|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2026/2969 |
29.5.2026 |
Gan cur i gcoinne comhchruinniú ar tugadh fógra faoi
(Cás M.12411 – CBRE NAPIER / DALMORE / ALLIANZ CAPITAL PARTNERS / AIMCO / PORTERBROOK HOLDINGS)
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
(C/2026/2969)
An 21 Bealtaine 2026, chinn an Coimisiún gan cur i gcoinne an chomhchruinnithe thuas ar tugadh fógra faoi agus a dhearbhú go bhfuil sé comhoiriúnach leis an margadh inmheánach. Tá an cinneadh sin bunaithe ar Airteagal 6(1)(b) de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle an 20 Eanáir 2004 maidir le comhchruinnithe idir gnóthais a rialú (Rialachán um Chumaisc CE) (1). Is i mBéarla amháin atá an cinneadh ar fáil agus déanfar é a phoibliú ach a mbeidh aon rún gnó a d’fhéadfadh a bheith ann a bainte as. Beidh sé ar fáil:
|
— |
i roinn na gcumasc ar an suíomh gréasáin faoin ‘mBeartas iomaíochta’ atá ag an gCoimisiún (https://competition-cases.ec.europa.eu/search). Cuireann an suíomh gréasáin sin saoráidí éagsúla ar fáil chun cuidiú cinntí aonair cumaisc a aimsiú trí úsáid ainm na cuideachta, cásuimhreacha, dátaí agus earnálacha gníomhaíochta, |
|
— |
i bhfoirm leictreonach ar shuíomh gréasáin EUR-Lex (http://eur-lex.europa.eu/homepage.html?locale=en) faoin uimhir dhoiciméid 32026M12411. Is é EUR-Lex an tairseach ar líne chuig dlí an Aontais Eorpaigh. |
(1) IO L 24, 29.1.2004, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2004/139/oj.
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/2969/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)