|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2026/3619 |
20.7.2026 |
Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais (an Ceathrú Dlísheomra) an 21 Bealtaine 2026 (iarraidh ar réamhrialú ó Landesgericht für Zivilrechtssachen Wien – an Ostair) – TQ v Mr Green Limited
(Cás C-198/24 (1) , Mr Green)
(Tarchur chun réamhrialú - Comhar breithiúnach in ábhair shibhialta agus thráchtála - Rialachán (AE) Uimh. 655/2014 - Nós imeachta d’Ordú Eorpach um Chaomhnú Cuntas chun aisghabháil fiach trasteorann in ábhair shibhialta agus thráchtála a éascú - Coinníollacha maidir le heisiúint - Airteagal 7(1) - Práinn - Fíorbhaol, in éagmais ordú den sórt sin, go gcuirfear isteach ar fhorfheidhmiú an éilimh nó go mbeidh an forfheidhmiú sin i bhfad níos deacra - Cineál an bhaoil sin - Imthosca a d’fhéadfadh a léiriú gurb ann don bhaol sin - Gníomhartha a rinne an féichiúnaí roimhe seo - Bacainní ar aisghabháil i mBallstát sainchónaithe an fhéichiúnaí sin - Reachtaíocht Bhallstát lena bhforáiltear do dho-ghlacthacht aon chaingean dlí a bhaineann le dlíthiúlacht sholáthar seirbhísí cearrbhachais ón mBallstát sin, arna húdarú le reachtaíocht an Bhallstáit sin, agus don oibleagáid atá ar chúirteanna an Bhallstáit sin diúltú d’aithint agus d’fhorghníomhú aon chinnidh bhreithiúnaigh eachtraigh a thugtar mar thoradh ar chaingean den sórt sin)
(C/2026/3619)
Teanga an cháis: an Ghearmáinis
An chúirt a rinne an tarchur
Landesgericht für Zivilrechtssachen Wien
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir: TQ
Cosantóir: Mr Green Limited
An chuid oibríochtúil
Maidir le hAirteagal 7(1) de Rialachán (AE) Uimh. 655/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 lena mbunaítear nós imeachta d’Ordú Eorpach um Chaomhnú Cuntas chun aisghabháil fiach trasteorann in ábhair shibhialta agus thráchtála a éascú,
ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:
féadfaidh cúirt náisiúnta os a comhair a dtaiscfear iarratas ar Ordú Eorpach um Chaomhnú, chun a chinneadh an bhfuil sé práinneach an t-ordú sin a eisiúint, aird a thabhairt, ar an gcéad dul síos, ar iompar ar thaobh an fhéichiúnaí a tharla roinnt blianta sular taisceadh an t-iarratas sin agus, ar an dara dul síos, go bhfuil dlí ann, sa Bhallstát ina bhfuil an féichiúnaí bunaithe, atá in ann bac a chur ar aisghabháil na héilimh atá i gceist.
(1) IO C, C/2024/3061.
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/3619/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)