European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2026/3040

15.6.2026

Iarraidh ar réamhrialú ón Ard-Chúirt (Éire) a taisceadh an 23 Feabhra 2026 – Frank McDonald agus páirtithe eile v an tAire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta

(Cás C-116/26, McDonald agus páirtithe eile)

(C/2026/3040)

Teanga an cháis: an Béarla

An chúirt a rinne an tarchur

An Ard-Chúirt

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóirí: Frank McDonald, Dan Boyle, Pádraig McEvoy, Darragh Moriarty, David Healy

Cosantóir: An tAire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta

Na ceisteanna a tharchuirtear

1.

An bhfuil Airteagal 3 de Treoir 2001/42 (1) le léiriú agus/nó le cur i bhfeidhm chun go dtabharfar éifeacht d’Airteagal 7 agus/nó Airteagal 8 den Choinbhinsiún Aarhus agus/nó Airteagal 8 den Phrótacal Chív a ghabhann le Coinbhinsiún Espoo a mhéid is féidir?

2.

An bhfuil ceanglais dhlíthiúla cheangailteacha (amhail na ceanglais shonracha beartais phleanála atá sa treoirlínte árasán atá faoi cheist sna príomhimeachtaí) a bhaineann le dearadh árasán san áireamh sa choincheap maidir le creat do thoiliú forbartha amach anseo dá dtagraítear in Airteagal 3(2)(a) de Threoir 2001/42 má bhíonn tionchar acu ar (faoi réir ceanglais dhlíthiúla eile is infheidhme) líon na n-aonad tithíochta laistigh de thionscadail ar leith agus/nó dá ngnéithe inmheánacha agus/nó (a mhéid a leanann sé as gnéithe inmheánacha) dá gcuma sheachtrach fiú mura mbíonn tionchar díreach acu ar líon, suíomh, méid, coinníollacha oibriúcháin nó cistiú na dtionscadal árasáin féin (ach amháin a mhéid, a eascraíonn ábhair den sórt sin as na gnéithe dearaidh)?

3.

I gcás freagra diúltach ar an dara ceist, an bhfuil ceanglais dhlíthiúla cheangailteacha (amhail na ceanglais shonracha beartais phleanála atá i dtreoirlínte na n-árasán atá faoi cheist sna príomhimeachtaí) maidir le dearadh árasán san áireamh sa choincheap maidir le creat do thoiliú forbartha amach anseo dá dtagraítear in Airteagal 3(2)(a) de Threoir 2001/42 má mhaolaíonn siad ar phleananna eile a ceanglaíodh orthu, agus/nó a bhí, i ndáiríre, faoi réir measúnú faoin Treoir sin?


(1)  Treoir 2001/42/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Meitheamh 2001 maidir le measúnú a dhéanamh ar éifeachtaí pleananna agus clár áirithe ar an gcomhshaol; IO 2001, L 197, lch. 30.


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/3040/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)