|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2026/3067 |
15.6.2026 |
Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 29 Aibreán 2026 – Doors Bulgaria v EUIPO – Top Ten (Doirse)
(Cás T-579/25) (1)
(Dearadh an Aontais Eorpaigh - Imeachtaí neamhbhailíochta - Dearadh cláraithe de chuid an Aontais Eorpaigh lena léirítear doirse - Nochtadh an dearaidh níos luaithe - Cruthúnas ar nochtadh - Airteagal 7(1) de Rialachán (CE) Uimh. 6/2002)
(C/2026/3067)
Teanga an cháis: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: Doors Bulgaria EOOD (Sóifia, an Bhulgáir) (ionadaí: M. Todorov, Dlíodóir)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (ionadaithe: E. Lobotková agus J. Ivanauskas, Gníomhairí)
Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc de EUIPO, ag idiragairt os comhair na Cúirte Ginearálta: Top Ten EOOD (Plovdiv, an Bhulgáir) (ionadaí: S. Sirakov, Dlíodóir)
Ábhar
Lena chaingean de bhun Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go ndéanfaí an cinneadh ón Tríú Bord Achomhairc d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 23 Meitheamh 2025 (Cás R 1157/2024-3) a chur ar neamhní agus a athrú.
An chuid oibríochtúil
|
1. |
Diúltaítear don chaingean. |
|
2. |
Ordaítear do Doors Bulgaria EOOD a chostais féin agus na costais arna dtabhú ag Top Ten EOOD a íoc. |
|
3. |
Ordaítear d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) a costais féin a íoc. |
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/3067/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)