European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2026/3905

28.7.2026

Glao ar iarratais ar phróiseas roghnúcháin Rialaitheoir na ráthaíochtaí nós imeachta i gcomhthéacs imscrúduithe a dhéanann an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF)

COM/2026/20122

(C/2026/3905)

 

Is é is cuspóir don ghlao seo ar iarratais gur féidir Rialaitheoir na ráthaíochtaí nós imeachta (an ‘Rialaitheoir’) a cheapadh, i gcomhthéacs imscrúduithe a dhéanann an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF). Déanfar an Rialaitheoir a fhostú mar Chomhairleoir Speisialta faoi Airteagal 5 de Choinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh Eile an Aontais Eorpaigh.

1.   Rialaitheoir na ráthaíochtaí nós imeachta

Bunaítear Rialaitheoir na ráthaíochtaí nós imeachta le hAirteagal 9a de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1) chun faireachán a dhéanamh ar chomhlíontacht OLAF i leith ráthaíochtaí nós imeachta agus cearta bunúsacha i gcomhthéacs imscrúduithe.

Féadfaidh na daoine lena mbaineann gearáin a thaisceadh leis an Rialaitheoir maidir le comhlíontacht OLAF i leith ráthaíochtaí nós imeachta, agus ar an bhforas gur sáraíodh na rialacha is infheidhme maidir le himscrúduithe a dhéanann OLAF, go háirithe sáruithe ar cheanglais nós imeachta agus ar chearta bunúsacha. Tá an Rialaitheoir freagrach as moltaí a eisiúint faoin gcaoi le gearáin a réiteach, ina molfadh sé, más gá, réitigh fhéideartha ar na saincheisteanna a tarraingíodh anuas sa ghearán.

Tuairisceoidh an Rialaitheoir ar fheidhmiú a fheidhme, ar bhonn bliantúil, do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle, don Choimisiún, do Choiste Maoirseachta OLAF agus do OLAF. Ní dhéanfaidh sé tagairt do chásanna aonair atá faoi imscrúdú agus áiritheoidh sé rúndacht na n-imscrúduithe fiú tar éis a ndúnta. Tuairisceoidh an Rialaitheoir don Choiste Maoirseachta maidir le haon saincheist shistéamach a eascróidh as a mholtaí.

Beidh an Rialaitheoir iomlán neamhspleách agus feidhmeanna an phoist á bhfeidhmiú aige (tá neamhspleáchas ar Choiste Maoirseachta OLAF (2) agus ar OLAF san áireamh sa mhéid sin) agus ní lorgóidh ná ní ghlacfaidh sé treoracha ó aon duine maidir lena chuid dualgas a dhéanamh.

Tá feidhm an Rialaitheora ceangailte de Choiste Maoirseachta OLAF ó thaobh riaracháin de. Soláthróidh Rúnaíocht an Choiste Maoirseachta gach tacaíocht riaracháin agus dhlíthiúil is gá don Rialaitheoir.

Ceaptar an Rialaitheoir ar feadh tréimhse oifige 5 bliana agus ní dhéanfar an tréimhse sin a athnuachan. Ag deireadh na tréimhse oifige, fanfaidh an Rialaitheoir in oifig go dtí go gceapfar duine eile ina ionad.

Meastar go mbeidh ar an Rialaitheoir idir 5 lá agus 8 lá a chaitheamh i mbun a chúraimí in aghaidh na míosa.

2.   Critéir incháilitheachta

Ní mór d’iarrthóirí:

A bheith ina náisiúnaigh de Bhallstát den Aontas Eorpach, agus a bheith i dteideal a gceart iomlán mar shaoránach;

Leibhéal oideachais sa Dlí a bheith acu is comhionann le cúrsa iomlán ollscoile ar baineadh dioplóma amach dá bharr;

10 mbliana ar a laghad de thaithí ghairmiúil a bheith acu i bpoist atá ábhartha do ról an Rialaitheora de réir an chur síos i bpointe 1, taithí a fuarthas tar éis dóibh na cáilíochtaí a bhfuil tagairt dóibh thuas a bhaint amach;

Gan feidhm pholaitiúil ar an leibhéal náisiúnta ná ar an leibhéal Eorpach a bheith acu ag dul i mbun a bhfeidhme dóibh;

Gan bheith ina gComhalta ná ina mbaill foirne in institiúid, comhlacht, oifig nó gníomhaireacht de chuid an Aontais Eorpaigh;

Gan bheith ina gcomhalta de sheirbhís náisiúnta comhordúcháin frith-chalaoise de réir bhrí Airteagal 12a de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013;

A bheith iomlán neamhspleách ar chomhlachtaí nó ar údaráis náisiúnta ag dul i mbun a bhfeidhme dóibh;

A bheith in ann ráthaíochtaí a thabhairt maidir le neamhspleáchas agus gan coinbhleacht leasa a bheith ann maidir le haon ghníomhaíocht ghairmiúil a d’fhéadfaí a dhéanamh san am céanna le ról an Rialaitheora;

Eolas cuimsitheach a bheith acu ar dhá theanga oifigiúla de chuid an Aontais a theastaíonn chun a ndualgais a dhéanamh (ní mór d’iarrthóirí leibhéal an eolais atá acu ar theangacha oifigiúla eile de chuid an Aontais a chur in iúl freisin).

3.   Critéir roghnúcháin

Roghnófar an t-iarrthóir a n-éireoidh leis ar bhonn a cháilíochtaí pearsanta agus gairmiúla agus ar bhonn taithí oibre fairsinge a bhfuil cruthúnas uirthi.

3.1.   Critéir ghairmiúla

Teist chruthaithe 10 mbliana ar a laghad d’eolas ábhartha agus de thaithí ghairmiúil, amhail cleachtas dlíthiúil nó breithiúnach ardleibhéil i réimsí na ráthaíochtaí nós imeachta, lena n-áirítear i gcomhthéacs achomhairc rialála agus/nó nósanna imeachta maidir le gearáin a láimhseáil;

Eolas an-mhaith ar dhlí an Aontais, go háirithe dlí riaracháin an Aontais, ar chearta bunúsacha agus ar ráthaíochtaí nós imeachta nó i réimsí eile a bhaineann le hobair OLAF;

Saineolas nó taithí bhainistíochta ar shaincheisteanna a bhaineann le hobair OLAF a imscrúdú/ar dhéileáil leo, lena n-áirítear coinbhleachtaí leasa agus éilliú;

Taithí ar dhéileáil le gearáin nó caingne os comhair na cúirte;

Eolas ginearálta fónta ar institiúidí, ar bheartais, ar chreat dlíthiúil agus ar mhodhanna oibre an Aontais agus tuiscint an-mhaith ar obair OLAF;

3.2.   Critéir phearsanta

A bheith ar fáil a dhóthain chun déileáil le gearáin laistigh de sprioc-amanna seasta;

A léiriú nach bhfuil a neamhspleáchas, a neamhchlaontacht, a sláine agus a n-ionracas inchurtha in amhras;

Scileanna smaointeoireachta criticiúla agus straitéisí agus sárscileanna réitithe fadhbanna;

Scileanna cumarsáide an-mhaith, lena n-áirítear scileanna cumarsáide idirphearsanta;

Tiomantas láidir a léiriú maidir le timpeallacht oibre dhearfach agus dea-chaidreamh oibre a choinneáil ar bun le OLAF agus le hidirghabhálaithe seachtracha.

4.   Iarratas a dhéanamh

Ní mór do dhaoine a bhfuil spéis acu sa phost a spéis a léiriú tríd an bhfeidhmchlár EU CV Online  (3) .

Sula gcuirfidh tú d’iarratas isteach, ba cheart duit a sheiceáil go cúramach an gcomhlíonann tú gach ceann de na riachtanais incháilitheachta atá liostaithe i bpointe 2 thuas. Má bhíonn aon cheann de na riachtanais incháilitheachta gan comhlíonadh, eisiafar an t-iarrthóir go huathoibríoch ón bpróiseas roghnúcháin.

Chun clárú, ní mór seoladh ríomhphoist bailí a bheith agat agus na treoracha maidir leis na céimeanna éagsúla den phróiseas a leanúint. Bainfear úsáid as do sheoladh ríomhphoist chun do chlárúchán a dheimhniú agus chun dul i dteagmháil leat ag céimeanna éagsúla den phróiseas. Dá bhrí sin, coinnigh an Coimisiún Eorpach ar an eolas faoi aon athrú ar do sheoladh ríomhphoist.

Chun iarratas a chríochnú, ní mór duit CV a uaslódáil i bhformáid PDF, i bhformáid CV Europass (4) más féidir, agus litir inspreagtha a líonadh isteach ar líne (uasmhéid 8 000 carachtar). Is féidir leat an CV agus an litir inspreagtha a chur isteach in aon cheann de theangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh.

Iarrtar ar iarrthóirí na teangacha uile de chuid an Aontais atá acu a shonrú mar aon leis an leibhéal eolais comhfhreagrach de réir an Chreata Chomhchoitinn Thagartha Eorpaigh le haghaidh Teangacha (5).

Ar chríochnú do chlárúcháin ar líne duit, gheobhaidh tú ríomhphost a dheimhneoidh gur cláraíodh d’iarratas. Mura bhfaighidh tú ríomhphost deimhnithe, níor cláraíodh d’iarratas.

Tabhair do d’aire nach féidir monatóireacht a dhéanamh ar dhul chun cinn d’iarratais ar líne. Rachaidh an Coimisiún Eorpach i dteagmháil go díreach leat maidir le stádas d’iarratais.

Má bhíonn tuilleadh eolais uait nó má bhíonn fadhbanna teicniúla agat, seol ríomhphost chuig: HR-MANAGEMENT-ONLINE@ec.europa.eu.

Ar chúiseanna eagrúcháin agus d’fhonn an próiseas roghnúcháin a chur i gcrích chomh tapa agus is féidir ar mhaithe leis na hiarrthóirí agus leis na hinstitiúidí araon, is i mBéarla a dhéanfar an próiseas roghnúcháin (6).

Dáta deiridh

Is é an 30 Meán Fómhair 2026 , 12.00 meán lae, am na Bruiséile, an sprioc-am le clárú. Ní féidir clárú ina dhiaidh sin.

Is fútsa atá sé do chlárúchán ar líne a chríochnú in am. Moltar go láidir duit gan fanacht go dtí cúpla lá roimh an dáta deiridh chun iarratas a dhéanamh, mar go bhféadfadh trácht trom ar an idirlíon nó fadhb a bhaineann leis an nasc idirlín deireadh a chur leis an gclárúchán ar líne sula mbeidh sé críochnaithe agat, rud a d’fhágfadh go mbeidh ort an próiseas iomlán a dhéanamh athuair. Nuair a bheidh an sprioc-am le hiarratas a chur isteach thart, ní bheidh tú in ann tuilleadh sonraí a chur isteach. Ní ghlactar le clárúcháin dhéanacha.

5.   An próiseas roghnúcháin

Bunóidh an Coimisiún Eorpach painéal roghnúcháin chun na hiarratais go léir a gheofar a mheas.

Déanfaidh an painéal cáilíochtaí, taithí agus spreagthacht na n-iarrthóirí incháilithe uile a mheas agus a chur i gcomparáid le chéile, ar bhonn a n-iarratas. Eiseoidh an painéal tuairim ina mbeidh gearrliosta de thriúr iarrthóirí ar a laghad atá cuícháilithe le haghaidh phost Rialaitheoir na ráthaíochtaí nós imeachta.

Déanfaidh an Coimisiún Eorpach an gearrliosta iarrthóirí cuícháilithe a fhormheas agus rachaidh sé i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa agus leis an gComhairle.

Déanfaidh an Coimisiún Eorpach Rialaitheoir na ráthaíochtaí nós imeachta a cheapadh.

6.   Comhdheiseanna

Cuireann institiúidí an Aontais Eorpaigh agus comhlachtaí eile beartais comhdheiseanna i bhfeidhm lena spreagtar iarratais a d’fhéadfadh cur leis an éagsúlacht, leis an gcomhionannas inscne agus leis an gcothromaíocht gheografach fhoriomlán.

7.   Incháilitheacht, neamhspleáchas agus dearbhú leasanna ar dhul i mbun dualgas

Sula rachaidh an Rialaitheoir i mbun a bhfeidhme, ceanglaítear air a dhearbhú go gcomhlíonann sé na ceanglais incháilitheachta uile a liostaítear i bpointe 2 thuas, agus go háirithe a dhearbhú go ngníomhóidh sé go neamhspleách ar mhaithe leis an bpobal agus dearbhú a thabhairt maidir le haon leas atá aige a d’fhéadfaí a mheas a bheith dochrach dá neamhspleáchas.

Sula rachaidh sé i mbun a chuid dualgas, beidh sé de cheangal air na nithe seo a leanas a chur isteach:

dearbhú incháilitheachta,

dearbhú go bhfuil sé tiomanta gníomhú go neamhspleách ar mhaithe leis an bpobal,

dearbhú ina mbeidh na gníomhaíochtaí eile go léir a rinne sé liostaithe, agus

dearbhú i leith aon leas a d’fhéadfaí a mheas a bheith dochrach dá neamhspleáchas,

achoimre ar a thaifead coiriúil.

Trí iarratas a dhéanamh, deimhneoidh na hiarrthóirí go bhfuil siad toilteanach na dearbhuithe sin a chur ar fáil.

8.   Coinníollacha fostaíochta

Déanfar an Rialaitheoir a cheapadh ar bhonn conartha mar Chomhairleoir Speisialta de réir bhrí Airteagal 5 de Choinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh Eile an Aontais Eorpaigh. Cuirfear síneadh le conradh an Chomhairleora Speisialta chun fad na tréimhse oifige a chumhdach. Íocfar an Rialaitheoir ar bhonn per diem trí thagairt do AD14, céim 1, buntuarastal (7), as na laethanta a oibríonn sé (8). Mar sin féin, más iar-oifigigh de chuid an Aontais a bhfuil pinsean scoir á fháil aige an duine a cheapfar mar Rialaitheoir, ní bhfaighidh sé luach saothair; ní bheidh sé ach i dteideal aisíocaíocht ar chostais taistil agus lóistín.

I gcomhréir leis na forálacha atá i bhfeidhm laistigh den Choimisiún dá bhaill foirne (9), déanfaidh an Coimisiún costais taistil agus lóistín a thabhóidh an Rialaitheoir a aisíoc ar éileamh le doiciméid tacaíochta, mar aon le liúntas laethúil chun costais eile a chumhdach.

9.   Rúndacht ghairmiúil

Staonfaidh an Rialaitheoir ó aon nochtadh neamhúdaraithe faisnéise a fuair sé agus a chúraimí á ndéanamh aige, murab é gur nochtadh an fhaisnéis sin don phobal cheana nó go bhfuil rochtain ag an bpobal uirthi. Leanfaidh an Rialaitheoir de bheith faoi cheangal na hoibleagáide sin tar éis dheireadh a thréimhse oifige.

Ní dhéanfaidh an Rialaitheoir, gan cead ón gCoimisiún, faisnéis a bheidh ar eolas aige de bharr a dhualgas, a nochtadh, ar aon chúis in aon imeacht dlíthiúil. Ní dhiúltófar cead a thabhairt ach amháin má theastaíonn sin de réir leasanna an Aontais agus nach mbeadh iarmhairtí coiriúla ann don Rialaitheoir de thoradh an diúltaithe sin. Leanfaidh an Rialaitheoir de bheith faoi cheangal na hoibleagáide sin tar éis dheireadh a thréimhse oifige. (Ní bheidh feidhm ag an mír seo maidir leis an Rialaitheoir ná maidir leis an iar-Rialaitheoir agus fianaise á tabhairt aige os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh nó os comhair Bhord Araíonachta institiúide maidir le hábhar a bhaineann le seirbhíseach nó iar-sheirbhíseach de chuid an Aontais Eorpaigh).

10.   Cosaint sonraí pearsanta

Cinnteoidh an Coimisiún go bpróiseálfar sonraí pearsanta na n-iarrthóirí mar a cheanglaítear le Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10). Baineann sé sin go háirithe le rúndacht agus le slándáil na sonraí sin.


(1)  Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Meán Fómhair 2013 maidir le himscrúduithe arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (Euratom) Uimh. 1074/1999 ón gComhairle, (IO L 248, 18.9.2013, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2013/883/oj).

(2)   Coiste Maoirseachta OLAF - Coiste Maoirseachta OLAF: https://supervisory-committee-olaf.europa.eu/supervisory-committee-olaf_en.

(3)   https://ec.europa.eu/dgs/human-resources/seniormanagementvacancies/.

(4)  Tá eolas le fáil faoi conas CV Europass a chruthú ar líne ag: https://europa.eu/europass/en/create-europass-cv.

(5)   https://www.coe.int/en/web/common-european-framework-reference-languages/table-1-cefr-3.3-common-reference-levels-global-scale.

(6)  Ní dhéanfar meastóireacht ar scileanna teanga le linn an agallaimh.

(7)  Tá an scála tuarastail le fáil ag: Nuashonrú bliantúil 2025 ar luach saothair agus pinsin oifigigh agus sheirbhísigh eile an Aontais Eorpaigh agus na comhéifeachtaí ceartúcháin a chuirtear i bhfeidhm maidir leo

(8)  22 lá oibre in aghaidh na míosa, is é sin an meán.

(9)  Go háirithe Cinneadh C(2025)2495 an 13 Bealtaine 2025 maidir leis na forálacha ginearálta chun Airteagail 11, 12 agus 13 d’Iarscríbhinn VII a ghabhann le Rialacháin Foirne na nOifigeach agus maidir le taisteal údaraithe a chur chun feidhme.

(10)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE ( IO L 295, 21.11.2018, lch. 39, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2018/1725/oj).


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/3905/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)