|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2026/3336 |
24.6.2026 |
Ráiteas comhpháirteach ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún maidir le hallmhairiú táirgí cruach ón Rúis
(C/2026/3336)
Ó thús an chogaidh, tá bearta nach bhfacthas a leithéid riamh cheana déanta ag an Aontas agus a Bhallstáit chun spleáchais eacnamaíocha ar an Rúis a laghdú agus chun oibriú chun a áirithiú nach rannchuideoidh gníomhaíocht eacnamaíoch an Aontais le hiarracht chogaidh na Rúise a choinneáil ar bun.
Leis na bearta sin, laghdaíodh go mór sreafaí trádála thar raon leathan earnálacha, lena n-áirítear cruach, cuireadh dlús leis an díchúpláil agus cuireadh le hathléimneacht an Aontais, agus léiríodh ag an am céanna cumas an Aontais gníomhú ar bhealach aontaithe cinntitheach nuair a bhíonn a luachanna agus a leasanna straitéiseacha i mbaol.
Ag an am céanna, ní mór don Aontas a bheith airdeallach i gcónaí ar na réimsí sin ina bhfuil spleáchais fós ann go háirithe maidir le táirgí cruach áirithe nach bhfuil toirmeasc iomlán ar a n-allmhairiú go fóill.
Go háirithe, déantar roinnt teoranta allmhairí de thionscnamh na Rúise san earnáil cruach go dtí an 30 Meán Fómhair 2028, i gcomhréir leis na socruithe idirthréimhseacha a leagtar síos sna bearta sriantacha ábhartha arna nglacadh ag an gComhairle. (1) Chun éagsúlú forchéimnitheach agus seasta a áirithiú, cuirtear uasteorainn leis na hallmhairí sin le cuótaí agus laghdaítear méideanna gach bliain.
Agus an creat institiúideach is infheidhme maidir le bearta sriantacha á mheabhrú acu, cuireann Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún Eorpach i bhfios go láidir go bhfuil na bearta sriantacha ábhartha a ghlac an Chomhairle ina mbonn taca faoi chonair i dtreo deireadh iomlán a chur de réir a chéile leis na hallmhairí táirgí cruach ón Rúis a dhéantar go fóill, go háirithe leaca cruach, faoin 30 Meán Fómhair 2028.
(1) Cinneadh 2014/512/CBES ón gComhairle an 31 Iúil 2014 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine, agus Rialachán (AE) Uimh. 833/2014 ón gComhairle an 31 Iúil 2014 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine (IO L 229, 31.7.2014, lch. 13).
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/3336/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)