|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2026/2957 |
1.6.2026 |
TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN
Líon iomlán na lamháltas a bhí i gcúrsaíocht in 2025 a fhoilsiú chun críocha Chúlchiste Cobhsaíochta an Mhargaidh faoi Chóras Trádála Astaíochtaí an Aontais
(C/2026/2957)
1. Réamhrá
In 2015, ghlac Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle Cinneadh (AE) 2015/1814 (1) (an Cinneadh maidir le CCCM) chun Cúlchiste Cobhsaíochta Margaidh (CCCM nó an cúlchiste) a chruthú mar chuid de Chóras Trádála Astaíochtaí an Aontais (CTA AE) a cuireadh ar bun le Treoir 2003/87/CE (2) (Treoir CTA). Tá CCCM i bhfeidhm ó bhí 2019 ann. Is é is cuspóir dó barrachas struchtúrach lamháltas a sheachaint ar mhargadh carbóin an Aontais, agus an baol ann go gcuirfeadh sé sin cosc ar CTA AE an comhartha infheistíochta is gá a thabhairt chun go mbainfidh an tAontas a sprioc laghdaithe astaíochtaí amach. Tá sé beartaithe freisin le CCCM CTA AE a dhéanamh níos athléimní in aghaidh míchothromaíochta i ndáil le soláthar-éileamh, ionas gur féidir le margadh carbóin an Aontais feidhmiú go rianúil.
Faoi Airteagal 1(4) den Chinneadh maidir le CCCM, déanann an Coimisiún líon iomlán na lamháltas i gcúrsaíocht le haghaidh na bliana roimhe sin a fhoilsiú gach bliain. Is leis an bhfigiúr sin a chinntear oibriú CCCM, is é sin, cé acu a tharraingítear lamháltais siar ón méid ceantála agus a chuirtear sa chúlchiste iad nó a scaoiltear ón gcúlchiste iad agus a chuirtear ar ceant iad. Dá bhrí sin, gné thábhachtach de CCCM agus de CTA AE is ea foilsiú bliantúil líon iomlán na lamháltas i gcúrsaíocht.
An 28 Bealtaine 2025, d’fhoilsigh an Coimisiún líon iomlán na lamháltas i gcúrsaíocht le haghaidh 2024, líon dar méid 1 148 049 585 (3). Dá réir sin, bhí 275 531 900 lamháltas le cur sa chúlchiste ón 1 Meán Fómhair 2025 go dtí an 31 Lúnasa 2026. Ba é 270 506 086 an líon lamháltas sa chúlchiste a neamhbhailíochtadh an 1 Eanáir 2025.
Is éard atá sa Teachtaireacht seo an 10ú foilsiú líon iomlán na lamháltas i gcúrsaíocht agus baineann sí le 2025. Sonraítear inti an ríomh foluiteach agus an líon lamháltas a chuirfear sa chúlchiste ón 1 Meán Fómhair 2026 go dtí an 31 Lúnasa 2027.
2. Feidhmiú CCCM
Feidhmíonn CCCM go huathoibríoch nuair a bhíonn líon iomlán na lamháltas i gcúrsaíocht lasmuigh den raon sonraithe. Déantar lamháltais a tharraingt siar ón méid ceantála agus a chur sa chúlchiste más airde líon iomlán na lamháltas i gcúrsaíocht ná an tairseach 833 mhilliún. Socraítear ráta iontógála an chúlchiste ag 24 % de líon iomlán na lamháltas i gcúrsaíocht más airde an líon sin ná 1 096 mhilliún. Má bhíonn líon iomlán na lamháltas i gcúrsaíocht idir 833 mhilliún agus 1 096 mhilliún, is é atá san iontógáil an difríocht idir líon iomlán na lamháltas i gcúrsaíocht agus 833 mhilliún. Más ísle líon iomlán na lamháltas i gcúrsaíocht ná an tairseach 400 milliún, scaoiltear 100 milliún lamháltas ón gcúlchiste agus cuirtear ar ceant iad. Le linn thréimhse 12 mhí, cuirtear lamháltais sa chúlchiste, sin nó scaoiltear iad ón gcúlchiste. Ó mhí na Bealtaine 2023, lamháltais a choinnítear sa chúlchiste atá os cionn na tairsí 400 milliún, níl siad bailí a thuilleadh. An 1 Aibreán 2026, rinne an Coimisiún togra reachtach chun an Cinneadh maidir le CCCM a leasú chun deireadh a chur le neamhbhailíochtú (4). I ndáil leis an tréimhse roimh theacht i bhfeidhm an leasaithe seo, is iomchuí leanúint de líon na lamháltas atá le cur sa chúlchiste a ríomh i gcomhréir le hAirteagal 1(5) den chinneadh maidir le CCCM. In aghaidh gach míosa a rachaidh in éag, cuirfear an dóú cuid déag den líon lamháltas sin sa chúlchiste. Tá sé sin ar aon dul leis an méid atá déanta ó chéad bhliain oibríochta an chúlchiste.
Faoi Airteagal 1(5) den Chinneadh maidir le CCCM agus i gcomhréir leis an Teachtaireacht seo, déanfar 24 % de líon iomlán na lamháltas i gcúrsaíocht an 31 Nollaig 2025, nó an difríocht idir líon iomlán na lamháltas i gcúrsaíocht agus 833 mhilliún, a chur sa chúlchiste thar thréimhse 12 mhí dar tús an 1 Meán Fómhair 2026. Bainfear líon comhfhreagrach lamháltas de mhéideanna ceantála Bhallstáit an Aontais, de na trí thír i gComhlachas Saorthrádála na hEorpa – an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (an Íoslainn, Lichtinstéin agus an Iorua) agus, le haghaidh giniúint leictreachais i dTuaisceart Éireann, an Ríocht Aontaithe. Bainfear na liúntais sin i gcomhréir le sciartha ceantála na dtíortha faoi seach.
Faoi Airteagal 1(5) den Chinneadh maidir le CCCM, go dtí an 31 Nollaig 2030, aon lamháltas a dháilfear chun críoch dlúthpháirtíochta agus fáis in CTA AE (5), ní áireofar iad i ríomh na sciartha ábhartha chun críocha CCCM.
3. LÍON IOMLÁN NA LAMHÁLTAS I GCÚRSAÍOCHT
Faoi Airteagal 1(4) den Chinneadh maidir le CCCM, is é a bheidh i líon iomlán na lamháltas i gcúrsaíocht i mbliain ar leith líon carnach na lamháltas a eisíodh i ndáil le suiteálacha agus cuideachtaí loingseoireachta agus nár cuireadh sa chúlchiste sa tréimhse ón 1 Eanáir 2008, lena n-áirítear líon na lamháltas a eisíodh de bhun Airteagal 13(2) de Threoir 2003/87/CE, sa leagan a bhí i bhfeidhm an 18 Márta 2018, le linn na tréimhse sin agus teidlíochtaí chun creidmheasanna idirnáisiúnta arna bhfeidhmiú ag suiteálacha faoi CTA AE a úsáid, go dtí an 31 Nollaig sa bhliain ar leith sin, lúide na tonaí carnacha astaíochtaí fíoraithe ó shuiteálacha agus cuideachtaí loingseoireachta faoi CTA AE idir an 1 Eanáir 2008 agus an 31 Nollaig sa bhliain ar leith céanna sin, chomh maith le haon lamháltas a cealaíodh i gcomhréir le hAirteagal 12(4) de Threoir 2003/87/CE.
I mbeagán focal, úsáidtear an fhoirmle arna tabhairt cothrom le dáta chun líon iomlán na lamháltas i gcúrsaíocht atá ábhartha le haghaidh oibriú CCCM a ríomh:
Líon iomlán na lamháltas i gcúrsaíocht = Soláthar – Éileamh
Tugtar tuairisc mhionsonraithe ar an dá eilimint den ríomh sa Teachtaireacht seo. Tugtar achoimre ar na figiúir uile sa tábla ag an deireadh.
Sa chéad mhír d’Airteagal 1(4a) den Chinneadh maidir le CCCM luaitear go n-áireofar, ó 2024, agus líon iomlán na lamháltas a bheidh i gcúrsaíocht in aon bhliain ar leith á ríomh, líon carnach na lamháltas a eisíodh i dtaca leis an eitlíocht agus na tonaí carnacha d’astaíochtaí fíoraithe ón eitlíocht faoi CTA AE, cé is moite d’astaíochtaí ó eitiltí ar bhealaí a chumhdaítear le fritháireamh arna ríomh de bhun Airteagal 12(6) de Threoir 2003/87/CE, idir an 1 Eanáir 2024 agus an 31 Nollaig den bhliain áirithe sin:
Cumhdaítear le CTA AE astaíochtaí ó ghníomhaíochtaí muiriompair ón 1 Eanáir 2024. Dá bhrí sin, áirítear líon na lamháltas a eisíodh do chuideachtaí loingseoireachta agus na hastaíochtaí fíoraithe ó chuideachtaí loingseoireachta ón 1 Eanáir 2024 go dtí an 31 Nollaig 2025 i ríomh líon iomlán na lamháltas i gcúrsaíocht le haghaidh 2025. Sa dara mír d’Airteagal 1(4a) den Chinneadh maidir le CCCM luaitear go measfar na lamháltais a chuirtear ar ceal de bhun Airteagal 3gb de Threoir 2003/87/CE a bheith eisithe chun líon iomlán na lamháltas atá i gcúrsaíocht a ríomh.
Soláthar
Áirítear leis an soláthar lamháltas ar mhargadh carbóin an Aontais an méid seo a leanas:
|
— |
Lamháltais a cuireadh i dtaisce (6) ó chéim 2 de CTA AE (2008-2012), líon arbh é a bhí ann 1 749 540 826 (7). |
|
— |
Lamháltais a leithdháileadh saor in aisce ón 1 Eanáir 2013 go dtí an 31 Nollaig 2025 (8), lena n-áirítear na lamháltais a leithdháileadh ón gCúlchiste le haghaidh Iontrálaithe Nua. 9 229 697 547 lamháltas atá sna lamháltais sin. |
|
— |
Lamháltais a cuireadh ar ceant ón 1 Eanáir 2013 (9) go dtí an 31 Nollaig 2025 (10) agus lamháltais a úsáideadh chun críoch solúbthachta in 2021-2025 faoi Airteagal 6 de Rialachán (AE) 2018/842 (11) (an Rialachán maidir le Comhroinnt Díchill). De réir tuarascálacha ceantanna ar an ardán ceantála coiteann agus ar na hardáin ceantála leithleacha ábhartha (12), bá é 8 779 406 500 méid na lamháltas a cuireadh ar ceant, lena n-áirítear cinn a cuireadh ar ceant i gceantanna luatha (13). Ní mór 36 984 541 lamháltas a chur leis an méid sin faoin tsolúbthacht a leagtar amach in Airteagal 6(2) den Rialachán maidir le Comhroinnt Díchill (14). |
|
— |
Lamháltais a gcuirtear luach airgid orthu le haghaidh chlár NER-300. Chuir an Banc Eorpach Infheistíochta luach airgid ar 300 000 000 lamháltas san iomlán. |
|
— |
Creidmheasanna idirnáisiúnta arna bhfeidhmiú le haghaidh astaíochtaí ó 2013 go dtí an 31 Nollaig 2020 (15). D’úsáid suiteálacha 497 248 017 gcreidmheas idirnáisiúnta le haghaidh na n-astaíochtaí a ghin siad (16). |
|
— |
Faoi Airteagal 1(4) den Chinneadh maidir le CCCM, ní cuid de ríomh líon iomlán na lamháltas i gcúrsaíocht a thuilleadh iad lamháltais a chuirtear i CCCM. |
Éileamh
Áirítear leis an éileamh ar lamháltais ar mhargadh carbóin an Aontais iomlán na n-astaíochtaí fíoraithe ó eintitis chomhlíontachta ón 1 Eanáir 2013 (17) go dtí an 31 Nollaig 2025 (18), arbh é a bhí ann 19 568 644 185 tona (19), agus 739 044 lamháltas a cuireadh ar ceal le linn na tréimhse sin faoi Airteagal 12(4) de Threoir CTA.
LÍON IOMLÁN NA LAMHÁLTAS I GCÚRSAÍOCHT
Bunaithe ar an méid thuas, is é 1 023 494 202 líon iomlán na lamháltas i gcúrsaíocht in 2025.
Gabháltais CCCM
Tar éis neamhbhailíochtú lamháltas an 1 Eanáir 2025, bhí 400 000 000 lamháltas fágtha sa chúlchiste.
I gcomhréir leis na teachtaireachtaí faoi líon iomlán na lamháltas i gcúrsaíocht le blianta beaga anuas, cuireadh na méideanna lamháltas seo a leanas sa chúlchiste:
|
— |
177 877 841 lamháltas ón 1 Eanáir 2025 go dtí an 31 Lúnasa 2025 (20); |
|
— |
91 843 970 lamháltas ón 1 Meán Fómhair 2025 go dtí an 31 Nollaig 2025 (21). |
An 1 Eanáir 2026, bhí 400 000 000 lamháltas in CCCM.
4. Conclúid
I gcomhréir leis an gCinneadh maidir le CCCM, cuirfear 190 494 202 lamháltas san iomlán sa chúlchiste thar an tréimhse 12 mhí ón 1 Meán Fómhair 2026 go dtí an 31 Lúnasa 2027.
Le foilsiú líon iomlán na lamháltas i gcúrsaíocht an bhliain seo chugainn, cinnfear oibriú CCCM ó mhí Mheán Fómhair 2027 go dtí mí Lúnasa 2028.
Forbhreathnú
|
Soláthar |
|
||
|
1 749 540 826 |
||
|
9 229 697 547 |
||
|
8 779 406 500 |
||
|
36 984 541 |
||
|
300 000 000 |
||
|
497 248 017 |
||
|
Suim (soláthar) |
20 592 877 431 |
||
|
|
|
||
|
Éileamh |
|
||
|
19 568 644 185 |
||
|
739 044 |
||
|
Suim (éileamh) |
19 569 383 229 |
||
|
|
|
||
|
Líon iomlán na lamháltas i gcúrsaíocht |
1 023 494 202 |
(1) Cinneadh (AE) 2015/1814 (IO L 264, 9.10.2015, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2015/1814/oj).
(2) Treoir 2003/87/CE (IO L 275, 25.10.2003, lch. 32, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2003/87/oj).
(3) Teachtaireacht ón gCoimisiún – Foilsiú líon iomlán na lamháltas i gcúrsaíocht in 2024 chun críocha Chúlchiste Cobhsaíochta an Mhargaidh faoi Chóras Trádála Astaíochtaí an Aontais (IO C, C/2025/3180, 4.6.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/3180/oj).
(4) Togra le haghaidh Cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Cinneadh (AE) 2015/1814 a mhéid a bhaineann le scor de neamhbhailíochtú lamháltas i gcúlchiste cobhsaíochta an mhargaidh, COM(2026) 153 final.
(5) Faoi Airteagal 10(2)(b) de Threoir 2003/87/CE.
(6) Lamháltais a eisíodh le linn chéim 2 de CTA AE (2008-2012), nár tugadh suas chun astaíochtaí fíoraithe a chumhdach, nó nár cealaíodh, cuireadh i dtaisce iad lena n-úsáid ag tús chéim 3 de CTA AE (2013-2020). Scriosadh na hastaíochtaí sin agus, go comhuaineach, cruthaíodh líon comhionann lamháltas i gcéim 3. Dá bhrí sin, is léiriú é an líon sin ar líon beacht na lamháltas CTA i gcúrsaíocht ag tús chéim 3 de CTA AE.
(7) COM (2015) 576 – Tuarascáil ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle – Tuarascáil ar dhul chun cinn maidir le gníomhú ar son na haeráide, lena n-áirítear an tuarascáil maidir le feidhmiú an mhargaidh carbóin Eorpaigh agus an tuarascáil ar an athbhreithniú ar Threoir 2009/31/CE maidir le stóráil gheolaíoch dé-ocsaíde carbóin.
(8) Faoi Airteagal 1(4a) den Chinneadh maidir le CCCM, i gcás na heitlíochta, breithnítear lamháltais a leithdháiltear saor in aisce ón 1 Eanáir 2024 go dtí an 31 Nollaig 2025.
(9) Cuimsítear san fhigiúr sin ceantanna luatha, i.e. lamháltais a bhí bailí le haghaidh chéim 3 de CTA AE (2013-2020), a cuireadh ar ceant roimh an 1 Eanáir 2013.
(10) Faoi Airteagal 1(4a) den Chinneadh maidir le CCCM agus ós rud é go gcumhdaítear gníomhaíochtaí muiriompair le CTA AE ón 1 Eanáir 2024, le haghaidh eitlíochta agus loingseoireachta, breithnítear lamháltais a cuireadh ar ceant ón 1 Eanáir 2024 go dtí an 31 Nollaig 2025.
(11) Rialachán (AE) 2018/842 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le laghduithe bliantúla ceangailteacha ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ag na Ballstáit ó 2021 go 2030 lena rannchuidítear leis an ngníomhú ar son na haeráide agus chun gealltanais a tugadh faoi Chomhaontú Pháras a chomhlíonadh, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 (IO L 156, 19.6.2018, lch. 26, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2018/842/oj).
(12) Tuarascálacha ceantanna: Malartán Fuinnimh Eorpach (EEX) agus Malartán Idir-ilchríochach (ICE).
(13) Cuirtear san áireamh san fhigiúr sin na 514 000 lamháltas nár cuireadh ar ceant mar gheall ar lamháltais a bheith curtha ar ceal go deonach ag an nGearmáin. Féach: https://climate.ec.europa.eu/news-other-reads/news/notification-germany-voluntary-cancellation-allowances-eu-ets-plants-closed-2023-2025-05-05_en.
(14) Le Rialachán (AE) 2018/842 cruthaítear foráil solúbthachta aonuaire lena ligtear do thíortha den Aontas suas le huasmhéid 100 milliún lamháltas CTA AE a chealú go comhchoiteann sa tréimhse 2021-2030, ionas gur féidir leo a spriocanna féin a chomhlíonadh maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú faoin Rialachán sin. Baineann an fhoráil solúbthachta le tíortha den Aontas a bhfuil spriocanna acu atá i bhfad os cionn mheán an Aontais agus os cionn a n-acmhainneachta laghdaithe costéifeachtacha araon, chomh maith le tíortha den Aontas nár leithdháil aon lamháltas CTA AE saor in aisce ar shuiteálacha tionsclaíocha in 2013. Déantar cealú ó mhéid ceantála na tíre den Aontas lena mbaineann faoi Airteagal 10 de Threoir CTA. Agus líon iomlán na lamháltas i gcúrsaíocht á chinneadh chun críocha CCCM i mbliain ar leith, meastar gur lamháltais CTA AE i gcúrsaíocht iad lamháltais chealaithe.
(15) Ní féidir creidmheasanna idirnáisiúnta a úsáid le haghaidh comhlíontachta ó 2021.
(16) Bunaithe ar shliocht ó Chlárlann an Aontais ón 1 Aibreán 2026. Na creidmheasanna idirnáisiúnta sin, ní bhaineann siad ach amháin leis na cinn a malartaíodh ar lamháltais de chuid an Aontais i gcéim 3 de CTA AE (2013-2020). I líon na lamháltas a cuireadh i dtaisce ó chéim 2 léiríodh thart ar 1.1 billiún creidmheas idirnáisiúnta a d’fhéadfaí a úsáid go díreach chun críoch comhlíonta i gcéim 2 de CTA AE (2008-2012).
(17) A chomhfhreagraíonn do na hastaíochtaí fíoraithe sa tréimhse 2008-2012 (céim 2), féach fonóta 6.
(18) Faoi Airteagal 1(4a) den Chinneadh maidir le CCCM agus ós rud é go gcumhdaítear gníomhaíochtaí muiriompair le CTA AE ón 1 Eanáir 2024, don eitlíocht agus don loingseoireacht, déantar astaíochtaí fíoraithe ón 1 Eanáir 2024 go dtí an 31 Nollaig 2025 a áirithiú.
(19) Tá na hastaíochtaí fíoraithe iomlána bunaithe ar na sonraí a asbhaineadh an 1 Aibreán 2026 as Clárlann an Aontais agus as Clárlann CTA na hEilvéise le haghaidh astaíochtaí CTA AE oibreoirí aerárthaí faoi riar na hEilvéise. Áirítear san fhigiúr astaíochtaí fíoraithe arna dtuairisciú faoin 31 Márta 2026, sprioc-am tuairiscithe CTA AE. Ní léirítear san iomlán na hastaíochtaí a thuairiscítear tar éis an dáta sin.
(20) Teachtaireacht ón gCoimisiún, Líon iomlán na lamháltas a bhí i gcúrsaíocht in 2023 a fhoilsiú chun críocha Chúlchiste Cobhsaíochta an Mhargaidh faoi Chóras Trádála Astaíochtaí an Aontais (IO C, C/2024/3415, 3.6.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/3415/oj). De réir mar a chinntear i bpointe 4 den Teachtaireacht seo, bheadh 266 816 768 lamháltas le cur in CCCM ón 1 Meán Fómhair 2024 go dtí an 31 Lúnasa 2025. Ba é 177 877 841 an méid a chomhfhreagair don tréimhse ón 1 Eanáir go dtí an 31 Lúnasa 2025.
(21) C/2025/3180, dá dtagraítear i bhfonóta 3. De réir mar a chinntear i bpointe 4 den Teachtaireacht seo, bheadh 275 531 900 lamháltas le cur in CCCM ón 1 Meán Fómhair 2025 go dtí an 31 Lúnasa 2026. Ba é 91 843 970 an méid a chomhfhreagair don tréimhse ón 1 Meán Fómhair go dtí an 31 Nollaig 2024.
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/2957/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)