European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2026/4167

10.8.2026

Iarraidh ar réamhrialú ó Tribunal de première instance du Brabant Wallon (an Bheilg) a taisceadh an 24 Aibreán 2026 – Foncibel SA v État belge

(Cás C-416/26, Foncibel agus páirtithe eile)

(C/2026/4167)

Teanga an cháis: an Fhraincis

An chúirt a rinne an tarchur

Tribunal de première instance du Brabant Wallon

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: Foncibel SA

Cosantóir: État belge

Na ceisteanna a tharchuirtear

1)

Maidir le reachtaíocht náisiúnta lena bhforáiltear, chun críocha an teorainn ar asbhaint rócostas iasachtaíochta a chur i bhfeidhm i ndáil le comhaltaí grúpa, do chomhdhlúthú ‘foirfe’ EBITDA chomhaltaí an ghrúpa (trí fhoráil a dhéanamh, go háirithe, go laghdaíonn EBITDA diúltach comhaltaí áirithe EBITDA dearfach na gcomhaltaí eile dá réir), agus nach bhforáiltear ach do chomhdhlúthú ‘neamhfhoirfe’ ar róchostais iasachtaíochta (trí gan cead a thabhairt róchostais iasachtaíochta comhalta amháin den ghrúpa a fhritháireamh in aghaidh róchostais iasachtaíochta ‘diúltach’ nó ró-ioncam iasachtaíochta comhalta eile (is é sin le rá, barrachas ioncaim úis thar chostais úis)), an bhfuil sí i gcomhréir leis an tríú fomhír d’Airteagal 4(1) de Threoir (AE) 2016/1164 (1) ón gComhairle an 12 Iúil 2016 lena leagtar síos rialacha i gcoinne cleachtais seachanta cánach a mbíonn tionchar díreach acu ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh, arna léamh, más iomchuí, i bhfianaise Airteagail 20 agus 21 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh agus Airteagail 2, 6(1) agus (3) agus 9 CAE, a mhéid a d’fhéadfadh sé a bheith mar thoradh ar reachtaíocht den sórt sin go mbeadh grúpa cuideachtaí (atá lonnaithe sa Stát céanna) nach bhfuil róchostais iasachtaíochta ar bhonn comhdhlúite acu (ioncam úis charnacha na gcuideachtaí cónaitheacha sa ghrúpa a bheith níos mó ná costais úis charnacha na gcuideachtaí cónaitheacha eile sa ghrúpa) teoranta, mar sin féin, ina cheart chun ús a asbhaint ar an bhforas amháin go bhfuair comhalta aonair ioncam úis an ghrúpa go príomha agus gur thabhaigh na comhaltaí eile na costais úis, ach dá leithdháilfí an t-ioncam agus na costais go comhréireach i measc chomhaltaí an ghrúpa, nach mbeadh aon teorainn leis an gceart chun ús a asbhaint i leith na gcomhaltaí sin?

2)

An bhfuil éifeacht dhíreach ag an tríú fomhír d’Airteagal 4(1) de Threoir (AE) 2016/1164 ón gComhairle an 12 Iúil 2016 lena leagtar síos rialacha i gcoinne cleachtais seachanta cánach a mbíonn tionchar díreach acu ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh agus an féidir leis an gcúirt náisiúnta í a chur i bhfeidhm go díreach má tá an rogha comhdhlúthaithe roghnaithe ag an mBallstát do ghrúpaí cuideachtaí?


(1)   IO 2016 L 193, lch. 1.


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/4167/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)