|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2026/3564 |
2.7.2026 |
FÓGRA ÓN IORUA MAIDIR LE TREOIR 94/22/CE Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE AN 30 BEALTAINE 1994 MAIDIR LEIS NA COINNÍOLLACHA I LEITH DEONÚ AGUS ÚSÁID ÚDARUITHE CHUN HIDREACARBÓIN A CHUARDACH, A THAISCÉALADH AGUS A THÁIRGEADH
Fógra maidir le cuireadh iarratas a dhéanamh ar cheadúnais táirgthe peitriliam ar Scairbh Ilchríochach na hIorua - Deonuithe i Limistéir Réamhshainithe 2026
(C/2026/3564)
Leis seo, fógraíonn Aireacht Pheitriliam agus Fuinnimh na hIorua cuireadh iarratas a dhéanamh ar cheadúnais táirgthe peitriliam i gcomhréir le Treoir 94/22/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 1994 maidir leis na coinníollacha i leith deonú agus úsáid údaruithe chun hidreacarbóin a chuardach, a thaiscéaladh agus a tháirgeadh, Airteagal 3, mír 2, litra a).
Deonófar ceadúnais táirgthe do chuideachtaí atá cláraithe san Iorua nó i stát eile ar páirtí é sa Chomhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (Comhaontú LEE), nó do dhaoine nádúrtha a bhfuil sainchónaí orthu i stát ar páirtí é sa Chomhaontú LEE.
Cuideachtaí nach ceadúnaithe iad ar Scairbh Ilchríochach na hIorua, féadfar ceadúnais táirgthe a dheonú dóibh má bhíonn siad réamhcháilithe mar cheadúnaithe ar Scairbh Ilchríochach na hIorua.
Caithfidh an Aireacht go cothrom le cuideachtaí aonair agus cuideachtaí a dhéanfaidh iarratas mar chuid de ghrúpa. Iarratasóirí a chuirfidh iarratas aonair isteach, nó iarratasóirí a bheidh ina gcuid de ghrúpa a chuirfidh iarratas comhpháirteach isteach, measfar mar aon iarratasóir amháin ar cheadúnas táirgthe iad ar fad. Ar bhonn iarratais a chuirfidh grúpaí nó iarratasóirí aonair isteach, féadfaidh an Aireacht grúpaí ceadúnaithe a ndeonófar ceadúnas táirgthe dóibh a chur le chéile, lena n-áirítear iarratasóirí a bhaint i gcás iarratas grúpa agus iarratasóirí aonair a chur leis, mar aon leis an oibritheoir le haghaidh na ngrúpaí sin a cheapadh.
Beidh deonú leasanna rannpháirtíochta i gceadúnas táirgthe faoi réir Comhaontú maidir le Gníomhaíochtaí Peitriliam a bheith á thabhairt i gcrích ag na ceadúnaithe, lena n-áirítear Comhaontú Oibriúcháin Comhpháirteach agus Comhaontú Cuntasaíochta.
Nuair a bheidh na comhaontuithe sin sínithe, beidh na ceadúnaithe ina gcomhfhiontar inar comhionann i gcónaí méid a leasa rannpháirtíochta agus a leas rannpháirtíocht sa cheadúnas táirgthe.
Ar dhoiciméid ábhartha ó Dheonuithe i Limistéir Réamhshainithe 2025 a bheidh na doiciméid cheadúnais bunaithe go príomha. Is é an aidhm príomhghnéithe aon choigeartaithe ar an gcreat a chur ar fáil do na hiarratasóirí ionchasacha roimh an am chun iarratas a dhéanamh.
Má roinntear an ceadúnas táirgthe go stratagrafach os cionn nó faoi bhun ceadúnas táirgthe eile, ceanglófar ar cheadúnaithe an dá cheadúnas, ar ceadúnais iad a bheidh roinnte go stratagrafach, comhaontú oibriúcháin comhpháirteach stratagrafach a thabhairt i gcrích freisin. Beidh an rud céanna i bhfeidhm má rinneadh ceadúnais a dheonú, nó a dheonú níos déanaí laistigh de limistéar an cheadúnais táirgthe de bhun an Rialacháin Uimh. 1517 an 5 Nollaig 2014, a bhaineann le saothrú taiscumar fomhuirí ar an scairbh ilchríochach chun CO2 a stóráil agus le CO2 a iompar ar an scairbh ilchríochach.
Critéir chun ceadúnas táirgthe a dheonú
Chun dea-bhainistiú acmhainní agus taiscéaladh agus táirgeadh tapa agus éifeachtúil peitriliam ar Scairbh Ilchríochach na hIorua a chur chun cinn, lena n-áirítear cur le chéile grúpaí ceadúnais chun sin a áirithiú, beidh feidhm ag na critéir seo a leanas maidir le deonú leasanna rannpháirtíochta i gceadúnais táirgthe agus maidir le ceapadh oibritheora:
|
a) |
Tuiscint gheolaíoch an iarratasóra ar an limistéar geografach atá i gceist, agus an chaoi a bhfuil sé beartaithe ag na ceadúnaithe taiscéalaíocht éifeachtúil peitriliam a dhéanamh sa limistéar geografach sonrach. |
|
b) |
An plean atá ag an iarratasóir/na hiarratasóirí acmhainní peitriliam féideartha a tháirgeadh sa limistéar geografach sonrach, agus an chaoi ina bhféadfaidh sé sin cur le réitigh limistéir mhaithe. |
|
c) |
Inniúlacht theicniúil ábhartha an iarratasóra, agus an chaoi a bhféadfaidh sé sin rannchuidiú go gníomhach le taiscéalaíocht costéifeachtach agus le tairgeadh féideartha peitriliam ón limistéar geografach atá i gceist. |
|
d) |
Taithí an iarratasóra ar Scairbh Ilchríochach na hIorua nó taithí ábhartha choibhéiseach ó limistéir eile. |
|
e) |
Go bhfuil an acmhainneacht airgeadais shásúil ag an iarratasóir taiscéaladh a dhéanamh ar lorg peitriliam agus le haghaidh táirgeadh féideartha peitriliam sa limistéar geografach atá i gceist. |
|
f) |
Más ceadúnaí i gceadúnas táirgthe é an t-iarratasóir, nó má bhí sé ina cheadúnaí i gceadúnas táirgthe, féadfaidh an Aireacht a chur san áireamh aon chineál easpa éifeachtachta nó easpa cuntasachta a léirigh an t-iarratasóir mar cheadúnaí. Ar mhaithe le slándáil náisiúnta, féadfaidh an Aireacht rochtain ar ghníomhaíocht peitriliam agus an ceart chun gníomhaíocht peitriliam a fheidhmiú a dhiúltú má tá an t-iarratasóir nó an ceadúnaí faoi rialú iarbhír ag stát lasmuigh den LEE, nó ag saoránaigh stár den sórt sin. |
|
g) |
Deonófar ceadúnais táirgthe den chuid is mó do chomhfhiontar i gcás ina mbeidh tobar amháin ar a laghad druileáilte ag ceadúnaí amháin ar a laghad mar oibritheoir ar Scairbh Ilchríochach na hIorua nó i gcás ina mbeidh taithí oibríochtúil ábhartha choibhéiseach aige lasmuigh de Scairbh Ilchríochach na hIorua. |
|
h) |
Mar phríomhriail, deonófar ceadúnais táirgthe ar bheirt cheadúnaithe nó níos mó, i gcás ina mbeidh taithí mar a luaitear faoi g) ag ceann amháin acu ar a laghad |
|
i) |
An t-oibritheoir a cheapfar le haghaidh ceadúnais táirgthe i Muir Barents, beidh tobar amháin ar a laghad druileáilte aige mar oibritheoir ar Scairbh Ilchríochach na hIorua, sin nó beidh taithí oibríochtúil ábhartha choibhéiseach aige lasmuigh de Scairbh Ilchríochach na hIorua. |
|
j) |
Maidir le ceadúnais táirgthe le haghaidh uiscí doimhne, ní mór don oibritheoir a cheapfar agus do cheadúnaí amháin eile ar a laghad tobar amháin ar a laghad a bheith druileáilte acu mar oibritheoir ar Scairbh Ilchríochach na hIorua, sin nó ní mór taithí oibríochtúil chomhionann ábhartha a bheith acu lasmuigh de Scairbh Ilchríochach na hIorua. Mar chuid de na ceadúnais táirgthe sin, ní mór do cheadúnaí amháin druileáil a bheith déanta aige in uiscí doimhne mar oibritheoir. |
|
k) |
Maidir le ceadúnais táirgthe faoina bhfuil coinne le druileáil toibreacha taiscéalaithe faoi ardbhrú agus/nó ardteocht, beidh tobar amháin ar a laghad druileáilte ag an oibritheoir a cheapfar agus ag ceadúnaí amháin eile ar a laghad mar oibritheoir ar Scairbh Ilchríochach na hIorua, sin nó beidh taithí oibríochtúil comhionann ábhartha acu lasmuigh de Scairbh Ilchríochach na hIorua. Mar chuid de na ceadúnas táirgthe seo, beidh tobar faoi ardbhrú agus/nó ardteocht druileáilte ag ceadúnaí amháin mar oibritheoir. |
Bloic atá ar fáil le haghaidh iarratas
Féadfar iarratais ar leasanna rannpháirtíochta i gceadúnais táirgthe a chur isteach le haghaidh na mbloc nach bhfuil ceadúnaithe laistigh den limistéar réamhshainithe, mar a léirítear ar na léarscáileanna arna bhfoilsiú ag Stiúrthóireacht Easchósta na hIorua. Is féidir iarratas a dhéanamh freisin ar acraíocht ar scaradh léi laistigh den limistéar réamhshainithe i ndiaidh an fhógra i gcomhréir le léarscáileanna cothrom le dáta ar Léarscáileanna Fíricí idirghníomhacha Stiúrthóireacht Easchósta na hIorua atá ar fáil ar leathanach gréasáin Stiúrthóireacht Easchósta na hIorua.
Féadfaidh bloc amháin nó níos mó, nó cuid amháin nó níos mó de bhloc nó de bhloic, a bheith i gceist le gach ceadúnas táirgthe. Iarrtar ar na hiarratasóirí an t-iarratas a theorannú do limistéir a mheasann siad a bhfuil ionchas táirgthe ag baint leo.
Tá téacs iomlán an fhógra, lena n-áirítear léarscáileanna mionsonraithe de na limistéir atá ar fáil, le fáil ar leathanach gréasáin Stiúrthóireacht Easchósta na hIorua www.sodir.no/apa2026.
Cuirfear iarratais ar cheadúnais táirgthe peitriliam isteach go leictreonach, mar shampla trí L2S, chuig
|
Ministry of Energy |
|
P.O. Box 8148 Dep. |
|
N-0033 OSLO |
|
NORWAY |
Cuirfear cóip isteach go leictreonach, mar shampla trí L2S, chuig
The Norwegian Offshore Directorate
|
P.O. Box 600 |
|
4003 STAVANGER |
|
NORWAY |
Sprioc-am: 12.00 meán lae an 1 Meán Fómhair 2026.
Tá sé beartaithe go ndeonófar ceadúnais táirgthe peitriliam sna Deonuithe i Limistéir Réamhshainithe 2026 ar Scairbh Ilchríochach na hIorua sa chéad ráithe de 2027.
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/3564/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)