European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2026/2937

27.5.2026

CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

an 22 Bealtaine 2026

lena gceaptar comhalta den Bhord Comhairleach um Rialachas Staitistiúil Eorpach

(C/2026/2937)

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Chinneadh Uimh. 235/2008/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2008 lena mbunaítear an Bord Comhairleach um Rialachas Staitistiúil Eorpach (1), agus go háirithe Airteagal 3 de,

Ag féachaint don tuairim ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Cinneadh uaithi an 19 Nollaig 2019 (2), cheap an Chomhairle Priit POTISEPP ina chomhalta den Bhord Comhairleach um Rialachas Staitistiúil Eorpach (‘an Bord’) ar feadh téarma oifige 3 bliana.

(2)

Le Cinneadh uaithi an 14 Feabhra 2023 (3), rinne an Chomhairle téarma oifige Priit Potisepp a athnuachan. Chuaigh an dara téarma oifige in éag an 22 Nollaig 2025, agus ní féidir é a athnuachan.

(3)

Is gá, dá bhrí sin, comhalta nua den Bhord a cheapadh ar bhonn práinne.

(4)

Luaitear in Airteagal 3(2) de Chinneadh Uimh. 235/2008/CE go roghnófar comhaltaí an Bhoird as measc saineolaithe a mbeidh sár-inniúlacht acu i réimse an staidrimh,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leis seo, ceaptar Joakim STYMNE ina chomhalta, thar ceann na Comhairle, den Bhord Comhairleach um Rialachas Staitistiúil Eorpach do théarma oifige 3 bliana.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 22 Bealtaine 2026.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

M. DAMIANOS


(1)   IO L 73, 15.3.2008, lch. 17, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2008/235/oj.

(2)  Cinneadh ón gComhairle an 19 Nollaig 2019 lena gceaptar comhalta den Bhord Comhairleach um Rialachas Staitistiúil Eorpach (IO C 428, 20.12.2019, lch. 5).

(3)  Cinneadh ón gComhairle an 14 Feabhra 2023 lena gceaptar comhalta den Bhord Comhairleach um Rialachas Staitistiúil Eorpach (IO C 57, 16.2.2023, lch. 2).


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/2937/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)