|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2026/3507 |
13.7.2026 |
Iarraidh ar réamhrialú ón Conseil d'État (an Bhelig) a taisceadh an 3 Márta 2026 – Union Générale Belge du Nettoyage ASBL v Région wallonne
(Cás C-171/26, Union Générale Belge du Nettoyage)
(C/2026/3507)
Teanga an cháis: an Fhraincis
An chúirt a rinne an tarchur
Conseil d'État
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir: Union Générale Belge du Nettoyage ASBL
Cosantóir: Région wallonne
Na ceisteanna a tharchuirtear
|
1) |
An bhfuil Rialachán (AE) Uimh. 651/2014 ón gCoimisiún an 17 Meitheamh 2014 ina ndearbhaítear go bhfuil catagóirí áirithe cabhrach comhoiriúnach leis an margadh inmheánach i gcur i bhfeidhm Airteagail 107 agus 108 CFAE (1) le léiriú sa chaoi go bhféadfadh scéim cabhrach lena ndéantar foráil maidir le réamhíocaíochtaí míosúla a íoc ar bhonn sprioc 3 bliana maidir le hoibrithe faoi mhíchumas a fhostú, a bhfuil a méid cinntitheach socraithe ag deireadh na tréimhse sin le haisghabháil na méideanna a fuarthas go míchuí i gcás róchúitimh, tairbhe a bhaint as an díolúine ón bhfógra a eagraítear léi, cé nach bhforáiltear leis an ngníomh rialála lena mbunaítear an scéim sin d’aisghabháil úis nó, i gcás inarb iomchuí, do na socruithe mionsonraithe maidir le haisghabháil? |
|
2) |
An bhfuil Airteagal 107(1) agus Airteagal 108(3) le léiriú sa chaoi go gcuirtear cosc leo ar éifeacht chúlghabhálach scéime nua Státchabhrach, lena gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar síos i Rialachán Uimh. 651/2014 ón gCoimisiún an 17 Meitheamh 2014 ina ndearbhaítear go bhfuil catagóirí áirithe cabhrach comhoiriúnach leis an margadh inmheánach i gcur i bhfeidhm Airteagail 107 agus 108 den Chonradh, díolmhaithe ó réamhfhógra a thabhairt don Choimisiún, ach a bhfuil sé d’éifeacht ag a héifeacht chúlghabhálach fóirdheontais a íocadh faoin iar-scéim chabhrach, atá neamhdhleathach faoi Airteagal 108 (3) CFAE, a áireamh sa scéim nua sin, agus mar thoradh air sin nach féidir fóirdheontais a íocadh le linn na tréimhse cúlghabhálaí a aisghabháil ach amháin a mhéid nach bhfuil siad comhoiriúnach leis an Rialachán sin? |
|
3) |
An bhfuil Airteagal 108(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, i gcomhar, ar thaobh amháin, le prionsabal éifeachtacht dhlí an Aontais agus, ar an taobh eile, le prionsabail na deimhneachta dlíthiúla agus na comhréireachta, le léiriú sa chaoi go gcuirtear cosc leis ar rialú cúirte, i gcomhthéacs díospóid oibiachtúil, maidir le dlíthiúlacht scéime Státchabhrach, gan ach foráil nó forálacha na scéime sin a fhágann nach bhfuil sí ag luí le Rialachán Ginearálta maidir le Blocdhíolúine a chur ar neamhní, cé go bhfuil an scéim Státchabhrach neamhdhleathach mura bhfuil fógra tugtha don Choimisiún ina leith mar thoradh ar an neamhchomhlíonadh sin? |
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/3507/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)