European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2026/3337

26.6.2026

Ráiteas comhpháirteach ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gCoimisiún maidir leis an ngá atá le gníomhaíocht bhreise i ndáil le hinfheistíochtaí coigríche agus leis an tslándáil eacnamaíoch

(C/2026/3337)

Aontaíonn Parlaimint na hEorpa agus an Coimisiún gur gá don Aontas leanúint de bheith ina áit tharraingteach chun gnó a dhéanamh, lena n-áiritheofar go rannchuideoidh infheistíochtaí coigríche, go háirithe in earnálacha straitéiseacha, leis an bhfás eacnamaíoch agus leis an iomaíochas.

Aithníonn an dá institiúid, áfach, go bhfuil an baol ann go gcruthóidh infheistíochtaí áirithe spleáchais straitéiseacha agus go mbainfidh siad an bonn d’athléimneacht an mhargaidh inmheánaigh. Tá an baol ann go lagóidh na forbairtí sin slándáil eacnamaíoch an Aontais agus d’fhéadfaidís an bonn a bhaint de bhuntáiste teicneolaíoch, d’athléimneacht eacnamaíoch agus d’acmhainneacht an Aontais poist a chruthú.

I bhfianaise an mhéid sin, measann an dá institiúid gur tosaíocht é measúnú a dhéanamh ar an ngníomhaíocht bhreise is gá agus í a dhéanamh ar leibhéal an Aontais chun aghaidh a thabhairt ar na rioscaí sin agus chun slándáil eacnamaíoch an Aontais a chosaint chun a áirithiú nach méadóidh infheistíochtaí coigríche san Aontas spleáchais straitéiseacha ná bearnaí teicneolaíochta.

Tá sé beartaithe ag an gCoimisiún tionscnamh a ghlacadh chun coinníollacha spriocdhírithe a leagan amach le haghaidh infheistíochtaí coigríche isteach in earnálacha straitéiseacha arna sainaithint go cúramach, i gcomhréir le gealltanais idirnáisiúnta an Aontais, d’fhonn borradh a chur faoi iomaíochas thionscal an Aontais agus aghaidh a thabhairt ar na rioscaí thuasluaite.

Aithníonn Parlaimint na hEorpa an tiomantas sin agus tá sí réidh a ról mar chomhreachtóir a fheidhmiú go hiomlán agus aon togra den sórt sin a mheas go tráthúil (1).’


(1)  Aontaíodh an ráiteas seo i gcomhthéacs ghlacadh Rialachán (AE) 2026/1386 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Meitheamh 2026 maidir le hinfheistíochtaí coigríche isteach san Aontas a scagadh agus lena n aisghairtear Rialachán (AE) 2019/452 (IO L, 2026/1386, 26.6.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2026/1386/oj).


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/3337/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)