaí agus ina slabhraí soláthair i ndáil leis na táirgí sin; (b) faisnéis faoi na dálaí oibre ar láithreán an tsaothair éigeantais líomhnaithe, inar monaraíodh na táirgí nó óna dtagann siad; agus (c) faisnéis faoi na táirgí faoi mheasúnú.

Ní mór d’oibreoirí eacnamaíocha comhoibriú go hiomlán sa phróiseas imscrúdaitheach. Is é sin le rá: (a) páirt a ghlacadh go cuiditheach san imscrúdú; (b) an fhaisnéis uile a iarrtar a sholáthar; (c) a áirithiú go bhfuil an fhaisnéis a sholáthraítear cruinn, fóinteach, ábhartha agus iomlán; agus (d) an fhaisnéis a sholáthar faoin sprioc-am sonraithe. Ní hamháin gur oibleagáid dhlíthiúil é sin, ach tá sé ar an mbealach is fearr freisin chun ábhar imní an phríomhúdaráis inniúil a mhaolú agus ar an gcaoi sin seoladh imscrúdaithe a sheachaint nó an chonclúid in imscrúdú gur sáraíodh an toirmeasc ar shaothar éigeantais a sheachaint. I gcás nach gcomhoibreoidh oibreoirí eacnamaíocha (Roinn 4.8.2.14.8.2.1, beidh iarmhairtí diúltacha aige sin ar oibreoirí eacnamaíocha faoi imscrúdú.

Má bhíonn moilleanna dosheachanta nó deacrachtaí dosháraithe ag oibreoirí eacnamaíocha chun an fhaisnéis a iarradh a bhailiú, ní mór dóibh an príomhúdarás inniúil a chur ar an eolas go réamhghníomhach a luaithe is féidir roimh dhul in éag na sprioc-amanna. I gcás inar FBManna iad na hoibreoirí eacnamaíocha faoi mheasúnú, féadfaidh siad tacaíocht a iarraidh ar phointe teagmhála náisiúnta i mBallstát ábhartha maidir le conas plé leis an bpríomhúdarás inniúil.

Chun cumarsáid éifeachtach leis na príomhúdaráis inniúla a áirithiú, spreagtar oibreoirí eacnamaíocha chun duine sonrach nó roinn shonrach teagmhála a ainmniú laistigh dá gcuideachta chun na hidirghníomhaíochtaí sin a láimhseáil.

I Ranna 4.7.1, 4.7.2 agus 4.7.3, tá liostaí léiritheacha nach liostaí uileghabhálacha iad de na cineálacha faisnéise a d’fhéadfadh an príomhúdarás inniúil a iarraidh le linn an phróisis imscrúdaithigh. Ba cheart don phríomhúdarás inniúil cuimhneamh go cúramach ar an bhfaisnéis a iarrfaidh sé i gcomhréir le sainiúlachtaí an cháis agus leis na gnéithe a luaitear i Roinn 4.5.1.1. Tá saoirse ag oibreoirí eacnamaíocha faisnéis eile a sholáthar atá iomchuí nó riachtanach dar leo chun an t-ábhar imní gur sáraíodh an toirmeasc ar shaothar éigeantais a mhaolú. Ní thugtar faisnéis in ord tábhachta sa liosta. Cé go bhfuil oibleagáid ar an bpríomhúdarás inniúil scrúdú a dhéanamh ar an bhfaisnéis arna soláthar agus, i gcás inarb ábhartha, an fhaisnéis sin a chur san áireamh, ní ráthaítear le soláthar na faisnéise sin saoradh don oibreoir eacnamaíoch nó nach mbeidh an táirge faoi réir cinneadh maidir le toirmeasc.

4.7.1   Samplaí d’fhaisnéis faoi ghníomhaíochtaí an oibreora eacnamaíoch chun rioscaí saothair éigeantais a shainaithint, a chosc, a mhaolú, deireadh a chur leo nó iad a leigheas

Beartais chorparáideacha, cóid iompair, doiciméid rialachais, freagrachtaí formhaoirseachta na bainistíochta;

Ábhair oiliúna le haghaidh na bainistíochta, fostaithe agus soláthróirí;

Beartais soláthair, cóid iompair soláthróirí, clásail chonartha maidir le toirmeasc ar shaothar éigeantais, agus ionduchtú soláthróirí agus faireachán orthu;

Measúnuithe riosca earnála;

Doiciméadacht lena bhfianaítear bunú beart coisctheach;

Doiciméadacht lena bhfianaítear bunú sásra casaoide;

Doiciméadacht lena bhfianaítear rannpháirtíocht i scéimeanna deimhniúcháin il-pháirtithe leasmhara nó tionscail;

Rannpháirtíocht páirtithe leasmhara agus sealbhóirí ceart agus comhairliúchán le heagraíochtaí neamhrialtasacha, ceardchumainn agus pobail;

Tuarascálacha ar iarrachtaí díchill chuí arna ndéanamh, lena n-áirítear iad sin i gcomhréir leis na dlíthe náisiúnta agus le dlíthe an Aontais is infheidhme;

Pleananna gníomhaíochta ceartaithí agus meastóireachtaí ar fheidhmíocht;

Tuarascálacha iniúchóireachta neamhspleáiche tríú páirtí.

4.7.2   Samplaí d’fhaisnéis faoi dhálaí oibre ar láithreán an tsaothair éigeantais líomhnaithe

Tras-scríbhinní ó agallaimh le hoibrithe agus fianaise i scríbhinn;

Iniúchtaí sóisialta;

Grianghraif/físeáin de dhálaí oibre agus/nó suanliosanna;

Nótaí faoi chomhráite agus cóipeanna de theachtaireachtaí agus de chomhfhreagras ar ríomhphost;

Liosta oibrithe, comhaontuithe/conarthaí fostaithe, párollaí agus taifid airgeadais;

Torthaí ó shuirbhéanna arna ndéanamh (e.g. ag ceardchumainn nó ionadaithe oibrithe maidir le dálaí oibre);

Faisnéis faoi leigheas ina dtugtar fianaise ar shásamh oibrithe, cúiteamh, bearta ceartaitheacha agus coisctheacha.

4.7.3   Samplaí d’fhaisnéis faoin táirge a líomhnaítear ina leith go sáraíonn sé an toirmeasc ar shaothar éigeantais (74)

4.7.3.1   Sainaithint an táirge

Faisnéis a bhailítear le huirlisí inrianaitheachta agus le sonraí trádála, custaim agus seolta;

Torthaí tástálacha saotharlainne lena n-áirítear tástáil iseatópach;

Tuairisc, ainm nó branda an táirge, ceanglais shonracha faoi dhlí an Aontais maidir le sainaithint an táirge, amhail cóid CC, cóid AC, cineál, tagairt, samhail, baisc nó sraithuimhir a ghreamaítear den táirge, nó a chuirtear ar fáil ar an bpacáistíocht nó i ndoiciméad a ghabhann leis an táirge, nó aitheantóir uathúil phas an táirge dhigitigh;

Fianaise ar inrianaitheacht táirgí (i.e. deimhnithe líne cúraim, sonraí inrianaitheachta maidir le hamhábhair);

Doiciméadacht lena nasctar an táirge críochnaithe le foinse a amhábhair;

Liostaí ábhar, go háirithe i gcás inarb ábhartha chun an sciar de chomhpháirteanna nó an chuid den táirge a bhféadfadh sé go ndearnadh é le saothar éigeantais a chinneadh;

Deimhnithe tionscnaimh ó na láithreáin óna dtagann táirgí;

Cainníocht nó líon agus luach na dtáirgí lena mbaineann (e.g. iomlán na n-aonad arna dtáirgeadh, arna n-allmhairiú, nó arna gcur ar mhargadh an Aontais le linn na tréimhse ábhartha);

Faisnéis faoin bhfardal agus faoi shuíomhanna dáileacháin agus stórála, lena n-áirítear le haghaidh ciandíola, laistigh den Aontas.

4.7.3.2   Struchtúr agus gníomhaithe an tslabhra soláthair

Tuairisc ar an slabhra soláthair, lena gcumhdaítear príomhchéimeanna an táirgthe, na monaraíochta nó na mianadóireachta;

Liosta monaróirí, táirgeoirí agus soláthróirí maidir le príomhchéimeanna an táirgthe, lena n-áirítear na sonraí seo a leanas i leith gach ceann díobh: ainm, trádainm nó trádmharc cláraithe, sonraí teagmhála, uimhir aitheantais uathúil sa tír ina mbunaítear iad agus, nuair atá sí ar fáil, a n-uimhir Chláraithe agus Aitheantais Oibreoirí Eacnamaíocha (EORI);

Léarscáileanna slabhra soláthair lena gcumhdaítear leibhéil agus fo-leibhéil agus lena léirítear soláthróirí díreacha agus indíreacha araon;

Faisnéis faoi struchtúir úinéireachta agus gaolmhaireachtaí idir soláthróirí agus an t-oibreoir eacnamaíoch agus aon idirghabhálaí tríú páirtí (e.g. fochuideachta, comhfhiontar, conraitheoir neamhspleách);

Róil na n-eintiteas lena mbaineann, lena n-áirítear seoltóirí agus onnmhaireoirí;

Mionnscríbhinní ó oibreoirí eacnamaíocha atá páirteach sa phróiseas táirgthe.

4.7.3.3   Faisnéis faoi shaoráidí agus faoi shuíomhanna

Sainaithint suíomhanna agus saoráidí ag an bpríomhchéim den eastóscadh, buaint, táirgeadh, monaraíocht nó mianadóireacht (ainmneacha, seoltaí, eintitis oibriúcháin);

Fianaise thacaíochta ar an suíomh i gcás ina bhfuil fáil uirthi, amhail íomhánna satailíte, comhordanáidí GPS nó sonraí geoshuímh eile.

4.7.3.4   Taifid ar idirbhearta agus ar lóistíocht

Orduithe ceannaigh;

Sonraisc agus admhálacha le haghaidh gach soláthróra;

Duillíní pacála;

Taifid íocaíochta;

Taifid ar fhardal an tsoláthróra agus an cheannaitheora, lena n-áirítear admhálacha duga/trádstórais;

Doiciméadacht seolta agus iompair (lastliostaí, billí luchta le haghaidh an aeriompair, an iompair mhuirí nó an iompair de thalamh);

Taifid allmhairiúcháin/onnmhairiúcháin.

4.7.3.5   Fianaise ar tháirgeadh agus ar acmhainneacht

Orduithe táirgthe;

Tuarascálacha ar acmhainneacht táirgeachta monarchana;

Fianaise lena léirítear comhsheasmhacht idir méideanna ionchuir agus méideanna aschuir le haghaidh an táirge nó na dtáirgí a eastósctar, a bhuaintear, a mhonaraítear, a tháirgtear, nó ar a ndéantar mianadóireacht.

4.8   Cinntí maidir le sáruithe ar an toirmeasc ar shaothar éigeantais

Más rud é go suíonn an príomhúdarás inniúil gur sháraigh na hoibreoirí eacnamaíocha atá faoi imscrúdú an toirmeasc ar shaothar éigeantais, ní mór dó cinneadh a ghlacadh chuige sin. Ní mór idir ghnéithe nós imeachta agus substainteacha a bheith sa chinneadh sin, lena n-áirítear toirmeasc chun na táirgí lena mbaineann a chur ar mhargadh an Aontais (Roinn 4.8.3). Ní mór gach cinneadh a fhoilsiú ar an Tairseach Aonair Saothair Éigeantais (75).

4.8.1   Sárú ar an toirmeasc ar shaothar éigeantais a shuí

4.8.1.1   Caighdeán na fianaise agus an cineál fianaise is gá

Is ar an bpríomhúdarás inniúil atá an dualgas sárú ar an toirmeasc ar shaothar éigeantais a shuí. Chuige sin, ní mór dó fianaise inchreidte a sholáthar (i) gur úsáideadh saothair éigeantais chun na táirgí faoi imscrúdú a dhéanamh, agus (ii) gur chuir na hoibreoirí eacnamaíocha atá faoi imscrúdú na táirgí sin ar fáil ar mhargadh an Aontais nó gur onnmhairigh siad ón Aontas iad (76).

Ní mór cineál riaracháin an toirmisc ar shaothar éigeantais faoin Rialachán a léiriú leis an tairseach fhianaiseach atá le cur i bhfeidhm. Dá bhrí sin, ní tagarmharc ábhartha atá i dtairseacha fianaiseacha an dlí choiriúil.

D’fhéadfadh sé go mbeadh dúshláin fhianaiseacha ag baint lena shuí gur le saothar éigeantais a rinneadh táirgí a cuireadh ar mhargadh an Aontais nó a cuireadh ar fáil ann nó a onnmhairíodh ón Aontas. Mar shampla, d’fhéadfadh sé gur dheacair fianaise a fháil ó pháirtithe a ndéantar difear dóibh go díreach (e.g. i ngeall ar imní faoi fhrithbheartaíocht), iniúchtaí iontaofa a dhéanamh nó fianaise dhíreach ar chleachtais fhadhbacha a fháil (e.g. i ngeall ar easpa doiciméadachta maidir le luach saothair oibrithe nó na táillí earcaíochta a íocann oibrithe). Dá bhrí sin, chun sárú ar an toirmeasc ar shaothar éigeantais a shuí, beidh gá le meascán de chineálacha éagsúla fianaise go minic, lena n-áireofar fianaise indíreach agus imthoisceach.

Anseo thíos tugtar roinnt samplaí d’fhianaise a d’fhéadfaí a chur san áireamh chun a shuí gur sáraíodh an toirmeasc ar shaothar éigeantais:

Tras-scríbhinní ó agallamh;

Fianaise i scríbhinn;

Tuarascálacha agus doiciméid ó shásraí casaoide cuideachta-bhunaithe, pobalbhunaithe nó earnáil-bhunaithe atá ann cheana;

Iniúchtaí sóisialta. Eisiatar uaidh sin iniúchtaí sóisialta a dhéantar i gcásanna ina bhfuil oibrithe faoi bhagairt nó faoi fhaireachas agus/nó faoi mhaoirseacht leanúnach ag an mbainistíocht, nó i gcás ina bhfuil teorainn ar an rochtain ar shaoráidí táirgthe, mar ní mheastar gur iniúchtaí inchreidte iad sin;

Grianghraif/físeáin de dhálaí oibre agus/nó suanliosanna;

Nótaí faoi chomhráite agus cóipeanna de theachtaireachtaí agus de chomhfhreagras ar ríomhphost;

Comhaontuithe/conarthaí fostaithe, párollaí agus taifid airgeadais;

Doiciméid agus taifid chuideachta, agus ráitis phoiblí;

Íomhánna satailíte agus geoshuíomh saoráidí;

Torthaí tástálacha saotharlainne lena n-áirítear tástáil iseatópach;

Faisnéis a bhailítear le huirlisí inrianaitheachta, agus le sonraí trádála, custaim agus seolta;

Tuarascálacha, taighde agus foilseacháin phoiblí;

Staidéir agus anailísí inmheánacha, staitisticí;

Ailt ó na meáin;

Torthaí ó shuirbhéanna arna ndéanamh (e.g. ag ceardchumainn nó ionadaithe oibrithe maidir le dálaí oibre);

Taighde deisce agus anailís foinse oscailte (e.g. ar dhoiciméadacht oifigiúil nó úinéireacht chorparáideach eintiteas ábhartha);

Mapáil rioscaí earnála;

Faisnéis maidir leis an táirge faoi imscrúdú (tugtar samplaí i Roinn 4.7.3);

Faisnéis faoi inrianaitheacht táirge (Roinn 4.7.3). Easpa iomlán faisnéis inrianaitheachta, nó neamhábaltacht an fhaisnéis sin a sholáthar, i gcás ina bhféadfadh sé go ndearnadh táirge, amhábhar nó comhpháirt a mheascadh le ceann lena mbaineann ardriosca saothair éigeantais, d’fhéadfadh sé go mbeadh tionchar diúltach aici sin sa mheasúnú foriomlán ar fhianaise;

Doiciméid comhlachtaí poiblí lena léirítear cláir saothair éigeantais arna fhorchur ag an stát (forálacha dlí, doiciméid bheartais, tuarascálacha, treoracha riaracháin, nó sainorduithe institiúideacha);

Faisnéis lena léirítear rannpháirtíocht oibreora eacnamaíoch nó soláthróra ábhartha i gcláir saothair éigeantais arna fhorchur ag an stát.

4.8.1.2   Measúnú a dhéanamh ar fhianaise i gcásanna saothair éigeantais arna fhorchur ag an stát

I gcásanna saothair éigeantais arna fhorchur ag an stát, ní mór don phríomhúdarás inniúil a shuí (i) go bhfuil an saothar éigeantais á fhorchur ag údaráis stáit, gníomhairí a ghníomhaíonn thar ceann údaráis stáit, nó eagraíochtaí ag a bhfuil údarás cosúil leis an stát i limistéar geografach ar leith, agus (ii) go bhfuil nasc idir an táirge faoi imscrúdú agus an cleachtas sin de shaothar éigeantais a fhorchur nó an limistéar geografach sin. Ní mór táscairí sonracha riosca agus sainmhínithe a bhaineann go sonrach le saothar éigeantais arna fhorchur ag an stát a chur i bhfeidhm (77). Tá an liosta i Roinn 4.8.1.1 ábhartha i gcónaí, ach ní mór inchreidteacht cineálacha áirithe fianaise a mheasúnú go cúramach i bhfianaise an chomhéigin shistéamaigh agus na doiléire sistéamaí faoina dtarlaíonn saothar éigeantais arna fhorchur ag an stát. Mar shampla, iniúchtaí sóisialta a dhéantar i limistéir gheografacha lena mbaineann saothar éigeantais arna fhorchur ag an stát, níor cheart a mheas gur fianaise inchreidte atá iontu a mhéid nach ndéantar iad gan rochtain neamhtheoranta ar na saoráidí ábhartha agus acmhainneacht na n-oibrithe labhairt gan srian agus gan mhaoirseacht.

Thairis sin, mar gheall ar a chineál sistéamach, ní dócha nach dtarlaíonn saothar éigeantais arna fhorchur ag an stát ach i gcásanna sonracha i limistéar geografach ar leith. Dá bhrí sin, fianaise ar shaothar éigeantais arna fhorchur ag an stát i limistéar geografach ar leith a bhailítear le haghaidh cás inar shuigh an príomhúdarás inniúil gur ann do shárú ar an toirmeasc ar shaothar éigeantais, beidh an fhianaise sin an-ábhartha i gcásanna eile a bhaineann leis an réigiún céanna.

4.8.2   Sárú a shuí i gcás neamh-chomhoibriú

Más rud é nach gcomhoibríonn oibreoir eacnamaíoch nó údarás poiblí in imscrúdú agus go gcuireann sé bac ar an gcaoi sin ar an bpríomhúdarás inniúil fianaise fhíorasach nó fianaise eile a bhailiú uaidh, ní mór don phríomhúdarás inniúil sárú ar an toirmeasc ar shaothar éigeantais a shuí ar bhonn aon fhíorais eile atá ar fáil (78). Is é is aidhm don fhoráil sin a áirithiú gur féidir an Rialachán a chur i bhfeidhm go héifeachtach i gcónaí fiú i gcás nach gcomhoibríonn oibreoirí eacnamaíocha ná údaráis phoiblí. Anseo thíos tá samplaí de neamh-chomhoibriú (79):

Diúltú an fhaisnéis a iarrtar a chur ar fáil gan údar bailí;

Mainneachtain an fhaisnéis a iarrtar a chur ar fáil laistigh den teorainn ama atá forordaithe gan údar bailí;

Faisnéis neamhiomlán, mhíthreorach nó mhícheart, nó méid mór faisnéis neamhábhartha a chur ar fáil agus é mar chuspóir leis sin an t-imscrúdú a bhlocáil;

Aon ghníomhaíocht eile den oibreoir eacnamaíoch nó d’údarás poiblí lena gcuirtear bac ar an imscrúdú, lena n-áirítear nuair a shainaithnítear riosca saothair éigeantais arna fhorchur ag an stát le linn an phróisis imscrúdaithigh. Beidh feidhm aige sin freisin maidir le cigireachtaí ar an láthair.

Sa mheasúnú ar neamh-chomhoibriú, tabharfar aird ar leith ar mhéid agus ar acmhainní na n-oibreoirí eacnamaíocha agus ar a n-acmhainneacht an fhaisnéis iomlán is gá a sholáthar.

4.8.2.1   Caighdeáin na fianaise i gcásanna neamh-chomhoibrithe

I gcás neamh-chomhoibriú, lena n-áirítear i gcás saothar éigeantais arna fhorchur ag an stát, is gá sáruithe ar an toirmeasc ar shaothar éigeantais a chruthú ar bhonn fianaise inchreidte i gcónaí. Mar sin féin, ós rud é nach féidir mórán faisnéis inchreidte nó nach féidir aon fhaisnéis inchreidte a fháil go hiondúil ón oibreoir eacnamaíoch nó ón údarás poiblí go díreach, bíonn ról tábhachtach ag fianaise ó fhoinsí faisnéise eile a bhailítear le linn an phróisis imscrúdaithigh chomh maith le fianaise indíreach agus imthoisceach i gcás neamh-chomhoibriú. Mar a shonraítear i Roinn 4.5.1.3, is fianaise atá i neamh-chomhoibriú i bprionsabal, agus bheadh sé, i gcomhar leis na gnéithe fíorasacha agus dlíthiúla ar fáil dá dtagraítear thuas, ina bhonn leordhóthanach go ginearálta chun sárú a shuí.

4.8.3   Inneachar an chinnidh

Ní mór an fhaisnéis a shonraítear thíos a bheith i gcinntí maidir le sárú ar an toirmeasc (80):

Toirmeasc ginearálta ar na táirgí lena mbaineann a chur ar mhargadh an Aontais nó a chur ar fáil ar mhargadh an Aontais agus iad a onnmhairiú (81), ina sonrófar na táirgí sonracha a gcuirfear toirmeasc orthu, tuairisc ar thorthaí an imscrúdaithe agus faisnéis atá de dhíth ar údaráis chustaim chun an táirge nó na hoibreoirí eacnamaíocha ainmnithe a shainaithint.

Bunaithe ar fhoclaíocht Airteagal 3 den Rialachán agus a chuspóir (82), baineann an toirmeasc le haon táirge amháin nó níos mó agus tá feidhm ghinearálta aige. Dá bhrí sin, ní hamháin go bhfuil feidhm aige maidir leis na hoibreoirí eacnamaíocha a ainmnítear sa chinneadh sin, ach tá feidhm aige freisin maidir le haon oibreoir eacnamaíoch a chuireann táirgí den sórt sin ar mhargadh an Aontais nó a chuireann iad ar fáil ar mhargadh an Aontais nó a onnmhairíonn iad. Is gá feidhm ghinearálta chun teacht timpeall a sheachaint, rud a tharlódh mura gcuirfí an toirmeasc i bhfeidhm ach maidir leis na hoibreoirí eacnamaíocha ar seolaithe díreacha den imscrúdú iad, agus leo sin amháin. Dá bhrí sin, tá raon feidhme leathan an chinnidh maidir le sárú ar an toirmeasc fréamhaithe i bprionsabal na héifeachtachta, lena gceanglaítear rialacha an Aontais a fhorléiriú ar bhealach lena n-áirithítear a n-éifeachtaí iomlána sa chleachtas (83), agus atá i gcomhréir leis an léirmhíniú leathan ar na rialacha arb é is aidhm dóibh cearta bunúsacha a chosaint.

Ordú chun na táirgí atá faoi réir an toirmisc ghinearálta a tharraingt siar  (84)

I bhfianaise fheidhm ghinearálta an toirmisc, táirgí atá faoi réir cinnidh, ní mór iad a tharraingt siar ó mhargadh an Aontais. I gcás ina mbraitheann údaráis um fhaireachas margaidh gur ann do tháirgí den sórt sin ar mhargadh an Aontais, ní mór dóibh bearta a dhéanamh gan mhoill chun tarraingt siar na dtáirgí sin a áirithiú.

Sa chinneadh féin maidir le sárú ar an toirmeasc, seoltar an t-ordú sonrach maidir le tarraingt siar go sainráite chuig na hoibreoirí eacnamaíocha ábhartha a bhí faoi imscrúdú. Ní mór dóibh a tharraingt siar ó mhargadh an Aontais gach táirge atá curtha ar an margadh nó atá curtha ar fáil ann cheana féin agus inneachar a bhaint d’aon chomhéadan ar líne ar a liostaítear na táirgí a bhfuil toirmeasc orthu (Roinn 5.1.1.1). An oibleagáid sin chun táirgí a tharraingt siar, ní chumhdaítear léi táirgí atá imithe chomh fada leis na húsáideoirí deiridh.

Ordú chun na táirgí nó comhpháirteanna in-athsholáthraithe de tháirgí atá faoi réir an toirmisc ghinearálta a dhiúscairt  (85)

Bíonn ordú diúscartha sa chinneadh maidir le sárú ar an toirmeasc freisin, a seoltar é go sainráite chuig na hoibreoirí eacnamaíocha a bhí faoi imscrúdú. Leagtar síos an bealach diúscartha in Airteagal 25 den Rialachán. Ní mór do na húdaráis inniúla a áirithiú nach dtairbhíonn oibreoirí eacnamaíocha go heacnamaíoch ó dhiúscairt an táirge ar bhealach díreach nó indíreach.

Má chuirtear toirmeasc leis an gcinneadh ar chuid shonrach de tháirge, agus más rud é gur cuid in-athsholáthraithe í an chuid sin, ní mór an deis a thabhairt do na hoibreoirí eacnamaíocha lena mbaineann an chuid sin a bhaint amach agus a athsholáthar laistigh de thréimhse réasúnta. Tá an chuid sin le diúscairt ansin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar amach thuas agus cuid eile a chur ina hionad ar táirgeadh í gan saothar éigeantais a úsáid. Nuair a léireoidh na hoibreoirí eacnamaíocha go bhfuil na táirgí (nó cuid acu) is cuspóir don chinneadh saor ó shaothar éigeantais, féadfaidh siad na táirgí sin a chur ar mhargadh an Aontais nó a onnmhairiú mar ní chumhdaítear iad leis an gcinneadh a thuilleadh (Roinn 4.9).

Gnéithe eile den chinneadh

Ní mór teorainn ama réasúnta a bheith sa chinneadh freisin faoinar gá do na hoibreoirí eacnamaíocha na horduithe a chomhlíonadh (86). Ní mór 30 lá oibre a bheith sa sprioc-am sin le haghaidh earraí nach bhfuil meatach agus 10 lá oibre le haghaidh earraí meatacha, ag tosú ar dháta fógartha an chinnidh. Agus an teorainn ama á leagan amach, ní mór don údarás inniúil méid agus acmhainní eacnamaíocha an oibreora eacnamaíoch a chur san áireamh, lena n-áirítear cibé acu is FBM é nó nach ea, an sciar nó an chuid den táirge a dhéantar le saothar éigeantais agus cibé acu atá nó nach bhfuil sé in-athsholáthraithe, agus imthosca sonracha an cháis.

Ar deireadh, áirítear leis an gcinneadh faisnéis ar an bhféidearthacht atá ann iarraidh ar an údarás inniúil é a athbhreithniú nó a tharraingt siar (Ranna 4.9.1 agus 4.9.2) agus ar na roghanna chun achomharc a dhéanamh ina aghaidh sa dlínse inniúil (e.g. cibé acu is féidir nó nach féidir achomharc a dhéanamh, an cineál achomhairc atá ar fáil agus na sprioc-amanna is infheidhme) (Roinn 4.9.3).

4.8.4   Slabhraí soláthair lena mbaineann tábhacht straitéiseach nó chriticiúil don Aontas (87)

Más rud é go bhfuil táirgí ina gcuid de shlabhra soláthair lena mbaineann tábhacht straitéiseach nó chriticiúil don Aontas, féadfaidh an príomhúdarás inniúil, chun cur isteach ar an margadh aonair a sheachaint, a chinneadh gan a ndiúscairt a ordú ach a cheangal ar na hoibreoirí eacnamaíocha, ar a gcostas féin, na táirgí a choinneáil siar ar feadh tréimhse shainithe. Ní fhéadfar na táirgí a chur ar an margadh le linn na tréimhse sin, agus ní mór don oibreoir eacnamaíoch an saothar éigeantais a sainaithníodh a dhíothú. Agus cinneadh den sórt sin á dhéanamh, ba cheart don phríomhúdarás inniúil a chur san áireamh, inter alia, a indéanta atá sé an saothar éigeantais a dhíothú agus toilteanas an oibreora eacnamaíoch é sin a dhéanamh.

Ní mór don tréimhse arna soláthar a bheith comhréireach agus ní bheidh sí níos faide ná mar is gá chun an saothar éigeantais a dhíothú. Má léiríonn an t-oibreoir eacnamaíoch go ndearna sé é sin laistigh den tréimhse arna soláthar, ní mór don údarás a chinneadh a tharraingt siar don todhchaí agus a cheadú na táirgí, lena n-áirítear iad sin a coinníodh siar, a chur ar an margadh arís. Ina mhalairt de chás, ní mór don oibreoir eacnamaíoch na táirgí a dhiúscairt.

Bíodh is gur faoin bpríomhúdarás inniúil atá sé measúnú a dhéanamh ar thábhacht straitéiseach nó chriticiúil na dtáirgí don Aontas, beidh air píosaí ábhartha de reachtaíocht an Aontais a chur san áireamh, go háirithe:

an liosta earnálacha i nGníomh an Aontais um an Tionscal Glan-nialasachta (88);

an Moladh ón gCoimisiún maidir le réimsí teicneolaíochta criticiúla le haghaidh shlándáil eacnamaíoch an Aontais (89) agus an teachtaireacht chomhpháirteach maidir le slándáil eacnamaíoch an Aontais a neartú (90);

na táirgí a liostaítear sa Ghníomh Eorpach um Amhábhair Chriticiúla (91);

Plean Gníomhaíochta RESourceEU (92).

Chun cur chuige comhsheasmhach a áirithiú a mhéid a bhaineann le tábhacht straitéiseach, ba cheart d’údaráis inniúla na mBallstát tuairim an Choimisiúin a lorg.

4.9.   Athbhreithniú ar chinntí agus achomhairc

D’fhéadfadh sé go mbeadh cinntí faoi réir iarrataí ar athbhreithniú (Roinn 4.9.1), iarrataí ar tharraingt siar ar chomhlíonadh an chinnidh (Roinn 4.9.2), agus achomhairc (Roinn 4.9.3).

4.9.1   Iarrataí ar athbhreithniú ar chinneadh (93)

Oibreoirí eacnamaíocha a seoltar cinneadh maidir le sárú ar an toirmeasc chucu go sainráite agus iad sin a chruthaíonn ar bhealach eile go ndéantar difear dóibh go díreach agus ar bhonn aonair, féadfaidh siad athbhreithniú ar an gcinneadh a iarraidh tráth ar bith.

Féadfaidh oibreoirí eacnamaíocha modhnú ar raon feidhme an chinnidh nó a tharraingt siar don todhchaí a iarraidh, ach ní fhéadfaidh siad é sin a dhéanamh ach amháin ar bhonn faisnéis shubstaintiúil nua nár tugadh ar aird an phríomhúdaráis inniúil í le linn an imscrúdaithe agus má dhéanann an t-oibreoir eacnamaíoch saothar éigeantais a dhíothú agus nuair a dhéanfaidh sé saothar éigeantais a dhíothú.

An príomhúdarás inniúil a rinne an cinneadh i dtosach, ní mór dó cinneadh a dhéanamh maidir leis an iarraidh laistigh de 30 lá oibre. De bhun phrionsabal an dea-riaracháin (94), ní mór cinntí den sórt sin a bheith cuí-réasúnaithe. Mar sin féin, iarrataí atá doghlactha go follasach nó gan bhunús go follasach, féadfar diúltú dóibh go hachomair.

Má mheastar go bhfuil bunús maith leis an iarraidh, d’fhéadfadh sé go mbeadh ina thoradh uirthi modhnú ar raon feidhme cinnidh, nó a tharraingt siar don todhchaí. Má dhéantar cinneadh a tharraingt siar, na hoibreoirí eacnamaíocha arb iad seolaithe sainráite an chinnidh iad agus, i gcás inarb infheidhme, aon oibreoir eacnamaíoch eile dá ndéantar difear ar bhonn aonair agus go díreach, ní mór don phríomhúdarás inniúil na hoibreoirí sin a chur ar an eolas. Ní mór dó an cinneadh a bhaint den Tairseach Aonair Saothair Éigeantais freisin.

4.9.2   Tarraingt siar cinnidh a iarraidh ar chomhlíontacht agus faisnéis atá le cur isteach ag oibreoirí eacnamaíocha

Más rud é gur chomhlíon oibreoir eacnamaíoch cinneadh, féadfaidh sé tarraingt siar an chinnidh sin a iarraidh don todhchaí, i.e. le héifeacht ón tráth sin amach. Ní mór bunús maith a bheith le hiarraidh an oibreora eacnamaíoch agus ní mór a léiriú inti (i) gur chomhlíon sé an cinneadh (Roinn 4.9.2.1) agus (ii) go ndearna sé, ó rinneadh an cinneadh, saothar éigeantais a dhíothú óna oibríochtaí nó óna shlabhra soláthair i ndáil leis an táirgí lena mbaineann (Roinn 4.9.2.2).

4.9.2.1   Faisnéis chun comhlíontacht a léiriú

Chun tarraingt siar éifeachtach an táirge a léiriú, ní mór don oibreoir eacnamaíoch fianaise ar an tarraingt siar a sholáthar, lena n-áireofar sainaithint an táirge, dátaí agus suíomh na tarraingthe siar, doiciméadacht ina léirítear cruthúnas ar chur i bhfeidhm (mar shampla baint ó bhealaí dáileacháin agus díolacháin, deimhniú ar tharraingt siar ó dháileoirí nó ó mhiondíoltóirí ábhartha, taifid fardail ina léirítear an stoc a baineadh, doiciméadacht ar lóistíocht agus fógra maidir le faireachas margaidh, i gcás inarb infheidhme).

Chun diúscairt an táirge nó, de réir mar a bheidh, diúscairt na coda arna déanamh le saothar éigeantais, a léiriú, ní mór do na hoibreoirí eacnamaíocha faisnéis faoin bpróiseas diúscartha a chur isteach, lena n-áireofar an fhianaise ar bhaint fhisiciúil nó athsholáthar na coda, an modh arna úsáid, agus deimhnithe nó fianuithe ó shaoráidí údaraithe diúscartha nó athchúrsála.

4.9.2.2   Faisnéis chun díothú an tsaothair éigeantais a léiriú

Chun a léiriú go ndearnadh saothar éigeantais a dhíothú óna n-oibríochtaí nó óna slabhra soláthair i ndáil leis na táirgí lena mbaineann, ní mór don oibreoir eacnamaíoch fianaise a sholáthar nach ann a thuilleadh do na himthosca a sainaithníodh sa chinneadh. Agus é sin á dhéanamh, ba cheart don oibreoir eacnamaíoch faisnéis a sholáthar faoi na bearta a glacadh chun dul i ngleic leis an saothar éigeantais (95) ar cheart measúnú a dhéanamh orthu in aghaidh na dtáscairí saothair éigeantais a sainaithníodh sa chinneadh maidir leis an sárú ar an toirmeasc (96). Ba cheart a áireamh leis an bhfianaise sin bearta ionas nach dtarlóidh an saothar éigeantais arís tar éis tharraingt siar an chinnidh maidir leis an sárú ar an toirmeasc.

4.9.3   Achomhairc riaracháin agus bhreithiúnacha in aghaidh cinnidh (97)

Oibreoirí eacnamaíocha dá ndéantar difear go díreach agus ar bhonn aonair le cinneadh ina suitear gur ann do shárú ar an toirmeasc ar shaothar éigeantais, tá an ceart acu an cinneadh a achomharc os comhair cúirte dlí d’fhonn athbhreithniú a dhéanamh ar dhlíthiúlacht nós imeachta agus/nó shubstainteach an chinnidh. I gcás cinntí arna nglacadh ag an gCoimisiún, tá dlínse ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (ina bhfuil an Chúirt Ghinearálta agus an Chúirt Bhreithiúnais).

Má éiríonn leis an achomharc, ní mór don phríomhúdarás inniúil an Coimisiún agus na húdaráis náisiúnta inniúla uile a chur ar an eolas trí ICSMS – Modúl maidir le Saothar Éigeantais. Déanfaidh an Coimisiún an Tairseach Saothair Éigeantais a thabhairt cothrom le dáta dá réir sin.

4.10.   Comhordú agus comhar maidir le himscrúduithe agus forfheidhmiú

Ní mór do na húdaráis inniúla dlúth-chomhordú a dhéanamh le húdaráis inniúla ábhartha (98) (Roinn 4.10.1 agus 4.10.2). Ní mór don Choimisiún agus do na húdaráis inniúla dul i ndlúthchomhar le chéile agus cúnamh frithpháirteach a thabhairt dá chéile (Roinn 4.10.3) chun an Rialachán a chur chun feidhme go comhsheasmhach, go héifeachtach agus go héifeachtúil (99).

4.10.1   Comhordú idir údaráis náisiúnta laistigh de Bhallstát

Is gá úsáid a bhaint as éagsúlacht inniúlachtaí, freagrachtaí agus scileanna ar an leibhéal náisiúnta le haghaidh imscrúduithe agus gníomhaíochtaí forfheidhmiúcháin faoin Rialachán. An tráth céanna, d’fhéadfadh sé go mbeadh ina thoradh ar chur chun feidhme an Rialacháin bailiú faisnéise agus eolais atá ábhartha do chur chun feidhme dlíthe agus beartas eile. Dá bhrí sin, ní mór na nithe seo a leanas a dhéanamh le sásraí cearta comhair náisiúnta le haghaidh chur chun feidhme an Rialacháin:

malartú rianúil faisnéise a áirithiú idir údaráis náisiúnta laistigh de Bhallstát, ionas gur féidir leo tacú go héifeachtach agus go héifeachtúil le hobair a chéile maidir le cur chun feidhme an Rialacháin agus cur chun feidhme beartas agus rialacha eile (e.g. na húdaráis ábhartha maidir le hábhair choiriúla agus maidir le híospartaigh na gáinneála a chosaint a chur ar an eolas).

comhar a éascú agus sineirgí a fhorbairt le haghaidh cur chun feidhme éifeachtach agus éifeachtúil. Ní mór do na húdaráis inniúla a bheith in ann brath ar shaineolas, ar chumhachtaí agus ar chúraimí údarás náisiúnta ábhartha eile ar féidir leo cúnamh a thabhairt maidir le himscrúduithe agus forfheidhmiú cinntí maidir le sárú ar an toirmeasc. Áirítear orthu sin:

cigireachtaí saothair;

lucht forfheidhmithe dlí;

údaráis atá freagrach as an gcomhordú um chomhrac na gáinneála agus as sásra náisiúnta atreorúcháin (100);

údaráis um fhaireachas margaidh;

údaráis chustaim;

údaráis mhaoirseachta atá le ceapadh faoi Threoir 2024/1760 maidir le dícheall cuí corparáideach inbhuanaitheachta, a d’fhéadfadh cuidiú chun fíorú a dhéanamh ar iarrachtaí díchill chuí oibreoirí eacnamaíocha atá faoi réir na Treorach sin atá ábhartha le haghaidh chur i bhfeidhm an Rialacháin;

údaráis chánach agus fhioscacha, a d’fhéadfadh cuidiú le cur i bhfeidhm pionós

údaráis earnála eile (e.g. údaráis iascaigh).

4.10.2   Comhar le húdaráis forfheidhmithe dlí agus idirghníomhú le himeachtaí coiriúla

Dlúthchomhar idir na húdaráis inniúla agus údaráis forfheidhmithe dlí agus bhreithiúnacha a dhéileálann leis na gnéithe coiriúla de chás, tá sé fíor-riachtanach, go háirithe chun fianaise a bhailiú agus a mheasúnú i gcásanna saothair éigeantais (101) agus chun rúndacht imscrúduithe coiriúla a áirithiú. Na mionsonraí faoin gcaoi a bhfeidhmíonn an comhar sin sa chleachtas, braitheann siad ar na rialacha náisiúnta (go háirithe iad sin a thacaíonn le cur chun feidhme an Rialacháin) agus ar an idirghníomhú imeachtaí faoin Rialachán leis na breithiúna intíre agus leis an gcóras dlí choiriúil intíre.

Is infheidhme an Rialachán go díreach agus ní hionann a aidhm agus aidhm an dlí choiriúil; dá bhrí sin, tá feidhm aige ar leithligh ón dlí coiriúil náisiúnta a théann i ngleic leis an saothar éigeantais. Ní dhéantar foráil sa Rialachán ach le haghaidh nósanna imeachta agus bearta riaracháin amháin: ní thagann imscrúduithe coiriúla agus ionchúisimh (lena n-áirítear faoin reachtaíocht um chomhrac na gáinneála) faoina raon feidhme. Ní gá imscrúdú coiriúil roimhe sin ná a fortiori daoradh na bhfíoras céanna faoin dlí coiriúil chun an Rialachán a chur i bhfeidhm.

D’fhéadfadh cás saothair éigeantais idir chás coiriúil agus imscrúdú faoin Rialachán a thionscnamh, a ndéanfar iad an tráth céanna, as a n-eascródh idir rialuithe coiriúla agus cinntí riaracháin. Níor cheart d’fhorfheidhmiú an toirmisc ar shaothar éigeantais stiúradh imscrúduithe coiriúla a chur i mbaol.

Údaráis a chuireann na creataí éagsúla sin chun feidhme, ní mór dóibh dá bhrí sin dul i gcomhar le chéile agus a áirithiú nach gcuirfear as d’imscrúduithe coiriúla agus dá rúndacht.

I gcás imscrúdú saothair éigeantais maidir le cás trasteorann, ba cheart don phríomhúdarás cuimhneamh ar fhaisnéis a chomhroinnt trí Líonra SIENA (102) chun iarrachtaí agus faisnéis a chomhordú le húdaráis forfheidhmithe dlí i mBallstáit eile.

4.10.3   Comhordú, comhar agus cúnamh frithpháirteach idir na húdaráis inniúla agus an Coimisiún

Ní mór d’údaráis inniúla na mBallstát agus don Choimisiún oibriú i ndlúthchomhar le chéile, mar tá comhfhreagracht orthu as cur chun feidhme éifeachtach, éifeachtúil agus aonfhoirmeach an Rialacháin ar fud an Aontais (103). Tá na húdaráis inniúla freagrach as idir imscrúduithe sa chomhthéacs náisiúnta agus forfheidhmiú cinntí, lena n-áirítear iad sin arna nglacadh ag an gCoimisiún. Éascófar na próisis sin le hobair Líonra an Aontais i gcoinne Táirgí Saothair Éigeantais (104) agus ICSMS.

Tá na sainchearta agus na hoibleagáidí a liostaítear thíos i gceist leis an dualgas cúnaimh fhrithpháirtigh (105):

I gcás ina dtagann údarás inniúil nó an Coimisiún ar fhaisnéis faoi shaothar éigeantais amhrastach i gcríoch nach bhfuil sé inniúil ina leith, ní mór dó an fhaisnéis sin a chomhroinnt leis an údarás inniúil ábhartha trí ICSMS.

Ní mór do phríomhúdarás inniúil tacaíocht nó faisnéis a iarraidh ó údaráis inniúla eile, agus is gá dóibh sin freagairt go pras agus go comhoibritheach. Ní mór iarrataí ar fhaisnéis a láimhseáil trí ICSMS agus ní mór iad a fhreagairt ina n-iomláine laistigh de 20 lá oibre. Má mheasann an t-údarás iarrthach nach leordhóthanach an fhaisnéis, féadfaidh sé tuilleadh mionsonraí a lorg. Mar riail ghinearálta, ní mór don údarás faighte iarrata comhoibriú agus freagra a thabhairt. Mar sin féin, i gcásanna eisceachtúla féadfaidh an t-údarás faighte iarrata diúltú an iarraidh a chomhlíonadh i bpáirt nó go hiomlán, dá gcuirfí a ghníomhaíochtaí féin, mar shampla imscrúduithe atá ar siúl, i mbaol go substaintiúil mar thoradh ar an gcomhlíonadh. I gcásanna den sórt sin, ní mór don údarás inniúil faighte iarrata nó don Choimisiún údar a thabhairt lena dhiúltú (páirteach nó iomlán) agus gan ach faisnéis a tharchur nach gcuirfeadh as dá ghníomhaíochtaí. Doiciméid, achoimrí nó tarchur iarchurtha faisnéise, is réitigh phraiticiúla iad lena dtugtar le chéile an dualgas comhoibrithe agus an dualgas chun cur i bhfeidhm éifeachtach an Rialacháin a áirithiú.

Nuair a dhéanann príomhúdarás inniúil imscrúdú ar chás, ní mór dó freagairt go pras agus go comhoibritheach ar iarrataí ó údaráis inniúla eile a bhfuil cúis bhailí acu dlúthbhaint a bheith acu leis an gcás. Más rud é go bhfuil an t-oibreoir eacnamaíoch faoi imscrúdú bunaithe i mBallstát eile, agus go n-iarrann údarás inniúil an Bhallstáit sin a bheith páirteach san imscrúdú, ba cheart don phríomhúdarás inniúil toiliú leis an iarraidh i bprionsabal.

5.   FORFHEIDHMIÚ AGUS PIONÓIS

5.1   Forfheidhmiú cinntí maidir le sárú ar an toirmeasc (106)

Tar éis do phríomhúdarás inniúil cinneadh maidir le sárú ar an toirmeasc a ghlacadh, ní mór an cinneadh sin a chur in iúl trí ICSMS do na húdaráis inniúla agus do na húdaráis chustaim. Tá na húdaráis inniúla freagrach as forfheidhmiú na gcinntí sin laistigh de mhargadh an Aontais (Roinn 5.1.1). Tá na húdaráis inniúla freagrach as forfheidhmiú na gcinntí sin laistigh de mhargadh an Aontais (Roinn 5.1.1). Ní mór do na húdaráis chustaim a shainaithint, as measc na dtáirgí atá á n-allmhairiú isteach san Aontas nó á n-onnmhairiú amach as, na táirgí sin atá faoi réir cinntí maidir le sárú ar an toirmeasc, agus ní mór dóibh oibriú i gcomhar leis na húdaráis inniúla chun na cinntí sin a fhorfheidhmiú ag na teorainneacha (Roinn 5.1.2).

5.1.1   Forfheidhmiú cinntí maidir le sárú ar an toirmeasc laistigh den Aontas

Ní mór do na húdaráis inniúla forfheidhmiú éifeachtach na ngnéithe uile sna cinntí a áirithiú, i gcás inar gá i gcomhar le húdaráis inniúla na mBallstát eile agus le húdaráis náisiúnta eile amhail údaráis um fhaireachas margaidh. Ní mór do na húdaráis inniúla a áirithiú go gcomhlíontar an toirmeasc táirge-bhunaithe, na horduithe tarraingthe siar agus diúscartha (Roinn 5.1.1.1) agus an srian ar rochtain ar na táirgí agus ar liostuithe de na táirgí sin. Ní mór d’údarás inniúil gach Ballstáit teagmháil a dhéanamh leis na hoibreoirí eacnamaíocha a seoltar na cinntí maidir le sárú ar an toirmeasc chucu atá bunaithe ar a chríoch. Má chuireann oibreoir eacnamaíoch táirgí ar fáil i roinnt Ballstát, féadfaidh údarás inniúil an Bhallstáit bunaíochta cúnamh a lorg ó údaráis inniúla Ballstát eile.

5.1.1.1   Tarraingt siar agus diúscairt táirgí arna ndéanamh le saothar éigeantais

Tá na húdaráis inniúla freagrach as a áirithiú go gcuireann oibreoirí eacnamaíocha chun feidhme go héifeachtach orduithe tarraingthe siar agus diúscartha a leagtar síos i gcinntí maidir le sárú ar an toirmeasc (Roinn 4.8.3) (107). Beidh dlúthchomhar le húdaráis um fhaireachas margaidh ríthábhachtach sa chúram sin.

Chun comhlíontacht a áirithiú, ní mór do na húdaráis inniúla faisnéis a iarraidh ar an oibreoir eacnamaíoch ar phleananna an oibreora sin maidir le tarraingt siar agus diúscairt agus ní mór dóibh tuarascálacha ar dhul chun cinn a iarraidh maidir leis na pleananna sin. I gcás táirgí nach ndéantar ach go páirteach le saothar éigeantais, ba cheart faisnéis faoi athsholáthar na coda i gceist a bheith sna pleananna sin. Agus pleananna diúscartha á n-ullmhú, ba cheart do na hoibreoirí eacnamaíocha aird ar leith a thabhairt ar earraí marthanacha ardluacha (e.g. feithiclí, innealra, earraí leictreonaice) a bhfuil gá le measúnuithe ar an bhféidearthacht theicniúil ina leith chun iad a athchúrsáil nó a chur as feidhm. Ba cheart do na húdaráis inniúla comhordú a dhéanamh le rialtóirí comhshaoil agus sábháilteachta maidir leis na pleananna sin.

(a)   Tarraingt siar táirgí

Agus faireachán á dhéanamh ar an bpróiseas tarraingthe siar táirge, ní mór do na húdaráis inniúla measúnú a dhéanamh ar an bhfaisnéis arna soláthar ag an oibreoir eacnamaíoch. Chun cinneadh maidir le sárú ar an toirmeasc a chomhlíonadh, ní mór forbhreathnú ar stoic na dtáirgí a bheith ag na hoibreoirí eacnamaíocha lena mbaineann, mar aon le forbhreathnú ar an áit ina bhfuil na táirgí sin sna bealaí dáileacháin, lena n-áirítear le haghaidh ciandíolacháin; ní mór dóibh plean tarraingthe siar a fhorbairt freisin ina mbeidh mionsonraí ar an gcaoi a dtarraingeofar siar na táirgí i gcomhréir leis an gcinneadh.

(b)   Próiseas diúscartha

Agus faireachán á dhéanamh ar an bpróiseas diúscartha táirgí, ní mór do na húdaráis inniúla a áirithiú go ndéantar na táirgí a dhiúscairt i gcomhréir le hord na réiteach dramhaíola a leagtar amach i dTreoir 2008/98/CE (108), is é sin trína n-athchúrsáil nó, i gcás nach féidir é sin a dhéanamh, trína gcur as feidhm (109). Is féidir corpbheart, gabhálais éadaigh, agus coisbheart a scriosadh i gcomhréir le forálacha Rialachán Tarmligthe 2026/296 ón gCoimisiún (110). Ní mór táirgí meatacha a dheonú do chúiseanna carthanúla nó leasa phoiblí. Ní thairbheoidh an t-oibreoir eacnamaíoch lena mbaineann ar bhealach ar bith as an táirge a dhiúscairt ar na bealaí a luaitear thuas.

(c)   Táirgí le codanna in-athsholáthraithe agus táirgí a bhfuil tábhacht straitéiseach nó chriticiúil acu

Má bhaineann an cinneadh le codanna in-athsholáthraithe táirge, ní mór do na húdaráis inniúla a áirithiú go ndéantar na táirgí lena mbaineann a tharraingt siar agus go ndéantar na codanna a dhiúscairt mar a léirítear sa phróiseas diúscartha thuas, agus gur athsholáthair an t-oibreoir eacnamaíoch lena mbaineann na codanna i gceist le codanna atá saor ó shaothar éigeantais i gcomhréir leis an Rialachán. Na táirgí a eascraíonn as próiseas den sórt sin, is féidir iad a chur ar an margadh arís. Mura bhfuil an t-oibreoir eacnamaíoch toilteanach an chuid a athsholáthar, ansin ní mór an táirge iomlán a dhiúscairt.

Má bhaineann an cinneadh le táirgí ar cuid iad de shlabhra soláthair lena mbaineann tábhacht straitéiseach nó chriticiúil don Aontas (111) agus má ordaíonn an príomhúdarás inniúil an táirge a choinneáil siar seachas é a dhiúscairt (Roinn 4.8.4), ní mór do na húdaráis inniúla an tarraingt siar a áirithiú mar a leagtar amach thuas i gcónaí. Ní mór dóibh faisnéis a iarraidh ón oibreoir eacnamaíoch lena mbaineann freisin ar an áit a stóráiltear na táirgí agus an saothar éigeantais á dhíothú.

I gcás nach ndíothaítear an saothar éigeantais laistigh de thréimhse réasúnta, ní mór don údarás inniúil diúscairt na dtáirgí lena mbaineann mar a leagtar amach thuas a áirithiú. I gcás ina ndearbhaítear go bhfuil an cinneadh á comhlíonadh, ní mór don phríomhúdarás inniúil a chinneadh a tharraingt siar don todhchaí (Roinn 4.9). Más rud é nach mian leis an oibreoir eacnamaíoch na bearta is gá a dhéanamh chun díothú an tsaothair éigeantais a áirithiú, ní mór dó na húdaráis inniúla a chur ar an eolas agus leanúint le diúscairt an táirge i gcomhréir leis an gcinneadh, mar a mhínítear faoi phointe (b) thuas.

(d)   Aistriú na dtáirgí chuig na húdaráis inniúla lena ndiúscairt

I gcásanna ina bhféadfadh sé go mbeadh luach mór eacnamaíoch le hathchúrsáil agus tabhairt an táirge lena mbaineann agus i gcás ina ndéanfadh na húdaráis chustaim na táirgí sin a scriosadh murach sin, féadfaidh an t-údarás inniúil iarraidh ar na húdaráis chustaim na táirgí a diúltaíodh dá saorchúrsaíocht nó dá n-onnmhairiú a chur faoina údarás (112) d’fhonn iad a dhiúscairt i gcomhréir le hAirteagal 25. Ní mór don oibreoir eacnamaíoch costas an ghnímh sin a iompar.

(e)   Táirgí arna ndíol ar líne

Oibreoir eacnamaíoch a dhéanann táirgí atá faoi réir cinneadh maidir le sárú ar an toirmeasc a chur ar fáil ar líne, ní mór dó na táirgí sin a tharraingt siar agus a dhiúscairt i gcomhréir leis an gcinneadh, mar a leagtar amach i bpointí (a) go (d) thuas. Ní mór don oibreoir eacnamaíoch an liostú a bhaint dá shuíomh gréasáin freisin.

I gcás ina n-úsáideann an t-oibreoir eacnamaíoch seirbhís idirmheánach, amhail ionad margaidh ar líne, chun táirge a thairiscint, féadfaidh na húdaráis inniúla ordú a eisiúint freisin do sholáthraí na seirbhíse idirmheánaí, bunaithe ar dhlí an Bhallstáit ábhartha nó ar dhlí an Aontais is infheidhme go díreach, lena gceanglaítear ar na soláthraithe rochtain a shrianadh ar an gcumarsáid agus ar na liostuithe lena dtagraítear do na táirgí thuasluaite. Má chomhlíonann an t-ordú na coinníollacha foirmiúla a leagtar amach in Airteagal 9(2) de Rialachán (AE) 2022/2065 (113), ní mór do na soláthraithe na húdaráis eisiúna a chur ar an eolas faoi na bearta arna ndéanamh chun a áirithiú go gcomhlíontar an cinneadh maidir le sárú ar an toirmeasc.

5.1.2   Forfheidhmiú cinntí maidir le sárú ar an toirmeasc ag na teorainneacha (114)

Ós rud é gur cuid den phróiseas monaraíochta é saothar éigeantais agus nach bhfágann sé a lorg ar an táirge féin, ní féidir le húdaráis chustaim comhlíontacht a dheimhniú trína seiceálacha amháin, agus dá bhrí sin is iad na húdaráis inniúla atá freagrach i gcónaí as forfheidhmiú foriomlán an toirmisc ar tháirgí a dhéantar le saothar éigeantais i margadh an Aontais agus ar allmhairiú agus ar onnmhairiú táirgí a dhéantar le saothar éigeantais (115). Ní mór do na húdaráis chustaim gníomhú ar bhonn na gcinntí arna nglacadh ag na húdaráis inniúla agus arna gcur in iúl dóibh trí ICSMS (116). Aon mhodhnú nó aon tarraingt siar ar chinneadh, ní mór é a chur in iúl d’údaráis chustaim gan mhoill freisin, agus ba cheart dóibh sin a ngníomhaíochtaí forfheidhmiúcháin a oiriúnú go pras dá réir sin. Tá dlúthchomhar idir na húdaráis chustaim agus na húdaráis inniúla fíor-riachtanach chun forfheidhmiú éifeachtach a áirithiú le haghaidh táirgí a thagann isteach san Aontas nó a fhágann an tAontas.

5.1.2.1   Raon feidhme agus coinníollacha an Rialacháin a mhéid a bhaineann le táirgí a thagann isteach i margadh an Aontais nó a fhágann margadh an Aontais

Tá feidhm ag an Rialachán go heisiach maidir le táirgí a dhearbhaítear do na custaim faoi na nósanna imeachta custaim ‘scaoileadh i saorchúrsaíocht’ agus ‘onnmhairiú’. Táirgí atá le cur faoi nósanna imeachta custaim eile, níl siad faoi réir an Rialacháin.

5.1.3   Sainaithint na dtáirgí ag an teorainn

Chun táirgí a thagann isteach i margadh an Aontais nó a fhágann margadh an Aontais atá faoi réir cinntí maidir le saothar éigeantais a shainaithint (117), ní mór do na húdaráis chustaim nósanna imeachta bainistíochta riosca custaim a chur i bhfeidhm i gcomhréir le Cód Custaim an Aontais, agus na cinntí maidir le sárú ar an toirmeasc arna gcur in iúl gan mhoill ag an bpríomhúdarás inniúil agus aon fhaisnéis riosca ábhartha atá ar fáil á gcur san áireamh.

Má cheanglaítear le forfheidhmiú éifeachtach an toirmisc ar shaothar éigeantais go mbeidh rochtain ag údaráis chustaim ar fhaisnéis eile de bhreis ar an bhfaisnéis dá bhforáiltear go hiondúil faoin reachtaíocht custaim (118),,, cumhachtaítear don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh ina sonraítear an fhaisnéis bhreise nach mór d’oibreoirí eacnamaíocha a sholáthar do na húdaráis chustaim maidir le táirgí a thagann isteach i margadh an Aontais nó a fhágann margadh an Aontais. D’fhéadfaí a chuimsiú leis an bhfaisnéis sin faisnéis lena sainaithnítear an táirge, an monaróir nó an táirgeoir, agus soláthróirí an táirge. Maidir leis sin, eiseoidh an Coimisiún treoirlínte breise a ghabhfaidh leis na gníomhartha tarmligthe, i gcomhréir le hAirteagal 11, pointe (d), den Rialachán.

D’fhéadfaí tacú freisin leis an tsainaithint táirgí faoi réir an toirmisc ar shaothar éigeantais le faisnéis a mhalartaítear idir an Coimisiún agus na húdaráis inniúla (119).

5.1.4   Scaoileadh táirgí a chur ar fionraí agus fógra a thabhairt do na húdaráis inniúla

Ní mór do na húdaráis chustaim scaoileadh i saorchúrsaíocht nó onnmhairiú táirge a chur ar fionraí (120) más rud é, trína gcóras bainistíochta riosca, go gcinneann siad go bhféadfadh táirge a thagann isteach i margadh an Aontais nó a fhágann margadh an Aontais, de réir cinneadh a cuireadh ina iúl de bhun Airteagal 26(3), a bheith de shárú ar an toirmeasc a leagtar síos in Airteagal 3 den Rialachán.

Ní mór do na húdaráis chustaim fógra a thabhairt láithreach d’údaráis chustaim a mBallstáit maidir leis an bhfionraí agus an fhaisnéis ábhartha uile a tharchur dóibh chun é a chur ar a gcumas dóibh a shuí cibé acu a chumhdaítear nó nach gcumhdaítear na táirgí lena mbaineann le cinneadh maidir le sárú ar an toirmeasc a cuireadh in iúl.

Na coinníollacha is infheidhme maidir le táirgí le linn iad a bheith ar fionraí óna scaoileadh i saorchúrsaíocht nó óna n-onnmhairiú, lena n-áirítear a stóráil agus aon bheart a bhaineann le diúltú dá scaoileadh, cinntítear na húdaráis inniúla iad sin, i gcás inarb infheidhme, de bhun Chód Custaim an Aontais (121).

Ní mór do na húdaráis inniúla i bprionsabal teacht ar chonclúid laistigh de na teorainneacha ama is infheidhme. I gcás inar gá agus ina bhfuil údar cuí leis, féadfaidh na húdaráis inniúla a iarraidh go gcoinneoidh na húdaráis chustaim an fionraí ar bun chun a chur ar a gcumas dóibh measúnú ceart a sholáthar ar an táirge a chuir na húdaráis chustaim ar fionraí (122). D’fhéadfadh sé sin a bheith amhlaidh i gcás inar ghá do na húdaráis inniúla, chun teacht ar chonclúid maidir le fionraí, scrúdú ba chuimsithí a dhéanamh ar na doiciméid atá ag gabháil leis na táirgí nó athbhreithniú ar an táirge nó dul i dteagmháil leis an oibreoir eacnamaíoch. D’fhéadfadh sé gurbh ann don chás deiridh sin má chuimsítear maolú ar dhiúscairt i gcinneadh nó má dhéantar táirge a thoirmeasc i ngeall ar chodanna in-athsholáthraithe, agus ordú ann lena gceanglaítear ar na hoibreoirí eacnamaíocha na codanna sonracha sin a dhiúscairt.

Le linn na tréimhse sin, ní scaoilfidh na húdaráis chustaim na táirgí lena mbaineann i saorchúrsaíocht nó le haghaidh a n-onnmhairithe go dtí go ndéanfaidh na húdaráis inniúla an measúnú nó go rachaidh na teorainneacha ama is infheidhme in éag.

Mar chuid d’athbhreithniú na n-údarás inniúil le linn thréimhse fionraí an táirge agus sula dtagtar ar chonclúid agus sula gcuirtear é in iúl do na húdaráis chustaim a mbeidh ina thoradh air go ndiúltófar don táirge agus, ag leanúint uaidh sin, go ndéanfar é a dhiúscairt, féadfaidh oibreoir eacnamaíoch, faoi réir thoiliú na n-údarás custaim agus na n-údarás inniúil, a iarraidh go gcuirfí an táirge faoi nós imeachta custaim eile chun go bhféadfaí na codanna den táirge nach bhfuil i gcomhréir leis an Rialachán a athsholáthar nó a mhodhnú.

5.1.5   Scaoileadh i saorchúrsaíocht nó onnmhairiú

I gcás ina dtagann na húdaráis inniúla ar an gconclúid maidir le táirge ar tugadh fógra dóibh ina leith tar éis fionraí nach bhfuil an táirge sin faoi réir cinneadh maidir le sárú ar an toirmeasc, ní mór dóibh an fhaisnéis sin a chur isteach láithreach in ICSMS agus na húdaráis chustaim a chur ar an eolas dá réir sin. Nuair a chuirfear cinneadh den sórt sin in iúl do na húdaráis chustaim, ní mór do na húdaráis sin an táirge a scaoileadh i saorchúrsaíocht nó le haghaidh a onnmhairithe, ar choinníoll go gcomhlíontar gach coinníoll eile le haghaidh an scaoilte.

Ní mór do na húdaráis chustaim táirge a scaoileadh i saorchúrsaíocht nó le haghaidh a onnmhairithe freisin i gcás nár fhreagair na húdaráis inniúla don fhógra dá dtagraítear i Roinn 5.1.4 laistigh de na tréimhsí agus faoi na coinníollacha a leagtar amach sa Rialachán (123).

5.1.6   Diúltú, urghabháil agus diúscairt (124)

I gcás ina dtagann na húdaráis inniúla ar an gconclúid maidir le táirge ar tugadh fógra dóibh ina leith tar éis fionraí go ndéantar an táirge sin le saothar éigeantais de bhun cinneadh maidir le sárú ar an toirmeasc, ní mór dóibh an fhaisnéis sin a chur isteach láithreach in ICSMS agus na húdaráis chustaim a chur ar an eolas dá réir sin. Nuair a chuirfear cinneadh den sórt sin in iúl do na húdaráis chustaim, ní mór do na húdaráis sin an diúscairt a dhéanamh; ní féidir aon mhodhnú ná ath-onnmhairiú (i gcás earraí allmhairithe) a dhéanamh. Ní mór do na húdaráis chustaim a áirithiú go ndéantar an táirge a dhiúscairt i gcomhréir le dlí an Aontais agus leis an dlí náisiúnta is infheidhme i gcomhréir le dlí an Aontais. Aon dramhaíl a eascróidh as an diúscairt, déileálfar leis freisin i gcomhréir le dlí an Aontais agus leis an dlí náisiúnta is infheidhme. Beidh ar an oibreoir eacnamaíoch na costais a bhainfidh leis an diúscairt a iompar i gcomhréir le forálacha Chód Custaim an Aontais.

De rogha air sin, agus arna iarraidh sin d’údarás inniúil agus faoina fhreagracht, féadfaidh na húdaráis chustaim an táirge a urghabháil agus é a chur ar fáil don údarás inniúil sin agus faoi údarás an údaráis inniúil sin. I gcásanna den sórt sin, ní mór don údarás inniúil a áirithiú go ndéantar an táirge a dhiúscairt ar an mbealach a leagtar amach sa Rialachán (go háirithe athchúrsáil nó, i gcás nach féidir athchúrsáil a dhéanamh, na táirgí a chur as feidhm nó iad a dheonú i gcás táirgí meatacha i gcás inarb infheidhme).

5.2   Pionóis

Tá dualgas ar na húdaráis inniúla cur chun feidhme éifeachtach, éifeachtúil agus aonfhoirmeach an Rialacháin ar fud an Aontais a áirithiú, lena n-áirítear forfheidhmiú cinntí. Chuige sin, ceanglaítear ar na Ballstáit rialacha maidir le pionóis airgeadais (fíneálacha) a leagan síos, agus ní mór fógra a thabhairt don Choimisiún fúthu sin faoin 14 Nollaig 2026. Níl sé de chumhacht ach ag údaráis na mBallstát pionóis a fhorchur, lena n-áirítear i gcás inarbh é an Coimisiún a d’eisigh cinneadh maidir le sárú ar an toirmeasc (125).

Tá treoraíocht sa chaibidil seo maidir leis an modh chun pionóis airgeadais a ríomh i gcomhréir le hAirteagal 37(2) agus na tairseacha is infheidhme (126). Is fiú a shonrú go bhféadfadh sé go gcuimseofaí cineálacha eile smachtbhannaí i ndlíthe náisiúnta, ar choinníoll go gcomhlíonann siad dlí an Aontais, an Rialachán san áireamh. Thairis sin, agus aon smachtbhanna eile á ríomh agus á fhorchur, ní mór do na húdaráis inniúla a áirithiú go bhfuil sé éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.

5.2.1   Cúiseanna le pionóis

Ní fhorchuirtear pionóis i leith sárú ar an toirmeasc ar shaothar éigeantais féin. Forchuirtear iad ar aon oibreoir eacnamaíoch nach gcomhlíonann cinneadh maidir le sárú ar an toirmeasc. Go coincréiteach, ciallaíonn sé sin go mbeidh feidhm ag pionóis sna cásanna a leanas:

na táirgí i gceist a chur ar an margadh de shárú ar chinneadh maidir le sárú ar an toirmeasc;

gan na táirgí i gceist a tharraingt siar nó a dhiúscairt, nó an dá rud, i bpáirt nó go hiomlán;

gan an chuid den táirge atá faoi réir an chinnidh maidir le sárú ar an toirmeasc a athsholáthar;

gan na táirgí a choinneáil siar i gcás ordú chun an táirge a choinneáil siar i ngeall ar a thábhacht straitéiseach (Roinn 4.8.4).

5.2.2   Pionóis a ríomh

Leagtar amach roinnt bunrialacha in Airteagal 37(2) den Rialachán chun pionóis a ríomh. Laistigh den chreat sin, tá discréid áirithe ag na Ballstáit rogha a dhéanamh conas pionóis a rialáil agus iad a chur i bhfeidhm. Ar an gcaoi sin, cuirtear ar a gcumas dóibh rialacha agus modheolaíochtaí a leagan amach maidir le ríomh pionós atá iomchuí dá chreat náisiúnta dlíthiúil agus beartas, agus cur i bhfeidhm éifeachtach agus aonfhoirmeach an Rialacháin á áirithiú san am céanna trí phróiseas soiléir atá intuartha a dhóthain. Ní mór do na Ballstáit lánaird a thabhairt ar na treoirlínte seo agus a rialacha maidir le ríomh pionós á bhforbairt acu, agus ní mór dóibh Airteagal 37 den Rialachán chomh maith le prionsabail ghinearálta dhlí an Aontais a chomhlíonadh agus na pionóis sin á gcur i bhfeidhm.

Cé nach moltar aon mhodheolaíocht ríofa shonrach sna ranna seo a leanas, tugtar tuilleadh sonraí iontu ar na rialacha a leagtar amach in Airteagal 37(2) agus ar na cúig chéim loighciúla atá le leanúint chun pionós iomchuí, dleathach agus éifeachtach a ríomh.

5.2.2.1   Na himthosca fíorasacha uile agus cineál agus méid an neamhchomhlíonta a shainaithint

Chun pionós a ríomh, ní mór don údarás inniúil iompar an oibreora eacnamaíoch is cúis le neamhchomhlíonadh an chinnidh i gceist a shainaithint ar dtús.

5.2.2.2   Tromchúis agus fad an neamhchomhlíonta agus bunmhéid an phionóis a ríomh

Is iad tromchúis agus fad an neamhchomhlíonta i gcás cinneadh maidir le sárú ar an toirmeasc iad na príomhthosca a chuirfidh an t-údarás inniúil (nó an breitheamh náisiúnta) san áireamh agus bunmhéid an phionóis á ríomh.

Is iad seo a leanas na gnéithe is ábhartha agus tromchúis an neamhchomhlíonta á cinneadh:

a mhéid a tarraingíodh siar na táirgí a bhfuil toirmeasc orthu i gcomhréir leis an gcinneadh (e.g. i dtéarmaí cainníochtaí agus comhlíontacht sprioc-amanna);

a mhéid a diúscraíodh na táirgí i gcomhréir leis an gcinneadh;

cineál an neamhchomhlíonta a bheith déanta d’aon ghnó nó le faillí, lena n-áirítear méid na faillí.

Déantar fad an neamhchomhlíonta a thomhas ó dháta éaga an sprioc-ama a thugtar sa chinneadh. Tá roinnt samplaí sna boscaí thíos lena léirítear an fheidhm a d’fhéadfadh a bheith ag an gcéim ríofa sin go coincréiteach.

Bosca 1

Samplaí de conas bunmhéid an phionóis a ríomh

Image 2

Image 3

5.2.2.3   Imthosca maolaitheacha agus géaraitheacha a shainaithint agus an pionós a oiriúnú

Nuair a chinntear bunmhéid an phionóis, ní mór do na húdaráis inniúla (nó don bhreitheamh náisiúnta) aon imthoisc mhaolaitheach nó ghéaraitheach a chur san áireamh agus an bunmhéid a oiriúnú dá réir sin.

Áirítear ar imthosca maolaitheacha, mar shampla, dea-chomhar an oibreora eacnamaíoch ó thaobh cinneadh maidir le sárú ar an toirmeasc a chomhlíonadh (e.g. faisnéis úsáideach faoina chás neamhchomhlíonta a sholáthar go spontáineach).

Áirítear iad seo a leanas ar imthosca géaraitheacha:

aon neamhchomhlíonadh roimhe sin den oibreoir eacnamaíoch céanna i leith cinneadh maidir le sárú ar an toirmeasc;

droch-chomhar an oibreora eacnamaíoch ó thaobh cinneadh maidir le sárú ar an toirmeasc a chomhlíonadh (e.g. iompar bacúil nó neamhchumarsáideach, iompar calaoiseach chun a neamhchomhlíonadh a cheilt, nó iallach a chur ar oibreoirí eacnamaíocha eile le bheith neamhchomhlíontach);

aon sochar nó gnóthachan airgeadais, nó aon chaillteanas a seachnaíodh, mar thoradh ar an neamhchomhlíonadh.

5.2.2.4   Na méideanna dleathacha íosta agus uasta is infheidhme a shainaithint

Ní fhorchuirtear leis an Rialachán aon mhéid íosta ná uasta le haghaidh pionóis airgeadais. Faoi na Ballstáit atá sé machnamh a dhéanamh ar an ngá rialacha a bhunú maidir leis na gnéithe sin i gcomhréir le prionsabail na héifeachtachta, na comhréireachta agus na hathchomhairleachta. Ní mór d’údaráis inniúla a áirithiú nach mó an pionós arna ríomh ná na tairseacha sin.

5.2.2.5   A áirithiú go bhfuil an pionós éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach

Ní mór do na húdaráis inniúla a áirithiú go léirítear prionsabail na héifeachtachta, na comhréireachta agus na hathchomhairleachta le méid an phionóis a ríomhtar.

Maidir le pionós:

bíonn sé éifeachtach i gcás ina ngearrann sé pionós iomchuí iarbhír ar an oibreoir eacnamaíoch as an neamhchomhlíonadh agus i gcás ina dtugann sé air comhlíonadh;

bíonn sé comhréireach i gcás ina bhfuil sé iomchuí agus nach dtéann sé thar a bhfuil riachtanach chun pionós a ghearradh ar an neamhchomhlíonadh agus chun tabhairt ar an oibreoir eacnamaíoch comhlíonadh; agus i gcás ina gcuirtear san áireamh ann imthosca uile an cháis, lena n-áirítear forchur pionós eile i leith na bhfíoras céanna (ach ar fhoras dlíthiúil eile);

bíonn sé athchomhairleach nuair is leordhóthanach é chun an t-oibreoir a dhíspreagadh chun leanúint den chinneadh a shárú nó chun é a shárú arís sa todhchaí, agus i gcás ina ndíspreagann sé neamhchomhlíonadh i measc oibreoirí eacnamaíocha eile.

Thairis sin, ní mór pionóis a ríomh agus a chur i bhfeidhm ar bhealach neamh-idirdhealaitheach. Ní mór pionós a ghearradh ar imthosca cosúla ar an mbealach céanna, murab ann do chúis oibiachtúil chomhréireach le pionóis éagsúla a chur i bhfeidhm.

Fíor 2

Léiriú ar an bpróiseas ríofa

Image 4

6.   TREORAÍOCHT D’OIBREOIRÍ EACNAMAÍOCHA MAIDIR LE DÍCHEALL CUÍ I NDÁIL LE SAOTHAR ÉIGEANTAIS

6.1   Cuspóir

Ceanglaítear leis an Rialachán ar an gCoimisiún treoraíocht a sholáthar d’oibreoirí eacnamaíocha maidir le dícheall cuí i ndáil le saothar éigeantais (127). Comhlíontar an sainordú sin leis na treoirlínte seo mar soláthraítear leo treoraíocht neamhcheangailteach do chuideachtaí maidir le dícheall cuí deonach féideartha i ndáil le saothar éigeantais, bunaithe ar phrionsabail agus ar chaighdeáin a aithnítear go hidirnáisiúnta (Roinn 2.2), agus reachtaíocht ábhartha an Aontais á cur san áireamh san am céanna.

Toisc nach bhfuil treoirlínte ón gCoimisiún ceangailteach de réir sainmhínithe, níl siad infhorfheidhmithe le dlí. Ní chruthaítear aon oibleagáid ar chuideachtaí leis na treoirlínte sin, oibleagáidí díchill chuí san áireamh (128). D’fhéadfadh sé, áfach, go gcuideoidís le hoibreoirí eacnamaíocha a bheith i mbaol níos lú go mbeadh saothar éigeantais ina gcuid oibríochtaí agus slabhraí soláthair (129). Soláthraítear treoraíocht shonrach leis na treoirlínte sin freisin chun cúnamh a thabhairt do FBManna (130), agus a n-acmhainní teoranta chun dícheall cuí á gcur san áireamh.

Cuireann na treoirlínte seo le treoirlínte roimhe seo ón Aontas maidir le dícheall cuí i ndáil le saothar éigeantais a foilsíodh roimh ghlacadh an Rialacháin, agus cuirtear na treoirlínte seo ina n-ionad sin (131). Soláthraítear tuairisc níos mionsonraithe leo ar bhearta díchill chuí féideartha bunaithe ar na caighdeáin idirnáisiúnta chéanna leis na caighdeáin a bhí in úsáid sna treoirlínte roimhe seo (Roinn 2.2).

Cuideachtaí atá toilteanach dícheall cuí a dhéanamh i ndáil le saothar éigeantais, is féidir leo leas a bhaint as na treoirlínte sin, chun cur lena gcleachtais reatha díchill chuí atá oiriúnach agus, ar bhealach, i gcomhréir le rioscaí, imthosca agus comhthéacs na cuideachta.

6.2.   Reachtaíocht an Aontais a bhaineann le dícheall cuí

Cé nach bhforchuirtear oibleagáidí díchill chuí leis an Rialachán, cruthaítear le roinnt píosaí eile de dhlí an Aontais ceanglais díchill chuí nó tuairiscithe a bhaineann le rioscaí saothair éigeantais le haghaidh grúpaí roghnaithe cuideachtaí. Is féidir leo sin cuidiú chun iarrachtaí oibreoirí eacnamaíocha chun rioscaí saothair éigeantais a shainaithint agus chun dul i ngleic leo le linn imscrúduithe féideartha a thaispeáint.

Leis an Treoir maidir le Dícheall Cuí Corparáideach Inbhuanaitheachta (TDCCI) (132), ceanglaítear ar chuideachtaí móra a thagann faoina raon feidhme tionchair dhíobhálacha ar chearta an duine agus ar an gcomhshaol a shainaithint agus dul i ngleic leo ina n-oibríochtaí agus ina slabhraí soláthair, lena n-áirítear i gcás inarb ábhartha i ndáil leis an saothar éigeantais. Beidh feidhm ag TDCCI ó mhí Iúil 2029, agus soláthraítear leis an gcreat dlíthiúil ginearálta le haghaidh dícheall cuí éigeantach i gcás cuideachtaí móra a thagann faoina raon feidhme (133).

Leis an Treoir maidir le Tuairisciú Inbhuanaitheachta Corparáideach (134), tugtar isteach ceanglais tuairiscithe mhionsonraithe ar chuideachtaí móra faisnéis a nochtadh ar a rioscaí agus a dtionchar i ndáil le cearta an duine, lena n-áirítear i gcás inarb ábhartha maidir le saothar éigeantais a bheith ina n-oibríochtaí nó ina slabhraí soláthair.

Le pacáiste simpliúcháin Omnibus I (135), simplíodh na ceanglais díchill chuí agus tuairiscithe a bunaíodh leis na treoracha thuasluaite agus ba é ba chuspóir leis an t-ualach riaracháin a laghdú ar chuideachtaí a thagann faoina raon feidhme agus cuideachtaí is lú a chosaint ó iarrataí iomarcacha ar fhaisnéis le haghaidh cuideachtaí is mó.

Cuid de na hoibleagáidí díchill chuí a tugadh isteach le reachtaíocht an Aontais, baineann siad go sonrach le catagóirí áirithe táirgí. Ceanglaítear leis an Rialachán maidir le Mianraí Coinbhleachta (136) go ndéanfaidh allmhaireoirí de chuid an Aontais de stán, de thantalam, de thungstan agus d’ór dícheall cuí ar a slabhra soláthair (137) chun cosc a chur ar fhoinsiú ó limistéir ina bhfuil coinbhleacht agus ó limistéir ardriosca. Sainordaítear sa Rialachán maidir le Ceallraí (138) go ndéanfaidh cuideachtaí a chuireann ceallraí ar mhargadh an Aontais beartais díchill chuí le haghaidh amhábhar (litiam, nicil, cóbalt, graifít nádúrtha) a chur chun feidhme chun rioscaí sóisialta agus comhshaoil a mhaolú, lena n-áirítear saothar éigeantais. Sainordaítear leis an Rialachán maidir le Dífhoraoisiú (139) maidir le hoibreoirí a chuireann eallach, cócó, caife, ola pailme, soighe nó adhmad ar mhargadh an Aontais, go n-áiritheoidh siad go mbíonn na táirgí sin saor ó dhífhoraoisiú agus go dtáirgtear iad go dleathach, lena n-áirítear i gcomhréir le dlíthe na tíre táirgeachta lena rialaítear cearta an duine a chosnaítear faoin dlí idirnáisiúnta.

Tá na treoirlínte seo gan dochar do dhoiciméid treoraíochta maidir le dícheall cuí arna bhfoilsiú ag an gCoimisiún maidir le píosaí eile de reachtaíocht an Aontais.

Ina theannta sin, ceanglaítear le Treoir an Aontais in aghaidh na gáinneála (140) ar na Ballstáit pionóis íosta a bhunú ar an ngáinneáil ar dhaoine, lena n-áirítear le haghaidh dúshaothrú saothair, agus bearta a fhorbairt chun cúnamh a thabhairt d’íospartaigh na gáinneála, chun iad a chosaint, agus chun rochtain ar leigheas a thabhairt dóibh.

6.3   Céard is dícheall cuí ann i ndáil le saothar éigeantais?

6.3.1   Dícheall cuí mar uirlis éifeachtach in aghaidh saothar éigeantais

Chun críocha an Rialacháin, tagraíonn dícheall cuí i ndáil le saothar éigeantais d’iarrachtaí a dhéanann oibreoirí eacnamaíocha chun ceanglais shainordaitheacha, nó treoirlínte deonacha, moltaí nó cleachtais a chur chun feidhme chun saothar éigeantais a shainaithint, a chosc, a mhaolú nó deireadh a chur le húsáid an tsaothair éigeantais maidir le táirgí atá beartaithe do mhargadh an Aontais nó d’onnmhairiú (141).

Is bealach éifeachtach é an dícheall cuí chun rioscaí saothair éigeantais a shainaithint agus chun dul i ngleic leo. Sa chomhthéacs sin, d’fhéadfadh dícheall cuí cuideachta, cé nach bhforchuirtear leis an Rialachán é, cuidiú le cuideachta an Rialachán a chomhlíonadh. Mura n-eascraíonn oibleagáid dhlíthiúil shonrach chun dícheall cuí a dhéanamh as dlí eile de chuid an Aontais, tá an rogha ag cuideachtaí cinneadh a dhéanamh maidir leis an mbealach is fearr chun rioscaí saothair éigeantais a láimhseáil. Is féidir leo cinneadh a dhéanamh dícheall cuí a dhéanamh mar a mhínítear sa roinn seo nó úsáid a bhaint as cineálacha cur chuige malartacha a luaitear i Roinn 4.7.

Is minic a bhíonn ceangal idir rioscaí saothair éigeantais agus rioscaí sáruithe eile ar chearta an duine. Chun bheith éifeachtach, ní mór breithnithe sonracha díchill chuí i gcomhthéacs saothar éigeantais a thuiscint laistigh de na hionchais níos leithne maidir le dícheall cuí i leith chearta an duine a leagtar amach le dlí an Aontais agus le caighdeáin idirnáisiúnta.

6.3.2   Saintréithe an díchill chuí

Bíonn dícheall cuí dírithe ar chosc (gné lárnach den chinnteoireacht agus den bhainistiú riosca), bíonn cumarsáid leanúnach i gceist leis, tá sé i gcomhréir le rioscaí, bíonn tosaíocht i gceist i gcás inar gá (i.e. tá sé bunaithe ar riosca), ba cheart é a bheith iomchuí d’imthosca cuideachta, tá sé dinimiciúil, agus cuirtear rannpháirtíocht fhóinteach le páirtithe leasmhara san áireamh ann (142).

Imthosca amhail méid na cuideachta, comhthéacs a hoibríochtaí, a suíomh i slabhraí soláthair, cineál a táirgí nó a seirbhísí, a rannpháirtíocht sna rioscaí agus cineál agus déine an drochthionchair, is féidir leo difear a dhéanamh do bhearta díchill chuí (143). Mar shampla, d’fhéadfadh sé go mbeadh córais is foirmiúla agus is fairsinge de dhíth ar chuideachtaí móra chun rioscaí saothair éigeantais a bhainistiú ná mar a bheadh de dhíth ar chuideachtaí is lú ag a bhfuil raon teoranta táirgí, slabhraí soláthair agus páirtithe leasmhara.

Má chinneann oibreoirí eacnamaíocha dícheall cuí a dhéanamh chun an Rialachán a chomhlíonadh, tá na treoirlínte seo ceaptha chun cabhrú leo.

Cé gur ar bhonn deonach amháin atá an treoraíocht maidir le dícheall cuí a leagtar amach ina dhiaidh seo, aithnítear inti freisin na dúshláin a bhíonn le sárú ag FBManna chun dícheall cuí a dhéanamh i ndáil le saothar éigeantais, agus moltar inti, i gcás inarb ábhartha, bearta sonracha atá i gcomhréir lena méid agus lena n-acmhainní. Is féidir le FBManna leas a bhaint freisin as na hacmhainní atá le fáil tríd an Tairseach Aonair Saothair Éigeantais, agus ar bhearta tacaíochta eile atá le soláthar ag an gCoimisiún Eorpach faoi Airteagal 10 den Rialachán.

Iarrtar ar chuideachtaí féachaint ar na treoirlínte idirnáisiúnta maidir le dícheall cuí a liostaítear i Roinn 2.2 chun tuilleadh mionsonraí a fháil ar conas dícheall cuí a dhéanamh agus, i gcás inarb ábhartha, treoirlínte maidir le dícheall cuí arna bhfoilsiú ag an gCoimisiún faoi phíosaí reachtaíochta eile de chuid an Aontais. Cuideachtaí a thagann faoi raon feidhme TDCCI, ba cheart dóibh féachaint ar na treoirlínte amach anseo ón gCoimisiún atá le heisiúint faoin 26 Iúil 2027.

6.3.3   Rannpháirtíocht páirtithe leasmhara

Tá tábhacht ag baint le rannpháirtíocht fhóinteach le páirtithe leasmhara i rith an phróisis díchill chuí. Ba cheart do chuideachtaí iarrachtaí iomchuí, comhréireacha agus réasúnta a dhéanamh chun plé le grúpaí agus páirtithe leasmhara ábhartha eile a bhféadfaí difear a dhéanamh dóibh ar bhealach fóinteach, tráthúil agus cuimsitheach chun riosca saothair éigeantais a shainaithint agus a mheasúnú agus chun dul i ngleic leo (144).

Ba cheart do chuideachtaí páirtithe leasmhara a shainaithint a bhféadfadh a ngníomhaíochtaí difear a dhéanamh dóibh ó thaobh saothar éigeantais de, lena n-áirítear páirtithe leasmhara a bhfuil difear á dhéanamh dá gcearta nó a bhféadfaí difear a dhéanamh dá gcearta. I gcás saothair éigeantais, is iad oibrithe agus, i gcás inarb ábhartha, a muintir na príomhpháirtithe leasmhara a ndéantar difear dóibh. Ba cheart do thríú páirtithe iontaofa agallamh a chur ar oibrithe chun rúndacht, cruinneas agus sábháilteacht freagróirí a áirithiú. I gcás nach féidir é sin a dhéanamh, amhail i gcás saothar éigeantais arna fhorchur ag an stát, ba cheart do chuideachtaí dul i muinín modhanna malartacha chun faisnéis a bhailiú amhail dul i gcomhairle le hacmhainní saineolaithe inchreidte agus neamhspleácha, eagraíochtaí oibrithe (amhail ceardchumainn, eagraíochtaí sochaí sibhialta, cosantóirí chearta an duine agus foinsí faisnéise a áirítear i mbunachar sonraí an Aontais de rioscaí saothair éigeantais.

D’fhéadfaí a áireamh ar pháirtithe leasmhara eile pobail agus rialtais áitiúla, réigiúnacha nó náisiúnta, eagraíochtaí sochaí sibhialta, agus ionadaithe oibrithe, institiúidí náisiúnta ar son chearta an duine, comhpháirtithe gnó, tionscnaimh thionscail, infheisteoirí, scairshealbhóirí agus tomhaltóirí.

Ba cheart do chuideachtaí bearta a dhéanamh freisin chun bacainní ar rannpháirtíocht éifeachtach páirtithe leasmhara leochaileacha nó imeallaithe a shainaithint agus a bhaint agus chun a áirithiú nach mbíonn páirtithe leasmhara faoi réir frithbheartaíochta nó díoltais, lena n-áirítear trí rúndacht nó anaithnideacht a choinneáil ar bun.

Ní bhíonn coinne leis go ndéanfadh FBManna comhairliúcháin fhorleathana ná gníomhaíochtaí rannpháirtíochta, ach is féidir leo dul i dteagmháil lena bpáirtithe leasmhara ar roinnt bealaí (e.g. trí phlé díreach le príomhsholáthróirí, custaiméirí nó fostaithe) i gcásanna ábhartha (e.g. má sainaithníodh i mbunachar sonraí an Aontais maidir le rioscaí saothair éigeantais go bhféadfadh earnáil nó limistéar geografach áirithe a bheith i mbaol saothair éigeantais).

6.4   Próiseas an díchill chuí

Le creat díchill chuí sé chéim ECFE (145), déantar cur chuige struchtúrtha a aithnítear ar fud an domhain a sholáthar do chuideachtaí chun rioscaí ó thaobh chearta an duine de ina n-oibríochtaí agus a slabhraí soláthair a shainaithint agus chun dul i ngleic leo, agus cuirtear ar a gcumas dóibh san am céanna a gcur chuige i leith na n-earnálacha, a slabhraí soláthair agus a gcomhthéacsanna réigiúnacha faoi seach a oiriúnú. Soláthraítear bonn leis an gcreat le gur féidir le cuideachtaí measúnú a dhéanamh ar a rioscaí saothair éigeantais mar chuid dá n-iarrachtaí ginearálta díchill chuí, agus tá sé ina bhonn freisin de reachtaíocht ábhartha eile den Aontas freisin, amhail TDCCI.

Na céimeanna agus na hionchais a leagtar amach thíos, tógann siad ar chreat ECFE chun moltaí a sholáthar a bhaineann go sonrach leis an dícheall cuí i ndáil le saothar éigeantais. Níl sé i gceist gur liosta ticbhoscaí le haghaidh dícheall cuí atá sna gníomhartha praiticiúla a dtugtar tuairisc orthu thíos, mar ní bheidh gach gníomhaíocht phraiticiúil iomchuí i ngach aon chás. Bíonn saoirse ag cuideachtaí i gcónaí a mbearta agus a bpróisis choincréiteacha díchill chuí i ndáil le saothar éigeantais a chinneadh ar bhealach atá i gcomhréir lena riosca sonracha, a n-imthosca agus a gcomhthéacs agus atá iomchuí dóibh sin.

Fíor 2

Próisis díchill chuí agus bearta tacaíochta  (146)

Image 5

6.4.1   Céim 1: Dícheall cuí i ndáil le saothar éigeantais a chomhtháthú i mbeartais agus i gcórais bainistíochta riosca na cuideachta (147)

6.4.1.1   Beartais na cuideachta maidir le saothar éigeantais a fhorbairt, a scaipeadh agus a athbhreithniú

Cuideachtaí atá toilteanach dícheall cuí i ndáil le saothar éigeantais a dhéanamh ar bhonn deonach, ba cheart (148) dóibh dícheall cuí i ndáil le saothar éigeantais a chomhtháthú ina mbeartais agus ina gcórais bainistíochta riosca ábhartha uile. Ní gá dóibh córas ná beartas neamhspleách díchill chuí i ndáil le saothar éigeantais a fhorbairt, agus is féidir leo próisis agus beartais atá ann cheana a oiriúnú chun rioscaí saothair éigeantais a shainaithint agus dul i ngleic leo. Is féidir leo freisin beartais shamplacha atá forbartha ag comhlachais tionscail, eagraíochtaí sochaí sibhialta nó tionscnaimh il-pháirtithe leasmhara a ghlacadh nó cur leo, ar choinníoll gurb iomchuí iad do mhéid, oibríochtaí agus comhthéacs na cuideachta. I gcás ina n-aithnítear rioscaí móra (i.e. rioscaí tromchúiseacha agus dóchúla) saothair éigeantais i measúnú riosca cuideachta, ba cheart don chuideachta beartais shonracha a fhorbairt chun dul i ngleic leis na rioscaí sin, ina léireofar comhthéacsanna áitiúla, tosca riosca a bhaineann go sonrach leis an earnáil agus a sainiúlachtaí oibríochta. Ba cheart beartais na cuideachta maidir le saothar éigeantais a fhorbairt i gcomhairle lena bpáirtithe leasmhara ábhartha agus ba cheart na nithe seo a leanas a áireamh iontu:

tiomantas do phrionsabail bhunúsacha EIS agus do chearta ag an obair, caighdeáin a aithnítear go hidirnáisiúnta maidir le saothar éigeantais, agus dlíthe agus beartais saothair náisiúnta ina tíortha oibríochta;

tuairisc ar chur chuige na cuideachta i leith an díchill chuí agus a próisis chun é a chur chun feidhme (i.e. rioscaí a shainaithint, a chosc agus a mhaolú, dul i dteagmháil le páirtithe leasmhara, agus foráil a dhéanamh maidir le leigheas nó comhoibriú le leigheas i gcás inar gá);

ionchais le haghaidh a fostaithe, fochuideachtaí agus comhpháirtithe chun cloí le gnó caighdeáin a aithnítear go hidirnáisiúnta, mar aon le sásraí chun faireachán a dhéanamh ar na hionchais sin agus chun iad a fhorfheidhmiú.

Is féidir le FBManna tacaíocht sheachtrach a úsáid agus a fhorbairt, mar shampla ó eagraíochtaí fostóra, comhlachais tionscail, scéimeanna tionscail, tionscnaimh il-pháirtithe leasmhara nó saineolaithe eile chun tuiscint a fháil ar conas déileáil le saincheisteanna saothair éigeantais ar bhealach atá i gcomhréir lena gcás sonrach agus lena n-acmhainní sonracha. Ina theannta sin, is féidir le FBManna úsáid a bhaint as bunachar sonraí an Aontais de rioscaí saothair éigeantais chun bheith in ann a thuiscint níos fearr go bhféadfadh riosca saothair éigeantais a bheith i gceist leis an earnáil ina bhfuil siad ag oibriú agus leis na limistéir gheografacha óna mbíonn siad ag foinsiú.

Ba cheart beartais maidir le saothar éigeantais a chur ar fáil go poiblí (e.g. trína bhfoilsiú ar shuíomh gréasáin na cuideachta, trína gcur ar fáil i dteangacha áitiúla na dtíortha ina n-oibríonn sé, etc.) agus a chur in iúl go hinmheánach do na fostaithe uile lena mbaineann agus d’oibrithe eile ar bhealach atá intuigthe, inrochtana agus iomchuí ó thaobh cultúir de (e.g. trína bhfoilsiú ar inlíon na cuideachta agus trí straitéis inmheánach cumarsáide agus oiliúna a chur chun úsáide, etc.) (149).

Is féidir le FBManna úsáid a bhaint as bearta simplí ar chostas íseal chun a mbeartais maidir le saothar éigeantais a chur in iúl, amhail an beartas a fhoilsiú ar a suíomh gréasáin nó ar na meáin shóisialta, oiliúint phraiticiúil ghearr a chur ar a bhfostaithe, nó na beartais sin a chomhtháthú ina bpróisis soláthair.

Ba cheart do chuideachtaí athbhreithniú a dhéanamh ar a mbeartais um dhícheall cuí i ndáil le saothar éigeantais agus iad a thabhairt cothrom le dáta i gcás inar gá, go háirithe i gcás ina dtarlaíonn athrú mór, agus na rioscaí a sainaithníodh, na bearta a rinneadh chun dul i ngleic leo, agus torthaí aon mheasúnaithe nó athbhreithnithe á gcur san áireamh.

6.4.1.2   Beartais a leabú i gcórais formhaoirseachta agus bhainistíochta

Ba cheart do chuideachtaí freagracht as cur chun feidhme na ngnéithe éagsúla de bheartais na cuideachta um dhícheall cuí i ndáil le saothar éigeantais a shannadh thar na ranna ábhartha (e.g. ranna bainistíochta riosca nó comhlíontachta, ranna forbartha táirgí, ranna táirgthe, ranna díolachán/margaíochta, ranna ceannaigh/foinsithe, etc.), agus aird ar leith a thabhairt ar na bainisteoirí sin ar lena ngníomhaíochtaí agus a gcinntí is dóichí a dhéanfaí rioscaí a mhéadú nó a laghdú (150). Ba cheart a áireamh leis sin socruithe soiléire rialachais agus formhaoirseacht ar leibhéal sinsearach nó ar leibhéal an bhoird ar na beartais sin. Ba cheart do chuideachtaí cuidiú lena n-oibrithe gnéithe de na beartais um dhícheall cuí i ndáil le saothar éigeantais atá ábhartha dá ról a thuiscint agus a chur chun feidhme trí oiliúint agus acmhainní leordhóthanacha a sholáthar dóibh, agus trína áirithiú go mbíonn na dreasachtaí inmheánacha ag teacht le beartais na cuideachta.

Ba cheart do chuideachtaí na córais reatha chumarsáide agus coimeádta taifead a fhorbairt nó a oiriúnú chun rioscaí a shainaithint, a mheasúnú, a mhaolú agus a chosc ionas gur féidir leo ansin faisnéis faoi bheartais maidir le saothar éigeantais a chomhroinnt idir an ardbhainistíocht agus na ranna atá freagrach as iad a chur chun feidhme. Ba cheart dóibh a áirithiú freisin go bhfuil an fhaisnéis agus an tuiscint chéanna ag foirne agus ag aonaid ghnó ar bheartais maidir le saothar éigeantais agus go gcuireann siad oiliúint ar oibrithe i dtaca le beartais maidir le saothar éigeantais.

Freagrachtaí as faisnéis faoi bheartais maidir le saothar éigeantais a chur chun feidhme agus a chomhroinnt, is féidir le FBManna na freagrachtaí sin a shannadh laistigh d’fhoirne atá ann cheana. I gcás inar féidir, ba cheart na cúraimí sin a shannadh do bhainisteoirí cuideachtaí agus d’oibrithe a bhfuil taithí nó saineolas acu ar cheisteanna díchill chuí nó a bhfuil spéis acu iontu cheana féin.

6.4.1.3   Beartais agus ionchais a chuimsiú sa rannpháirtíocht le soláthróirí agus comhpháirtithe gnó eile

Ba cheart do chuideachtaí príomhghnéithe dá mbeartais agus dá n-ionchais maidir le saothar éigeantais a chur in iúl do sholáthróirí agus do chomhpháirtithe gnó ábhartha eile. I gcás inarb ábhartha, ba cheart na beartais a chur ar fáil i dteangacha áitiúla.

I gconarthaí nó i gcomhaontuithe eile i scríbhinn (e.g. cóid iompair soláthróirí) le soláthróirí agus comhpháirtithe gnó eile, ba cheart do chuideachtaí a gcoinníollacha agus a n-ionchais maidir le saincheisteanna saothair éigeantais a chur san áireamh, mar shampla: comhlíonadh caighdeán a aithnítear go hidirnáisiúnta; trédhearcacht, faireachán agus tuairisciú; sonraíochtaí chun ceanglais díchill chuí a fhorleathadh dá gcaidrimh ghnó féin; agus foras díscoir (an conradh a chur ar fionraí nó a fhoirceannadh) mura gcomhlíontar na hionchais (151). Ba cheart bearta conarthacha a chur i bhfeidhm ar bhealaí atá éifeachtach sa chleachtas sa chomhthéacs sonrach.

Ba cheart do chuideachtaí, i gcás inar féidir, critéir díchill chuí i ndáil le saothar éigeantais a chuimsiú ina measúnú roimh thús a chur le caidreamh gnó nua. I gcás ina bhfreastalaíonn soláthróirí nó comhpháirtithe gnó ar chustaiméirí agus ar earnálacha tionscail iomadúla, d’fhéadfadh sé gur ghá ionchais reatha nó ionchais chontrártha fhéideartha a gcustaiméirí nó a gcaidreamh eile a chur san áireamh freisin. Chun teorainn a chur le hionchais éagsúla, is féidir le cuideachtaí cuimhneamh ar ailíniú le caighdeáin idirnáisiúnta agus ar fud na hearnála maidir le dícheall cuí i ndáil le saothar éigeantais, comhoibriú le gníomhaithe eile sa tionscal ar bheartais choiteanna agus creataí tuairiscithe coiteanna maidir le saothar éigeantais, agus dul i bpáirt le comhpháirtithe gnó chun ceanglais chontrártha a laghdú agus a chuíchóiriú.

I gcás inar féidir, ba cheart do chuideachtaí cuimhneamh ar chineálacha cur chuige comhoibríocha i leith dícheall cuí a úsáid trí thionscnaimh inbhuanaitheachta ar leibhéal tionscail, iltionscail nó il-pháirtithe leasmhara (mar shampla chun eolas a chomhthiomsú, tionchar a mhéadú agus bearta díchill chuí a dhéanamh níos éifeachtaí), cé go mbíonn siad freagrach i gcónaí as a áirithiú go ndéantar a ndícheall cuí go héifeachtach (152) agus i gcomhréir le dlí iomaíochta an Aontais. Cé gur féidir le cineálacha cur chuige comhoibríocha tacú le dícheall cuí, ba cheart do chuideachtaí measúnú a dhéanamh ar cé acu atá nó nach bhfuil na cineálacha cur chuige sin oiriúnach dá gcuspóir ina gcomhthéacs sonrach, agus ba cheart dóibh leanúint de bhearta breise a dhéanamh i gcás inar gá.

Is minic a bhíonn comhroinnt costas agus coigilteas ina dtairbhe den chomhar earnála agus is féidir leo sin a bheith an-úsáideach i gcás cuideachtaí nach bhfuil ach acmhainní teoranta acu. Mar shampla, is féidir le FBManna úsáid a bhaint as teimpléid agus as conarthaí samplacha le soláthróirí arna bhforbairt ag comhpháirtithe gnó nó eagraíochtaí fostóirí, nó is féidir leo dul i gcomhar le cuideachtaí eile atá gníomhach san earnáil chéanna agus a bhféadfadh na dúshláin chéanna a bheith rompu.

Ba cheart do chuideachtaí iarracht a dhéanamh freisin acmhainní agus oiliúint iomchuí a sholáthar chun é a chur ar a gcumas do sholáthróirí agus do chomhpháirtithe gnó eile na ceanglais is infheidhme maidir le saothar éigeantais a thuiscint agus córais éifeachtacha díchill chuí a chur chun feidhme. Ba cheart na hacmhainní sin a oiriúnú don leibhéal riosca agus do chomhthéacs oibriúcháin na soláthróirí agus na gcomhpháirtithe gnó sin. Ba cheart do chuideachtaí measúnú a dhéanamh freisin ar ghnéithe dá n-oibríochtaí, dá samhail ghnó nó dá gcleachtais tráchtála féin a d’fhéadfadh, de thaisme, cur le rioscaí saothair éigeantais nó bacainní a chruthú ar chumas soláthróra dícheall cuí i ndáil le saothar éigeantais a dhéanamh (153).

Ba cheart do chuideachtaí gan ceannach ach ó sholáthróirí a chomhlíonann a n-ionchais maidir le hiompar freagrach gnó. D’fhéadfadh sé sin a bheith an-ábhartha i gcásanna inar sainaithníodh i mbunachar sonraí an Aontais maidir le rioscaí saothair éigeantais go bhféadfadh earnáil nó limistéar geografach áirithe a bheith i mbaol saothair éigeantais. Chun é sin a dhéanamh, is féidir le FBManna cuimhneamh ar mhodhanna simplí costéifeachtacha chun soláthróirí a scagadh (amhail seicliostaí nó iarrataí ar fhaisnéis faoin bhfeidhmíocht roimhe seo) chun laghdú a dhéanamh ar an líon acmhainní is gá chun rioscaí nó tionchair iarbhír a shainaithint, faireachán a dhéanamh orthu, iad a mhaolú nó a chosc tar éis conradh a dhéanamh le soláthróir.

6.4.2   Céim 2: Rioscaí saothair éigeantais a shainaithint agus a mheasúnú in oibríochtaí, slabhraí soláthair agus caidrimh ghnó na cuideachta (154)

6.4.2.1   Cleachtadh scóipe a dhéanamh ar rioscaí saothair éigeantais na cuideachta

Ba cheart do chuideachtaí cleachtadh scóipe forleathan a dhéanamh ar a n-oibríochtaí agus, i gcás inar gá, ar a gcaidrimh ghnó chun réimsí ginearálta a shainaithint inar mó an seans go dtarlóidh rioscaí saothair éigeantais agus inar mó an seans gur rioscaí tromchúiseacha iad. Ba cheart dóibh cuimhneamh ar thosca riosca a bhaineann go sonrach leis an limistéar geografach, earnáil, táirge nó cuideachta bunaithe ar fhoinsí faisnéise ábhartha (155). Bíonn coinne leis go ndéanfaidh cuideachtaí cleachtadh scóipe ar réimsí ginearálta rioscaí ar bhealach atá i gcomhréir lena méid agus lena n-acmhainní agus bunaithe ar fhaisnéis atá ar fáil dóibh go réasúnta. Mar shampla, i mbunachar sonraí an Aontais de rioscaí saothair éigeantais, tá faisnéis tháscach agus neamh-uileghabhálach faoi rioscaí forleathana agus tromchúiseacha saothair éigeantais a bhaineann le limistéir gheografacha agus táirgí sonracha bunaithe ar shonraí atá ar fáil go poiblí (156). FBManna agus cuideachtaí eile a bhfuil acmhainní teoranta acu, is féidir leo an bunachar sonraí a úsáid chun a gcleachtadh scóipe a dhéanamh. I gcás ina bhfaigheann an chuideachta eolas ar rioscaí saothair éigeantais lasmuigh dá cleachtadh scóipe, ba cheart do na rioscaí sin a bheith ina gcuid den phróiseas sainaitheanta freisin.

Ba cheart athbhreithniú tráthrialta a dhéanamh ar an scóip agus í a thabhairt cothrom le dáta i gcás mórathruithe (e.g. leathnú na cuideachta nó a foinsithe, forbairt mhór ar tháirge nua, athstruchtúrú corparáideach, faisnéis inchreidte faoi rioscaí saothair éigeantais nua a d’fhéadfadh a bheith ann, etc.).

6.4.2.2   Measúnú domhain a dhéanamh ar na rioscaí saothair éigeantais is mó

Bunaithe ar thorthaí an chleachtaidh scóipe, ba cheart do chuideachtaí measúnú domhain a dhéanamh ar na hoibríochtaí, soláthróirí agus caidrimh ghnó eile sna réimsí agus sna táirgí inar sainaithníodh na rioscaí saothair éigeantais is mó. Ba cheart don chleachtadh scóipe cur ar a gcumas do chuideachtaí a n-oibríochtaí agus a gcaidrimh ghnó ardriosca a shainaithint. Ba cheart do chuideachtaí measúnuithe a dhéanamh sna cásanna seo a leanas: i gcás nach ndearnadh measúnú ar chaidrimh ardriosca go fóill, roimh chaidrimh ghnó ardriosca nua den chéad sraith a dhéanamh, nó i gcás athrú ar an gcomhthéacs riosca i measc caidrimh ghnó ardriosca. I gcás inarb ann cheana do mheasúnuithe inchreidte ar rioscaí ó chaidrimh ghnó áirithe, ba cheart do chuideachtaí athbhreithniú a dhéanamh ar a dtorthaí agus a n-iarrachtaí a dhíriú ar dhul i ngleic leis na rioscaí.

Ba cheart leibhéal mionsonraithe agus doimhneacht na measúnuithe riosca sin a bheith i gcomhréir le méid agus acmhainní na cuideachta agus a leibhéal rannpháirtíochta sna rioscaí, agus le tromchúis agus le dóchúlacht an riosca. Ar shamplaí de mheasúnuithe, áirítear athbhreithnithe ar dhoiciméid, féinmheasúnuithe soláthróirí, cigireachtaí agus iniúchtaí ar an láthair, agallaimh le hoibrithe, agus rannpháirtíocht páirtithe leasmhara. Mar bhonn dá measúnuithe riosca doimhne chun rioscaí saothair éigeantais a shainaithint ina n-oibríochtaí agus a slabhraí soláthair, ba cheart do chuideachtaí leas a bhaint as treoraíocht EIS maidir le táscairí saothair éigeantais (157) agus treoraíocht ECFE maidir le foinsí le haghaidh measúnú domhain (158). Is féidir le cuideachtaí úsáid a bhaint freisin as foinsí faisnéise a shainaithnítear i mbunachar sonraí an Aontais de rioscaí saothair éigeantais le haghaidh limistéir gheografacha agus táirgí sonracha.

I gcásanna ina bhféadfadh saothar éigeantais arna fhorchur ag an stát a bheith i gceist, ba cheart do chuideachtaí measúnú a dhéanamh ar an gcomhthéacs dlíthiúil, institiúideach agus polaitiúil is leithne (159) agus seiceáil le haghaidh fianaise ar bheartais stáit nó ar chleachtas a dhéantar le cead an stáit lena sainordaítear nó lena ndlisteanaítear, go díreach nó go hindíreach, úsáid na neamhthola nó an chomhéigin sa leithdháileadh acmhainní daonna nó ar mhí-úsáidí eile d’údarás stáit mar a shonraíonn EIS (160). Toisc go gcuirtear as go mór do mheasúnuithe agus d’iniúchtaí traidisiúnta ar an láthair sna comhthéacsanna sin, ní mór a áireamh i measúnuithe doimhne taighde deisce neamhspleách, tuarascálacha ó eagraíochtaí idirnáisiúnta, anailís riosca ó shaineolaithe, agus sonraí inchreidte ón tsochaí shibhialta. Áirítear i mbunachar sonraí an Aontais maidir le rioscaí saothair éigeantais freisin faisnéis shonrach faoi roinnt chásanna de rioscaí saothair éigeantais arna fhorchur ag an stát.

6.4.2.3   Measúnú a dhéanamh ar rannpháirtíocht na cuideachta sna rioscaí saothair éigeantais arna sainaithint

Tá leibhéal rannpháirtíochta cuideachta i riosca saothair éigeantais ar cheann de na tosca atá le cur san áireamh mar chuid de mheasúnú foriomlán agus cinneadh á dhéanamh conas ba cheart don chuideachta freagairt don riosca (faoi chéim 3) agus cé acu ba cheart nó nár cheart di leigheas a sholáthar (faoi chéim 6) (161).

Bíonn cuideachta ina ‘cúis’ le riosca saothair éigeantais más leordhóthanach a gníomhaíochtaí astu féin, cibé acu gníomhartha nó neamhghníomhartha, chun gur ann don riosca saothair éigeantais.

Bíonn cuideachta ina cúis chomhpháirteach de riosca saothair éigeantais, nó ‘rannchuidíonn’ sí le riosca saothair éigeantais más iad a gníomhaíochtaí i dteannta gníomhaíochtaí cuideachtaí eile is cúis leis an riosca, nó má thugann na gníomhaíochtaí sin ar chuideachta eile a bheith ina cúis leis, nó má éascaítear nó má spreagtar cuideachta eile leo.

6.4.2.4   Tosaíocht a thabhairt do na rioscaí saothair éigeantais is mó

I gcás nach féidir gach riosca saothair éigeantais arna sainaithint a chosc nó a mhaolú nó deireadh a chur leo láithreach, ba cheart do chuideachtaí, i gcomhréir leis an gcur chuige rioscabhunaithe i leith dícheall cuí, tosaíocht a thabhairt do dhul i ngleic leis na rioscaí is mó ar dtús, bunaithe ar a dtromchúis agus ar a dóchúlacht (162).

Ba cheart do chuideachtaí na rioscaí a shainaithint a bhféadfaí dul i ngleic leo láithreach, cibé acu go hiomlán nó i bpáirt. Ba cheart a áireamh leis na gníomhartha láithreacha dul i ngleic le gníomhaíochtaí trína mbíonn an chuideachta ina cúis le rioscaí saothair éigeantais nó trína rannchuidíonn sí leo, mar shampla trí bhearta inmheánacha tapa a dhéanamh amhail téarmaí conartha le soláthróirí a thabhairt cothrom le dáta agus cleachtais ceannaigh is leithne na cuideachta nó prótacail iniúchóireachta a leasú chun díriú ar réimsí riosca ar tugadh neamhaird orthu roimhe sin. I gcás ina bhfuil ceangal idir rioscaí agus caidrimh ghnó, ba cheart do chuideachtaí measúnú a dhéanamh ar cé acu atá nó nach bhfuil beartais agus próisis iomchuí i bhfeidhm ag a gcomhpháirtithe chun na rioscaí saothair éigeantais a shainaithint agus a mheasúnú agus chun dul i ngleic leo.

Ba cheart do chuideachtaí cuimhneamh ar thosaíocht a thabhairt do rioscaí saothair éigeantais arna fhorchur ag an stát i bhfianaise a dtromchúise agus a ndóchúlachta airde in earnálacha, i slabhraí soláthair agus i suíomhanna áirithe.

Nuair a shainaithneofar na rioscaí is mó agus nuair a dhéileálfar leo, ba cheart don chuideachta aghaidh a thabhairt ar rioscaí eile ansin.

6.4.3   Céim 3: Rioscaí saothair éigeantais a chosc agus a mhaolú agus deireadh a chur leo (163)

6.4.3.1   Bearta iomchuí a ghlacadh chun rioscaí saothair éigeantais a chosc agus a mhaolú agus deireadh a chur leo

Bunaithe ar an measúnú ar rannpháirtíocht na cuideachta sna rioscaí saothair éigeantais, ba cheart do chuideachtaí bearta iomchuí a ghlacadh chun na rioscaí a sainaithníodh a bhainistiú agus chun freagairt dóibh.

Ba cheart do chuideachtaí díriú ar an gcosc ar dtús mar phríomhsprioc an díchill chuí (164). I gcás ina sainaithnítear rioscaí saothair éigeantais, ba cheart do chuideachtaí bearta a dhéanamh chun iad a chosc (i.e. chun dóchúlacht nó tromchúis na rioscaí a laghdú) nó i gcás nach féidir iad a chosc, chun na rioscaí a mhaolú go leormhaith (i.e. a ndóchúlacht nó a dtromchúis a laghdú).

Má shainaithníonn cuideachtaí tionchar iarbhír saothair éigeantais in oibríochtaí nó i slabhraí soláthair táirge, de réir an Rialacháin ní dhéanfaidh siad an táirge sin a chur ar mhargadh an Aontais ná a chur ar fáil ann ná ní onnmhaireoidh siad é (165).

Maidir leis na bearta arna nglacadh ag cuideachtaí, ní mór dóibh a bheith i) oiriúnach chun aidhm an choisc a bhaint amach nó, de réir mar a bheidh, deireadh a chur le rioscaí, ii) i gcomhréir le tromchúis agus le dóchúlacht na rioscaí agus le rannpháirtíocht na cuideachtaí sna rioscaí sin, agus iii) iomchuí don chomhthéacs (amhail méid na cuideachta, an earnáil, agus castacht a slabhraí soláthair, chomh maith lena tionchar ar chaidrimh ghnó ábhartha).

D’fhéadfaí iad seo a leanas a áireamh ar bhearta féideartha chun rioscaí saothair éigeantais a chosc nó a mhaolú nó chun deireadh a chur leo:

—    Pleananna coisc nó pleananna gníomhaíochta ceartaithí a fhorbairt agus a chur chun feidhme

I gcás inar gá i ngeall ar chineál nó ar chastacht na mbeart atá de dhíth, ba cheart do chuideachtaí pleananna coisc nó pleananna gníomhaíochta ceartaithí a fhorbairt agus a chur chun feidhme ina dtabharfar achoimre ar bhearta chun rioscaí saothair éigeantais a chosc, deireadh a chur leo, nó iad a mhaolú. Ba cheart achoimre shoiléir a thabhairt sna pleananna ar tháscairí ábhartha an tsaothair éigeantais, tuairisc a thabhairt ar na fadhbanna arna sainaithint agus ar na bunchúiseanna leo, na gníomhartha coisc nó ceartaitheacha is gá chun dul i ngleic leis na rioscaí, freagrachtaí a shannadh do bhaill foirne nó do ranna iomchuí laistigh den chuideachta, creat ama soiléir a bhunú le haghaidh an chur chun feidhme agus, i gcás inarb iomchuí, táscairí cáilíochtúla agus cainníochtúla a bhunú chun feabhas a thomhas (166).

Is féidir le cuideachtaí, FBManna go háirithe, leas a bhaint as tacaíocht ó thionscnaimh thionscail agus il-pháirtithe leasmhara sa réimse sin agus as eagraíochtaí gnó nó comhpháirtithe gnó is mó chun pleananna gníomhaíochta simplí a fhorbairt ina ndírítear ar rioscaí móra saothair éigeantais.

—    Cleachtais ghnó a oiriúnú nó a mhodhnú

Ba cheart do chuideachtaí iarracht a dhéanamh rioscaí saothair éigeantais a chosc, deireadh a chur leo nó iad a mhaolú trí ghnéithe áirithe d’oibríochtaí na cuideachta a oiriúnú nó a mhodhnú. D’fhéadfaí a áireamh leis sin, mar shampla, pleananna gnó, straitéisí agus cleachtais (lena n-áirítear cleachtais cheannaigh, dearadh agus dáileadh), próisis oibriúcháin (lena n-áirítear próisis táirgthe, amlínte orduithe), córais bhainistíochta inmheánacha, saoráidí agus bonneagair de chuid na cuideachta a oiriúnú.

—    Tionchar a úsáid agus a mhéadú chun athrú a bhaint amach i gcuideachtaí eile

Bíonn leibhéil éagsúla tionchair ag cuideachtaí ar chuideachtaí eile; is é sin a chinneann an cumas atá acu dul i gcion ar fheabhsuithe i ndálaí oibre trí athrú a spreagadh sa timpeallacht is forleithne nó i gcleachtais éagóracha an chomhpháirtí gnó is cúis leis an díobháil (167). Méid an tionchair atá ag cuideachta, braitheann sé ar thosca amhail tionchar conarthach nó oibríochtúil na cuideachta ar sholáthróirí, méid nó luach na gceannachán ón soláthróir lena mbaineann, a shuíomh ar an margadh agus a ról sa slabhra soláthair.

A mhéid is féidir agus i gcomhréir lena n-acmhainní, ba cheart do chuideachtaí a dtionchar a úsáid chun comhpháirtithe gnó a spreagadh chun rioscaí a chosc nó a mhaolú nó chun deireadh a chur leo. D’fhéadfaí a chuimsiú leis sin, mar shampla, ionchais maidir le dícheall cuí a chur san áireamh i gconarthaí, nasc a dhéanamh idir dreasachtaí gnó agus feidhmíocht díchill chuí agus dul i bpáirt le comhpháirtithe gnó nó údaráis sa tír ina bhféadfadh na rioscaí saothair éigeantais tarlú. Is féidir le clásail chonarthacha agus dearbhuithe tacú le dícheall cuí ach ba cheart bearta iomchuí leantacha agus fíorúcháin a bheith ag gabháil leo agus níor cheart iad a mheas mar a bheith leordhóthanach astu féin.

Ní laghdaítear freagracht cuideachta as rioscaí saothair éigeantais a chosc nó dul i ngleic leo de bharr a tionchair theoranta. I gcás tionchar teoranta, ba cheart do chuideachtaí bealaí a lorg go gníomhach chun cur lena dtionchar trí chineálacha cur chuige comhoibríocha (amhail cláir chomhchoiteanna thionscail le haghaidh gníomhaíocht cheartaitheach nó leigheas), fothú acmhainneachta agus tacaíocht nó comhar leis an gcomhpháirtí slabhra soláthair ag a bhfuil tionchar ar an gcomhpháirtí ar an leibhéal ar a sainaithníodh an saothar éigeantais.

FBManna agus cuideachtaí eile a bhféadfadh tionchar teoranta a bheith acu, is féidir leo iarracht a dhéanamh dul i gcion ar chomhpháirtithe gnó trí na cineálacha cur chuige comhoibríocha sin agus trí shocruithe conarthacha mar aon le seiceáil roimh ré go mbíonn soláthróirí freagrach. Cuideachtaí a dhéanann gaolta conarthacha le FBManna, ba cheart dóibh a áirithiú go bhfuil téarmaí an chonartha réasúnta agus cuimhneamh cé acu is gá nó nach gá bearta tacaíochta sonracha le haghaidh FBM.

Le haghaidh rioscaí a bhaineann le comhpháirtithe gnó nach bhfuil gaol conarthach ag cuideachta leo, d’fhéadfadh cuideachtaí, i gcás inarbh fhéidir, a iarraidh ar a gcomhpháirtithe gnó conarthacha foinsiú nó gníomhaíochtaí eile a dhíriú i dtreo comhpháirtithe atá réamhcháilithe nó a bhfuil próisis inchreidte díchill chuí acu le haghaidh a soláthróirí nó a iarraidh ar a soláthróirí déanamh amhlaidh. D’fhéadfaidís dul i dteagmháil go díreach leis na comhpháirtithe gnó ardriosca neamhchonarthacha freisin, ar an mbealach céanna lena gcomhpháirtithe conarthacha, lena n-áirítear trí chineálacha cur chuige comhoibríocha lena n-íoslaghdaítear iarrataí dúblálacha agus/nó iomarcacha ar shonraí.

I gcás ina n-eascraíonn na rioscaí saothair éigeantais as fadhbanna nach bhfuil smacht ag cuideachta orthu (e.g. rátaí arda bochtaineachta, leithcheal sistéamach i leith grúpaí mionlaigh), ba cheart don chuideachta sin iarracht a dhéanamh dul i ngleic leis na fadhbanna sin trí rannpháirtíocht le rialtais, sainaithint tionscnamh atá ann cheana, nó comhar leis an tionscal (168). D’fhéadfadh sé tarlú, áfach, i gcásanna lena mbaineann saothar éigeantais arna fhorchur ag an stát, nach mbeadh rialtais toilteanach oibriú i gcomhar le cuideachtaí ná dul i ngleic leis na dúshláin shistéamacha a chuireann siad in iúl (169).

FBManna a oibríonn i réigiúin ardriosca, is féidir leo dul isteach i dtionscnaimh chomhchoiteanna, nó dul i gcomhar le heagraíochtaí neamhrialtasacha a théann i bpáirt leis na rialtais faoi seach.

—    Tacú leis an gcaidreamh gnó

Ba cheart do chuideachtaí iarrachtaí comhréireacha rioscabhunaithe a dhéanamh chun tacú le soláthróirí agus comhpháirtithe gnó eile i sainaithint, cosc agus maolú rioscaí. D’fhéadfaí a áireamh ar bhearta tacaíochta, mar shampla, dul i gcomhar leo i bhforbairt agus i gcur chun feidhme pleananna coisc nó gníomhaíochta ceartaithí, treoraíocht theicniúil nó oiliúint a sholáthar dóibh, a rannpháirtíocht i dtionscnaimh ábhartha sa réimse sin agus an bhaint atá acu leo agus le comhpháirtithe gnó, nó rochtain a éascú ar sholáthraithe seirbhíse áitiúla, fothú acmhainneachta, oiliúint, uasghrádú córais bainistíochta agus, i gcás inarb iomchuí, tacaíocht airgeadais agus gealltanais maidir le foinsiú. I gcomhthéacs cuideachta is mó agus a comhpháirtithe gnó ar FBManna iad, ba cheart don tacaíocht a bheith spriocdhírithe agus i gcomhréir le hacmhainní, eolas agus srianta FBManna.

—    Díscor ón gcaidreamh gnó

I gcás ina sainaithníonn cuideachtaí riosca saothair éigeantais ina slabhraí soláthair nach féidir dul i ngleic leo, ba cheart dóibh, mar rogha dheireanach, cuimhneamh ar dhíscor ón soláthróir nó ón gcomhpháirtí gnó. Ba cheart do chuideachtaí cuimhneamh ar dhíscor go háirithe i gcás inar doleigheasta na rioscaí saothair éigeantais a sainaithníodh, i gcás nach ann d’ionchas réasúnta go mbainfear athrú amach, i gcás nár éirigh le hiarrachtaí roimhe sin chun rioscaí a chosc nó a mhaolú, nó i gcás nach ndéanann an comhpháirtí gnó is cúis leis an riosca gníomh láithreach chun é a chosc nó a mhaolú, nó nach féidir leis gníomh den sórt sin a dhéanamh. Ba cheart tionchar a fheidhmiú i gcás inar féidir.

I gcás nach n-éiríonn leis na hiarrachtaí uile chun an cás a athrú – lena n-áirítear trí thionchar a fheidhmiú nó a mhéadú – agus i gcás gur ann don riosca saothair éigeantais i gcónaí, ní mór don chuideachta díscor ón gcaidreamh gnó.

I gcás den sórt sin, ba cheart don chuideachta díscor freagrach a áirithiú bunaithe ar chomhlíontacht dlíthe náisiúnta, caighdeán saothair idirnáisiúnta agus comhaontuithe cómhargála. Ba cheart di bearta géaraithe féideartha le haghaidh díscor a leagan amach roimh ré leis an gcomhpháirtí gnó, faisnéis mhionsonraithe lena dtacaítear leis an gcinneadh díscoir a sholáthar don bhainistíocht agus don cheardchumann, i gcás inarb ann do cheardchumann. Ba cheart don chuideachta bearta a dhéanamh chun aon drochthionchar de dheasca an díscoir a chosc nó a mhaolú nó deireadh a chur leis, fógra réasúnta a thabhairt don chomhpháirtí gnó lena mbaineann, agus an cinneadh a choimeád faoi athbhreithniú.

Maidir le fad an chaidrimh gnó a bheith leagtha amach i gconradh nó maidir leis an soláthróir a bheith ina chomhpháirtí ríthábhachtach gnó, ní féidir leis an oibreoir eacnamaíoch é sin a agairt mar údar chun comhlíontacht an toirmisc ar shaothar éigeantais a sheachaint.

I gcás saothar éigeantais arna fhorchur ag an stát, nuair nach mbíonn tionchar cuideachta éifeachtach in aghaidh sainorduithe stáit go hiondúil agus nuair is annamh is féidir leigheas a dhéanamh, d’fhéadfadh sé go mbeadh díscor ar an aon bheart inmharthana chun an riosca saothair éigeantais a mhaolú nó chun deireadh a chur leis.

6.4.4   Céim 4: Faireachán agus measúnú a dhéanamh ar chur chun feidhme agus ar rioscaí (170)

6.4.4.1   Faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme agus éifeachtacht ghníomhaíochtaí díchill chuí na cuideachta

Ba cheart do chuideachtaí faireachán leanúnach a dhéanamh chun measúnú a dhéanamh ar chur chun feidhme agus ar éifeachtacht a mbeart díchill chuí i ndáil le saothar éigeantais, go háirithe a bhfreagairtí do rioscaí saothair éigeantais, agus, i gcás inarb ábhartha, ar chur chun feidhme agus ar éifeachtacht aon tionscnamh tionscail agus il-pháirtithe leasmhara ina bhfuil siad páirteach.

Ba cheart don fhaireachán sin dul thar oibríochtaí na cuideachta féin chun go n-áireofaí leis faireachán agus measúnuithe tréimhsiúla ar chomhpháirtithe gnó agus ar sholáthróirí, fíorú cé acu atá nó nach bhfuil bearta maolaithe riosca á gcur chun feidhme agus cé acu atá siad éifeachtach chun dul i ngleic leis na rioscaí nó is gá iad a oiriúnú.

I gcás inar féidir, ba cheart don fhaireachán a bheith bunaithe ar tháscairí fóinteacha cáilíochtúla agus cainníochtúla chun an dul chun cinn a thomhas in aghaidh spriocanna, amhail: cion na ngníomhaíochtaí coisc nó ceartaitheacha arna gcur chun feidhme laistigh d’amlínte beartaithe; cion na bpáirtithe leasmhara a mheasann go ndeachthas i ngleic go leormhaith le rioscaí nó gurb éifeachtach na sásraí casaoide; nó an mhinicíocht saincheisteanna athfhillteacha a bhain le rioscaí a sainaithníodh roimhe sin. Ba cheart do chuideachtaí a áirithiú go gceaptar táscairí chun léargas a thabhairt ar cibé acu atá nó nach bhfuil gníomhaíochtaí á gcur chun feidhme sa chleachtas agus atá nó nach bhfuil feabhas ar thorthaí mar gheall orthu.

Na modhanna coincréiteacha a úsáidtear chun faireachán a dhéanamh ar an gcur chun feidhme agus minicíocht an fhaireacháin, braithfidh siad ar chomhthéacs oibriúcháin, méid agus próifíl riosca na cuideachta. D’fhéadfaí a áireamh ar mhodhanna faireacháin measúnú a dhéanamh ar fhaisnéis ó shásraí casaoide agus ó aiseolas ó pháirtithe leasmhara (171). Na rioscaí saothair éigeantais is tromchúisí agus is dóchúla, cibé acu laistigh d’oibríochtaí na cuideachta féin nó nasctha lena caidrimh ghnó, ba cheart an aird faireacháin is déine agus is minice a thabhairt orthu sin.

I gcás ina mbaineann rioscaí le saothar éigeantais arna fhorchur ag an stát, ba cheart do chuideachtaí díriú ar fhaireachán a dhéanamh ar shonraí ó EIS agus ó shaineolaithe neamhspleácha. Is féidir le FBManna leas a bhaint as faireachán comhchoiteann trí thionscnamh thionscail nó il-pháirtithe leasmhara, seiceálacha le haghaidh saothar éigeantais a ionchorprú i bpróisis faireacháin atá ann cheana agus díriú ar fhaireachán a dhéanamh ar shraith theoranta táscairí fóinteacha ar dhul chun cinn lenar féidir measúnú a dhéanamh ar éifeachtacht beart díchill chuí féideartha (amhail an líon casaoidí ó oibrithe a cuireadh in iúl agus a réitíodh).

6.4.4.2   Torthaí an fhaireacháin a úsáid chun feabhas a chur ar phróiseas díchill chuí na cuideachta i ndáil le saothar éigeantais

Ba cheart do chuideachtaí torthaí a bpróisis faireacháin agus a sásraí leighis a úsáid chun feabhas a chur ar a mbeartas agus ar a ngníomhartha díchill chuí i ndáil le saothar éigeantais. I gcás inarb iomchuí, ba cheart an beartas maidir le dícheall cuí, na rioscaí saothair éigeantais a shainaithnítear agus na bearta chun dul i ngleic le saothar éigeantais a thabhairt cothrom le dáta i gcomhréir le torthaí an fhaireacháin agus aird chuí á tabhairt ar fhaisnéis ábhartha ó pháirtithe leasmhara.

6.4.5   Céim 5: An chaoi a dtéitear i ngleic le rioscaí a chur in iúl (172)

6.4.5.1   Faisnéis sheachtrach ábhartha faoi dhícheall cuí na cuideachta i ndáil le shaothar éigeantais a chur in iúl (173)

Ba cheart do chuideachtaí faisnéis ábhartha faoi dhícheall cuí i ndáil le saothar éigeantais a chur in iúl go poiblí. Ba cheart a áireamh leis sin faisnéis faoi chomhtháthú díchill chuí ina mbeartais inmheánacha agus ina gcórais bhainistíochta, na réimsí inar sainaithníodh rioscaí móra saothair éigeantais, na critéir a úsáideadh chun tosaíocht a thabhairt do rioscaí saothair éigeantais, na gníomhaíochtaí a rinneadh chun na rioscaí sin a chosc nó a mhaolú, agus torthaí na ngníomhaíochtaí sin. I gcás inar féidir, ba cheart do chuideachtaí faisnéis a chur in iúl freisin faoi amlínte agus tagarmharcanna le haghaidh feabhais, na modhanna a úsáidtear chun faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme agus torthaí, agus faisnéis faoin gcaoi a soláthraíonn an chuideachta leigheas nó a gcomhoibríonn sí ann.

Ba cheart do chuideachtaí a áirithiú gurb inrochtana agus iomchuí an fhaisnéis a fhoilsítear, agus gur leormhaith í chun leordhóthanacht fhreagairt na cuideachta ar an riosca coincréiteach saothair éigeantais a léiriú (174).

Is féidir le FBManna díriú isteach ar ghníomhartha cumarsáide simplí amhail nuashonrú gearr a chur ina dtuarascálacha bliantúla nó torthaí a chomhroinnt le fostaithe agus páirtithe leasmhara eile.

6.4.5.2   Cuimhneamh ar chineálacha speisialta cumarsáide le haghaidh faisnéis íogair

Ba cheart do chuideachtaí measúnú a dhéanamh ar cé acu atá nó nach bhfuil faisnéis íogair sa chumarsáid atá faoi réir rialacha rúndachta faoin dlí intíre nó faoi chonarthaí (e.g. céannacht cliant, faisnéis faoi phraghsanna, caidrimh soláthróirí) nó ar cé acu a bhféadfadh nó nach bhféadfadh riosca a bheith ann do pháirtithe leasmhara nó don fhoireann. Sna cásanna sin, ba cheart do chuideachtaí cuimhneamh ar chineálacha speisialta cumarsáide amhail rochtain a theorannú do dhaoine áirithe amháin nó na foinsí a anaithnidiú (175).

I gcás saothar éigeantais arna fhorchur ag an stát, ba cheart do chuideachtaí a bheith an-airdeallach nach mbeadh nochtuithe poiblí nó tuairisciú ina gcúis le frithbheartaíocht in aghaidh baill foirne áitiúla, soláthróirí nó na n-oibrithe lena mbaineann.

6.4.6   Céim 6: Leigheas a sholáthar nó comhoibriú ann (176)

6.4.6.1   Leigheas ar thionchair saothair éigeantais a sholáthar nó comhoibriú ann

Maidir leis na rioscaí saothair éigeantais a shainaithnítear faoi Chéim 2, agus a dtéitear i ngleic leo ar an mbealach is fearr is féidir faoi Chéim 3, i gcás ina dtagann siad chun cinn i gcásanna saothair éigeantais, ní mór do chuideachtaí an toirmeasc ar shaothar éigeantais a chomhlíonadh agus ba cheart dóibh a bheith réidh chun páirt a ghlacadh i leigheas, de réir mar is iomchuí mar a mholtar le caighdeáin idirnáisiúnta um dhícheall cuí.

A mhéid atá cuideachtaí freagrach as leigheas, braithfidh sé ar a rannpháirtíocht sna tionchair saothair éigeantais. Dá bhrí sin:

cuideachtaí is cúis le tionchar saothair éigeantais nó a rannchuidíonn leis (i.e. tá siad ina gcúis chomhpháirteach leis), ba cheart dóibh an leigheas ar an tionchar a sholáthar nó comhoibriú ann;

cuideachtaí nach bhfuil ina gcúis le tionchar saothair éigeantais ná nár rannchuidigh leis, is féidir leo a dtionchar a úsáid chun an comhpháirtí gnó is cúis leis an tionchar a spreagadh lena leigheas.

Is é atá i gceist le leigheas aiseag daoine aonair nó pobal dá ndéantar difear i staid atá coibhéiseach leis an staid ina mbeidís murar tharla an saothar éigeantais, nó chomh gar agus is féidir di (177). Ba cheart dó a bheith i gcomhréir le rannpháirtíocht na cuideachta sa tionchar agus le scála an tionchair. Ina theannta sin, cuimsítear le leigheas dul i ngleic le bunchúiseanna an tsaothair éigeantais agus mí-úsáidí sa todhchaí a chosc.

Ag brath ar na himthosca (go háirithe ar chineál agus ar mhéid an tionchair saothair éigeantais), ba cheart ceann amháin nó níos mó de na gníomhaíochtaí seo a leanas a áireamh leis an leigheas (178):

aiseag (e.g. athbhunú saoirse nó saorghluaiseachta, tabhairt ar ais doiciméid aitheantais nó earraí luachmhara coigistithe eile, aisíoc táillí earcaíochta, tabhairt ar ais pá nó éarlaisí a coinníodh siar, athbhunú rochtana ar sheirbhísí fíor-riachtanacha);

athshlánú (e.g. cúnamh míochaine nó síceolaíochta le haghaidh íospartach, seirbhísí dlí agus sóisialta, gairmoiliúint, deiseanna malartacha fostaíochta agus slí beatha);

cúiteamh airgeadais (e.g. cúiteamh as caillteanas ioncaim, pá gan íoc, ragobair iomarcach, fulaingt choirp nó mheabhair, dálaí mí-úsáideacha a bhaineann le leochaileacht, dallamullóg, scoiteacht, imeaglú agus bagairtí, nó dálaí mí-úsáideacha oibre agus maireachtála);

cúiteamh neamhairgeadais (e.g. uaireanta oibre laghdaithe, saoire bhliantúil bhreise, dálaí sábháilteachta nó saoráidí lóistín níos fearr);

ráthaíochtaí neamh-atarlaithe (e.g. beartais, córais bhainistíochta agus cleachtais nua sa chuideachta, feachtais múscailte feasachta agus oiliúna, cleachtais acmhainní daonna, cláir chomhlíontachta nó rannpháirtíochta soláthróirí);

sásamh (e.g. scor den iompar mí-úsáideach, leithscéalta, freagracht a ghlacadh, dearbhuithe chun dínit a athbhunú, comóradh);

bearta inmheánacha cuntasachta nó araíonachta (e.g. baill foirne atá freagrach as an tionchar a dhífhostú).

Agus leigheas iomchuí á chinneadh, ba cheart do chuideachtaí cuimhneamh ar chaighdeáin nó dlíthe intíre agus idirnáisiúnta atá ann faoi láthair maidir le leigheas (nó fasaigh de bhearta ceartaitheacha a soláthraíodh i gcásanna cosúla murab ann do chaighdeáin) agus dul i bpáirt go fóinteach le páirtithe leasmhara dá ndéantar difear chun tuiscint a fháil ar a bhfuil i gceist le leigheas iomchuí dar leo.

Is féidir le FBManna cuimhneamh ar thacú le leigheas trí ghníomhartha atá i gcomhréir lena n-acmhainní teoranta, amhail dul isteach i dtionscnaimh thionscail, oibriú i gcomhar le heagraíochtaí neamhrialtasacha, dul i bpáirt le ceardchumainn, páirt a ghlacadh in ardáin il-pháirtithe leasmhara, nó costais leighis a chomhroinnt le FBManna eile.

6.4.6.2   Sásraí leighis a sholáthar nó comhoibriú iontu

I gcás inarb iomchuí, ba cheart do chuideachtaí sásraí dlisteanacha leighis nó casaoide a sholáthar nó comhoibriú iontu trínar féidir le hoibrithe nó le páirtithe leasmhara eile agus sealbhóirí ceart dá ndéantar difear gearáin maidir le saothar éigeantais a thuairisciú. Is é is aidhm do na sásraí sin leigheas a sholáthar le haghaidh daoine aonair a ndeachaigh tionchar i gcion orthu cheana, ach is féidir iad a úsáid freisin mar chóras luathrabhaidh chun ábhair imní faoi thionchair fhéideartha a chur in iúl nó chun cleachtais a bhfuil gá le gníomhartha ceartaitheacha ina leith a léiriú chun díobháil sa todhchaí a chosc.

Áirítear ar shásraí casaoide státbhunaithe próisis bhreithiúnacha (lena n-áirítear ionchúiseamh, dlíthíocht, agus eadráin), próisis neamhbhreithiúnacha (amhail sainchomhlachtaí rialtais, comhlachtaí formhaoirseachta rialála, binsí fostaíochta nó comhlachtaí náisiúnta um chearta an duine) agus sásraí eile (amhail Pointí Teagmhála Náisiúnta ECFE le haghaidh Iompar Gnó Freagrach). Ba cheart do chuideachtaí comhoibriú de mheon macánta leis na sásraí sin agus d’fhéadfadh sé go gcuirfí oibleagáid orthu é sin a dhéanamh faoi chreataí coiriúla, riaracháin, saothair nó dlíthiúla eile is infheidhme. Áirítear ar shásraí casaoide nach bhfuil státbhunaithe sásraí casaoide ar leibhéal oibríochtúil, creat-chomhaontuithe idir cuideachtaí agus ceardchumainn, tionscnaimh il-pháirtithe leasmhara, sásraí casaoide pobail, comhaontuithe cómhargála, sásraí casaoide slabhra soláthair cuideachta, comhpháirtíochtaí idir an chuideachta agus soláthróirí, agus sásraí comhchoiteanna faoi stiúir gnólachta.

I gcomhthéacsanna saothair éigeantais arna fhorchur ag an stát, d’fhéadfadh sé nach mbeadh rochtain ag íospartaigh ar leigheas agus nach bhféadfadh cuideachtaí é a shaothrú, go háirithe trí shásraí státbhunaithe. De réir EIS, le haghaidh leigheas éifeachtach sna cásanna sin, tá gá leis na nithe seo a leanas mar phointe tosaithe ar a laghad: (1) aithníonn an rialtas an fhadhb agus tá sé tiomanta don athchóiriú i ndáiríre, (2) ceadaítear faireachán nó measúnú ag tríú páirtithe neamhspleácha le ráthaíochtaí dochta ón stát maidir le sábháilteacht agus cosaint rannpháirtithe, agus (3) tá rochtain ag íospartaigh dá ndéantar difear ar shásra gearán inchreidte agus cumhachtaítear iad chun dul i dteagmháil le húdaráis rialtais go díreach. I gcás nach ann do na dálaí sin, ba cheart do chuideachtaí tús áite a thabhairt do dhíscor freagrach (179).

6.4.6.3   Sásraí gearán/casaoide ar leibhéal oibríochtúil a bhunú

Is é atá i sásraí gearán (dá dtagraítear mar shásraí casaoide ar leibhéal oibríochtúil freisin) cineál sásra casaoide nach bhfuil státbhunaithe arna mbunú agus arna mbainistiú ag cuideachtaí aonair nó tionscnaimh chomhoibríocha chun é a chur ar a gcumas d’oibrithe agus do pháirtithe leasmhara eile ábhair imní a bhaineann go díreach le hoibríochtaí na cuideachta féin nó le hoibríochtaí a comhpháirtithe gnó a chur in iúl. Áirítear orthu sin, mar shampla, sásraí intí gearán ó oibrithe nó córais gearán tríú páirtí. Ba cheart faisnéis ó phróisis gearán agus leighis a úsáid sa tsainaithint riosca, tosaíocht, pleananna gníomhaíochta, faireachán agus bearta díchill chuí eile.

Ba cheart do chuideachtaí sásraí casaoide ar leibhéal oibríochtúil a bhunú a chomhlíonann critéir cháilíochta áirithe; ba cheart dóibh a bheith dlisteanach, inrochtana, intuartha, cothrom, trédhearcach, comhoiriúnach do chearta, agus ba cheart iad a bheith ina bhfoinse foghlama leanúnaí agus a bheith bunaithe ar rannpháirtíocht agus ar idirphlé (180). Ina theannta sin, ba cheart do chuideachtaí a áirithiú gur ann do phróiseas soiléir chun gearáin a ghlacadh agus dul i ngleic leo, lena n-áirítear raon feidhme agus sainordú soiléir, leibhéal iomchuí soláthair foirne agus acmhainní, amlínte soiléire chun gearáin a réiteach agus leigheas a sholáthar, agus próisis atreorúcháin éifeachtacha (181). Ba cheart do chuideachtaí bearta a dhéanamh chun sábháilteacht agus cearta gearánach, íospartach agus páirtithe leasmhara eile a áirithiú agus chun an riosca frithbheartaíochta ina n-aghaidh a sheachaint, lena n-áirítear trí rúndacht chéannacht an duine nó na heagraíochta a chuireann an gearán isteach a áirithiú, de réir mar is iomchuí.

Is féidir le FBManna cuimhneamh ar bhealaí simplí inrochtana lena gcomhlíontar na critéir cháilíochta thuasluaite (amhail feidhmchláir teachtaireachtaí ar líne nó boscaí moltaí) agus lena gcuirtear ar a gcumas d’oibrithe agus do pháirtithe leasmhara eile dá ndéantar difear ábhair imní a chur in iúl go sábháilte agus don chuideachta freagairt go héifeachtach.

7.   FAISNÉIS A CHUR ISTEACH FAOI SHÁRUITHE FÉIDEARTHA AR AN TOIRMEASC AR SHAOTHAR ÉIGEANTAIS

7.1   Réamhrá

Is é is aidhm don chuid seo de na treoirlínte, a bhfuil gá léi de bhun Airteagal 11, an chéad mhír, pointe (h), den Rialachán, cuidiú le daoine aonair, comhlachais agus daoine nó eagraíochtaí eile (‘achainígh’) chun aighneachtaí a struchtúrú agus a ullmhú ina bhfuil faisnéis faoi sháruithe féideartha ar an toirmeasc ar shaothar éigeantais faoin Rialachán, ionas gur féidir leis an gCoimisiún agus leis na húdaráis inniúla iad a láimhseáil agus a imscrúdú go héifeachtúil.

7.2   Faisnéis a chur isteach

7.2.1   Faisnéis a chur isteach

Is féidir faisnéis a chur isteach tríd an bpointe aonair chun faisnéis a chur isteach, a mbeidh rochtain air tríd an Tairseach Aonair Saothair Éigeantais ón 14 Nollaig 2027.

‘Aon duine nádúrtha nó dlítheanach nó aon chomhlachas nach bhfuil pearsantacht dhlítheanach aige’ is féidir leis faisnéis a chur isteach tríd an bpointe aonair chun faisnéis a chur isteach (182). Cumhdaítear leis sin daoine aonair, lena n-áirítear íospartaigh saothair éigeantais, gnólachtaí, eagraíochtaí gnó, eagraíochtaí neamhbhrabúsacha agus sochaí sibhialta, eagraíochtaí tomhaltóirí, ceardchumainn agus eagraíochtaí eile.

Is féidir le hachainígh faisnéis a chur isteach go díreach nó trí idirghabhálaí (e.g. comhairleoir dlí nó comhlachas) a ghníomhóidh mar an pointe teagmhála le haghaidh an phríomhúdaráis inniúil.

Laistigh den Aontas, ní mór do na húdaráis inniúla a áirithiú, maidir le hachainígh a cháilíonn mar ‘sceithirí’ faoin Treoir maidir le sceithirí (183) agus a fuair faisnéis faoi sháruithe ar an Rialachán i gcomhthéacs a bhaineann leis an obair, go bhfaigheann siad cosaintí leordhóthanacha in aghaidh an riosca frithbheartaíochta i gcomhréir le ceanglais na Treorach sin. Cuirfidh an Coimisiún coimircí nós imeachta i bhfeidhm freisin agus é ag déileáil le himscrúduithe ar shaothar éigeantais líomhnaithe lasmuigh den Aontas.

7.2.2   Faisnéis atá le cur isteach

Ceanglaítear ar achainígh faisnéis a chur isteach de mheon macánta, agus na cúiseanna agus an fhianaise lena dtugtar bunús lena líomhaintí a sholáthar (184). Gheobhaidh an Coimisiún réidh le haon aighneacht faisnéise atá go follasach neamhiomlán, gan bhunús nó a dhéantar de mheon mímhacánta.

Anseo thíos tá liosta faisnéise a bheadh ar an bhfaisnéis ab úsáidí chun é a chur ar a chumas don Choimisiún agus d’údaráis inniúla measúnú éifeachtach éifeachtúil a dhéanamh ar sháruithe féideartha ar an toirmeasc ar shaothar éigeantais. Spreagtar achainígh chun an fhaisnéis ar a bhfuil rochtain acu a chur isteach. Liostaítear an fhaisnéis faoi cheithre cheannteideal: sonraí teagmhála; líomhaintí; fianaise; faisnéis ar oibreoirí eacnamaíocha agus ar tháirgí.

7.2.3   Sonraí teagmhála

Ba cheart don achainíoch nó dá ionadaí a shonraí teagmhála a sholáthar ionas gur féidir leis an gCoimisiún nó le húdarás inniúil ceisteanna leantacha a chur ar bhonn rúnda agus an t-achainíoch a chur ar an eolas faoi thoradh a mheasúnaithe. Beidh páirtithe leasmhara in ann faisnéis a chur isteach go hanaithnid laistigh den phointe aonair chun faisnéis a chur isteach, cé go bhféadfadh sé sin teorainn a chur leis an bhféidearthacht teagmháil a dhéanamh leo ina dhiaidh sin.

7.3   Líomhaintí maidir le saothar éigeantais

Agus úsáid á baint acu as an bpointe aonair chun faisnéis a chur isteach, treorófar achainígh trí na céimeanna éagsúla a bhaineann le conas míniú a thabhairt ar an gcomhthéacs agus ar na cúiseanna atá lena n-aighneacht. Spreagtar achainígh chun míniú chomh cuimsitheach agus is féidir a thabhairt ar a líomhaintí go ndearnadh táirge (185) le saothar éigeantais. Dá bhrí sin, ba cheart dóibh faisnéis ar na nithe seo a leanas a chur san áireamh:

cibé acu atá an saothar éigeantais líomhnaithe á fhorchur go príobháideach nó á fhorchur ag údarás stáit;

an áit ina líomhnaítear gur tharla an saothar éigeantais agus an ghníomhaíocht a bhaineann leis an obair lena mbaineann sé (talmhaíocht/buaint, táirgeadh/monaraíocht, mianadóireacht/eastóscadh, eile);

a fhad atá an saothar éigeantais líomhnaithe ar siúl;

an fáth a gcomhlíonann an t-iompar líomhnaithe an sainmhíniú ar ‘shaothar éigeantais’ (Roinn 3.2) agus na táscairí riosca ábhartha atá ann (Roinn 3.4);

cineál agus líon na n-oibrithe/n-íospartach a ndéanann an sárú difear dóibh (lena n-áirítear cé acu atá leanaí i gceist nó nach bhfuil);

sonraí teagmhála aon duine nó eagraíochta atá ábalta fianaise a thabhairt (ar choinníoll gur thoiligh sé go ndéanfaí teagmháil leis).

Ba cheart d’achainígh a thabhairt le fios freisin cibé acu, de réir a n-eolais, a cuireadh nó nár cuireadh faisnéis chosúil faoi bhráid an údaráis phoiblí nó bhreithiúnaigh chéanna nó údarás eile (agus má cuireadh, an t-údarás sin a shonrú), agus/nó faoi bhráid na meán nó soláthraithe nuachta iniúchacha eile.

7.4   Fianaise ar shaothar éigeantais agus doiciméid tacaíochta

Ba cheart d’achainígh, i gcás inar féidir, fianaise thacaíochta ábhartha a sholáthar lena dtugtar bunús do na líomhaintí maidir le saothar éigeantais. D’fhéadfadh cineálacha éagsúla a bheith i gceist leis an bhfianaise sin, lena n-áirítear na samplaí a liostaítear i Roinn 4.7.

7.5.   Faisnéis faoi na hoibreoirí eacnamaíocha agus/nó na táirgí lena mbaineann

Ba cheart d’achainígh faisnéis faoi na hoibreoirí eacnamaíocha agus/nó na táirgí lena mbaineann na líomhaintí a chur ina n-aighneachtaí.

I ndáil le hoibreoirí eacnamaíocha, bheadh an fhaisnéis seo a leanas an-úsáideach:

sonraí teagmhála an oibreora eacnamaíoch nó na n-oibreoirí eacnamaíocha (ainmneacha agus seoltaí) a dhéanann na táirgí a líomhnaítear ina leith go ndéantar le saothar éigeantais iad a mhonarú, a allmhairiú, a dháileadh nó a dhíol san Aontas, nó a onnmhairíonn táirgí den sórt sin ón Aontas, lena n-áirítear, más féidir, sonraí an Bhallstáit nó na mBallstát ina dtarlaíonn an mhonaraíocht, an t-allmhairiú, an dáileadh, an díol nó an t-onnmhairiú sin;

más féidir, tuairisc ar ghníomhaíochtaí gnó an oibreora eacnamaíoch nó na n-oibreoirí eacnamaíocha a ndearnadh líomhain ina leith;

más féidir, míniú ar aon nasc idir an t-achainíoch agus an t-oibreoir eacnamaíoch nó na hoibreoirí eacnamaíocha a ndearnadh líomhain ina leith (e.g. fostaí, iomaitheoir, custaiméir) agus cibé acu a bhí nó nach raibh an t-achainíoch i dteagmháil leis an oibreoir nó leis na hoibreoirí sin maidir leis an líomhain.

I ndáil le táirgí, bheadh an fhaisnéis seo a leanas an-úsáideach:

tuairisc ar an táirge/na táirgí a líomhnaítear ina leith go ndéantar iad le saothar éigeantais agus a nasc le margadh an Aontais (e.g. pointe nó pointí monaraíochta nó allmhairiúcháin isteach san Aontas, pointe nó pointí díola san Aontas nó onnmhairiúcháin ón Aontas), lena n-áirítear más féidir an cód CC nó an cód AC;

más ábhartha, an tuairisc ar na codanna a líomhnaítear ina leith go ndéantar iad le saothar éigeantais;

más féidir, grianghraif shamplacha den táirge nó de na táirgí lena mbaineann;

más féidir, faisnéis faoi shlabhra soláthair an táirge, lena n-áirítear monaróirí nó táirgeoirí a dhéanann an táirge nó na táirgí críochnaithe agus, más ábhartha, faisnéis faoi sholáthróirí ionchur agus amhábhar, agus an chuid nó na codanna den slabhra soláthair a líomhnaítear ina leith go mbaineann an saothar éigeantais léi nó leo á sonrú;

má tá fáil uirthi, faisnéis aitheantais an táirge (e.g. tuairisc, ainm nó branda an táirge, cineál, tagairt, samhail, baisc, nó sraithuimhir a ghreamaítear den táirge nó dá phacáistíocht nó de dhoiciméad lena mbaineann, cóid QR nó barrachóid).

7.6   Cén chaoi a láimhseálfar an fhaisnéis a chuirfear isteach?

7.6.1   Measúnú tosaigh

Nuair a fhaigheann an Coimisiún faisnéis faoi sháruithe líomhnaithe tríd an bpointe aonair chun faisnéis a chur isteach, déanfaidh sé scrúdú ar dtús ar inghlacthacht na faisnéise a fuair sé, agus gheobhaidh sé réidh le haon aighneacht atá go follasach neamhiomlán, gan bhunús nó a dhéantar de mheon mímhacánta.

Má tá an fhaisnéis inghlactha agus má bhaineann sí le saothar éigeantais a líomhnaítear ina leith go bhfuil sé ag tarlú lasmuigh den Aontas, déanfaidh an Coimisiún measúnú uirthi é féin. Má bhaineann an fhaisnéis le saothar éigeantais a líomhnaítear ina leith go bhfuil sé ag tarlú ar chríoch Ballstáit den Aontas, cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis a fuair sé ar aghaidh chuig údarás inniúil an Bhallstáit sin, a dhéanfaidh measúnú ar an bhfaisnéis ar a sheal.

Rachaidh an príomhúdarás inniúil i dteagmháil leis an achainíoch ansin chun a admháil go bhfuair sé an fhaisnéis a cuireadh isteach laistigh de thréimhse réasúnta.

Ansin, déanfaidh an príomhúdarás inniúil measúnú díograiseach neamhchlaonta ar an bhfaisnéis a fuarthas, i dteannta faisnéis ábhartha eile a fuarthas ó fhoinsí eile, agus cuirfidh an measúnú sin bonn eolais faoina gcinntí maidir le himscrúdú féideartha.

7.6.2   Idirphlé leis an achainíoch

Féadfaidh an príomhúdarás inniúil teagmháil a dhéanamh leis an achainíoch agus a mheasúnú, nó aon imscrúdú ina dhiaidh sin, á dhéanamh aige chun soiléirithe nó faisnéis bhreise a lorg. I gcás ina bhfuil cuid mhór ama caite ó cuireadh an fhaisnéis isteach, féadfaidh an príomhúdarás inniúil dul i gcomhairle leis an achainíoch maidir le haon athrú ar an staid nó ar aon fhianaise nua.

Cuirfidh an príomhúdarás inniúil an t-achainíoch ar an eolas laistigh de thréimhse réasúnta faoi thoradh a mheasúnaithe, go háirithe cibé acu a chinn sé leanúint leis an imscrúdú nó gan leanúint leis. Beidh an tréimhse bheacht ag brath ar shainiúlachtaí cáis ar leith.

7.7   Rúndacht agus cosaint sonraí

7.7.1   Rúndacht

An fhaisnéis a chuirfidh an t-achainíoch isteach, ní úsáidfear í ach amháin chun imscrúdú a dhéanamh ar sháruithe líomhnaithe ar an toirmeasc ar shaothar éigeantais faoin Rialachán, mura gceanglaítear a mhalairt de réir dhlí an Aontais nó an dlí náisiúnta i gcomhréir le dlí an Aontais. Go háirithe, más rud é go bhfuil san fhaisnéis líomhaintí maidir le héagóiritheoireacht choiriúil, féadfar an fhaisnéis sin a chomhroinnt freisin le húdaráis ábhartha na mBallstát chun críoch imscrúduithe coiriúla.

Déanfaidh an Coimisiún agus na húdaráis inniúla an fhaisnéis a sholáthraítear agus céannacht an achainígh a láimhseáil mar fhaisnéis rúnda, i gcomhréir le dlí an Aontais agus leis an dlí náisiúnta i gcomhréir le dlí an Aontais.

Dá bhrí sin, déanfar aighneachtaí faisnéise a láimhseáil mar a bheith rúnda mura n-ainmníonn an t-achainíoch faisnéis áirithe go sainráite mar fhaisnéis neamhrúnda, nó mura bhfuil an fhaisnéis san fhearann poiblí cheana féin.

Cé go bhféadfadh an Coimisiún faisnéis ghinearálta a nochtadh i bhfoirm achoimre, déanfaidh sé é sin ar bhealach lena gcosnaítear céannacht an achainígh, rúndacht na faisnéise, agus rúndacht páirtithe eile.

7.7.2   Déileáil le sonraí pearsanta

Aon phróiseáil sonraí pearsanta a dhéanfaidh an Coimisiún agus údaráis inniúla, déanfar an phróiseáil sin i gcomhréir le dlí an Aontais maidir le cosaint sonraí pearsanta, go háirithe an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (186), na hoibleagáidí cosanta sonraí le haghaidh institiúidí agus chomhlachtaí an Aontais, lena n-áirithítear go gcomhlíontar RGCS (187), chomh maith leis an Treoir maidir le cosaint daoine nádúrtha (188).


(1)  Rialachán (AE) 2024/3015 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Samhain 2024 maidir le táirgí arna ndéanamh le saothar éigeantais a thoirmeasc ar mhargadh an Aontais (IO L, 2024/3015, 12.12.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/3015/oj).

(2)  Cumhdaítear leis na treoirlínte seo gach gné dá dtagraítear in Airteagal 11 den Rialachán maidir le Saothar Éigeantais, cé is moite den treoraíocht le haghaidh údaráis chustaim agus oibreoirí eacnamaíocha i ndáil le cur chun feidhme praiticiúil Airteagal 27 den Rialachán. Mar a mhínítear i Roinn 5.1.3, breithneofar an treoraíocht sin má ghlactar agus nuair a ghlactar gníomhartha tarmligthe faoi Airteagal 27 den Rialachán maidir le Saothar Éigeantais.

(3)  Is é Creat Windsor an bealach nua ina dtagraítear don Phrótacal maidir le hÉirinn/Tuaisceart Éireann i gcomhréir le Dearbhú Comhpháirteach Uimh. 1/2023 ón Aontas agus ón Ríocht Aontaithe sa Chomhchoiste a bunaíodh leis an gComhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach an 24 Márta 2023.

(4)  Clár de Ghrúpaí Saineolaithe an Choimisiúin.

(5)  Tairseach ‘Cloisimis uait!’, Saothar éigeantais: Treoirlínte maidir le cur chun feidhme rialacha an Aontais.

(6)  Leagan comhdhlúite den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE) (IO C 202, 7.6.2016, Ich. 13), Airteagal 21; Leagan comhdhlúite den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (IO C 326, 26.10.2012, Ich. 47).

(7)  Aithris 3 den Rialachán maidir le Saothar Éigeantais.

(8)  Breithiúnas an 21 Aibreán 2026, an Coimisiún v an Ungáir (‘luachanna an Aontais’), C-769/22, EU:C:2026:326 mír 525.

(9)  Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (IO C 326, 26.10.2012, p. 391).

(10)  Airteagail 1 agus 5 den Chairt um Chearta Bunúsacha.

(11)   EIS, An Coinbhinsiún maidir le Saothar Éigeantais, 1930 (Uimh. 29).

(12)   EIS, Prótacal 2014 a ghabhann leis an gCoinbhinsiún maidir le Saothar Éigeantais, 1930 (P029).

(13)   EIS, An Coinbhinsiún maidir le Saothar Éigeantais a Dhíothú, 1957 (Uimh. 105).

(14)   EIS, Moladh maidir le Saothar Éigeantais (Bearta Forlíontacha), 2014 (Uimh. 203).

(15)   EIS, An Coinbhinsiún maidir leis na Cineálacha is measa Saothair Leanaí, 1999 (Uimh. 182).

(16)   EIS, Dearbhú maidir le Prionsabail Bhunúsacha agus Cearta Bunúsacha san Obair, a glacadh an 18 Meitheamh 1998 (Dearbhú EIS 1998); Airteagal 6 de NA, An Cúnant Idirnáisiúnta maidir le Cearta Eacnamaíocha, Sóisialta agus Cultúrtha, a glacadh in 1966, teacht i bhfeidhm in 1976; Airteagal 8(3)(a) de NA, An Cúnant Idirnáisiúnta ar Chearta Sibhialta agus Polaitiúla, a glacadh in 1966, teacht i bhfeidhm in 1976.

(17)   ECFE (2023), OECD Guidelines for Multinational Enterprises on Responsible Business Conduct.

(18)   ECFE (2018), OECD Due Diligence Guidance for Responsible Business Conduct.

(19)   EIS (2024), Hard to see, harder to count: Handbook on forced labour surveys .

(20)   EIS agus EIF (2025), Combating forced labour – A handbook for employers and businesses, Tríú heagrán (athbhreithnithe).

(21)   NA (2011), Guiding Principles on Business and Human Rights: Implementing the United Nations ‘Protect, Respect and Remedy’ Framework .

(22)  Airteagal 2(7) den Rialachán maidir le Saothar Éigeantais.

(23)  Lena n-áirítear táirgí straitéiseacha, míleata agus cosanta.

(24)  Is é atá i gCreat Reachtach Nua an Aontais sraith de bhearta arb é is aidhm dóibh feabhas a chur ar an bhfaireachas margaidh agus ar an measúnú comhréireachta le haghaidh táirgí monaraithe amhail innealra, bréagáin agus táirgí leictreonacha.

(25)  Torthaí na talún, na tógála stoic agus na hiascaireachta, agus táirgí próiseála céadchéime a bhaineann go díreach leis na torthaí sin.

(26)  Airteagal 1(2) den Rialachán maidir le Saothar Éigeantais. Tugtar ‘aisghairm’ ar an ngníomh sin i reachtaíocht táirgí eile (Rialachán (AE) 2019/1020 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le faireachas margaidh ar tháirgí agus comhlíonadh táirgí agus lena leasaítear Treoir 2004/42/CE agus Rialacháin (CE) Uimh. 765/2008 agus (AE) Uimh. 305/2011, IO L 169, 25.6.2019, Ich. 1) (an Rialachán maidir le Faireachas Margaidh) agus an Rialachán (AE) 2023/988 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Bealtaine 2023 maidir le sábháilteacht ghinearálta táirgí, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir (AE) 2020/1828 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 2001/95/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 87/357/CEE ón gComhairle (IO L 135, 23.5.2023, Ich. 1) (Rialachán maidir le Sábháilteacht Ghinearálta Táirgí).

(27)  Tá tuilleadh faisnéise le fáil sa ‘Treoirleabhar Gorm’ um chur chun feidhme rialacha an Aontais Eorpaigh maidir le táirgí.

(28)  Aithris 18 den Rialachán maidir le Saothar Éigeantais.

(29)  Airteagal 2(9) den Rialachán maidir le Saothar Éigeantais.

(30)  Mar shampla, táirgeoirí, monaróirí, allmhaireoirí, onnmhaireoirí, miondíoltóirí agus soláthróirí táirgí, de réir mar is ábhartha.

(31)  Airteagal 1 den Rialachán maidir le Saothar Éigeantais.

(32)  EIS, (2007), General Survey on Forced Labour.

(33)  Airteagal 2.2, Coinbhinsiún EIS Uimh. 29.

(34)   EIS (2024), Profits and poverty: The economics of forced labour.

(35)   ILO, Walk Free, and IMO, (2022), Global Estimates of Modern Slavery: Forced Labour and Forced Marriage.EIS, Walk Free, agus IMO (2022), Global Estimates of Modern Slavery: Forced Labour and Forced Marriage.

(36)  EIS Hard to see, harder to count, leathanach 3.

(37)  Cineálacha eile is measa saothair leanaí mar a shainmhínítear i gCoinbhinsiún EIS Uimh. 182 amhail striapachas agus gníomhaíochtaí aindleathacha chun drugaí a tháirgeadh agus a gháinneáil, ní chumhdaítear iad faoi raon feidhme an Rialacháin seo a mhéid nach bhfuil nasc idir iad agus an monarú táirgí.

(38)   EIS (2025), ILO indicators of forced labour . Féach freisin EIS (2024) Hard to see, harder to count.

(39)  Airteagal 2(17) den Rialachán maidir le Saothar Éigeantais.

(40)  Airteagal 15 den Rialachán maidir le Saothar Éigeantais.

(41)  Airteagal 20(4) den Rialachán maidir le Saothar Éigeantais.

(42)  Airteagal 2(6) agus (7) den Rialachán maidir le Saothar Éigeantais.

(43)  Airteagal 14 den Rialachán maidir le Saothar Éigeantais. An téarma ‘cur chuige rioscabhunaithe’ atá in úsáid anseo, lena dtreoraítear an tosaíocht a thugann príomhúdaráis inniúla do chásanna saothair éigeantais, níor cheart é a mheascadh suas leis an téarma ‘cur chuige rioscabhunaithe’ faoin Treoir maidir le Dícheall Cuí Corparáideach Inbhuanaitheachta 2024/1760 (TDCCI), ina dtagraítear don tosaíocht a thugann gnólachtaí do réimsí ar a ndíreoidh siad a n-iarrachtaí díchill chuí.

(44)  Airteagal 14(2) den Rialachán maidir le Saothar Éigeantais.

(45)  Airteagal 14(4) den Rialachán maidir le Saothar Éigeantais.

(46)  Féach an sainmhíniú ar ‘tionchar’ i Roinn 4.3.2.

(47)  Airteagal 14(3) den Rialachán maidir le Saothar Éigeantais.

(48)  Airteagal 8 den Rialachán maidir le Saothar Éigeantais.

(49)  Airteagal 11(e) den Rialachán maidir le Saothar Éigeantais.

(50)  Airteagal 7(1) den Rialachán maidir le Saothar Éigeantais.

(51)  Féach Roinn 6 de na treoirlínte seo.

(52)  Airteagal 15(1) den Rialachán maidir le Saothar Éigeantais.

(53)  Airteagal 17(1) den Rialachán maidir le Saothar Éigeantais.

(54)  Airteagail 41 agus 48 den Chairt um Chearta Bunúsacha.

(55)  Airteagal 17(4) den Rialachán maidir le Saothar Éigeantais.

(56)  Airteagal 17(1) den Rialachán maidir le Saothar Éigeantais.

(57)  Airteagal 17(1) den Rialachán maidir le Saothar Éigeantais.

(58)  Airteagal 17(3) den Rialachán maidir le Saothar Éigeantais.

(59)  Airteagal 17(3) den Rialachán maidir le Saothar Éigeantais.

(60)  Airteagal 2(16) den Rialachán maidir le Saothar Éigeantais.

(61)  Airteagal 17(5) den Rialachán maidir le Saothar Éigeantais.

(62)  Aithris 44 den Rialachán maidir le Saothar Éigeantais.

(63)  Airteagal 18 den Rialachán maidir le Saothar Éigeantais.

(64)  Airteagal 18(1) den Rialachán maidir le Saothar Éigeantais.

(65)  Airteagal 16(2) den Rialachán maidir le Saothar Éigeantais agus Aithris 68 den Rialachán maidir le Saothar Éigeantais.

(66)  Airteagal 18(4) den Rialachán maidir le Saothar Éigeantais.

(67)  Airteagal 18(5) den Rialachán maidir le Saothar Éigeantais.

(68)  Airteagal 19 den Rialachán maidir le Saothar Éigeantais.

(69)  Airteagal 19(3) den Rialachán maidir le Saothar Éigeantais.

(70)  Airteagal 32(1) agus (2) den Rialachán maidir le Saothar Éigeantais.

(71)  Airteagail 20 agus 22(1)(c) den Rialachán maidir le Saothar Éigeantais.

(72)  Airteagal 20 den Rialachán maidir le Saothar Éigeantais.

(73)  Airteagail 17(1) agus (2) agus 18(3) den Rialachán maidir le Saothar Éigeantais.

(74)  Airteagail 17(1) agus 18(3) den Rialachán maidir le Saothar Éigeantais.

(75)  Airteagal 12(f) den Rialachán maidir le Saothar Éigeantais.

(76)  Airteagal 20(1) den Rialachán maidir le Saothar Éigeantais.

(77)  Féach EIS (2025) ILO indicators of forced labour agus Caibidil 9 de EIS (2024) Hard to see, harder to count.

(78)  Airteagal 20(2) den Rialachán maidir le Saothar Éigeantais.

(79)  Airteagal 20(2) den Rialachán maidir le Saothar Éigeantais.

(80)  Airteagail 20(4), (5), agus 22(1) den Rialachán maidir le Saothar Éigeantais. Tugtar faoi deara go bhfuil foráil in Airteagal 22(2) den Rialachán maidir le Saothar Éigeantais maidir le glacadh gnímh cur chun feidhme chun inneachar cinntí a shonrú a thuilleadh.

(81)  Airteagal 20(4)(a) den Rialachán maidir le Saothar Éigeantais.

(82)  Aithris 5 den Rialachán maidir le Saothar Éigeantais.

(83)   Cás 33/76 ón gCúirt Bhreithiúnais, Rewe-Zentralfinanz eG v Landwirtschaftskammer für das Saarland [1976] ECR 1989, mír. 5.

(84)  Airteagal 20(4)(b) den Rialachán maidir le Saothar Éigeantais.

(85)  Airteagail 20(4)(c) agus 25 den Rialachán maidir le Saothar Éigeantais.

(86)  Airteagal 22(1)(b) den Rialachán maidir le Saothar Éigeantais.

(87)  Airteagal 20(5) agus Aithris 48 den Rialachán maidir le Saothar Éigeantais.

(88)  Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) 2024/1735 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meitheamh 2024 maidir le creat beart a bhunú chun éiceachóras monaraíochta teicneolaíochta glan-nialasachta na hEorpa a neartú agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/1724 (IO L, 2024/1735, 28.6.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1735/oj).

(89)  Moladh (AE) 2023/2113 ón gCoimisiún an 3 Deireadh Fómhair 2023 maidir le réimsí teicneolaíochta criticiúla le haghaidh shlándáil eacnamaíoch an Aontais le haghaidh measúnú riosca breise leis na Ballstáit (IO L, 2023/2113, 11.10.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/reco/2023/2113/oj).

(90)   JOIN(2025) 977 final, 3.12.2025.

(91)  Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2024/1252 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Aibreán 2024 lena mbunaítear creat chun soláthar slán inbhuanaithe amhábhar criticiúil a áirithiú agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 168/2013, (AE) 2018/858, (AE) 2018/1724 agus (AE) 2019/1020 (IO L, 2024/1252, 3.5.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1252/oj).

(92)   COM(2025) 945 final Plean Gníomhaíochta RESourceEU. Dlús a chur lenár straitéis amhábhar criticiúil chun dul in oiriúint do réaltacht nua, 3.12.2025.

(93)  Airteagal 21(1), (2) agus (3) den Rialachán maidir le Saothar Éigeantais.

(94)  Airteagal 41 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh.

(95)  Roinn 6.4.3.2.

(96)  Roinn 9.5 agus treoraíocht EIS [tagairt do threoraíocht EIS maidir le táscairí].

(97)  Airteagal 21(5) agus (6) den Rialachán maidir le Saothar Éigeantais.

(98)  Airteagal 5(6) den Rialachán maidir le Saothar Éigeantais.

(99)  Airteagal 16 den Rialachán maidir le Saothar Éigeantais.

(100)  Áireofar orthu sin na sásraí náisiúnta atreorúcháin.

(101)  Airteagal 5(6) den Rialachán maidir le Saothar Éigeantais.

(102)  An Feidhmchlár Líonra um Malartú Slán Faisnéise (SIENA) – Malartú slán faisnéise a áirithiú idir Europol agus a chomhpháirtí.

(103)  Airteagal 5(1) den Rialachán maidir le Saothar Éigeantais.

(104)  Tugann an líonra le chéile ionadaithe na mBallstát, ionadaithe an Choimisiúin agus ionadaithe ó údaráis chustaim. Féach freisin Airteagal 6 den Rialachán maidir le Saothar Éigeantais.

(105)  Airteagal 16 den Rialachán maidir le Saothar Éigeantais.

(106)  Airteagal 23 den Rialachán maidir le Saothar Éigeantais.

(107)  Airteagal 24 den Rialachán maidir le Saothar Éigeantais.

(108)  (IO L 312, 22.11.2008, p. 3).

(109)  Airteagal 25 den Rialachán maidir le Saothar Éigeantais.

(110)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2026/296 ón gCoimisiún an 9 Feabhra 2026 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2024/1781 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle trí mhaoluithe ar an toirmeasc ar scriosadh táirgí tomhaltais neamhdhíolta a leagan amach (IO L, 2026/296, 22.4.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2026/296/oj).

(111)  Airteagal 20(5) den Rialachán maidir le Saothar Éigeantais.

(112)  Airteagal 30(4) den Rialachán maidir le Saothar Éigeantais.

(113)   Féach Rialachán (AE) 2022/2065 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Deireadh Fómhair 2022 maidir le Margadh Aonair do Sheirbhísí Digiteacha agus lena leasaítear Treoir 2000/31/CE (an Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha).

(114)  Airteagail 26-31 den Rialachán maidir le Saothar Éigeantais.

(115)  Aithris 55 den Rialachán maidir le Saothar Éigeantais.

(116)  Déanfar an chumarsáid sin a uathoibriú idir ICSMS – Modúl maidir le Saothar Éigeantais agus an Córas Bainistíochta Riosca Custam (CBRC) ach, go dtí go ndéanfar an dá chóras a chomhtháthú, déanfaidh na húdaráis inniúla agus na húdaráis chustaim an fhaisnéis a chomhroinnt ar dtús i gcomhréir le prótacail náisiúnta a chuirfear i bhfeidhm roimh chur i bhfeidhm an Rialacháin.

(117)  Airteagal 26(4) den Rialachán maidir le Saothar Éigeantais.

(118)  tá faisnéis chúlra níos mionsonraithe faoin bhforáil sin le fáil in Aithris 56 den Rialachán maidir le Saothar Éigeantais freisin.

(119)  Airteagal 31 den Rialachán maidir le Saothar Éigeantais.

(120)  Airteagal 28 den Rialachán maidir le Saothar Éigeantais.

(121)  Aithris 60 den Rialachán maidir le Saothar Éigeantais.

(122)  Aithris 57 den Rialachán maidir le Saothar Éigeantais.

(123)  Airteagal 29 den Rialachán maidir le Saothar Éigeantais.

(124)  Airteagal 30 den Rialachán maidir le Saothar Éigeantais.

(125)  Airteagal 37 den Rialachán maidir le Saothar Éigeantais.

(126)  Airteagal 11(i) den Rialachán maidir le Saothar Éigeantais.

(127)  Airteagal 11(a) den Rialachán maidir le Saothar Éigeantais.

(128)  Airteagal 1(3) den Rialachán maidir le Saothar Éigeantais.

(129)  Aithris 45 den Rialachán maidir le Saothar Éigeantais.

(130)  Aithris 32 agus Airteagal 11 den Rialachán maidir le Saothar Éigeantais.

(131)   An Coimisiún Eorpach agus an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí (2021), Guidance on due diligence for EU businesses to address the risk of forced labour in their operations and supply chains [Treoraíocht maidir le dícheall cuí do ghnólachtaí Aontais chun aghaidh a thabhairt ar riosca um shaothar éigeantais ina gcuid oibríochtaí agus ina slabhraí soláthair].

(132)  Treoir (AE) 2024/1760 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meitheamh 2024 maidir le dícheall cuí i dtaca le hinbhuanaitheacht chorparáideach agus lena leasaítear Treoir (AE) 2019/1937 agus Rialachán (AE) 2023/2859 (IO L, 2024/1760, 5.7.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2024/1760/oj). Leasaíodh an Treoir le Treoir (AE) 2026/470 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Feabhra 2026 lena leasaítear Treoracha 2006/43/CE, 2013/34/AE, (AE) 2022/2464 agus (AE) 2024/1760 a mhéid a bhaineann le ceanglais áirithe maidir le tuairisciú inbhuanaitheachta corparáideach agus dícheall cuí i dtaca le hinbhuanaitheacht chorparáideach (IO L, 2026/470, 26.2.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2026/470/oj).

(133)  Faoin 26 Iúil 2027, glacfaidh an Coimisiún treoraíocht maidir le conas dícheall cuí a dhéanamh i gcomhréir leis na hoibleagáidí a leagtar síos sa Treoir.

(134)  Treoir (AE) 2022/2464 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2022 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 537/2014, Treoir 2004/109/CE, Treoir 2006/43/CE agus Treoir 2013/34/AE, a mhéid a bhaineann le tuairisciú inbhuanaitheachta corparáideach (IO L 322, 16.12.2022, lch. 1).

(135)  Treoir (AE) 2026/470 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Feabhra 2026 lena leasaítear Treoracha (AE) 2022/2464 agus (AE) 2024/1760 a mhéid a bhaineann le ceanglais áirithe maidir le tuairisciú inbhuanaitheachta corparáideach agus dícheall cuí i dtaca le hinbhuanaitheacht chorparáideach (IO L, 2026/470, 26.2.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2026/470/oj).

(136)  Rialachán (AE) 2017/821 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Bealtaine 2017 lena leagtar síos oibleagáidí díchill chuí sa slabhra soláthair d’allmhaireoirí de chuid an Aontais de stán, de thantalam agus de thungstan, dá mianta, agus d’ór de thionscnamh limistéar ina bhfuil coinbhleacht agus limistéar ardriosca (IO L 130, 19.5.2017, lch. 1).

(137)  Moladh (AE) 2018/1149 ón gCoimisiún an 10 Lúnasa 2018 maidir le treoirlínte neamhcheangailteacha chun limistéir ina bhfuil coinbhleacht agus limistéir ardriosca agus rioscaí eile sa slabhra soláthair a shainaithint faoi Rialachán (AE) 2017/821 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 208, 17.8.2018, lch. 94).

(138)  Rialachán (AE) 2023/1542 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Iúil 2023 maidir le ceallraí agus ceallraí dramhaíola, lena leasaítear Treoir 2008/98/CE agus Rialachán (AE) 2019/1020 agus lena n-aisghairtear Treoir 2006/66/CE (IO L 191, 28.7.2023, lch. 1).

(139)  Rialachán (AE) 2023/1115 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Bealtaine 2023 maidir le tráchtearraí agus táirgí áirithe atá bainteach leis an dífhoraoisiú agus leis an díghrádú foraoisí a chur ar fáil ar mhargadh an Aontais agus a onnmhairiú ón Aontas agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 995/2010 (IO L 160, 1.6.2023, lch. 1).

(140)   Treoir 2011/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Aibreán 2011 maidir le gáinneáil ar dhaoine a chosc agus a chomhrac agus maidir lena híospartaigh a chosaint, agus a chuirtear in ionad Chinneadh Réime 2002/629/CGB ón gComhairle ( IO L 101, 15.4.2011, lch. 1

(141)  Airteagal 2(3) den Rialachán maidir le Saothar Éigeantais.

(142)  Tráchtaireacht maidir le Caibidil II, mír 19 de Threoirlínte ECFE d’Fhiontair Ilnáisiúnta agus príomh-shaintréithe Threoir ECFE um Dhícheall Cuí.

(143)  Bíonn an téarma ‘drochthionchair’ in úsáid sa treoraíocht idirnáisiúnta ag EIS agus ECFE agus in TDCCI an Aontais. I gcás an Rialacháin, baineann sé le tionchar saothair éigeantais a tharlaíonn iarbhír.

(144)  Treoir ECFE um Dhícheall Cuí, leathanach 50, ceist 10.

(145)  Treoir ECFE um Dhícheall Cuí.

(146)  Treoir ECFE um Dhícheall Cuí, lch. 21.

(147)  Treoir ECFE um Dhícheall Cuí, lgh. 22-24 agus 56-60; Lámhleabhar EIS agus EIF, lgh. 17-19.

(148)  Tagraíonn ‘ba cheart’ mar a úsáidtear sa roinn seo de na treoirlínte do mholtaí maidir le bearta féideartha atá le cur san áireamh ag cuideachtaí atá toilteanach dícheall cuí i ndáil le saothar éigeantais a dhéanamh ar bhonn deonach.

(149)  Lámhleabhar EIS agus EIF, lch. 19.

(150)  Treoir ECFE um Dhícheall Cuí, lgh. 57-59, ceist 1.

(151)  Roinn 6.4.6. Ba cheart díscor ón gcaidreamh gnó a mheas mar an rogha dheireanach.

(152)  Treoir ECFE um Dhícheall Cuí, lgh. 51-54, ceisteanna 12 agus 13.

(153)  Roinn 6.4.3.2 de na treoirlínte seo maidir le gníomhaíochtaí féideartha chun cleachtais ghnó na cuideachta a oiriúnú nó a mhodhnú.

(154)  Treoir ECFE um Dhícheall Cuí, lgh. 25-28 agus 61-73; Lámhleabhar EIS agus EIF, lgh. 20-59.

(155)  Chun faisnéis bhreise a fháil ar thosca riosca, féach Treoir ECFE um Dhícheall Cuí, lch. 62, ceist 20; Lámhleabhar EIS agus EIF, lgh. 22-25. Eiseoidh an Coimisiún treoirlínte faoi TDCCI maidir le tosca riosca faoin 26 Iúil 2027.

(156)  Maidir le foinsí faisnéise breise le cur san áireamh agus measúnú á dhéanamh ar riosca saothair éigeantais ar an leibhéal geografach agus earnála, féach Lámhleabhar EIS agus EIS, lgh. 24-25.

(157)   https://www.ilo.org/publications/identification-forced-labour-guidance-practitioners agus EIS Hard to see, harder to count.

(158)  Chun faisnéis bhreise a fháil ar fhoinsí féideartha chun tosca riosca saothair éigeantais a mheasúnú, Treoir ECFE um Dhícheall Cuí, lgh. 65-96, go háirithe ceisteanna 23, 25 agus 28.

(159)  Lámhleabhar EIS agus EIF, lch. 56.

(160)  Lámhleabhar EIS agus EIF, lch. 54.

(161)  Cuideachtaí atá faoi réir oibleagáidí faoi Threoir (AE) 2024/1760 maidir le dícheall cuí i dtaca le hinbhuanaitheacht chorparáideach, ba cheart dóibh a leibhéal rannpháirtíochta agus freagrachta a chinneadh i gcomhréir leis na rialacha a leagtar síos leis an Treoir.

(162)  Is sárú an-tromchúiseach ar chearta an duine é saothar éigeantais go bunúsach. Dá bhrí sin, níor cheart a thuiscint leis an tosaíocht sin go ndéantar beag de dhíobháil, ach ba cheart í a thuiscint mar uirlis chun iarrachtaí coisctheacha agus maolaithe a dhíriú áit inar mó an seans go dtarlódh rioscaí saothair éigeantais agus inar forleithne iad.

(163)  Treoir ECFE um Dhícheall Cuí, lgh. 29-31 agus 74-81; Lámhleabhar EIS agus EIF, lgh. 60-83.

(164)  Treoir ECFE um Dhícheall Cuí, lch. 16.

(165)  Roinn 3.1.

(166)  Chun mionsonraí a fháil ar inneachar pleananna gníomhaíochta ceartaithí, féach Lámhleabhar EIS agus EIF, lgh. 61-63, Uirlis 7.

(167)  Treoir ECFE um Dhícheall Cuí, lch. 78, ceist 36.

(168)  Chun faisnéis bhreise a fháil ar conas dul i ngleic le fadhbanna sistéamacha, féach Treoraíocht ECFE um Dhícheall Cuí, lch. 76, Bosca 6.

(169)  Lámhleabhar EIS agus EIF, lch. 54.

(170)  Treoir ECFE um Dhícheall Cuí, lgh. 32 agus 82-84; agus Lámhleabhar EIS agus EIF, lgh. 84-87.

(171)  Chun faisnéis bhreise a fháil ar conas is féidir le cuideachtaí faireachán a dhéanamh ar a ngníomhaíochtaí díchill chuí, féach Treoraíocht ECFE um Dhícheall Cuí, lgh. 82-83, ceist 42.

(172)  Treoraíocht ECFE um Dhícheall Cuí, lgh. 33 agus 85-87; agus Lámhleabhar EIS agus EIF, lgh. 88-90.

(173)  Ní chruthaítear aon oibleagáid tuairiscithe ar chuideachtaí leis na treoirlínte sin. Cuideachtaí atá faoi réir oibleagáidí tuairiscithe faoi Threoir (AE) 2024/1760 maidir le dícheall cuí i dtaca le hinbhuanaitheacht chorparáideach agus Treoir (AE) 2022/2464 a mhéid a bhaineann le tuairisciú inbhuanaitheachta corparáideach, ba cheart dóibh faisnéis faoi dhícheall cuí i ndáil le saothar éigeantais a chur in iúl i gcomhréir le ceanglais na dTreoracha sin agus leis an reachtaíocht náisiúnta lena dtrasuitear iad.

(174)  Chun mionsonraí breise a fháil ar bhealaí iomchuí chun faisnéis faoi dhícheall cuí a chur in iúl, féach Treoraíocht ECFE um Dhícheall Cuí, lgh. 85-86, ceist 46.

(175)  Chun mionsonraí breise a fháil ar fhaisnéis íogair a chur in iúl, féach Treoraíocht ECFE um Dhícheall Cuí, lgh. 86-87, ceist 47.

(176)  Treoir ECFE um Dhícheall Cuí, lgh. 34-36 agus 88-91; agus Lámhleabhar EIS agus EIF, lgh. 80-83.

(177)  Aithris 36 den Rialachán maidir le Saothar Éigeantais.

(178)  Chun mionsonraí breise a fháil ar chineálacha substainteacha leighis, féach Lámhleabhar EIS agus EIF, lgh. 80-82, Uirlis 9.

(179)  Lámhleabhar EIS agus EIF, lch. 56.

(180)  Treoir ECFE um Dhícheall Cuí, lgh. 34-36 agus 88-91; agus Prionsabail Threoracha na Náisiún Aontaithe maidir le Gnó agus Cearta an Duine.

(181)  Atreorú chuig seirbhísí ábhartha, amhail ionaid dídine, cúram síceasóisialta, cúnamh dlíthiúil, seirbhísí sláinte agus teagmhálaithe iontaofa sa lucht forfheidhmithe dlí. Féach Lámhleabhar EIS agus EIF, lch. 45.

(182)  Airteagal 9(2) den Rialachán maidir le Saothar Éigeantais.

(183)  Treoir (AE) 2019/1937 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2019 maidir le cosaint daoine a thuairiscíonn sáruithe ar dhlí an Aontais (IO L 305, 26.11.2019, Ich. 17).

(184)  Airteagal 9(2) den Rialachán maidir le Saothar Éigeantais.

(185)  Áirítear leis sin eastóscadh i gcás amhábhar agus buaint i gcás táirgí talmhaíochta, chomh maith le gach céim de tháirgeadh agus de mhonaraíocht táirge deiridh.

(186)  Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, Ich. 1).

(187)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, Ich. 39).

(188)  (IO L 119, 4.5.2016, Ich. 89).


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/4637/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)