European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2026/3414

6.7.2026

Ordú na Cúirte Ginearálta an 5 Bealtaine 2026 – Skechers USA v EUIPO (SLIP-INS)

(Cás T-732/25)  (1)

(Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh - Iarratas ar fhocalmharc de chuid an Aontais Eorpaigh ‘SLIP-INS’ - Dearbhfhorais le diúltú - Cineál tuairisciúil - Easpa sainiúlachta - Airteagal 7(1)(b) agus (c) de Rialachán (AE) 2017/1001 - Caingean gan bhunús sa dlí go follasach)

(C/2026/3414)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: Skechers USA, Inc. II (Manhattan Beach, California, Stáit Aontaithe Mheiriceá) (ionadaithe: J. Bogatz, Y. Stone, G. Engels, J. Graf Wrangel, L. Bieber agus E. Peeler, Dlíodóirí)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) (ionadaithe: T. Frydendahl, Gníomhaire)

Ábhar

Lena chaingean de bhun Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go gcuirfí cinneadh ón gCeathrú Bord Achomhairc d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 21 Lúnasa 2025 (Cás R 403/2025-4) ar neamhní.

An chuid oibríochtúil

1)

Díbhtear an chaingean.

2)

Ordaítear do gach páirtí a chostais féin a íoc.


(1)   IO C, C/2025/6516, 15.12.2025.


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/3414/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)