|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2026/3244 |
2.7.2026 |
Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa
Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún
Straitéis le haghaidh athnuachan ó ghlúin go glúin sa talmhaíocht
(COM(2025) 872 final — SWD(2025) 872 final)
(C/2026/3244)
Rapóirtéir:
Arnold PUECH d’ALISSAC|
Comhairleoir |
Amaryllis BLIN (thar ceann an rapóirtéara) |
|
Bunús dlí |
Airteagal 304 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) |
|
Comhairliúchán |
An Coimisiún, 25.11.2025 |
|
An rannóg atá freagrach |
Talmhaíocht, Forbairt Tuaithe agus an Comhshaol |
|
Dáta a glactha sa rannóg |
26.2.2026 |
|
Dáta a glactha sa seisiún iomlánach |
19.3.2026 |
|
Seisiún iomlánach Uimh. |
604 |
|
Toradh na vótála (ar son/in aghaidh/staonadh) |
201/0/3 |
1. Conclúidí agus moltaí
|
1.1. |
Thar aon ní eile, measann CESE go bhfuil sé ríthábhachtach go gcuirfeadh an Coimisiún Eorpach d’oibleagáid ar na Ballstáit a gcuid reachtaíochta a chur i gcomhréir leis na moltaí atá i straitéis an Choimisiúin. |
|
1.2. |
Iarrann CESE ar an gCoimisiún measúnú tionchair a dhéanamh go pras ar chás na bhfeirmeoirí óga sna Ballstáit. |
|
1.3. |
Is díol sásaimh do CESE straitéis an Choimisiúin ach tá baol ann gur beag aird a thabharfar uirthi. Measann sé nach mbeifear in ann í a chur chun feidhme go héifeachtach toisc laghdú mór a bheith ar bhuiséad an chomhbheartais talmhaíochta (CBT). Thairis sin, is é an tuairim atá aige go bhfuil an iomarca béime ar dhreasachtaí sa straitéis, nuair ba cheart í a bheith ceangailteach, agus iarrann sé, dá bhrí sin, go ndéanfaí íosmhéid éigeantach den leithdháileadh 6 % de CBT atá le díriú ar fheirmeoirí óga. Iarrann sé freisin go dtabharfaí isteach prionsabal ‘an láimhdeachais íosta’ a bheadh le cinneadh ar leibhéal na mBallstát, rud a bheadh bunriachtanach chun gnó an chéad fheirmeora eile a bheadh ann a chosaint. |
|
1.4. |
Leagann CESE béim ar a thábhachtaí atá sé a chinntiú go mbeidh an straitéis comhsheasmhach leis na tograí simpliúcháin, faoi chuimsiú CBT agus lasmuigh dá raon feidhme freisin, d’fhonn an t-aistriú a éascú ó ghlúin go glúin. Meabhraíonn sé, go háirithe, gur gá na moilleanna, an éiginnteacht dhlíthiúil agus an t-ualach riaracháin a bhaineann le húdarú gnó feirme a fháil agus le cead a fháil chun feirm a bhunú, a shocrú nó a thógáil ar láimh a laghdú go mór, toisc go bhfuil sé sin ina bhac mór ar an athnuachan ó ghlúin go glúin i mBallstáit áirithe. Leagtar béim freisin ar a thábhachtaí atá cur chuige iomlánaíoch agus cuimsitheach lena ndírítear ar fheirmeoirí go cinnte, agus ar oibrithe óga agus ar ghrúpaí leochaileacha freisin. |
|
1.5. |
Creideann CESE nach mór an chéad chlársceidealú eile de CBT a dhéanamh trí na huirlisí atá ann cheana a chomhdhlúthú agus trína mhéid a chomhlánaíonn siad a chéile a fheabhsú (1), go háirithe tríd an tacaíocht ioncaim fhorlíontach d’fheirmeoirí óga, na deontais chun dul i mbun gnó (nó deontais d’fheirmeoirí óga) agus an chabhair infheistíochta d’fheirmeoirí óga a mhéadú. Ba cheart leas a bhaint as uirlisí bainistithe riosca CBT freisin agus buiséad nach beag a chur ar fáil dóibh. |
|
1.6. |
Creideann CESE nach bhfuil an athnuachan ó ghlúin go glúin indéanta gan acmhainneacht infheistíochta. Iarrann sé go dtabharfaí isteach ionstraimí airgeadais simplí, neamh-mhaorlathacha a chuirfí in oiriúint d’fheirmeoirí i ndáil leis na táirgí airgeadais a chuireann na bainc go háirithe ar fáil (2). |
|
1.7. |
Tá CESE i bhfách leis an ról thar a bheith tábhachtach atá ag an gconraitheoireacht. Is díol sásaimh dó gur fhormheas Parlaimint na hEorpa i mí Dheireadh Fómhair 2025 athbhreithniú ar rialacha Chomheagrú na Margaí (CEM), rud lenar tugadh isteach ceanglas go mbeadh ar tháirgeoirí agus a gceannaitheoirí conarthaí a úsáid agus iad i mbun gnó san Aontas. Is beart tábhachtach é sin chun an caidreamh trádála a athchothromú. |
|
1.8. |
Leagann CESE béim ar a ábhartha atá rialacháin náisiúnta amhail dlíthe EGAlim na Fraince nó an dlí maidir leis an mbiashlabhra (an Spáinn), ar rialacháin iad ónar cheart do Bhallstáit eile inspioráid a fháil chun an caidreamh tráchtála idir táirgeoirí agus ceannaitheoirí a dhéanamh níos cothroime. |
|
1.9. |
Maidir le scileanna nua a fhoghlaim, iarrann CESE go ndéanfaí an chéad chéim den oiliúint agus an próiseas foghlama leanúnach a chur chun cinn agus a neartú i measc feirmeoirí agus oibrithe talmhaíochta. |
|
1.10. |
Tugann CESE le fios go bhfágann an ghéarchéim aeráide go bhfuil práinn bhreise leis an athnuachan ó ghlúin go glúin. Ní mór an t-eolas cuí a bheith ag na feirmeoirí agus na hoibrithe talmhaíochta ar fad chun go bhféadfaidh siad na dúshláin sin a thuar agus dul i ngleic le hathruithe arb iadsan is túisce a bheidh thíos leis na hiarmhairtí díobhálacha a bheidh acu. |
|
1.11. |
Mar sin féin, in ainneoin na ndeacrachtaí sin, measann CESE go bhfuil géarghá leis go mbeadh an talmhaíocht ina fíor-rogha gairme. Molann CESE go mbeadh feachtas cumarsáide uaillmhianach agus dearfach Eorpach ann maidir leis an talmhaíocht chun béim a leagan ar an tábhacht straitéiseach, eacnamaíoch, shochaíoch agus chomhshaoil a bhaineann léi. Tathantaíonn sé ar an gCoimisiún oideachas bia agus talmhaíochta ó aois óg a thabhairt isteach mar ábhar éigeantach ar leibhéal na mBallstát trí churaclaim scoile a choigeartú (ranganna teoirice, cuairteanna ar fheirmeacha, etc.). Ba cheart béim a chur ar scéalta ratha, thar aon ní eile. |
|
1.12. |
Leagann CESE béim ar a thábhachtaí atá sé ceantair thuaithe atá bríomhar, rathúil, inrochtana agus athléimneach a chothú san Aontas, sin le rá ceantair a bhfuil rochtain iomchuí acu ar sheirbhísí bunriachtanacha, ar thithíocht, ar shoghluaisteacht agus ar nascacht dhigiteach. Tá sé tábhachtach go leanfaidh an fhorbairt tuaithe de bheith ina cuspóir láidir de chuid CBT agus go ndéanfar cistiú leordhóthanach a leithdháileadh uirthi (3). Ní mór don Aontas leanúint de na hiarrachtaí atá ar bun aige chun an fhís fhadtéarmach atá aige do na ceantair thuaithe a bhaint amach. |
|
1.13. |
Measann CESE gur chun leasa choitinn na n-oibrithe, na bhfeirmeoirí agus na bpobal tuaithe atá poist chonarthacha, dálaí oibre intuartha agus slite beatha slána. Cruthaíonn na dálaí sin timpeallacht chobhsaí inar féidir na glúnta óga a mhealladh chuig an talmhaíocht agus athnuachan ó ghlúin go glúin a chothú san earnáil. |
|
1.14. |
Leagann CESE béim ar a thábhachtaí atá scéimeanna ráthaíochta agus tacaíochta d’fhiontraithe óga, d’fhonn cinnteacht airgeadais a áirithiú dá bpleananna gnó le linn na céime tosaigh trí neamhchosaint ar rioscaí a laghdú agus trína gcomhpháirtithe a chur ar a suaimhneas. Chuige sin, tá CESE ag iarraidh go ndéanfaí feirmeoirí óga, mar aon le feirmeoirí a bhfuil a ngabháltais á n-aistriú acu chuig feirmeoirí óga nó á léasú acu le feirmeoirí óga a shaoradh ó aon ualach cánach don chéad chúig bliana tar éis dóibh dul i mbun gnó. |
|
1.15. |
Creideann CESE gur cheart don Aontas na Ballstáit a spreagadh chun córais éifeachtacha tacaíochta feirme agus athsholáthair saothair a chur ar bun, mar chuid den tslándáil shóisialta náisiúnta nó de CBT. |
|
1.16. |
Ar deireadh, leagann CESE béim ar a thábhachtaí atá córas pinsin slán atá cothrom agus curtha in oiriúint do réaltacht na ngairmeacha in earnáil na talmhaíochta, ar minic ioncam neamhrialta mar shaintréith acu, agus is oth leis an easpa uaillmhéine sa straitéis i ndáil leis sin. Le scéimeanna comharbais agus pinsin, ba cheart go mbeifí in ann dul ar scor le dínit agus gan deacrachtaí airgeadais, agus go bhféadfaí feirmeacha a aistriú go héasca. Dar le CESE, níor cheart go mbeifí in ann tacaíocht CBT a fháil má tá duine ag tarraingt pinsin. |
2. Réamhrá
|
2.1. |
Is é atá sa tuairim seo ionchur CESE sa straitéis le haghaidh athnuachan ó ghlúin go glúin ar fhoilsigh an Coimisiún togra ina leith an 24 Deireadh Fómhair 2024. Is é is aidhm do na bearta a eascraíonn as sin earnáil talmhaíochta inbhuanaithe, athléimneach agus tharraingteach a chinntiú sna blianta atá amach romhainn. |
|
2.2. |
In 2020, ba é 57 mbliana meánaois fheirmeoirí na hEorpa, agus ní raibh ach 12 % díobh faoi bhun 40 bliain d’aois. Sna blianta amach romhainn, rachaidh feirmeoir amháin as gach triúr ar scor. Is baol í an staid dhéimeagrafach seo do shlándáil bia agus d’uathriail straitéiseach an Aontais (4). |
|
2.3. |
Is gairm dhúshlánach í gairm na feirmeoireachta, óir is gá dul i ngleic le rioscaí aeráide, eacnamaíocha agus margaidh, leis an rórialáil, le dálaí oibre deacra agus bíonn gá le heolas teicniúil speisialaithe agus sonrach. Ag an am céanna, tá an rómhaorlathas ina bhac ar fheirm a chur ar bun. Chun go leanfaidh an talmhaíocht de bheith ina hearnáil tharraingteach, beidh gá le dálaí maithe maireachtála agus oibre a chur ar fáil san earnáil sin, agus creat agus uirlisí sonracha saincheaptha a chur ar fáil freisin, chun go mbeidh feirmeoirí in ann leanúint de bheith athléimneach in earnáil ina mbíonn orthu dul i ngleic leis na brúnna sin ar bhonn seasta. |
|
2.4. |
Meabhraíonn CESE go bhfuil rochtain ar thalamh, ar chreidmheas inacmhainne agus ar scileanna riachtanacha fós ina mbac mór ar fheirmeoirí óga. Iarrann sé ar an gCoimisiún measúnú tionchair críochnúil nuashonraithe a dhéanamh ar staid na bhfeirmeoirí óga sna Ballstáit uile. Tá an obair sin ar bun cheana féin le 15 bliana ag an bPortaingéil, a bhfuil a cás ar cheann de na cásanna is mó imní. Tacaíonn CESE freisin leis an iarraidh ó Pharlaimint na hEorpa in 2023 go mbeadh measúnú ar an tionchar socheacnamaíoch ar fheirmeoirí óga san áireamh in aon reachtaíocht talmhaíochta, aeráide nó chomhshaoil a bheadh ann amach anseo (5). |
|
2.5. |
Dar le CESE, is é atá i gceist, thar aon ní eile, deiseanna eacnamaíocha réalaíocha a chur ar fáil do dhaoine óga. Ní thabharfaidh aon duine faoi ghairm in earnáil na talmhaíochta gan an deis a bheith acu ioncam cuibhiúil a thuilleamh agus brabús fadtéarmach a dhéanamh. Leagann CESE béim ar pharadacsa na talmhaíochta, is é sin go bhfuiltear ag iarraidh ar fheirmeoirí dul i ngleic leis na dúshláin mhóra, mar shampla an biafhlaitheas, an t-athrú aeráide agus an inbhuanaitheacht, agus, ag an am céanna, go bhfuiltear ag ciorrú na n-acmhainní airgeadais a leithdháiltear orthu. Gan tacaíocht chuí a thabhairt trí CBT, ní bheifear in ann maireachtáil ar ioncam feirmeora, agus ní bheidh athnuachan ó ghlúin go glúin ann. Má thagann meath ar thalmhaíocht na hEorpa, beidh saoránaigh an Aontais ag brath ar bhia nach dtagann lenár gcaighdeáin. |
|
2.6. |
Dar le CESE, ní bhainfear amach an athnuachan ó ghlúin go glúin gan cur chuige iomlánaíoch agus cuimsitheach lena ndírítear ar fheirmeoirí, ar oibrithe talmhaíochta agus ar ghrúpaí leochaileacha freisin. Tá sé tugtha le fios i ngrinnanailís a rinneadh ar mhargadh saothair na talmhaíochta go bhfuil méadú ar thábhacht na n-oibrithe talmhaíochta chun fostaíocht tuaithe agus inbhuanaitheacht na hearnála a chobhsú (6). |
|
2.7. |
Ag an am céanna, cuireann CESE i bhfios go láidir gur féidir le cineálacha athghiniúnacha talmhaíochta an táirgeadh bia inbhuanaithe a fheabhsú, trí thacú le cuspóirí aeráide, cuspóirí sláinte ithreach agus cuspóirí bithéagsúlachta agus, ag an am céanna, tuarastal na bhfeirmeoirí agus an táirgeadh talmhaíochta a mhéadú agus cur leis an tseasmhacht i gcoinne teagmhais adhaimsire aeráide. A bhuí leis an talmhaíocht athghiniúnach, cuirtear fís nua chun cinn lenar féidir borradh a chur faoi athnuachan na hearnála, daoine óga agus feirmeoirí nua a mhealladh, agus samhlacha gnó agus maoiniú inbhuanaithe a chur chun cinn. Tugtar le fios freisin go bhfuil an talmhaíocht mar chuid den réiteach chun dul i ngleic leis an athrú aeráide agus le cailliúint na bithéagsúlachta, agus go neartaítear an nasc idir éiceachórais shláintiúla athléimneacha agus an rathúnas (7). |
|
2.8. |
Lasmuigh de CBT, is ar na Ballstáit atá an fhreagracht baic áirithe a bhainistiú, rud atá i gcomhréir le hullmhú na ‘straitéisí náisiúnta faoi 2028’ a d’iarr an Coimisiún. Mar chuid den straitéis, dhéanfaí bearta tacaíochta spriocdhírithe a shainiú i gcomhréir le moltaí an Choimisiúin. Beidh ar na Ballstáit tuairisciú go rialta maidir leis an dul chun cinn. Sa tuairim seo, tá sé beartaithe ag CESE roinnt beart a léiriú a d’fhéadfaí a chur i straitéisí na mBallstát, agus é a chur ina luí ar an gCoimisiún a thábhachtaí atá sé táscairí faireacháin a fhorbairt a luaithe is féidir, chun go mbeifí in ann measúnú oibiachtúil a dhéanamh ar an tionchar a bheadh ag na bearta a dhéanfaí. |
3. An togra ón gCoimisiún agus an buiséad
|
3.1. |
Is é is aidhm do straitéis an Choimisiúin an líon feirmeoirí óga san Aontas a dhúbailt faoi 2040 (ó 1,09 milliún go 2,18 milliún, as 9,1 milliún feirmeoir san iomlán in 2020) ionas gur feirmeoirí óga agus feirmeoirí nua iad thart ar 24 % d’fheirmeoirí na hEorpa. Chuige sin, leagadh béim ar chúig phríomhréimse gníomhaíochta, mar atá, rochtain ar thalamh, ar mhaoiniú, ar scileanna, ar chaighdeán cóir maireachtála i gceantair thuaithe agus ar thacaíocht don chomharbas. |
|
3.2. |
Tá sé beartaithe an straitéis a chur chun feidhme ar leibhéil éagsúla: an CBT atá ann faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo, beartais chomhlántacha an Aontais agus na gníomhaíochtaí a rinneadh ar leibhéal na mBallstát maidir le gach ceann de na réimsí gníomhaíochta a sainaithníodh. Chun a chinntiú go n-éireoidh leis an straitéis, dearbhaíonn an Coimisiún a thábhachtaí atá gealltanas ar bhonn Eorpach, náisiúnta agus réigiúnach. I ndáil leis an méid sin, aontaíonn CESE leis an togra ó Copa-Cogeca go n-iarrfaí ar an gCoimisiún a iarraidh ar na Ballstáit creat dlíthiúil soiléir a chur i bhfeidhm (lasmuigh de CBT), rud a chuideodh le daoine óga a spreagadh chun dul isteach in earnáil na talamhaíochta agus fanacht inti. D’áireofaí leis sin cánachas, córais phinsin, bearta beartais talún, oideachas agus oiliúint. |
|
3.3. |
Ó thaobh buiséid de, tá sé beartaithe ag an gCoimisiún an sciar d’imchlúdach gach Ballstáit atá tiomnaithe d’fheirmeoirí óga a dhúbailt ó 3 % go 6 %, ach gan bearta comhéigneacha a dhéanamh ag an gcéim seo, rud is oth le CESE, go háirithe ós rud é go mbeidh laghdú mór, ar an iomlán, ar an gcéad bhuiséad eile a bheidh in CBT, rud nach féidir glacadh leis. |
|
3.4. |
Chomh maith leis sin, athdhearbhaíonn CESE a thábhachtaí atá sé comhsheasmhacht a chinntiú leis na tograí simpliúcháin, faoi chuimsiú CBT agus lasmuigh dá raon feidhme. Ní féidir glacadh leis an ualach riaracháin atá ar fheirmeoirí agus ní mór é a laghdú chun an t-aistriú ó ghlúin go glúin a éascú. |
4. Rochtain ar scileanna
|
4.1. |
Chun dul i ngleic leis na géarchéimeanna eacnamaíocha, sóisialta agus comhshaoil, tá sé ríthábhachtach an rochtain ar scileanna agus ar oiliúint ar feadh an tsaoil a éascú agus a chur chun cinn d’fheirmeoirí agus oibrithe talamhaíochta, i gcomhthéacs ina mbíonn ar oibrithe talmhaíochta a gcleachtais a chur in oiriúint go seasta. Iarrann CESE go gcuirfí an chéad chéim den oiliúint, chomh maith le próiseas foghlama leanúnach, chun cinn. |
Oiliúint tosaigh
|
4.2. |
I mBallstáit áirithe, cuid suntais é an t-oideachas talmhaíochta mar gheall ar é a bheith faoi chúram na hAireachta Talmhaíochta agus mar gheall ar na torthaí den scoth a fhaightear i scrúduithe agus go n-éiríonn le lear mór mac léinn post a fháil san earnáil. |
|
4.3. |
Chun daltaí scoile a mhealladh chuig cúrsaí oiliúna tosaigh atá saincheaptha do riachtanais agus d’ionchais shaol na talmhaíochta agus daoine óga araon, ní mór luach a chur ar an oideachas talmhaíochta ó thaobh an ábhair atá i gceist ann agus na socruithe a bhaineann lena theagasc, agus é a fhorbairt freisin chun athruithe atá ag tarlú faoi láthair agus atá tuartha don todhchaí a chur san áireamh. |
|
4.4. |
Lasmuigh den spriocphobal sin, baineann an chéad chéim den oiliúint le daoine atá ag aistriú gairm bheatha freisin, agus tá méadú ag teacht ar a líon siúd. Go deimhin, tá na bealaí chun gnó a bhunú in earnáil na talmhaíochta tar éis éirí níos casta: is féidir le clann feirmeora post a ghlacadh in earnálacha eile sula dtugann siad faoin bhfeirmeoireacht, is féidir le hoibrithe talmhaíochta feirm a thógáil ar láimh, tá feirmeacha á dtógáil ar láimh níos mó agus níos mó lasmuigh de thimpeallacht an teaghlaigh agus tá méadú ar líon na ndaoine ó chúlraí neamhthalmhaíochta atá ag iarraidh dul leis an bhfeirmeoireacht (8). |
|
4.5. |
Chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin sin, iarrann CESE go ndéanfaí an méid seo a leanas (9):
|
|
4.6. |
Ina theannta sin, cuireann CESE chun suntais an tábhacht a bhaineann le feachtas cumarsáide dearfach a chur ar bun maidir leis an talmhaíocht chun béim a leagan ar an tábhacht straitéiseach, eacnamaíoch, shóisialta agus chomhshaoil a bhaineann leis an talmhaíocht agus ar an méid atá bainte amach go dtí seo. |
|
4.7. |
Creideann CESE gur cheart an t-oideachas talmhaíochta agus bia a chomhtháthú san oideachas ón mbunscoil ar aghaidh (ranganna, cuairteanna, foghlaim faoin earnáil) chun feasacht a mhúscailt maidir leis na gairmeacha éagsúla atá san earnáil talmhaíochta agus bia agus maidir leis na dúshláin atá le freagairt. |
|
4.8. |
Tá sé ríthábhachtach nasc a chruthú idir saol na talmhaíochta agus an pobal i gcoitinne. Is gá faisnéis a chur os comhair an phobail chun go mbeidh tuiscint níos fearr ar shaineolas na bhfeirmeoirí, chun cabhrú le daoine roghanna eolasacha a dhéanamh agus chun an mhuinín atá ag an bpobal as samhail agraibhia na hEorpa a neartú. |
|
4.9. |
Cabhraíonn an luathoideachas, an fhostaíocht chobhsaí agus staid láidir eacnamaíoch leis an athnuachan ó ghlúin go glúin a chur chun cinn, mar aon le todhchaí na talmhaíochta agus cobhsaíocht dhéimeagrafach agus eacnamaíoch na gceantar tuaithe. |
Oiliúint leanúnach
|
4.10. |
Ní mór oiliúint leanúnach, rud atá fíor-riachtanach d’inbhuanaitheacht feirmeacha agus dá n-oiriúnú, a bheith inaitheanta, inrochtana, rialta agus éifeachtach. Is éard atá á mholadh ag CESE:
|
5. Rochtain ar mhaoiniú
CBT
|
5.1. |
I bhfianaise an lín mhóir daoine atá ag dul ar scor in earnáil na talmhaíochta, rud a dtiocfaidh méadú air sna blianta le teacht, tá géarghá le dreasacht láidir a thabhairt, do dhaoine óga go háirithe, chun gnó a bhunú. Chomh maith leis an imfhalú ar bhuiséad an Aontais chun tacú leis an athnuachan ó ghlúin go glúin, is é sin 6 % de bhuiséad CBT agus é bunaithe ar riachtanais, creideann CESE gurb é is gá a dhéanamh sa chéad chlársceidealú eile de CBT na huirlisí atá ann cheana a chomhdhlúthú agus feabhas a chur ar an gcaoi a gcomhlánaíonn siad a chéile (10), sin agus béim á leagan ar an méid seo a leanas:
|
|
5.2. |
Meabhraíonn CESE a thábhachtaí atá an chabhair le haghaidh bainistiú riosca i bhfianaise na mbrúnna éagsúla eacnamaíocha, geopholaitiúla, sláinte agus aeráide atá ar thionscail éagsúla na talmhaíochta agus tionchar an-díreach acu ar an acmhainneacht táirgeachta. Is uirlis fhíor-riachtanach é CBT chun ioncam agus táirgeadh a chosaint agus ní mór dó a bheith in ann rioscaí a chosc trí mhaoiniú na socruithe coisc agus cosanta a threisiú agus chun caillteanais a tharlaíonn de bharr rioscaí agus feiniméin aeráide, sláinte, chomhshaoil agus eacnamaíocha a chúiteamh. |
|
5.3. |
Tá CESE den tuairim gur cheart úsáid an 3 % de na híocaíochtaí díreacha, ar féidir le feirmeoirí iad a úsáid mar ranníocaíochtaí leis an uirlis bainistithe riosca, a fheabhsú agus a chur chun cinn ar leibhéal na mBallstát. Ba cheart go bhfágfadh an méid sin go mbeadh feabhas ar na cistí frithpháirteacha talmhaíochta a fhad a bhaineann sé le tionscnaimh i dtaca le rioscaí sláinte agus comhshaoil (11). |
|
5.4. |
Tacaíonn CESE leis an gcúlchiste le haghaidh géarchéimeanna san earnáil talmhaíochta a mhéadú ar leibhéal an Aontais, mar gur uirlis chomhleanúnach Eorpach um bainistiú géarchéime atá ann (12). |
Forálacha CEM agus rialacháin náisiúnta eile
|
5.5. |
Athdhearbhaíonn CESE an ról ríthábhachtach atá ag an gconraitheoireacht agus is díol sásaimh dó an t-athbhreithniú a rinneadh i mí Dheireadh Fómhair 2025 ar rialacha CEM, rud a fhágann go bhfuil ceanglas ar na táirgeoirí agus na ceannaitheoirí san Aontas conarthaí a úsáid. Is beart thar a bheith tábhachtach an beart sin chun an caidreamh trádála laistigh de na tionscail éagsúla a athchothromú (cé is moite de thionscal na ngránach, atá faoi réir margaí domhanda atá an-luaineach). Tá an t-athchóiriú sin, atá bunaithe ar chostais táirgthe a chur san áireamh agus ar an gcómhargáil a neartú (13), i gcomhréir leis na cineálacha éagsúla cur chuige náisiúnta amhail dlíthe EGAlim na Fraince nó an dlí maidir leis an mbiashlabhra sa Spáinn. |
|
5.6. |
Leagann CESE béim freisin ar ról na gcomharchumann agus na n-eagraíochtaí táirgeoirí mar phríomhphointí iontrála do tháirgeoirí, ionas gur féidir leo páirt a ghlacadh sa chómhargáil agus leas a bhaint as comhaontuithe conarthacha. I gcás na mBallstát nach leor mar atá na heagraíochtaí sin forbartha iontu, tá CESE ag iarraidh go dtabharfaí tacaíocht airgeadais chun iad a fhorbairt. |
Táirgí airgeadais
|
5.7. |
Molann CESE tacaíocht a chur ar fáil d’acmhainn infheistíochta na bhfeirmeoirí, rud atá ríthábhachtach chun gnó a bhunú, trí bhíthin ionstraimí airgeadais simplí, neamh-mhaorlathacha a chuirfí in oiriúint d’fheirmeoirí i ndáil le táirgí airgeadais a chuireann bainc ar fáil, agus i ndáil le táirgí airgeadais eile freisin (i.e. deontais, cistí infheistíochta, glaonna ar léiriú spéise, glaonna ar thionscadail, etc.) (14). Bheadh sé sin ag teacht leis an togra ón gCoimisiún oibriú i gcomhar le BEI chun scéimeanna ráthaíochta agus/nó fóirdheontais úis a fhorbairt. Cé go gcuidíonn an cineál sin táirge airgeadais le tionchar na ndúshlán atá roimh fheirmeoirí a mhaolú, cuireann CESE in iúl, áfach, gur cheart cur chuige comhcheangailte a chur chun cinn trí shraith réimsí gníomhaíochta, lena n-áirítear rochtain ar mhaoiniú. |
6. Rochtain ar thalamh: rochtain ar thalamh talmhaíochta a chaomhnú agus a éascú
|
6.1. |
D’fhonn samhail talmhaíochta na hEorpa a chaomhnú, tá sé thar a bheith tábhachtach an rochtain ar thalamh talmhaíochta a chaomhnú agus a éascú ar mhaithe leis an athnuachan ó ghlúin go glúin agus leis an mbiafhlaitheas. Seo a bhí le rá ag Ionadaíocht an Choimisiúin sa Fhrainc: ‘cé gur le formhór na bhfeirmeoirí scothaosta a dtalamh féin, is minic gur tionóntaí a bhíonn sna glúnta níos óige, agus 15 mhilliún heicteár á saothrú acu mar thionóntaí i gcomparáid le 10 milliún heicteár mar úinéirí. Tá an rochtain ar thalamh (...) fós ina constaic mhór d’fheirmeoirí óga.’ (15) |
|
6.2. |
Mar sin féin, i gcás CESE, tá sé tábhachtach i gcónaí rochtain ar thalamh ar cíos a éascú, lena n-áirítear trí dhreasachtaí cánach a thabhairt d’úinéirí a bhfuil a dtalamh ar cíos ag daoine óga. Ba cheart feidhm a bheith ag an díolúine sin freisin i gcás feirmeoirí óga agus feirmeoirí a bhfuil a ngabháltais á n-aistriú acu chuig daoine óga, le linn na chéad chúig bliana tar éis an aistrithe. Meabhraíonn an Coiste a éifeachtaí atá na conarthaí cíosa fadtéarmacha. Tá ag éirí go han-mhaith leis na conarthaí sin i roinnt Ballstát, sa Fhrainc mar shampla. Tacaíonn CESE leis an togra ón gCoimisiún Faireachlann Talún Eorpach a bhunú chun cur leis an trédhearcacht, bonn eolais a chur faoi cheapadh beartas, an amhantraíocht a chosc agus rochtain ar thalamh a éascú d’fheirmeoirí nua (16). |
|
6.3. |
Ina theannta sin, leagann CESE béim ar an ról fíor-riachtanach atá ag na Sociétés d'Aménagement Foncier et d'Etablissement Rural (SAFER) sa Fhrainc, ar cuideachtaí príobháideacha iad a bhfuil cúraimí seirbhíse poiblí orthu chun an rochtain ar thalamh talmhaíochta a rialú. I gcás talamh a dhíol, is féidir le cuideachtaí SAFER an ceannaitheoir deiridh a roghnú nó athbhreithniú a dhéanamh ar an bpraghas díola. Sa chás sin, tá feirmeoirí óga i mbun gnó thar a bheith tábhachtach chun talamh a dháileadh nó a athaistriú (17). |
|
6.4. |
Is féidir sásraí poiblí éifeachtacha a chur i bhfeidhm chun rochtain ar thalamh talmhaíochta a éascú, go háirithe trí thalamh tréigthe nó tearcúsáidte a shainaithint agus a chur in úsáid, scéimeanna aistrithe talún idirghlúine a spreagadh agus uirlisí trédhearcacha a chruthú lena bhfeabhsaítear an mheaitseáil idir soláthar agus éileamh talún. Tá rochtain éifeachtach ar thalamh ríthábhachtach, ní hamháin ar bhonn eacnamaíoch ach i dtéarmaí cáilíochta, méide agus acmhainneachta táirgeachta, chun cur ar chumas feirmeoirí óga agus gairmiúla tionscadail talmhaíochta inmharthana agus inbhuanaithe a fhorbairt. |
7. Rochtain ar chaighdeán cóir maireachtála i gceantair thuaithe
|
7.1. |
Is iomaí buntáiste, acmhainn agus féidearthacht a bhaineann le ceantair thuaithe. Is rómhinic, áfach, nach ndéantar aon trácht orthu sa díospóireacht phoiblí ach i gcás saincheisteanna a bhaineann leis an dúlra, leis an gcomhshaol agus le cáilíocht saoil, rud a chuireann a ról táirgiúil, na ceannairí tionscadail agus na fiontraithe ar leibhéal tánaisteach. Tacaíonn CESE leis an Teachtaireacht ón gCoimisiún A long-term Vision for the EU's Rural Areas - Towards stronger, connected, resilient and prosperous rural areas by 2040 agus iarrann sé go leanfaí den obair sin, agus go háirithe an bhéim a chuirtear ar na bearta chun beartais agus tacaíocht an Aontais do na ceantair thuaithe a neartú sna blianta amach romhainn. |
|
7.2. |
Ní féidir leis an bhforbairt tuaithe a bheith inbhuanaithe san fhadtéarma mura bhfuil ról lárnach ag na feirmeoirí ann. Chuige sin, tá gá le poist atá bunaithe ar chaidreamh fostaíochta dea-eagraithe agus ar fhíoriarracht poist a chruthú. Tá CESE ag iarraidh go mbeadh buntáistí cánach ann do chuideachtaí a sholáthraíonn seirbhísí, ós rud é go gcuireann siad go mór leis an bhfostaíocht sna réigiúin. |
|
7.3. |
Seo atá le rá ag Cónaidhm Náisiúnta Chumainn na bhFeirmeoirí sa Fhrainc (FNSEA) ina Forógra ‘Manifeste pour des ruralités vivantes’ (Forógra ar son ceantair thuaithe bheomhara): ‘Braitheann forbairt shocheacnamaíoch na gceantar tuaithe ar ár gcumas comhchoiteann freagairt cás ar chás do réaltachtaí sonracha gach ceantair ar leith. (…). Ní mór do mhuintir na tuaithe agus na gceantar uirbeach a bheith in ann tabhairt faoi thionscnaimh agus dul chun cinn a dhéanamh, maireachtáil óna gcuid oibre, a bheith neamhspleách, freastal ar an éileamh agus rannchuidiú le dinimiceas agus le pleanáil inbhuanaithe ár gcuid ceantar tuaithe’ (18). |
|
7.4. |
Is chun leasa choitinn na n-oibrithe, na bhfeirmeoirí, na bpobal tuaithe agus na ngrúpaí leochaileacha atá poist chonarthacha, dálaí oibre intuartha agus slite beatha slána. Cruthaíonn na dálaí tábhachtacha sin timpeallacht chobhsaí inar féidir na glúnta óga a mhealladh chuig an talmhaíocht agus athnuachan ó ghlúin go glúin a chothú san earnáil. Tá CESE i bhfách leis an tábhacht a bhaineann le cur chuige cuimsitheach iomlánaíoch. Bíonn feirmeoirí faoi bhrú ag foinsí struis éagsúla ar nós uaireanta oibre dúshlánacha agus an aonraithe shóisialta agus is féidir tionchar na dtosca seo ar a meabhairshláinte a bheith trom. |
|
7.5. |
Cumhdaítear réimse leathan riachtanas leis an bhforbairt tuaithe. Chun caighdeán cóir maireachtála agus cáilíocht saoil a chinntiú i gceantair thuaithe — rud atá riachtanach don athnuachan ó ghlúin go glúin —, sin agus an ceart fanachta (19) a áirithiú, cuireann CESE i bhfios go láidir gur gá do na Ballstáit an saol laethúil a éascú tríd an méid seo a leanas a dhéanamh (20):
|
|
7.6. |
Dar le CESE, tá sé ríthábhachtach go mbeadh córais éifeachtacha tacaíochta feirme agus athsholáthair saothair i bhfeidhm ag na Ballstáit uile. Tá córas bunaithe ar an tslándáil shóisialta náisiúnta ag roinnt Ballstát cheana féin. Mura féidir é sin a dhéanamh, ba cheart don Choimisiún a áirithiú go gcuirfear córas dá leithéid chun feidhme faoi CBT. |
8. Tacaíocht don chomharbas agus an scor
|
8.1. |
Tá sé ríthábhachtach bunú agus aistriú gnólachtaí a éascú i gceantair thuaithe. Bhí an Coimisiún in ann a léiriú go dtagann méadú ar infheistíochtaí ar leibhéal na feirme má aimsítear comharba, ach, ceal comharba, gur laghdú a thagann ar an infheistíocht. Dar le CESE, ní mór bearta áirithe a chur i bhfeidhm ar leibhéal na mBallstát (21):
|
|
8.2. |
Tá dlúthnasc idir cinniúint na bhfeirmeoirí óga agus cinniúint na bhfeirmeoirí uile; ba cheart caitheamh leo mar aon ghrúpa amháin. Athdhearbhaíonn CESE a thábhachtaí atá an athnuachan ó ghlúin go glúin agus córas pinsin atá slán, cothrom agus oiriúnach do ghairmeacha na talmhaíochta, a mbíonn ioncam neamhrialta mar shaintréith acu go minic. Tá éagsúlacht mhór idir na córais sin ó thír go tír toisc gur faoi fhreagracht na mBallstát atá siad. I roinnt Ballstát, tá na pinsin in earnáil na talmhaíochta fós i measc na bpinsean is ísle. Tá amhras ar CESE faoina ábhartha atá sé na saincheisteanna sin a chur san áireamh sa Seimeastar Eorpach. |
|
8.3. |
Uaireanta fágann na córais chomharbais agus phinsin go gcuirtear moill ar aistriú feirme. Is oth le CESE an easpa uaillmhéine atá i straitéis an Choimisiúin agus molann sé go mbeadh an méid seo a leanas éigeantach:
|
An Bhruiséil, an 19 Márta 2026.
Uachtarán
Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa
Séamus BOLAND
(1) Féach an doiciméad Pour une nouvelle Europe agricole — en bref [Ar son Eoraip nua thalmhaíochta — i mbeagán focal].
(2) IO C, C/2025/2016, 30.4.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/2016/oj.
(3) IO C, C/2025/2016, 30.4.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/2016/oj.
(4) Straitéis le haghaidh athnuachan ó ghlúin go glúin sa talmhaíocht.
(5) Tuarascáil ar shlándáil bia agus athléimneacht fhadtéarmach thalmhaíocht an Aontais a áirithiú | A9-0185/2023 | Parlaimint na hEorpa.
(6) Feirmeoirí agus an lucht saothair talmhaíochta — staitisticí — Míniú ar staitisticí — Eurostat.
(7) IO C, C/2025/4207, 20.8.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/4207/oj.
(8) Formation continue et reconversions professionnelles vers l’agriculture [Oiliúint leanúnach agus athoiliúint ghairmiúil sa talmhaíocht], Aireacht Talmhaíochta, Agraibhia agus Biafhlaithis na Fraince.
(9) Nos propositions: pacte et loi d’orientation et d’avenir agricoles , [Ár moltaí: Comhshocrú agus dlí maidir le dul i dtreo na talmhaíochta agus todhchaí na talmhaíochta], Cónaidhm Náisiúnta Chumainn na bhFeirmeoirí sa Fhrainc (FNSEA), 2023.
(10) Féach an doiciméad Pour une nouvelle Europe agricole — en bref [Ar son Eoraip nua thalmhaíochta — i mbeagán focal].
(11) IO C, C/2025/2016, 30.4.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/4207/oj.
(12) IO C, C/2025/2016, 30.4.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/2016/oj.
(13) Réforme de l’OCM: vers une meilleure rémunération des agriculteurs? [Athchóiriú CEM: i dtreo luach saothair níos fearr d’fheirmeoirí?].
(14) IO C, C/2025/2016, 30.4.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/2016/oj.
(15) La Commission propose des mesures pour soutenir le renouvellement des générations dans l’agriculture [Bearta molta ag an gCoimisiún chun tacú le hathnuachan ó ghlúin go glúin sa talmhaíocht], Ionadaíocht an Choimisiúin sa Fhrainc.
(16) La Commission propose des mesures pour soutenir le renouvellement des générations dans l’agriculture [Bearta molta ag an gCoimisiún chun tacú le hathnuachan ó ghlúin go glúin sa talmhaíocht], Ionadaíocht an Choimisiúin sa Fhrainc.
(17) Terres Agricoles [Talamh talmhaíochta], Feirmeoirí óga na Fraince (Jeunes Agriculteurs).
(18) Manifeste pour des ruralites vivantes [Forógra ar son ceantair thuaithe bheomhara].
(19) Níor cheart go mbeadh iachall ar dhaoine ceantar tuaithe a fhágáil chun dálaí maireachtála, oiliúna agus fostaíochta níos fearr a aimsiú sa chathair.
(20) IO C, C/2024/1570, 5.3.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/1570/oj.
(21) Manifeste pour des ruralités vivantes (2021) [Forógra ar son ceantair thuaithe bheomhara].
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/3244/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)