|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2026/3050 |
15.6.2026 |
Caingean arna tabhairt an 23 Aibreán 2026 – an Coimisiún Eorpach v an Rómáin
(Cás C-389/26)
(C/2026/3050)
Teanga an cháis: an Rómáinis
Páirtithe
Iarratasóir: an Coimisiún Eorpach (ionadaithe: A. Biolan agus D. Milanowska, Gníomhairí)
Cosantóir: an Rómáin
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an Coimisiún ar an gCúirt Bhreithiúnais:
|
— |
a dhearbhú, de bhun Airteagal 258 CFAE, gur mhainnigh an Rómáin, trí mhainneachtain 9 líonadh talún le dramhaíl a dhúnadh, a hoibleagáidí a chomhlíonadh faoi Airteagal 14(b) de Threoir 1999/31/CE ón gComhairle an 26 Aibreán 1999 maidir le líonadh talún le dramhaíl (1), arna léamh i gcomhar le hAirteagal 13 di agus le pointe 3(a) de Roinn B de Chaibidil 9 den Ionstraim i dtaobh coinníollacha aontachais Phoblacht na Bulgáire agus na Rómáine (2); |
|
— |
a ordú don Rómáin na costais a íoc. |
Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí
Faoi Airteagal 14(b) den Treoir sin, tar éis an plean cóireála a chur isteach, glacfaidh na húdaráis inniúla cinneadh deiridh maidir le cibé an bhféadfar leanúint leis na hoibríochtaí i gcomhréir leis an bplean atá i gceist agus leis an Treoir thuasluaite. Glacfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun líonadh talún la dramhaíl, nár deonaíodh cead dóibh, i gcomhréir le hAirteagal 8, leanúint de bheith ag oibriú, a dhúnadh a luaithe is féidir i gcomhréir le hAirteagal 7(g) agus le hAirteagal 13. Foráiltear le hAirteagal 14(c) den Treoir sin, inter alia, nach mór do gach líonadh talún atá ann cheana ceanglais na Treorach sin a chomhlíonadh, gan dochar do cheanglais phointe 1 d’Iarscríbhinn I a ghabhann léi, laistigh de 8 mbliana ón dáta dá dtagraítear in Airteagal 18(1) di. Ós rud é gurb é an 16 Iúil 2001 an dáta dá bhforáiltear in Airteagal 18(1), chuaigh an tréimhse 8 mbliana in éag an 16 Iúil 2009.
I gcomhréir le hAirteagal 13, ní fhéadfar a mheas go bhfuil líonadh talún nó cuid de líonadh talún dúnta ach amháin tar éis don údarás inniúil cigireacht deiridh ar an láthair a dhéanamh, tar éis dó measúnú a dhéanamh ar na tuarascálacha uile a chuir an t-oibreoir isteach agus tar éis dó an t-oibreoir a chur ar an eolas faoi fhormheas an dúnta.
Dá bhrí sin, ceanglaítear le hAirteagal 14(b) de Threoir 1999/31/CE, ar an gcéad dul síos, go ndéanfaidh an t-údarás inniúil cinneadh críochnaitheach maidir le hoibriú an líonta talún ar bhonn an phlean sin agus na Treorach thuasluaite agus, ar an dara dul síos, go nglacfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun líonadh talún nár deonaíodh cead dóibh leanúint de bheith ag oibriú a dhúnadh a luaithe is féidir. Dá bhrí sin, i gcás ina gcinneann Ballstát líonadh talún nach gcomhlíonann ceanglais na Treorach a dhúnadh, ní mór an nós imeachta sin a chur i gcrích i gcomhréir le forálacha Airteagal 14(b) agus Airteagal 13 den Treoir.
Tugtar le fios le hAirteagal 14(c) den Treoir, i bprionsabal, nach bhféadfadh líonadh talún atá ann cheana nach gcomhlíonann ceanglais na Treorach (cé is moite de phointe 1 d’Iarscríbhinn I a ghabhann léi) leanúint de bheith ag oibriú ach go dtí an 16 Iúil 2009.
D’aontaigh an Rómáin don Aontas Eorpach an 1 Eanáir 2007. Faoin Ionstraim Aontachais, thairbhigh an Rómáin de mhaolú ar chur i bhfeidhm forálacha áirithe den Treoir maidir le líonadh talún le dramhaíl i ndáil le 101 líonadh talún. Go sonrach, de mhaolú ar Airteagal 14(c) agus pointí 2, 3, 4 agus 6 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 1999/31/CE agus gan dochar do Threoir 75/442/CEE ón gComhairle an 15 Iúil 1975 maidir le dramhaíl (3) agus do Threoir 91/689/CEE ón gComhairle an 12 Nollaig 1991 maidir le dramhaíl ghuaiseach (4), níor cuireadh na ceanglais a bhaineann le rialú uisce agus bainistiú láisteáite, cosaint ithreach agus uisce, rialú agus cobhsaíocht gáis i bhfeidhm maidir leis an 101 líonadh talún bardasach a bhí ann cheana go dtí an 16 Iúil 2017.
Sa chás seo, an 30 Deireadh Fómhair 2020, sheol an Coimisiún litir fógra foirmiúil chuig an Rómáin. Sheol an Coimisiún tuairim réasúnaithe chuig an Rómáin an 7 Feabhra 2024. Tar éis anailís a dhéanamh ar na freagraí a cuireadh ar fáil agus ar fhaisnéis eile atá ar fáil, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid nach bhfuil bearta glactha ag an Rómáin go fóill chun 9 líonadh talún bhardasacha a dhúnadh, as an 101 líonadh talún dá dtagraítear thuas, a sainaithníodh san iarratas tionscanta imeachtaí. Dá réir sin, tá an Rómáin fós ag mainneachtain a hoibleagáidí a chomhlíonadh faoi Airteagal 14(b) de Threoir 1999/31/CE ón gComhairle an 26 Aibreán 1999 maidir le líonadh talún le dramhaíl, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 13 di, agus faoi phointe 3(a) de Roinn B de Chaibidil 9 den Ionstraim i dtaobh coinníollacha aontachais Phoblacht na Bulgáire agus na Rómáine.
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/3050/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)