|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2026/3271 |
16.6.2026 |
Fógra le haghaidh na ndaoine agus an eintitis atá faoi réir na mbeart sriantach dá bhforáiltear i gCinneadh (CBES) 2024/1484 ón gComhairle, arna leasú le Cinneadh (CBES) 2026/1363, agus i Rialachán (AE) 2024/1485 ón gComhairle, arna chur chun feidhme le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2026/1362 maidir le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Rúis
(C/2026/3271)
Dírítear aird na ndaoine agus an eintitis a luaitear san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2024/1484 ón gComhairle (1), arna leasú le Cinneadh (CBES) 2026/1363 ón gComhairle (2), agus in Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán (AE) 2024/1485 ón gComhairle (3), arna chur chun feidhme le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2026/1362 ón gComhairle (4), a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Rúis, ar an bhfaisnéis seo a leanas.
Tá cinneadh déanta ag Comhairle an Aontais Eorpaigh gur cheart na daoine sin agus an t-eintiteas sin a áireamh ar liosta na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí atá faoi réir na mbeart sriantach dá bhforáiltear i gCinneadh (CBES) 2024/1484 agus i Rialachán (AE) 2024/1485 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Rúis. Tugtar na forais leis na daoine agus an t-eintiteas sin a ainmniú sna hiontrálacha ábhartha sna hIarscríbhinní sin.
Cuirtear in iúl do na daoine agus don eintiteas lena mbaineann gur féidir iarratas a dhéanamh chuig údaráis inniúla an Bhallstáit ábhartha nó na mBallstát ábhartha mar a léirítear ar na suíomhanna gréasáin a liostaítear in Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (AE) 2024/1485 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Rúis, chun údarú a fháil le cistí reoite a úsáid chun freastal ar riachtanais bhunúsacha nó chun íocaíochtaí sonracha a dhéanamh (cf. Airteagal 7 den Rialachán).
Féadfaidh na daoine agus an t-eintiteas lena mbaineann iarraidh ar athbhreithniú an chinnidh iad a áireamh ar na liostaí thuasluaite, mar aon le doiciméadacht tacaíochta, a chur faoi bhráid na Comhairle, roimh an 22 Meitheamh 2026 , ag an seoladh a leanas:
|
Comhairle an Aontais Eorpaigh |
|
An Ardrúnaíocht |
|
RELEX.1 |
|
Rue de la Loi/Wetstraat 175 |
|
1048 Bruxelles/Brussel |
|
BELGIQUE/BELGIË |
|
ríomhphost: sanctions@consilium.europa.eu |
Cuirfear aon bharúlacha a gheofar san áireamh chun críoch athbhreithniú tréimhsiúil na Comhairle, i gcomhréir le hAirteagal 11 de Chinneadh (CBES) 2024/1484 agus le hAirteagal 17(4) de Rialachán (AE) 2024/1485.
Cuirtear in iúl do na daoine agus don eintiteas lena mbaineann freisin gur féidir an cinneadh ón gComhairle a chonspóid os comhair Chúirt Ghinearálta an Aontais Eorpaigh, i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos sa dara mír d’Airteagal 275, agus sa cheathrú agus sa séú mír d’Airteagal 263, den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.
(1) IO L, 2024/1484, 27.5.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/1484/oj.
(2) IO L, 2026/1363, 15.6.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/1363/oj.
(3) IO L, 2024/1485, 27.5.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1485/oj.
(4) IO L, 2026/1362, 15.6.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2026/1362/oj.
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/3271/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)