European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2026/3990

3.8.2026

Caingean arna tabhairt an 2 Meitheamh 2026 – USF v EPSU-CJ v Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh

(Cás T-346/26)

(C/2026/3990)

Teanga an cháis: an Fhraincis

Páirtithe

Iarratasóir: Union Syndicale Fédérale v European Public Service Union – An Chúirt Bhreithiúnais (Lucsamburg, Lucsamburg) (ionadaithe: L. Levi agus S. Rodrigues, Dlíodóirí)

Cosantóir: Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

a dhearbhú go bhfuil an chaingean inghlactha agus go bhfuil bunús maith léi;

tuairim an 2 Lúnasa 2023 ó chomhairleoir dlí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, a cuireadh in iúl don iarratasóir an 24 Márta 2026, a chur ar neamhní;

a ordú do CBAE euro siombalach amháin a íoc i leith an damáiste a fulaingíodh;

a ordú do CBAE na costais go léir a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir ceithre shaincheist dlí.

1.

An chéad saincheist dlí lena n-éilítear easpa inniúlachta údar thuairim an 2 Lúnasa 2023, a cuireadh in iúl don iarratasóir an 24 Márta 2026, agus mí-úsáid cumhachtaí.

2.

An dara saincheist dlí lena n-éilítear sárú ar rialacha 2013 maidir le haitheantas agus ionadaíochas ceardchumann agus comhlachas foirne (OSPanna).

3.

An tríú saincheist dlí lena n-éilítear sárú ar phrionsabal na córa comhionainne idir PSOnna.

4.

An ceathrú saincheist dlí lena n-éilítear sárú ar neamhspleáchas an iarratasóra mar OSP.


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/3990/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)