European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2026/3136

22.6.2026

Breithiúnais na Cúirte (an Cúigiú Dlísheomra) an 16 Aibreán 2026 (iarraidh ar reamhrialú ón Ard-Chúirt (Éire) – Éire) – NE, MY, HJ, XF, WB, UV, VK, JU, RJ, DZ v an Coimisiún Pleanála, an Bord Pleanála roimhe seo, Minister for Housing, Local Government and Heritage, Ireland, The Attorney General

(Cás C-58/24,  (1) Drumakilla)

(Tarchur chun réamhrialú - Comhshaol - Treoir 92/43/CEE - Gnáthóga nádúrtha agus fána agus flóra fiáine a chaomhnú - Airteagal 12 - Córas um dhianchosaint do speicis áirithe ainmhithe - Airteagal 16 - Cinneadh maidir le maolú a dheonú in oirchill iarratais ar chead pleanála le haghaidh tionscadal a chumhdaítear faoi Threoir 2011/92/AE - Airteagal 11 - Coinbhinsiún Aarhus - Airteagal 9 - Neamhspleáchas ó thaobh nósanna imeachta de - Prionsabail na coibhéise agus na héifeachtachta - Cinneadh maidir le maolú arna aicmiú mar ghníomh dlí neamhspleách - Rialacha nós imeachta lena bhforáiltear do thréimhse 3 mhí chun a iarraidh go gcuirfí ceadúnas maolaithe ar neamhní)

(C/2026/3136)

Teanga an cháis: an Béarla

An chúirt a rinne an tarchur

An Ard-Chúirt (Éire)

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóirí: NE, MY, HJ, XF, WB, UV, VK, JU, RJ, DZ

Cosantóirí: An Coimisiún Pleanála, an Bord Pleanála roimhe seo, Minister for Housing, Local Government and Heritage, Ireland, The Attorney General

Idiragraí: Drumakilla Limited

An chuid oibríochtúil

Maidir le hAirteagal 11 de Threoir 2011/92/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 2011 maidir le measúnú a dhéanamh ar éifeachtaí tionscadal poiblí agus príobháideach áirithe ar an gcomhshaol, arna leasú le Treoir 2014/52/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014, arna léamh i bhfianaise Airteagal 9 den Choinbhinsiún maidir le Rochtain ar Fhaisnéis, Rannpháirtíocht Phoiblí i gCinnteoireacht agus Rochtain ar Cheartas i gCúrsaí Comhshaoil, a síníodh in Aarhus an 25 Meitheamh 1998 agus arna fhormheas thar ceann an Chomhphobail Eorpaigh le Cinneadh 2005/370/CE ón gComhairle an 17 Feabhra 2005, agus Airteagal 47 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh,

ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

ní chuirtear cosc ar riail arna leagan síos le dlí Ballstáit ar dá réir nach mór caingean le haghaidh neamhniú a thionscnamh i leith ceadúnas maolaithe, arna eisiúint faoi Airteagal 16 de Threoir 92/43/CEE ón gComhairle an 21 Bealtaine 1992, maidir le gnáthóga nádúrtha agus fána agus flóra fiáine a chaomhnú, agus a thagann faoin nós imeachta údaraithe tionscadail de réir bhrí Airteagal 1(2)(a) de Threoir 2011/92, arna leasú le Treoir 2014/52, a thionscnamh ag an bpobal lena mbaineann laistigh de 3 mhí ón tráth a raibh an pobal sin ar an eolas nó a bhféadfadh sé a bheith ar an eolas go réasúnta, faoi mhaolú den sórt sin, ar an gcoinníoll nach bhfuil riail dlí den sórt sin níos lú fabhraí ná na rialacha a bhaineann le caingne intíre comhchosúla (prionsabal na coibhéise) agus nach ndéantar feidhmiú na gceart arna dtabhairt le dlíchóras an Aontais dodhéanta nó ródheacair sa chleachtas (prionsabal na héifeachtachta).


(1)  IO C, C/2024/2290.


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/3136/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)