European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2026/3042

15.6.2026

Iarraidh ar réamhrialú ó Cour du travail de Mons (an Bheilg) a taisceadh an 25 Feabhra 2026 – Camille ASBL v RT

(Cás C-132/26, Camille)

(C/2026/3042)

Teanga an cháis: an Fhraincis

An chúirt a rinne an tarchur

Cour du travail de Mons

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: Camille ASBL

Cosantóir: RT

Na ceisteanna a tharchuirtear

1.

An gá Airteagal 4 de Rialachán Uimh. 883/2004/CE (1), Airteagal 24 de Threoir 2004/38/CE (2) agus Airteagal 7 de Rialachán (AE) Uimh. 492/2011 (3), lena gcumhdaítear prionsabal na córa comhionainne do shaoránaigh an Aontais Eorpaigh, a léiriú sa chaoi go gcuirtear cosc leo ar reachtaíocht náisiúnta lena gcuirtear deonú liúntas teaghlaigh faoi réir an choinníll nach mór don leanbh lena mbaineann, ar saoránach den Aontas Eorpach é nó í, a bheith i dteideal cead cónaithe sa Bhallstát inniúil ina bhfuil cónaí air nó uirthi iarbhír lena thuismitheoirí nó lena tuismitheoirí, rud a fhágann go n-eisiatar ó dheonú na liúntas sin tuismitheoir an linbh sin, ar náisiúnach de Bhallstát den Aontas Eorpach é nó í freisin ach nach bhfuil cead cónaithe den sórt sin aige nó aici (nó a thuilleadh), cé go bhfuil cónaí air nó uirthi iarbhír ann agus go saothraíonn sé nó sí gníomhaíocht eacnamaíoch ann (duine fostaithe sa chás seo), rud a rannchuidíonn le maoiniú bheartais shóisialta an Stáit sin?

2.

Má thugtar freagra dearfach ar an gcéad cheist: an ndéantar cóir neamh-chomhionann den sórt sin, atá contrártha d’Airteagal 4 de Rialachán Uimh. 883/2004/CE, d’Airteagal 24 de Threoir 2004/38/CE agus d’Airteagal 7 de Rialachán (AE) Uimh. 492/2011, a leigheas go leordhóthanach toisc go ndíolmhaítear an leanbh céanna ó thairbhe ceada cónaithe le foráil eile den reachtaíocht atá i gceist, rud a cheadaíonn don tuismitheoir céanna liúntais teaghlaigh a fháil, dá bhrí sin, ar feadh uastréimhse 6 mhí ón dáta a thagann an leanbh sin isteach i gcríoch an Bhallstáit lena mbaineann?


(1)  Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le comhordú na gcóras slándála sóisialta (IO 2004 L 166, lch. 1).

(2)  Treoir 2004/38/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir leis an gceart atá ag saoránaigh an Aontais agus a mbaill teaghlaigh gluaiseacht agus cónaí faoi shaoirse ar chríoch na mBallstát lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 1612/68 agus lena n-aisghairtear Treoracha 64/221/CEE, 68/360/CEE, 72/194/CEE, 73/148/CEE, 75/34/CEE, 75/35/CEE, 90/364/CEE, 90/365/CEE agus 93/96/CEE (IO 2004 L 158, lch. 77).

(3)  Rialachán (AE) Uimh. 492/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Aibreán 2011 maidir le saorghluaiseacht oibrithe laistigh den Aontas (IO 2011 L 141, lch. 1).


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/3042/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)