|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2026/3125 |
11.6.2026 |
Iarraidh ar Thuairim Chomhairleach ó Chúirt CSTE arna cur isteach ag Cúirt Uachtarach na hIorua dar dáta an 9 Feabhra 2026 i gcás A agus B v Stát na hIorua, á ionadú ag an Stiúrthóireacht Saothair agus Leasa
(Cás E-1/26)
(C/2026/3125)
Chuir Cúirt Uachtarach na hIorua (Norges Høyesterett) iarraidh isteach chuig Cúirt CSTE dar dáta an 9 Feabhra 2026, a fuarthas i gClárlann na Cúirte an 9 Feabhra 2026, ar Thuairim Chomhairleach i gcás A agus B v Stát na hIorua, á ionadú ag an Stiúrthóireacht Saothair agus Leasa (Staten v/Arbeids- og velferdsdirektoratet), maidir leis an gceist seo a leanas:
|
(1) |
I gcás ina bhfuil teidlíocht ar shochar easláine sa Stát inniúil (an Iorua) faoi réir ceanglas maidir le tréimhse ballraíochta roimhe sin sa scéim slándála sóisialta is féidir a fháil inter alia trí thréimhse chónaithe sa Stát sin, cad í an tréimhse nó cad iad na tréimhsí ama i Stát LEE eile (an Spáinn/an Ghearmáin) atá ábhartha ansin le haghaidh comhiomlánú tréimhsí ama sa Stát inniúil faoi Airteagal 6 den Rialachán Slándála Sóisialta, agus cad iad na coinníollacha ar faoina réir atá an comhiomlánú le tarlú? An gcuirfear na nithe seo a leanas san áireamh:
|
|
(2) |
Agus an tréimhse ama/na tréimhsí ama i Stát LEE eile is féidir a chomhiomlánú faoi Airteagal 6 den Rialachán Slándála Sóisialta á gcinneadh, an féidir leis an Stát inniúil é féin a bhunú ar na freagraí a thug an Stát eile de bhun an Rialacháin Cur Chun Feidhme ar an bhfoirm E 205 nó coibhéisí níos déanaí, agus ar na freagraí sin amháin, nó an gá don Stát inniúil, i gcásanna amhail iad siúd atá i gceist sna cásanna seo, faisnéis bhreise a fháil, lena n-áirítear faisnéis a bhaineann leis an tréimhse chónaithe agus le cad is tréimhse árachais ann/a mheastar a bheith coibhéiseach le tréimhse árachais den sórt sin sa Stát eile? |
|
(3) |
An bhforchuirtear ceanglais le hAirteagal 6 den Rialachán Slándála Sóisialta, agus/nó Airteagail 28 agus 29 de Chomhaontú LEE – agus, má fhorchuirtear, cad iad – maidir leis an gcaoi nach mór coinníoll náisiúnta maidir le tréimhse leanúnach árachais/ballraíochta sa scéim árachais náisiúnta a chur i bhfeidhm mar choinníoll chun sochar easláine a fháil i gcásanna amhail na cásanna atá ann faoi láthair, ina mbeidh comhiomlánú le déanamh le tréimhsí ama ó Stát LEE eile? |
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/3125/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)