|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2026/4078 |
24.7.2026 |
TUAIRIM ÓN gCOIMISIÚN
an 2 Meitheamh 2026
maidir leis an riachtanas agus leis an gcomhréireacht a bhaineann le rialú teorann arna athbhunú ag an Iodáil ag a teorainn talún leis an tSlóivéin i gcomhréir le hAirteagal 27a(3) de Rialachán (AE) 2016/399 (Cód Teorainneacha Schengen)
(Is é an téacs Iodáilise amháin atá barántúil)
(C/2026/4078)
(1)
I gcomhréir le hAirteagal 3(2) den Chonradh ar an Aontas Eorpach, cuirfidh an tAontas ar fáil dá shaoránaigh limistéar saoirse, slándála agus ceartais, gan teorainneacha inmheánacha, ina n-áiritheofar saorghluaiseacht daoine i dteannta le bearta iomchuí maidir le rialuithe ar theorainneacha seachtracha, tearmann agus inimirce, maille leis an gcoirpeacht a chosc agus a chomhrac.
(2)
De bhun Airteagal 25 de Rialachán (AE) 2016/399 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le Cód an Aontais maidir leis na rialacha lena rialaítear gluaiseacht daoine thar theorainneacha (Cód Teorainneacha Schengen) (códú) (1), d’fhéadfadh Ballstát, nuair a bhíonn bagairt thromchúiseach ann ar an mbeartas poiblí nó ar an tslándáil inmheánach, rialú teorann a athbhunú ar bhonn eisceachtúil sealadach ag a theorainneacha inmheánacha ar fad nó ag codanna sonracha dá theorainneacha inmheánacha. Níor cheart an méid sin a dhéanamh ach amháin mar rogha dheiridh agus maidir le raon feidhme agus fad athbhunú sealadach an rialaithe teorann, níor cheart go sáródh sé sin an méid is gá chun freagairt don bhagairt thromchúiseach a sainaithníodh.
(3)
Sonraítear in Airteagal 25a de Chód Teorainneacha Schengen, i gcás ina bhfuil sé beartaithe ag Ballstát rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha a athbhunú chun aghaidh a thabhairt ar bhagairt thromchúiseach intuartha, nach mór dó fógra a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle, don Choimisiún agus do na Ballstáit eile maidir le hathbhunú beartaithe an rialaithe sin, 4 seachtaine ar a dhéanaí roimh athbhunú an rialaithe teorann atá beartaithe, nó a luaithe is féidir i gcás ina bhfuil an Ballstát ar an eolas faoi na himthosca is cúis leis an ngá le rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha a athbhunú níos lú ná 4 seachtaine roimh an athbhunú atá beartaithe.
(4)
Ceanglaítear le hAirteagal 27a(3) de Chód Teorainneacha Schengen ar an gCoimisiún, tar éis dó fógraí a fháil arna gcur isteach i ndáil le rialú teorann ag an teorainn inmheánach a fhadú faoi Airteagal 25a(4) arb é a bhíonn mar thoradh air sin go leantar den rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha ar feadh níos mó ná 12 mhí san iomlán, ar bhonn an fhorais chéanna, tuairim a eisiúint maidir leis an riachtanas agus leis an gcomhréireacht a bhaineann leis an rialú teorann sin.
(5)
Rinneadh athbhreithniú substaintiúil ar an gcreat chun rialú teorann inmheánaí a athbhunú agus a fhadú le Rialachán (AE) 2024/1717 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), a tháinig i bhfeidhm an 10 Iúil 2024. Dá bhrí sin, rinneadh tús na dtréimhsí uile dá dtagraítear i dTeideal III, Caibidil II de Chód Teorainneacha Schengen a ríomh ón dáta sin.
(6)
Le litir dar dáta an 18 Samhain 2024, thug údaráis na hIodáile fógra faoi rialú teorann a athbhunú ar bhonn Airteagal 25a de Chód Teorainneacha Schengen, ag an teorainn inmheánach leis an tSlóivéin ar feadh tréimhse 6 mhí, ón 19 Nollaig 2024 go dtí an 18 Meitheamh 2025.
(7)
Le litir dar dáta an 16 Bealtaine 2025, thug údaráis na hIodáile fógra faoin athbhunú sin a fhadú ar feadh tréimhse bhreise 6 mhí, ón 19 Meitheamh 2025 go dtí an 18 Nollaig 2025.
(8)
Le litir dar dáta an 18 Samhain 2025, thug údaráis na hIodáile fógra faoin athbhunú sin a fhadú ar feadh tréimhse 6 mhí, ón 19 Nollaig 2025 go dtí an 18 Meitheamh 2026.
(9)
An 6 Márta 2026 agus i gcomhréir le hAirteagal 33(2) de Chód Teorainneacha Schengen, chuir an Iodáil tuarascáil isteach maidir le rialú teorann inmheánaí a athbhunú agus a fhadú le haghaidh na tréimhse idir an 21 Deireadh Fómhair 2023 agus an 18 Nollaig 2025.
(10)
Bhí an Iodáil páirteach in idirphlé struchtúrtha an Choimisiúin maidir le hathbhunú an rialaithe teorann inmheánaí. Tar éis fógra a fháil ón Iodáil maidir le fadú, leanadh den idirphlé struchtúrtha sin mar chuid de phróiseas comhairliúcháin dá bhforáiltear le hAirteagal 27a(4) de Chód Teorainneacha Schengen.
(11)
Tugadh tuairisc ar staid na himeartha faoi láthair ag na teorainneacha inmheánacha sa Tuarascáil ar Staid Schengen an 23 Aibreán 2025 (3) agus pléitear go tráthrialta í ag Comhairle Schengen.
(12)
Tar éis dó fógraí a fháil arna gcur isteach i ndáil le rialú teorann ag an teorainn inmheánach a fhadú faoi Airteagal 25a(4) arb é a bhíonn mar thoradh air sin go leantar den rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha ar feadh níos mó ná 12 mhí san iomlán, tá an Coimisiún le tuairim a eisiúint maidir leis an riachtanas agus leis an gcomhréireacht a bhaineann leis an rialú teorann sin, dá bhforáiltear in Airteagal 25a(3) de Chód Teorainneacha Schengen. Tháinig an oibleagáid sin chun cinn nuair a fuarthas an fógra maidir le rialú teorann a fhadú ag gach teorainn inmheánach talún an 16 Bealtaine 2025.
(13)
Tar éis measúnú a dhéanamh ar na fógraí thuasluaite uile, arna forlíonadh leis an bhfaisnéis a sholáthair an Iodáil faoi chuimsiú an phróisis comhairliúcháin agus doiciméid oifigiúla eile, nithe atá ar fáil go poiblí, glacann an Coimisiún an Tuairim seo a leanas.
MEASÚNÚ AR NA FÓGRAÍ AGUS AR AN TUARASCÁIL
I. CEANGLAIS FHOIRMIÚLA
|
(14) |
Faoi chuimsiú fógraí, forchuirtear roinnt oibleagáidí foirmiúla ar na Ballstáit le Cód Teorainneacha Schengen. |
|
(15) |
Deimhníonn an Coimisiún gur thug an Iodáil fógra faoi athbhunú an rialaithe teorann inmheánaí chomh maith leis na faduithe air i gcomhréir leis na teorainneacha ama a leagtar amach in Airteagal 25a(4) de Chód Teorainneacha Schengen, is é sin ceithre seachtaine ar a dhéanaí roimh theacht i bhfeidhm athbhunú nó fhadú an rialaithe teorann inmheánaí. |
|
(16) |
Tugann an Coimisiún faoi deara go ndearnadh na fógraí i gcomhréir leis an teimpléad a bunaíodh chun na críche sin le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/315 ón gCoimisiún (4). |
|
(17) |
Tar éis na bhfógraí, fuair an Coimisiún sonraí oibríochtúla mionsonraithe breise ó údaráis na hIodáile i gcomhthéacs an phróisis comhairliúcháin maidir leis an rialú teorann inmheánaí fadaithe. |
|
(18) |
Tugann an Coimisiún faoi deara maidir leis an tuarascáil maidir le rialú teorann inmheánaí a athbhunú agus a fhadú, de bhun Airteagal 33(2) de Chód Teorainneacha Schengen, go raibh sí dlite an 19 Nollaig 2025 (ar dhul in éag 12 mhí) agus gur cuireadh isteach í an 6 Márta 2026. |
II. RIACHTANAS AGUS COMHRÉIREACHT
Seasamh Údaráis na hIodáile
|
(19) |
Agraíonn údaráis na hIodáile gur ann do bhagairt thromchúiseach ar an mbeartas poiblí agus ar an tslándáil inmheánach. Le hathbhunú an rialaithe teorann inmheánaí, laghdaítear gluaiseachtaí neamhúdaraithe náisiúnach tríú tír agus tugtar aghaidh ar an riosca insíothlaithe sceimhlitheoireachta laistigh de shreabha imirce feadh bhealach na mBalcán. |
|
(20) |
A mhéid a bhaineann leis an staid slándála, tagraíonn údaráis na hIodáile d’fhorbairtí slándála domhanda, lena n-áirítear cogadh foghach leanúnach na Rúise in aghaidh na hÚcráine agus an staid sa Mheánoirthear, a bhféadfadh iarmhairtí díreacha a bheith acu ar an tslándáil laistigh de limistéar Schengen, agus go háirithe, ar chríoch na hIodáile. |
|
(21) |
Is measa fós an riosca slándála sin mar gheall ar Iubhaile Uilíoch na hEaglaise Caitlicí, a thosaigh an 24 Nollaig 2024 agus a mheall líon mór oilithreach agus turasóirí ó gach cearn den domhan go dtí an Róimh, chomh maith leis na Cluichí Oilimpeacha agus Parailimpeacha Geimhridh a d’óstáil an Iodáil i mí Feabhra agus i mí an Mhárta 2026 agus ina bhféadfadh áiteanna éagsúla agus lúthchleasaithe agus ar dhaoine poiblí ó gach cearn den domhan a bheith ina sprioc don fhoréigean antoisceach. |
|
(22) |
Tarraingíonn údaráis na hIodáile aird ar an méid seo a leanas:
|
|
(23) |
Tuairiscíonn údaráis na hIodáile torthaí móra maidir le gabháil daoine ar eisíodh foláireamh ina leith i gCóras Faisnéise Schengen (SIS) chomh maith le torthaí tábhachtacha ar imscrúduithe ar smuigleáil daoine mar gheall ar athbhunú an rialaithe teorann inmheánaí. Ag an teorainn idir an Iodáil agus an tSlóivéin, sa tréimhse ón 21 Deireadh Fómhair 2023 go dtí an 1 Márta 2026, sainaithníodh 401 dhuine bunaithe ar fholáireamh SIS faoi Airteagal 36(3) agus (4) de Rialachán (AE) 2018/1862 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), agus gabhadh 594 dhuine san iomlán, 260 díobh sin as imirce neamhdhleathach a éascú agus 334 dhuine as coireanna eile. Ina theannta sin, sa tréimhse chéanna, bhraith údaráis na hIodáile 10 100 duine a bhí ag trasnú na teorann go neamhrialta, a ndearna 3 791 dhuine díobh iarratas ar chosaint idirnáisiúnta agus ar diúltaíodh cead isteach do 5 468 nduine díobh. |
|
(24) |
Díríonn údaráis na hIodáile aird ar an méadú ar sholúbthacht, ar acmhainneacht faireacháin agus ar infhaighteacht faisnéise atá ag údaráis forfheidhmithe dlí a bhuí leis an rialú teorann inmheánaí athbhunaithe, rud a chuireann ar a chumas dóibh gníomhaíochtaí seiceála teorann a dhéanamh. |
|
(25) |
Áitíonn údaráis na hIodáile go bhfuil éifeacht dhíspreagthach ag an rialú teorann inmheánaí athbhunaithe ar smuigléirí daoine agus ar ghluaiseachtaí neamhúdaraithe. |
|
(26) |
Tugann údaráis na hIodáile dá n-aire nach leor an comhar maidir le hathligean isteach idir an Iodáil agus an tSlóivéin amháin, agus luaigh siad líon íseal na ndaoine a athligeadh isteach go héifeachtach. |
|
(27) |
Áitíonn údaráis na hIodáile go bhfuil an rialú teorann inmheánaí bunaithe ar anailís riosca agus go ndéantar é ar bhealach spriocdhírithe chun a thionchar ar ghluaiseacht trasteorann earraí agus daoine a íoslaghdú. |
|
(28) |
Tugann údaráis na hIodáile dá n-aire, i gcomhthéacs seiceálacha teorann, nach n-eisítear diúltuithe cead isteach ach amháin ar chúiseanna a bhaineann leis an mbagairt a sainaithníodh. |
Barúlacha ón gCoimisiún
|
(29) |
Chuir údaráis na hIodáile faisnéis ar fáil maidir leis na gnéithe éagsúla de na bagairtí tromchúiseacha sainaitheanta ar an tslándáil inmheánach agus ar an mbeartas poiblí chomh maith le hargóintí chun bunús a thabhairt leis an riachtanas agus leis an gcomhréireacht a bhaineann leis an rialú teorann a athbhunaíodh. |
|
(30) |
Cé go bhféadfadh an staid dheacair slándála dhomhanda a bheith ina cúis mhór imní do shlándáil náisiúnta na mBallstát, ní thugtar faisnéis leordhóthanach sna fógraí lena mínítear an tionchar atá ag an timpeallacht slándála dhomhanda ar an Iodáil go sonrach, go háirithe ag a teorainn leis an tSlóivéin, d’ainneoin an líon ard daoine a sainaithníodh bunaithe ar fholáireamh SIS faoi Airteagal 36 (3) nó (4) de Rialachán (AE) 2018/1862 chun cionta coiriúla a chomhrac agus bagairtí ar an tslándáil phoiblí a chosc, chomh maith le bagairtí tromchúiseacha ar an tslándáil náisiúnta inmheánach nó sheachtrach. |
|
(31) |
Cé go bhfuil an teorainn talún idir an Iodáil agus an tSlóivéin mar chuid de bhealach na mBalcán, ar a dtaistealaíonn cuid mhaith imircigh neamhdhleathacha, ní léir fós conas a thagann na rioscaí a bhaineann le bliain Iubhaile Uilíoch na hEaglaise Caitlicí nó na Cluichí Oilimpeacha agus Parailimpeacha Geimhridh chun cinn go sonrach ag an teorainn idir an Iodáil agus an tSlóivéin, i gcomparáid le teorainneacha inmheánacha eile na hIodáile. |
|
(32) |
Tá staid chasta imirce os comhair na hIodáile. Tugann sé dá aire freisin gur chuir údaráis na hIodáile ábhair imní dhlisteanacha in iúl a mhéid a bhaineann leis an mbaol go ndéanfadh baill de ghrúpaí sceimhlitheoireachta sreabha imirce a insíothlú agus leis an nasc leis an gcoireacht eagraithe a bhíonn ag gabháil do gháinneáil ar dhrugaí agus ar dhaoine, chomh maith le smuigleáil daoine. |
|
(33) |
Trí rialú teorann inmheánaí a athbhunú, d’fhéadfaí cur le gabháil sceimhlitheoirí, smuigléirí daoine nó daoine a bhfuil amhras fúthu go bhfuil baint acu le cineálacha eile coireachta eagraithe, mar a dhéanfaí le haon chineál eile seiceálacha póilíneachta laistigh den chríoch agus go sonrach i limistéir teorann. Mar sin féin, níor chuir údaráis na hIodáile faisnéis ar fáil maidir lena mhinice a tháinig an bhagairt sin chun cinn nó a braitheadh í faoi chuimsiú athbhunú an rialaithe teorann inmheánaí. |
|
(34) |
Ní thugtar ach anailís theoranta sna fógraí ar an bhfáth nach leor bearta malartacha, lena n-áirítear seiceálacha póilíneachta i limistéir teorann agus comhar póilíneachta trasteorann, a chur i bhfeidhm in ionad athbhunú an rialaithe teorann inmheánaí ná ar na bacainní dlíthiúla agus/nó praiticiúla is gá a réiteach chun bearta malartacha a dhéanamh in ionad an rialaithe teorann inmheánaí. |
|
(35) |
Ní luaitear sna fógraí cúiseanna sonracha le rogha an raoin feidhme gheografaigh agus ama a bhaineann leis an gcinneadh rialú teorann inmheánaí a athbhunú. Níl aon mhíniú ann ar cén fáth a ndealraíonn sé gurb é an tréimhse 6 mhí, seachas tréimhse níos giorra, an tréimhse is iomchuí. Cé go dtugann an Coimisiún dá aire go mbaineann na hargóintí a chuir údaráis na hIodáile chun cinn go sonrach le suíomh na teorann idir an tSlóivéin agus an Iodáil ag deireadh bhealach na mBalcán Thiar, níor tugadh aon mhíniú lena ndéantar idirdhealú idir na bagairtí imirce agus slándála ag an teorainn sin agus bagairtí comhchosúla ag teorainneacha inmheánacha eile na hIodáile ar measadh nach gá an rialú teorann inmheánaí a athbhunú ina leith. |
|
(36) |
Cé go mbíonn béim na seiceálacha ar na coinníollacha maidir le dul isteach a bhaineann leis an tslándáil phoiblí agus leis an tslándáil inmheánach, léiríonn líon na náisiúnach tríú tír neamhrialta ar diúltaíodh cead isteach dóibh gur cosúil go gcuirtear coinníollacha eile dul isteach san áireamh le linn an rialaithe teorann inmheánaí mar sin féin. Deimhnítear é sin freisin ós rud é go n-agraíonn an Iodáil imirce neamhdhleathach agus gluaiseachtaí tánaisteacha neamhúdaraithe mar fhoras breise leis an rialú teorann inmheánaí a athbhunú. |
|
(37) |
Féadfaidh gluaiseachtaí tánaisteacha neamhúdaraithe náisiúnach tríú tír a bheith ina bhforas le rialú teorann inmheánaí a athbhunú más rud é go bhfuil na gluaiseachtaí neamhúdaraithe sin ina mbagairt thromchúiseach ar an mbeartas poiblí nó ar an tslándáil inmheánach. I ndáil leis sin, in Airteagal 25(1)(c) de Chód Teorainneacha Schengen, tagraítear go sonrach don staid ina gcuireann gluaiseachtaí tobanna neamhúdaraithe ar mórscála náisiúnach tríú tír idir na Ballstáit brú substaintiúil ar acmhainní foriomlána agus ar acmhainneachtaí na n-údarás inniúil dea-ullmhaithe, rud ar dócha go gcuirfidh sé feidhmiú foriomlán an limistéir gan rialú teorann inmheánaí i mbaol. |
|
(38) |
Léiríonn sonraí a fuarthas le déanaí go bhfuil feabhas mór tagtha ar staid na himirce san Aontas. Thug an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta laghdú géar ar thrasnuithe teorann neamhúdaraithe faoi deara in 2024, lena n-áirítear feadh bhealach na mBalcán Thiar. Leanadh den treocht anuas sin in 2025, mar gheall ar iarrachtaí comhchoiteanna méadaithe chun teorainneacha seachtracha an Aontais a chosaint, agus ní féidir é a chur i leith athbhunú an rialaithe teorann inmheánaí ag an Iodáil. In 2025, de réir Fheasacht agus Anailís Chomhtháite Staide an Aontais, tháinig laghdú ar an líon iomlán trasnuithe teorann neamhúdaraithe feadh bhealach na mBalcán Thiar don tríú bliain as a chéile, le 41 faoin gcéad (12 687 in 2025 i gcomparáid le 21 637 in 2024). Thabharfadh sé sin le fios nach dócha go bhfanfaidh an brú ag an teorainn idir an tSlóivéin agus an Iodáil mar an gcéanna. |
|
(39) |
Ní rud é athbhunú an rialaithe teorann inmheánaí a athraíonn oibleagáidí na hIodáile faoi na rialacha is infheidhme de dhlí an Aontais maidir le tearmann agus filleadh. Tríd an rialú teorann inmheánaí a athbhunú, d’fhéadfaí rannchuidiú le trasnuithe teorann neamhúdaraithe isteach ar chríoch Bhallstáit a bhrath, leis an athligean isteach tapa ag an teorainn inmheánach a éascú agus lena áirithiú go mbraitear gluaiseachtaí neamhúdaraithe iarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta go pras, rud a fhágann gur féidir rialacha Rialachán Bhaile Átha Cliath (6) maidir le leithdháileadh freagrachta as scrúdú a dhéanamh ar iarratas ar thearmann a chur i bhfeidhm i gceart. |
|
(40) |
Ag 13 as 57 bpointe trasnaithe teorann feadh theorainn na Slóivéine, déantar rialú teorann ar bhealach seasta, seachas ar bhealach dinimiciúil. |
|
(41) |
Tugann an Coimisiún faoi deara nach féidir, ar an gcúis sin, na hacmhainní daonna a shlógtar ag na teorainneacha inmheánacha a imscaradh ag teorainneacha seachtracha na hIodáile ná a chur ar fáil chun bearta malartacha a oibríochtú. |
III. BEARTA MALARTACHA
Seasamh Údaráis na hIodáile
|
(42) |
Tuairiscíonn údaráis na hIodáile dlúthchomhar póilíneachta leis na Ballstáit chomharsanachta uile. Cuimsíonn sé sin faisnéis oibríochtúil a mhalartú ag cruinnithe teicniúla míosúla, ar ghlac an tSlóivéin, an Chróit agus an Ostair páirt iontu. Déantar patról comhpháirteach ag na teorainneacha inmheánacha leis an tSlóivéin roinnt uaireanta sa mhí; bhí 226 phatról chomhpháirteacha ann in 2025 (go dtí an 2 Samhain) rud a chuir cosc ar 414 náisiúnach tríú tír teacht isteach go neamhdhleathach. |
|
(43) |
Ó bhí mí na Samhna 2023 ann, tá tionscnaimh nua forbartha agus curtha chun cinn go pras ag an Iodáil chun an comhar oibríochtúil a neartú ar an leibhéal réigiúnach. An 20 Eanáir 2025, síníodh Meabhrán Tuisceana tríthaobhach idir an tSlóivéin, an Chróit agus an Iodáil inar tháinig na tíortha sin ar chomhaontú maidir le patróil chomhpháirteacha a imscaradh, agus é mar sprioc shonraithe acu deireadh a chur leis an ngá atá leis an rialú teorann inmheánaí a athbhunaíodh. Déantar patról comhpháirteach ag na teorainneacha inmheánacha leis an tSlóivéin roinnt uaireanta sa mhí; bhí 255 phatról chomhpháirteacha ann in 2025 agus 27 acu in 2026 (go dtí an 22 Feabhra) rud a chuir cosc ar theacht isteach neamhúdaraithe i gcás 486 náisiúnach tríú tír teacht in 2025 agus i gcás 46 náisiúnach tríú tír in 2026 (go dtí an 22 Feabhra). |
|
(44) |
Tá dul chun cinn tapa déanta maidir le patróil thríthaobhacha a bhunú ag teorainn sheachtrach na Cróite leis an mBoisnia agus an Heirseagaivéin faoin Meabhrán Tuisceana tríthaobhach a síníodh in 2025. Cuireadh tús leis na chéad phatróil phíolótacha i mí an Mheithimh 2025, agus chuaigh patróil mheasctha i mbun seiceálacha teorann agus faireachais teorann, agus iad ag obair le chéile chun dul i ngleic leis an gcoireacht trasteorann agus chun faisnéis a mhalartú go héifeachtach. Bhí sé beartaithe go mairfeadh na patróil thríthaobhacha go dtí an 12 Nollaig 2025, agus go gcuirfí tús arís leo in earrach 2026, rud atá á phlé faoi láthair. Tionóltar cruinnithe teicniúla míosúla san fhormáid thríthaobhach sin chun malartú faisnéise a éascú d’fhonn an imirce neamhdhleathach feadh bhealach na mBalcán a chomhrac. |
|
(45) |
Tá comhaontú maidir le hathligean isteach i bhfeidhm ag an Iodáil leis an tSlóivéin ach tugann sí dá haire nach gcuirtear chun feidhme go héifeachtach é ós rud é go bhfuil líon na náisiúnach tríú tír a athligeadh isteach íseal i gcomparáid le líon na ndaoine atá incháilithe don athligean isteach. Áitíonn an Iodáil, dá bhfeabhsófaí an comhar maidir le hathligean isteach, go bhféadfadh sé sin a bheith ina dhíspreagadh éifeachtach ar ghluaiseachtaí neamhúdaraithe náisiúnach tríú tír. Chuige sin, ghlac an Iodáil na hathruithe is gá ar an dlí náisiúnta chun go bhféadfar socruithe praiticiúla a thabhairt i gcrích maidir le cur i bhfeidhm an nós imeachta aistrithe faoi Airteagal 23a de Chód Teorainneacha Schengen, rud a thugann an dlínse don chúirt riaracháin réigiúnach ar an achomharc in aghaidh an bhirt aistrithe (7). Tá sé beartaithe ag údaráis na hIodáile oibriú i ndlúthchomhar le húdaráis na Slóivéine chun dul chun cinn a dhéanamh maidir le hoibríochtú an nós imeachta aistrithe. |
Barúlacha ón gCoimisiún
|
(46) |
Tugann an Coimisiún dá aire go bhfuil bearta malartacha á gcur i bhfeidhm go gníomhach ag an Iodáil a ghabhann le hathbhunú an rialaithe teorann inmheánaí agus a mhaolaíonn an tionchar a bhaineann leis. Go háirithe, tugann sí dá haire torthaí an phatróil chomhpháirtigh ag an teorainn idir an Iodáil agus an tSlóivéin. |
|
(47) |
Ghlac an Iodáil páirt ghníomhach i ngníomhaíochtaí Europol lena dtéitear i ngleic leis an imirce neamhdhleathach agus le smuigleáil daoine, lena n-áirítear laistigh den Lárionad Eorpach in aghaidh Smuigleáil Imirceach, laistigh de Thascfhórsa EMPACT sna Balcáin Thiar, agus laistigh den Tascfhórsa Oibríochtúil ZEBRA. |
|
(48) |
Glacann an Iodáil páirt ghníomhach sa chomhar réigiúnach maidir leis an imirce agus an tslándáil. Tugann sé aghaidh go réamhghníomhach ar dhúshláin imirce i dtíortha tionscnaimh agus idirthurais trí bhearta déthaobhacha éagsúla chomh maith le rannpháirtíocht ghníomhach in oibríochtaí na Gníomhaireachta Eorpaí um an nGarda Teorann agus Cósta, lena n-áirítear faoin gcur chuige ‘bealach iomlán’ lena gcumhdaítear bealach na mBalcán Thiar. |
|
(49) |
Tá dul chun cinn nach beag déanta ag an Iodáil maidir leis an gcomhar réigiúnach idir údaráis teorann agus phóilíneachta a neartú, lena n-áirítear le patróil thríthaobhacha a bhunú ag teorainn sheachtrach Schengen faoin Meabhrán Tuisceana tríthaobhach idir an tSlóivéin, an Chróit agus an Iodáil an 20 Eanáir 2025. Is samplaí iad na tionscnaimh sin de bhearta malartacha rathúla arb é is aidhm dóibh aghaidh a thabhairt ar ábhair imní imirce agus slándála. |
|
(50) |
Leis an gcomhaontú stádais idir an tAontas agus an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin, is féidir buanchór a imscaradh i gcomhthéacs oibríochtaí comhpháirteacha arna ndéanamh ag an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta sa Bhoisnia agus sa Heirseagaivéin. Tá feidhm shealadach ag an gcomhaontú stádais sin. Ó bhí an 5 Samhain 2025 ann, imscaradh os cionn 100 garda teorann faoi oibríocht chomhpháirteach ag seacht bpointe trasnaithe teorann de chuid na Boisnia agus na Heirseagaivéine agus ag Aerfort Shairéavó. I bhfianaise ról lárnach na Boisnia agus na Heirseagaivéine ar bhealach na mBalcán, is céim thábhachtach é cur i bhfeidhm an chomhaontaithe stádais sin chun aghaidh a thabhairt ar an imirce neamhdhleathach agus ar ábhair imní slándála atá mar bhonn le cinneadh na hIodáile rialú teorann inmheánaí a athbhunú. Tugann an Coimisiún dá aire éifeachtacht íseal chur i bhfeidhm reatha an chomhaontaithe maidir le hathligean isteach idir an tSlóivéin agus an Iodáil agus aithníonn sé an éifeacht dhíspreagthach theoranta atá aige. Aithníonn an Coimisiún obair ghníomhach údaráis na hIodáile chun dul chun cinn a dhéanamh maidir leis an nós imeachta aistrithe faoi Airteagal 23a de Chód Teorainneacha Schengen a chur chun feidhme. |
|
(51) |
Cuireann an Coimisiún i dtábhacht, fiú in éagmais rialú teorann inmheánaí a athbhunú, go bhféadfaidh údaráis na mBallstát leanúint de chumhachtaí poiblí a fheidhmiú, lena n-áirítear na cumhachtaí sin atá dírithe ar imirce neamhdhleathach a laghdú i limistéir teorann inmheánaí. |
|
(52) |
Ar bhonn na faisnéise a chuir údaráis na hIodáile ar fáil, tá sé deacair a shuí cén fáth nach féidir le comhar póilíneachta trasteorann treisithe, á chomhlíonadh le seiceálacha póilíneachta i limistéir teorann, rogha mhalartach leordhóthanach a chur ar fáil seachas rialú teorann inmheánaí a athbhunú. |
|
(53) |
Áitíonn an Coimisiún go bhfuil an bealach ina ndéantar seiceálacha teorann, is é sin i bhfoirm spotseiceálacha rioscabhunaithe, fós indéanta faoi Airteagal 23 de Chód Teorainneacha Schengen, gan iallach a bheith ann rialú teorann inmheánaí a athbhunú go hoifigiúil ná baint den tslándáil, ar choinníoll nach mbeidh éifeacht choibhéiseach ag na seiceálacha sin le seiceálacha teorann, rud a éilíonn go mbeidh a minicíocht, a ndéine agus a bhfad teoranta i gcónaí (8). |
|
(54) |
Meabhraíonn an Coimisiún, má chinneann an Iodáil seiceálacha póilíneachta a chur in ionad an rialú teorann inmheánaí, go leanfar de chead a bheith ag údaráis na Slóivéine, faoi Airteagal 25 de Chód Teorainneacha Schengen, an rialú teorann inmheánaí a athbhunú láithreach chun aghaidh a thabhairt ar bhagairt thromchúiseach ar an mbeartas poiblí agus ar an tslándáil náisiúnta a thagann chun cinn gan choinne mar gheall ar imeachtaí nárbh fhéidir a thuar. |
IV. BEARTA MAOLAITHE
Seasamh Údaráis na hIodáile
|
(55) |
Áitíonn údaráis na hIodáile go ndéantar seiceálacha teorann ar bhealach spriocdhírithe dinimiciúil ar bhonn anailís riosca, de bhun Mholadh (AE) 2024/268 ón gCoimisiún (9), chun tionchar an rialaithe athbhunaithe ar thaistealaithe bona fide agus ar phobail trasteorann a mhaolú. |
|
(56) |
Tá déine na seiceálacha teorann teoranta d’fhíorú na gcoinníollacha sin maidir le dul isteach atá ábhartha chun aghaidh a thabhairt ar an mbagairt thromchúiseach is bonn le hathbhunú an rialaithe teorann inmheánaí, rud a laghdaíonn tionchar na rialuithe sin ar na daoine a sheiceáiltear agus éascaíocht an tráchta trasteorann. |
|
(57) |
Bhí tionchar íseal ag an rialú athbhunaithe, agus bhí an trácht soghluaiste ar an iomlán. Ní bhfuarthas aon ghearán a bhaineann leis sin go dtí seo. |
Barúlacha ón gCoimisiún
|
(58) |
Léirítear sna fógraí a chuir údaráis na hIodáile isteach go bhfuil siad tiomanta a áirithiú go leanfaidh tionchar an rialaithe teorann inmheánaí de bheith teoranta mar a cheanglaítear le hAirteagal 26(3) de Chód Teorainneacha Schengen. |
|
(59) |
Déantar an rialú teorann ag an teorainn inmheánach talú leis an tSlóivéin ar bhealach spriocdhírithe rioscabhunaithe, chun an tionchar ar thaisteal trasteorann a theorannú. |
|
(60) |
Tá bearta déanta ag an Iodáil, faoi threoir an Choimisiúin agus i ndlúthchomhar lena Ballstáit chomharsanachta, chun éascaíocht an tráchta thar an teorainn inmheánach athbhunaithe a áirithiú. |
|
(61) |
Tá fógra tugtha ag an Iodáil faoina réigiúin trasteorann faoi Airteagal 42b de Chód Teorainneacha Schengen. |
|
(62) |
Tá faisnéis shonrach maidir leis an éifeacht atá ag athbhunú an rialaithe teorann inmheánaí ar na réigiúin trasteorann is mó a mbaineann athbhunú an rialaithe teorann inmheánaí leo in easnamh sna fógraí agus sa tuarascáil, fiú más rud é go bhfuil an tionchar sin teoranta. |
|
(63) |
Deimhníonn údaráis na Slóivéine go bhfuil tionchar teoranta ag baint leis an rialú teorann inmheánaí. Mar thoradh ar theagmhálacha déthaobhacha, rinneadh bearta chun aghaidh a thabhairt ar an mbrú tráchta trom ag pointe trasnaithe teorann Fernetiči/Fernetti, a bhí mar thoradh ar atreorú tráchta mar gheall ar oibreacha bóthair ag luasbhealach Razdrto-Vipava. |
V. MOLTAÍ
|
(64) |
Tá limistéar Schengen dea-fheidhmiúil ag brath ar chur chun feidhme iomlán agus éifeachtach an acquis maidir le himirce agus tearmann. Beidh tús chur i bhfeidhm an Chomhshocraithe maidir le hImirce agus Tearmann i mí an Mheithimh 2026 ina spreagadh tábhachtach chun aghaidh a thabhairt ar ábhair imní maidir le gluaiseachtaí tánaisteacha neamhúdaraithe náisiúnach tríú tír nó ábhair imní imirce agus slándála a bhaineann leis an imirce neamhdhleathach, ar ábhair imní iad a chuir an Iodáil in iúl chun údar a thabhairt le hathbhunú an rialaithe teorann inmheánaí. |
|
(65) |
Cuireann dlí an Aontais réimse leathan uirlisí ar fáil cheana féin chun aghaidh a thabhairt ar na hábhair imní a chuir údaráis na hIodáile in iúl atá nasctha le gnéithe slándála. Ba cheart do na Ballstáit leas iomlán a bhaint as na sásraí atá ann cheana chun slándáil agus comhar i bhforfheidhmiú an dlí a fheabhsú. Áirítear orthu sin Rialachán Prüm II, Córas Faisnéise Schengen nua agus an reachtaíocht nua maidir le Réamhfhaisnéis faoi Phaisinéirí agus Taifead Ainmneacha Paisinéirí (10). Le teacht i bhfeidhm EES agus ETIAS, daingneofar na teorainneacha seachtracha a thuilleadh (11). |
|
(66) |
Thairis sin, faoin Rialacháin maidir le Scagadh (12), atá mar chuid den Chomhshocrú maidir le hImirce agus Tearmann, tá seiceáil slándála ar na bunachair sonraí ábhartha uile ina cuid den scagadh ag na teorainneacha seachtracha, agus laistigh den chríoch freisin. |
|
(67) |
Ba cheart d’údaráis na hIodáile a gcomhar agus a malartú faisnéise leis an gCróit, an tSlóivéin agus an Ostair a fhorbairt a thuilleadh, lena n-áirítear trí athbhreithniú iomchuí a dhéanamh ar chomhaontuithe nó socruithe déthaobhacha um athligean isteach atá ann cheana agus/nó trí shocruithe praiticiúla a thabhairt i gcrích chun an nós imeachta aistrithe faoi Airteagal 23a de Chód Teorainneacha Schengen a chur i bhfeidhm, chomh maith lena chomhaontuithe déthaobhacha um chomhar póilíneachta le Ballstáit chomharsanachta. |
|
(68) |
Molann an Coimisiún don Iodáil cur leis an gcomhar rathúil atá aici leis na Ballstáit agus le tríú tíortha sa réigiún, trí chomhar oibríochtúil comhpháirteach idir údaráis gardaí teorann agus údaráis forfheidhmithe dlí eile a threisiú a thuilleadh, lena n-áirítear trí phatróil chomhpháirteacha agus mheasctha. |
|
(69) |
Molann an Coimisiún don Iodáil aghaidh a thabhairt ar aon chonstaic dhlíthiúil nó oibríochtúil a d’fhéadfadh bac a chur ar úsáid éifeachtach a bhaint as bearta malartacha. Is díol sásaimh don Choimisiún é an dul chun cinn atá déanta maidir leis an nós imeachta aistrithe faoi Airteagal 23a de Chód Teorainneacha Schengen a oibríochtú. |
|
(70) |
Ba cheart d’údaráis na hIodáile éascaíocht an tráchta trasteorann a áirithiú freisin le linn na n-oibreacha bonneagair atá beartaithe. |
|
(71) |
Cuireann an Coimisiún i dtábhacht go bhféadfadh úsáid beart malartach, lena n-áirítear comhar póilíneachta trasteorann, an nós imeachta aistrithe nua agus réitigh theicneolaíocha, a bheith ina modh níos éifeachtúla agus níos éifeachtaí chun ardleibhéal slándála a áirithiú, gan gá le rialú teorann inmheánaí a athbhunú, agus ba cheart úsáid a bhaint astu dá bhrí sin. |
|
(72) |
Ba cheart d’údaráis na hIodáile oibriú i dtreo deireadh a chur de réir a chéile leis an rialú teorann inmheánaí, ar bhonn cur chuige saincheaptha don staid ag an teorainn talún idir an Iodáil agus an tSlóivéin agus é coigeartaithe de réir bagartha, agus leas iomlán a bhaint as na bearta malartacha atá ar fáil a leagtar amach i Moladh (AE) 2024/268 agus as na féidearthachtaí faoi Chód Teorainneacha Schengen, lena ndéanfaí na bearta atá ann faoi láthair a threisiú agus a chomhlánú. |
|
(73) |
An comhar rathúil leis na Ballstáit chomharsanachta agus le tríú tíortha, chomh maith le bearta malartacha a chur i bhfeidhm, measann an Coimisiún go gcuireann siad bonn láidir ar fáil ar ar féidir leis an Iodáil oibriú anois chun deireadh a chur de réir a chéile leis an rialú teorann inmheánaí, gan iallach a bheith uirthi baint dá slándáil ná dá rialú imirce. Fanfaidh sé i ndlúth-theagmháil leis na Ballstáit uile lena mbaineann chun an sprioc sin a bhaint amach. |
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 2 Meitheamh 2026.
Thar ceann an Choimisiúin
Magnus BRUNNER
Comhalta den Choimisiún
(1) IO L 77, 23.3.2016, lch. 1.
(2) Rialachán (AE) 2024/1717 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meitheamh 2024 lena leasaítear Rialachán (AE) 2016/399 maidir le Cód an Aontais maidir leis na rialacha lena rialaítear gluaiseacht daoine thar theorainneacha, IO L, 2024/1717, 20.6.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1717/oj.
(3) COM (2025) 185 final.
(4) Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/315 ón gCoimisiún an 14 Feabhra 2025 lena mbunaítear teimpléad chun fógra a thabhairt maidir le rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha a athbhunú nó a fhadú ar bhonn sealadach (IO L, 2025/315, 17.2.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2025/315/oj).
(5) Rialachán (AE) 2018/1862 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Samhain 2018 maidir le Córas Faisnéise Schengen (SIS) a bhunú, a oibriú agus a úsáid i réimse an chomhair póilíneachta agus an chomhair bhreithiúnaigh in ábhair choiriúla, lena leasaítear agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2007/533/CGB ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1986/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Cinneadh 2010/261/AE ón gCoimisiún (IO L 312, 7.12.2018, lch. 56, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2018/1862/oj).
(6) Rialachán (AE) Uimh. 604/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 lena mbunaítear na critéir agus na sásraí lena gcinntear cé acu Ballstát atá freagrach as scrúdú a dhéanamh ar iarratas ar chosaint idirnáisiúnta arna thaisceadh i gceann de na Ballstáit ag náisiúnach tríú tír nó ag duine gan stát (IO L 180, 29.6.2013, lgh. 31).
(7) Airteagal 29 d’Fhoraithne Dlí Uimh. 23 an 24 Feabhra 2026 lena leasaíodh Airteagal 10 d’Fhoraithne Reachtach Uimh. 286 an 25 Iúil 1998.
(8) Breithiúnas ón gCúirt an 21 Meitheamh 2017, Imeachtaí coiriúla in aghaidh A, Cás C-9/16 (IO C 277, 21.8.2017, lgh. 10).
(9) Moladh (AE) 2024/268 ón gCoimisiún an 23 Samhain 2023 maidir le comhar idir na Ballstáit i ndáil le bagairtí tromchúiseacha ar an tslándáil inmheánach agus ar an mbeartas poiblí sa limistéar gan rialuithe ag teorainneacha inmheánacha (IO L, 2024/268, 17.1.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reco/2024/268/oj).
(10) Rialachán (AE) 2024/982 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Márta 2024 maidir le cuardach uathoibrithe agus malartú uathoibrithe sonraí le haghaidh comhar póilíneachta, agus lena leasaítear Cinntí 2008/615/CGB agus 2008/616/CGB ón gComhairle agus Rialacháin (AE) 2018/1726, (AE) 2019/817 agus (AE) 2019/818 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (Rialachán Prüm II) (IO L, 2024/982, 5.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/982/oj); Rialachán (AE) 2018/1862 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Samhain 2018 maidir le Córas Faisnéise Schengen (SIS) a bhunú, a oibriú agus a úsáid i réimse an chomhair póilíneachta agus an chomhair bhreithiúnaigh in ábhair choiriúla, lena leasaítear agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2007/533/CGB ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1986/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Cinneadh 2010/261/AE ón gCoimisiún (IO L 312, 7.12.2018, lch. 56, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2018/1862/oj); Rialachán (AE) 2025/13 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Nollaig 2024 maidir le réamhaisnéis faoi phaisinéirí a bhailiú agus a aistriú chun cionta sceimhlitheoireachta agus an choireacht thromchúiseach a chosc, a bhrath, a imscrúdú agus a ionchúiseamh, agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/818 (IO L, 2025/13, 8.1.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2025/13/oj); Treoir (AE) 2016/681 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le húsáid sonraí as an taifead ainmneacha paisinéirí (PNR) chun cionta sceimhlitheoireachta agus coireacht thromchúiseach a chosc, a bhrath, a imscrúdú agus a ionchúiseamh (IO L 119, 4.5.2016, lch. 132; ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2016/681/oj).
(11) Ceartúchán ar Rialachán (AE) 2017/2226 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Samhain 2017 lena mbunaítear Córas Dul Isteach/Imeachta (EES) chun sonraí faoi dhul isteach agus imeacht agus sonraí faoi dhiúltú cead isteach náisiúnach tríú tír a chlárú agus iad ag trasnú theorainneacha seachtracha na mBallstát agus lena gcinntear na coinníollacha ar a dtabharfar rochtain ar EES chun críocha fhorghníomhú an dlí, agus lena leasaítear an Coinbhinsiún lena ndéantar Comhaontú Schengen a chur chun feidhme agus Rialachán (CE) Uimh. 767/2008 agus Rialachán (AE) Uimh. 1077/2011 (IO L 327, 9.12.2017, lch. 20, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2017/2226/oj); Rialachán (AE) 2018/1240 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Meán Fómhair 2018 lena mbunaítear Córas Eorpach um Fhaisnéis agus Údarú Taistil (ETIAS) agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1077/2011, (AE) Uimh. 515/2014, (AE) 2016/399, (AE) 2016/1624 agus (AE) 2017/2226 (IO L 236, 19.9.2018, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2018/1240/oj).
(12) Rialachán (AE) 2024/1356 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Bealtaine 2024 lena dtugtar isteach scagadh ar náisiúnaigh tríú tír ag na teorainneacha seachtracha agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 767/2008, (AE) 2017/2226, (AE) 2018/1240 agus (AE) 2019/817 (IO L, 2024/1356, 22.5.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1356/oj).
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/4078/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)