European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2026/2842

27.5.2026

Fógra le haghaidh na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí atá faoi réir na mbeart sriantach dá bhforáiltear i gCinneadh (CBES) 2024/1484 ón gComhairle, arna leasú le Cinneadh (CBES) 2026/1149 ón gComhairle, agus i Rialachán (AE) 2024/1485 ón gComhairle, arna chur chun feidhme le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2026/1147 ón gComhairle a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Rúis

(C/2026/2842)

Dírítear aird na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí a luaitear san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2024/1484 ón gComhairle (1), arna leasú le Cinneadh (CBES) 2026/1149 ón gComhairle (2), agus in Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán (AE) 2024/1485 ón gComhairle (3), arna chur chun feidhme le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2026/1147 ón gComhairle (4) a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Rúis, ar an bhfaisnéis seo a leanas.

Ceanglaítear le hAirteagal 13(2) de Rialachán (AE) 2024/1485 nach mór do na daoine nádúrtha agus dlítheanacha, na heintitis agus na comhlachtaí sin tuairisc a thabhairt, laistigh de 6 seachtaine ó dháta an liostaithe in Iarscríbhinn IV, faoi na cistí nó na hacmhainní eacnamaíocha laistigh de dhlínse Bhallstáit ar leo iad nó atá faoina n-úinéireacht, ina seilbh nó faoina rialú, chuig údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil na cistí nó na hacmhainní eacnamaíocha sin suite. Ní mór dóibh oibriú i gcomhar leis an údarás inniúil maidir le fíorú na faisnéise sin. Aon mhainneachtain na hoibleagáidí sin a urramú, measfar gur teacht timpeall ar na bearta maidir le reo sócmhainní agus acmhainní eacnamaíocha atá ann.

Ní mór an fhaisnéis atá le tuairisciú a sheoladh chuig údarás inniúil an Bhallstáit ábhartha, trína shuíomh gréasáin mar a shonraítear in Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (AE) 2024/1485.


(1)   IO L, 2024/1484, 27.5.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/1484/oj.

(2)   IO L, 2026/1149, 26.5.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/1149/oj.

(3)   IO L, 2024/1485, 27.5.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1485/oj.

(4)   IO L, 2026/1147, 26.5.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2026/1147/oj.


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/2842/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)