European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2026/2830

26.5.2026

Rún ón gComhairle agus ionadaithe rialtais na mBallstát, ag teacht le chéile dóibh i dtionól na Comhairle, maidir leis an athbhreithniú ar an bPlean Oibre do Straitéis Óige an Aontais 2025-2027

(C/2026/2830)

DÉANANN AN CHOMHAIRLE AGUS IONADAITHE RIALTAIS NA mBALLSTÁT, AG TEACHT LE CHÉILE DÓIBH I dTIONÓL NA COMHAIRLE, AN MÉID SEO A LEANAS,

MEABHRAÍTEAR DÓIBH:

1.

I Straitéis Óige an Aontais Eorpaigh 2019-2027 (1), iarrtar ar na Ballstáit agus ar an gCoimisiún Eorpach, laistigh dá réimsí inniúlachta faoi seach, Straitéis Óige an Aontais Eorpaigh a chur chun feidhme go héifeachtach ar fud an Aontais agus sna Ballstáit trí bhíthin ionstraimí sonracha, lena n-áirítear Pleananna Oibre Straitéis Óige an Aontais.

2.

Tá cur chun feidhme Straitéis Óige an Aontais Eorpaigh bunaithe ar thréimhsí oibre 3 bliana a maireann gach ceann acu fad dhá Fhoireann Thrí Uachtaránachta. Cuirtear na tosaíochtaí agus na gníomhaíochtaí do na tréimhsí oibre faoi seach i láthair i bPleananna Oibre Straitéis Óige an Aontais Eorpaigh. Ba cheart tarraingt ar threoirphrionsabail agus ar thosaíochtaí Straitéis Óige an Aontais sna pleananna sin, lena dtabharfaí aghaidh freisin ar shaincheisteanna i leith na hóige i bhfoirmíochtaí eile de chuid na Comhairle agus i gcomhlachtaí ullmhúcháin i réimsí ábhartha beartais.

3.

Is ionstraimí iad Pleananna Oibre Straitéis Óige an Aontais Eorpaigh atá beartaithe chun treoir a thabhairt do na Ballstáit, don Choimisiún agus do na páirtithe leasmhara uile chun cuspóirí Straitéis Óige an Aontais Eorpaigh a bhaint amach, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta, lena n-áirítear Idirphlé an Aontais Eorpaigh leis an Aos Óg agus na Spriocanna Eorpacha don Óige, ar dlúthchuid de Straitéis Óige an Aontais iad.

TUGANN SIAD DÁ nAIRE:

4.

Dréachtaíonn an Chomhairle Plean Oibre reatha Straitéis Óige an Aontais (2025-2027) bunaithe ar fhaisnéis a fhaightear ón bhfoireann trí Uachtaránacht atá ann faoi láthair: an Pholainn, an Danmhairg agus an Chipir agus an fhoireann trí Uachtaránacht a thiocfaidh ina dhiaidh sin: Éire, an Liotuáin agus an Ghréig.

5.

Léiríonn na tosaíochtaí agus na gníomhaíochtaí a chuirtear i láthair sa Phlean Oibre athbhreithnithe 3 bliana seo do Straitéis Óige an Aontais Eorpaigh obair na dtrí Fhoireann Uachtaránachta reatha (an Pholainn, an Danmhairg agus an Chipir) agus obair na dtrí Uachtaránachta a thiocfaidh ina dhiaidh sin (Éire, an Liotuáin agus an Ghréig). Cumhdaítear leis an bplean oibre sin a bhfuil fágtha de chéim chur chun feidhme Straitéis Óige an Aontais Eorpaigh 2019-2027.

6.

Leis an Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le hoidhreacht Bhliain Eorpach na hÓige 2022 (2), leis na conclúidí ón gComhairle (3) a glacadh mar fhreagairt ar an Teachtaireacht sin, agus leis an tuarascáil ón gCoimisiún (4) maidir leis an meastóireacht eatramhach ar Straitéis Óige an Aontais Eorpaigh 2019-2027, soláthraíodh ionchur chun cur chun feidhme Straitéis Óige an Aontais Eorpaigh a fheabhsú a thuilleadh, go háirithe trí dhlús breise a chur leis an obair chun na cuspóirí maidir le príomhshruthú na hóige agus rannpháirtíocht na hóige a bhaint amach, lena n-áirítear trí Idirphlé an Aontais Eorpaigh leis an Aos Óg agus tríd an tseiceáil óige a chur chun feidhme ar an leibhéal Eorpach.

7.

Sa mheastóireacht deiridh ar chlár Erasmus+ 2014-2020 agus sa mheastóireacht eatramhach ar chlár Erasmus+ 2021-2027 (5), cuirtear chun suntais dea-fheidhmíocht an chláir in earnáil na hóige, sa mhéid gur rannchuidigh an clár le forbairt scileanna sóisialta, sibhialta agus fiontraíochta na rannpháirtithe agus gur chuir sé tacaíocht spriocdhírithe ar fáil do rannpháirtithe óga agus d’eagraíochtaí óige, a bhuí le straitéis thiomnaithe maidir le cuimsiú sa tréimhse 2014-2020 agus lena chreat maidir le bearta cuimsithe sa tréimhse 2021-2027.

8.

Leagtar béim, sa mheastóireacht eatramhach ar chlár an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh 2021-2027 (6), ar an tionchar láidir atá aige ó thaobh cuimsiú a chur chun cinn, go háirithe do dhaoine óga ar lú na deiseanna atá acu, don éagsúlacht agus don rannpháirtíocht dhaonlathach, agus go dtreisíonn sé luachanna Eorpacha agus braistint na féiniúlachta Eorpaí.

9.

Cuireadh torthaí thuasluaite na meastóireachta meántéarma ar an dá chlár san áireamh sna hullmhúcháin don togra Erasmus+ 2028-2034.

10.

Is féidir leis an gCoimisiún tacú le gníomhaíochtaí na mBallstát a leagtar amach sa Phlean Oibre seo do Straitéis Óige an Aontais Eorpaigh agus na gníomhaíochtaí sin a chomhlánú tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:

a)

comhar agus malartú taithí agus dea-chleachtas a spreagadh agus a éascú, tacú le soghluaisteacht daoine óga agus oibrithe don óige, rannpháirtíocht daoine óga sa saol daonlathach agus sibhialta a chothú, agus béim a leagan freisin ar a thábhachtaí atá comhairliúcháin don óige;

b)

tacú le cur chun feidhme Straitéis Óige an Aontais Eorpaigh trí uirlisí agus struchtúir atá ann cheana, lena n-áirítear Idirphlé an Aontais Eorpaigh leis an Aos Óg, Tairseach Eorpach na hÓige, Comhordaitheoir Eorpach na hÓige, agus gníomhaíochtaí foghlama frithpháirtí amhail sainghrúpaí, gníomhaíochtaí piarfhoghlama agus an phiarchomhairleoireacht, agus trí thionscnaimh níos déanaí, mar shampla Grúpa Páirtithe Leasmhara Óige an Aontais (7), Bord Comhairleach Óige Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh (8), Líonra Óige an Choimisiúin, Idirphléití Beartais Óige leis na Coimisinéirí agus seiceáil óige an Choimisiúin;

c)

nuashonruithe agus malartuithe rialta leis na Ballstáit a éascú maidir le tosaíochtaí beartais náisiúnta don óige, taithí agus dea-chleachtais, amhail maidir le comhairliúcháin leis an óige, agus riachtanais chomhair, trí leas a bhaint as an Vicí don Óige, as Deais Óige an Aontais (9) agus as táscairí don óige, chomh maith le suirbhéanna, staidéir agus taighde;

d)

rannchuidiú trí chláir de chuid an Aontais Eorpaigh atá ann faoi láthair lena dtugtar aghaidh ar an óige, go háirithe cláir Erasmus+ agus an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh, agus trí chomhpháirtíochtaí agus comhar le heagraíochtaí idirnáisiúnta eile, go háirithe Comhairle na hEorpa, ECFE agus na Náisiúin Aontaithe.

11.

Ní mór d’Idirphlé an Aontais Eorpaigh leis an Aos Óg leanúint de bheith ag forbairt agus ag fás i gcomhréir leis an Rún ón gComhairle maidir le rialachas Idirphlé an Aontais leis an Aos Óg (10), leis an meastóireacht mheántéarma ar Straitéis Óige an Aontais agus le tograí ó Chomhdhálacha Óige an Aontais, go háirithe tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:

a)

an dul chun cinn maidir leis an gcuimsiú a baineadh amach le linn timthriallta roimhe seo a choimirciú, lena n-áirítear trí rannpháirtíocht grúpaí daoine óga faoi ghannionadaíocht a mhéadú a thuilleadh, lena n-áirítear iad siúd ar lú na deiseanna atá acu;

b)

torthaí agus moltaí a chomhroinnt le lucht ceaptha beartas agus le páirtithe leasmhara eile ar gach leibhéal agus feasacht a mhúscailt maidir le hIdirphlé an Aontais Eorpaigh leis an Aos Óg, lena n-áirítear trí uirlisí faisnéise agus bealaí cumarsáide don óige atá ann cheana ar leibhéal an Aontais a shlógadh a thuilleadh, chun tionchar, infheictheacht agus cumarsáid a mhéadú;

c)

feabhas a chur ar an bhfaireachán ar gach leibhéal agus a áirithiú go mbeidh rannpháirtithe agus páirtithe leasmhara níos eolaí faoin obair leantach a dhéantar ar leibhéal an Aontais, ar an leibhéal náisiúnta, ar an leibhéal réigiúnach agus ar an leibhéal áitiúil;

d)

leanúint de na hiarrachtaí chun tionchar Idirphlé an Aontais Eorpaigh leis an Aos Óg a mhéadú, go háirithe trí chomhairliúcháin Idirphlé an Aontais Eorpaigh leis an Aos Óg a ailíniú le clár oibre beartais an Choimisiúin agus trí nasc láidir le clár oibre an Choimisiúin a áirithiú, nuair is féidir, chun éifeachtacht agus éifeachtúlacht a uasmhéadú.

12.

In 2025 agus 2026, tá próiseas éisteachta agus comhchruthaithe á reáchtáil ag an gCoimisiún leis na páirtithe leasmhara uile don óige chun Straitéis Óige an Aontais Eorpaigh tar éis 2027 a ullmhú, lena n-áirítear athbhreithniú ar na Spriocanna Eorpacha don Óige. Is éard a bheidh i gceist leis an bpróiseas sin Grúpa an Aontais um Páirtithe Leasmhara na hÓige a shlógadh, agus grúpaí, cruinnithe agus imeachtaí eile amhail Seachtain Eorpach na hÓige 2026 agus comhairliúchán poiblí ar líne, chomh maith le comhairliúcháin an 11ú timthriall d’Idirphlé an Aontais Eorpaigh leis an Aos Óg agus Comhdhálacha Óige an Aontais Eorpaigh sa 11ú agus sa 12ú timthriall.

13.

Le torthaí an 4ú Coinbhinsiún Eorpach maidir le hObair Óige (11) a d’óstáil Rialtas Mhálta i mí na Bealtaine 2025 - Aġenzija Żgħażagħ (gníomhaireacht náisiúnta óige Mhálta) - agus Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chláir (EUPA) do Mhálta, in éineacht leis an gComhpháirtíocht Óige idir an tAontas agus Comhairle na hEorpa, cuirtear i dtábhacht luach agus éifeachtacht na hoibre óige agus aithnítear í mar phríomhcholún do thodhchaí Straitéis Óige an Aontais Eorpaigh.

IARRANN SIAD AR UACHTARÁNACHTAÍ NA COMHAIRLE TRÁTH AN 11Ú AGUS AN 12Ú TIMTHRIALL D’IDIRPHLÉ AN AONTAIS EORPAIGH LEIS AN AOS ÓG AN MÉID SEO A LEANAS A DHÉANAMH:

14.

Deiseanna a chur ar fáil do na Ballstáit agus do pháirtithe leasmhara i réimse na hóige plé a dhéanamh ar thodhchaí an chomhair Eorpaigh i réimse na hóige tar éis 2027, lena n-áirítear trí Idirphlé an Aontais Eorpaigh leis an Aos Óg agus le tacaíocht ón gCoimisiún Eorpach, chun na sineirgí is fearr is féidir a cheadú leis an nglúin nua clár agus chun na déchuspóirí a bhaineann le rannpháirtíocht fhóinteach na hóige agus príomhshruthú na hóige a bhaint amach.

15.

Ag tógáil ar na struchtúir agus ar an saineolas atá ann cheana, tacaíocht a chur ar fáil do Straitéis Óige an Aontais Eorpaigh atá simplí, spriocdhírithe agus cuimsitheach do na haireachtaí agus do na páirtithe leasmhara ábhartha uile, lena n-áirítear do na daoine óga iad féin, lena n-áiritheofar éifeachtacht thrasearnálach agus lena mbunófar go daingean í i bprionsabail na hinrochtaineachta, na hurraime don éagsúlacht, na cuimsitheachta, na rannpháirtíochta sa saol daonlathach agus na rannpháirtíochta sibhialta.

IARRANN SIAD AR NA BALLSTÁIT AGUS AR AN gCOIMISIÚN EORPACH, I gCOMHRÉIR LE PRIONSABAL NA COIMHDEACHTA AGUS LAISTIGH DÁ RÉIMSÍ INNIÚLACHTA FAOI SEACH, AN MÉID SEO A LEANAS A DHÉANAMH:

16.

Comhairliúchán trasearnála a áirithiú, i gcás inar féidir, go luath i ndearadh na chéad Straitéise Óige eile de chuid an Aontais agus na Spriocanna Eorpacha don Óige, chun tuilleadh tacaíochta a thabhairt don chuspóir maidir le príomhshruthú na hóige ar fud na réimsí beartais uile mar phríomhcholún de Straitéis Óige an Aontais a bheidh ann amach anseo.

Athbhreithniú ar an bPlean Oibre do Straitéis Óige an Aontais 2025-2027 (1)

Dáta

Modh oibre / ionstraim

Sprioc tháscach agus aschur táscach

Na Spriocanna don Óige lena mbaineann

Nasc leis an gCreat chun Clár Oibre Eorpach don Obair Óige a bhunú (2)

Arna mholadh ag

PL, DK, CY

Ábhar foriomlán: An tAontas a nascadh leis an óige

Sprioc Eorpach #1 don Óige

2025 (an 1ú leath)

Conclúidí ón gComhairle maidir le pobal daoine óga san Eoraip bunaithe ar luachanna Eorpacha chun go mbeidh Eoraip choiteann shábháilte ann

Formheas ag an gComhairle

Sprioc Eorpach #1 don Óige: An tAontas a nascadh leis an óige

i measc nithe eile: mír 2, mír 4, mír 5

PL

2025 (an 1ú leath)

Rún ón gComhairle lena ndéantar athbhreithniú ar threoirlínte maidir le rialachas Idirphlé an Aontais Eorpaigh leis an Aos Óg

Formheas ag an gComhairle

Spriocanna Eorpacha uile don Óige

 

PL

2025 (an 1ú leath)

Comhdháil Óige an Aontais

(Lublin, an 2-5 Márta 2025)

An fhéiniúlacht Eorpach a neartú i measc Eorpaigh óga bunaithe ar luachanna na gConarthaí, próiseas comhairliúcháin a dhéanamh le hIdirphlé an Aontais Eorpaigh leis an Aos Óg chomh maith le moltaí ó thoscairí óige a chur chun cinn

Sprioc Eorpach #1 don Óige: An tAontas a nascadh leis an óige

 

PL

2025 (an 1ú leath)

Cruinniú na hArd-Stiúrthóireachta um an Óige

(Lublin, an 5-6 Márta 2025)

Plé ar thodhchaí chláir óige an Aontais, i.e. Erasmus+ agus an Cór Dlúthpháirtíochta Eorpach; athbhreithniú ar Straitéis Óige an Aontais 2019-2027; dearcthaí na hóige a phríomhshruthú sa cheapadh beartas áitiúil, náisiúnta agus Eorpach

Sprioc Eorpach #1 don Óige: An tAontas a nascadh leis an óige

 

PL

an 27-28 Márta 2025, an Bhruiséil

An chéad chruinniú de Ghrúpa Páirtithe Leasmhara Óige an Aontais

Malartuithe agus comhairliúcháin leis an óige a éascú maidir le tionscnaimh bheartais atá ar na bacáin.

Le linn an chéad chruinnithe 2 lá, d’fhoghlaim na rannpháirtithe faoi phríomhthionscnaimh óige agus scileanna, roinn siad dea-chleachtais, agus rannchuidigh siad le forbairt na Straitéise um an gCothroime Idirghlúine atá ar na bacáin agus le todhchaí Straitéis Óige an Aontais.

Spriocanna Eorpacha uile don Óige

Sprioc Eorpach #1 don Óige: An tAontas a nascadh leis an óige

 

COM

2025 (an 1ú leath)

Glacadh Thuarascáil an Aontais ar an Óige

 

 

mír 35

COM

2025 (an 1ú leath)

Gníomhaíocht phiarfhoghlama maidir le príomhshruthú na hóige

Feasacht a mhúscailt agus taithí a mhalartú maidir le cineálacha cur chuige agus sásraí príomhshruthaithe óige, agus an nasc le hIdirphlé neartaithe an Aontais leis an Aos Óg

 

mír 28

COM

2025 (an 1ú leath)

An Ceathrú Coinbhinsiún Eorpach maidir le hObair Óige ‘Youthwork Xcelerate’

(Málta, an 28-30 Bealtaine 2025)

Oibriú i dtreo togra le haghaidh creat straitéiseach Eorpach chun beartas maidir le hobair óige a chur chun feidhme agus chun cleachtas ardcháilíochta maidir le hobair óige a aithint

 

mír 31

MT, Comhpháirtíocht Óige AE-Comhairle na hEorpa, COM

2025 (an 2ú leath)

Seimineár/ceardlann/seimineár gréasáin maidir le Tuarascáil an Aontais ar an Óige

Feasacht a mhúscailt maidir le príomhfhaisnéis ar dhul chun cinn Straitéis Óige an Aontais agus ar staid daoine óga

 

mír 35

COM

an 8 Iúil 2025, ar líne

An dara cruinniú de Ghrúpa Páirtithe Leasmhara Óige an Aontais

Tugadh an dara cruinniú cothrom le dáta maidir le tionscnaimh óige an Aontais, lena n-áirítear Idirphlé an Aontais Eorpaigh leis an Aos Óg, seiceáil óige an Choimisiúin, Idirphléití Beartais Óige agus Bord na nÓg um Chomhairliú an Uachtaráin, agus ionchur á bhailiú ag an am céanna maidir leis an bPlean Gníomhaíochta do Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta agus Straitéis an Aontais maidir leis an tSochaí Shibhialta.

 

 

COM

2025 (an 2ú leath)

Comhdháil Óige an Aontais ag díriú ar chlár Erasmus+ don tréimhse 2028-2034 agus ar rannpháirtíocht daoine óga sa daonlathas

(Cóbanhávan, an 21-23 Meán Fómhair 2025)

Rannpháirtíocht daoine óga sa daonlathas a mhéadú

Sprioc Eorpach #9 don Óige: Fairsinge agus rannpháirtíocht do chách

Sprioc Eorpach #11 don Óige: Eagraíochtaí óige agus cláir Eorpacha

mír 33

DK

2025 (an 2ú leath)

Cruinniú Ard-Stiúrthóireacht na hÓige inar díríodh ar an gcéad chlár Erasmus+ eile (2028-2034) agus ar rannpháirtíocht daoine óga sa daonlathas

(Cóbanhávan, an 22-23 Meán Fómhair 2025)

Rannpháirtíocht daoine óga sa daonlathas a mhéadú

Sprioc Eorpach #9 don Óige: Fairsinge agus rannpháirtíocht do chách

Sprioc Eorpach #11 don Óige: Eagraíochtaí óige agus cláir Eorpacha

 

DK

2025 (an 2ú leath)

Tascfhórsa faoi stiúir na hóige a chruthú chun athbhreithniú a dhéanamh ar Spriocanna Eorpacha don Óige

A áirithiú go mbeidh an próiseas chun athbhreithniú a dhéanamh ar Spriocanna Eorpacha don Óige faoi stiúir na hóige ag gach céim, lena n-áirítear dréachtú agus cinntí maidir le modheolaíocht araon. Cruthaíodh an tascfhórsa trí ghlao oscailte arna bhainistiú ag Fóram Eorpach na nÓg. Cuireann an Coimisiún maoiniú agus tacaíocht lóistíochta ar fáil. Tionóladh an chéad chruinniú i mí na Nollag 2025.

Na Spriocanna Uile don Óige

Sprioc Eorpach #1 don Óige: An tAontas a nascadh leis an óige

mír 29, mír 36

COM

an 6 Samhain 2025, ar líne

An tríú cruinniú de Ghrúpa Páirtithe Leasmhara Óige an Aontais

Comhairliúchán faoi chuimsiú an phróisis chomhchruthaithe leis na páirtithe leasmhara uile chun an chéad Straitéis Óige eile de chuid an Aontais Eorpaigh a ullmhú.

Ag an tríú cruinniú, rinneadh athbhreithniú ar an dul chun cinn maidir le mórthionscnaimh óige an Aontais agus tosaíochtaí atá ar na bacáin, lena n-áirítear ullmhúcháin do Straitéis Óige an Aontais tar éis 2027.

D’fhoghlaim páirtithe leasmhara faoi phróiseas cinnteoireachta an Aontais agus chuathas i gcomhairle leo maidir leis an Tionscnamh um Inaistritheacht Scileanna, atá ag dul faoi phróiseas na Seiceála Óige.

 

 

COM

2026 (an 1ú leath)

Aibreán

2026 Seachtain Eorpach na hÓige

Eagraíonn an Coimisiún Eorpach imeacht Sheachtain Eorpach na hÓige gach re bliain chun rannpháirteachas, rannpháirtíocht agus saoránacht ghníomhach na hóige a cheiliúradh agus a chur chun cinn. Áireofar ann freisin cruinniú ar an láthair de mheithleacha náisiúnta d’Idirphlé an Aontais Eorpaigh leis an Aos Óg.

Spriocanna Eorpacha uile don Óige

mír 28

COM

2026 (an 1ú leath)

Rún maidir leis an bPlean Oibre do Straitéis Óige an Aontais 2025-2027 (athbhreithniú)

Formheas ag an gComhairle

Spriocanna Eorpacha uile don Óige

mír 36

CY

2026 (an 1ú leath)

Rún maidir le torthaí an 11ú timthriall d’Idirphlé an Aontais leis an Aos Óg

Formheas ag an gComhairle

Sprioc Eorpach #1 don Óige: An tAontas a nascadh leis an óige

mír 13a, mír 14, mír 29, mír 36

CY

2026

Cruinniú de Ghrúpa Páirtithe Leasmhara Óige an Aontais (cruinniú amháin ar a laghad in aghaidh na bliana)

Malartuithe agus comhairliúcháin le daoine óga a éascú maidir le tionscnaimh bheartais atá ar na bacáin

Spriocanna Eorpacha uile don Óige

Sprioc Eorpach #1 don Óige: An tAontas a nascadh leis an óige

 

COM

2026 (an 1ú leath)

Idirphlé Beartais leis an Aos Óg ‘Guthanna Óga don Aigéan’ (Ayia Napa, an 19 Márta 2026)

Idirphlé Beartais Óige ‘Guthanna Óga don Aigéan’ leis na Coimisinéirí Kadis agus Micallef faoi chuimsiú Chomhdháil Óige an Aontais

Sprioc Eorpach #1 don Óige: An tAontas a nascadh leis an óige

 

COM

2026 (an 1ú leath)

Comhdháil Óige an Aontais (an Niocóis, an 17-20 Márta 2026 agus ar líne)

An 11ú Timthriall d’Idirphlé an Aontais leis an Aos Óg a thabhairt i gcrích; Tosaíocht na Cipire (i.e. óige-bháúlacht na mbeartas a áirthiú) agus a bhfuil i ndán do Straitéis Óige an Aontais Eorpaigh a phlé. Léiríonn rannpháirtíocht Choimisinéirí Kadis agus Micallef cuspóirí Sprioc don Óige #1: An tAontas a nascadh leis an óige.

Sprioc Eorpach #1 don Óige: An tAontas a nascadh leis an óige

mír 10d, mír 26

CY

2026 (an 1ú leath)

Cruinniú d’Ard-Stiúrthóireacht na hÓige (an Niocóis, an 19-20 Márta 2026 agus ar líne)

Idirphlé maidir le Sprioc Eorpach don Óige #1: An tAontas a nascadh leis an óige, agus go príomha an chaoi chun a áirithiú go mbeidh na beartais óige-bháúlach ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais, chomh maith lena bhfuil i ndán do Straitéis Óige an Aontais

Sprioc Eorpach #1 don Óige: An tAontas a nascadh leis an óige

 

CY

2026 (1ú -2ú leath)

Comhairliúcháin leis an óige maidir leis an gcéad Straitéis Óige eile de chuid an Aontais

Tá comhairliúcháin iomadúla leis an óige beartaithe le linn mhí an Mhárta agus mhí Dheireadh Fómhair 2026 chun bonn eolais a chur faoin obair ar an Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le Straitéis Óige an Aontais Eorpaigh tar éis 2027, trí úsáid a bhaint freisin as próiseas Idirphle an Aontais Eorpaigh leis an Aos Óg

 

mír 36

COM

IE, LT, EL

Ábhar foriomlán: Faisnéis agus idirphlé cuiditheach maidir le Sprioc Eorpach don Óige #4

2026 (an 2ú leath)

Conclúidí ón gComhairle maidir le daoine óga a chumhachtú chun a mbealach a dhéanamh agus rath a bheith orthu i dtimpeallacht faisnéise sháithithe atá ag athrú agus atá dúshlánach

Formheas ag an gComhairle

Sprioc Eorpach #4 don Óige: Faisnéis agus idirphlé cuiditheach

mír 29

IE

2026 (an 2ú leath)

Conclúidí ón gComhairle maidir lena chinntiú go mbeidh spásanna sábháilte inrochtana ag daoine óga san Eoraip chun teacht le chéile, chun páirt a ghlacadh agus chun nascadh le chéile

Formheas ag an gComhairle

Sprioc Eorpach #4 don Óige: Faisnéis agus idirphlé cuiditheach

mír 29

IE

2026 (an 2ú leath)

Comhdháil Óige an Aontais

an 27-30 Meán Fómhair 2026)

Comhdháil Óige an Aontais agus cruinniú Ard-Stiúrthóireachta

(b’fhéidir) Moltaí beartais

Malartú dea-chleachtas

Spriocanna Eorpacha uile don Óige

mír 26, mír 28, mír 34

IE, COM

2026 (an dara leath)

Gníomhaíocht phiarfhoghlama maidir le beartas áitiúil don óige

Feasacht a mhúscailt agus an taithí a fuarthas agus dea-chleachtais a mhalartú maidir leis an mbeartas áitiúil don óige

Sprioc Eorpach #3 don Óige: Sochaithe cuimsitheacha

mír 28

BG

2027 (an chéad leath)

Conclúidí ón gComhairle maidir le Cumhachtú na hÓige sa Ré Dhigiteach: Athléimneacht Shíceolaíoch, Shibhialta agus Dhaonlathach a Chothú san Eoraip

Formheas ag an gComhairle

Sprioc Eorpach #4 don Óige: Faisnéis agus idirphlé cuiditheach

mír 6, mír 34

LT

2027 (an 1ú leath)

Comhdháil maidir le hathléimneacht na hóige a áirithiú i gcomhthéacs na digiteálaithe.

Comhdháil Óige an Aontais agus cruinniú Ard-Stiúrthóireachta

(b’fhéidir) Moltaí beartais

Malartú dea-chleachtas

Sprioc Eorpach #4 don Óige: Faisnéis agus idirphlé cuiditheach

mír 6, mír 34

LT

2027

Cruinniú de Ghrúpa Páirtithe Leasmhara Óige an Aontais (cruinniú amháin ar a laghad in aghaidh na bliana)

 

 

 

COM

2027 (an 1ú leath)

Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le Straitéis Óige an Aontais tar éis 2027

 

 

mír 11, mír 13(a), mír 15, mír 26, mír 36

COM

2027

Gníomhaíocht phiarfhoghlama (ábhar le cinneadh)

 

 

mír 29

COM

2027 (an 2ú leath)

(b’fhéidir) Rún ón gComhairle maidir leis an 12ú timthriall d’Idirphlé an Aontais leis an Aos Óg

Formheas ag an gComhairle

Sprioc Eorpach #4 don Óige: Faisnéis agus idirphlé cuiditheach

Fospriocanna le cinneadh ag GSE den 12ú timthriall

 

EL

2027 (an 2ú leath)

Comhdháil maidir le daoine óga a chumhachtú le bheith ina n-úsáideoirí agus ina dtáirgeoirí criticiúla freagracha faisnéise (topaic na comhdhála le cinneadh de réir na bhfospriocanna a roghnófar i gcomhar le GSE an 12ú timthriall)

Moltaí beartais

Malartú dea-chleachtas

Sprioc Eorpach #4 don Óige: Faisnéis agus idirphlé cuiditheach

Fospriocanna le cinneadh ag GSE den 12ú timthriall

mír 6, mír 10(a), mír 21

EL

2027 (an 2ú leath)

Comhdháil aireachta neamhfhoirmiúil nó cruinniú ardleibhéil nó cruinniú na hArd-Stiúrthóireachta um an Óige

Malartú smaointe idir Ard-Stiúrthóireachtaí maidir le tosaíochtaí na Gréige

Téama chruinniú na hArd-Stiúrthóireachta atá le cinneadh de réir thosaíochtaí Uachtaránacht EL agus Sprioc Eorpach don Óige #4: Faisnéis agus idirphlé cuiditheach (12ú timthriall)

 

EL

2027 (an 2ú leath)

(b’fhéidir) Rún ón gComhairle maidir le Straitéis Óige an Aontais tar éis 2027

Formheas ag an gComhairle

Spriocanna Eorpacha uile don Óige

mír 6, mír 10(a), mír 11, mír 13(a), mír 15, mír 21, mír 26, mír 36

EL

(1)  Tiomsaithe ag Uachtaránacht CY ar bhonn na faisnéise nuashonraithe a fuarthas ón gCoimisiún agus ó thrí Uachtaránachtaí PL-DK-CY agus IE-LT-EL.

(2)  Féach an Rún ón gComhairle agus ó Ionadaithe Rialtais na mBallstát, ag teacht le chéile dóibh i dtionól na Comhairle maidir leis an gCreat chun Clár Oibre Eorpach don Obair Óige a bhunú (IO C 415, 1.12.2020, lch. 1).


(1)  Rún ó Chomhairle an Aontais Eorpaigh agus ó Ionadaithe Rialtais na mBallstát, ag teacht le chéile dóibh i dtionól na Comhairle maidir le creat don chomhar Eorpach i réimse na hóige: Straitéis Óige an Aontais Eorpaigh 2019–2027 (IO C 456, 18.12.2018, lch. 1).

(2)  Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún maidir le Bliain Eorpach na hÓige 2022, COM (2024) 1 final.

(3)  Conclúidí ón gComhairle agus ó ionadaithe rialtais na mBallstát, ag teacht le chéile dóibh i dtionól na Comhairle, maidir le hoidhreacht Bhliain Eorpach na hÓige 2022 (IO C, C/2024/3543, 31.5.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/3543/oj).

(4)  Tuarascáil ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún ar an meastóireacht eatramhach ar Straitéis Óige an Aontais Eorpaigh 2019-2027, COM (2024) 162 final.

(5)  Tuarascáil ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún maidir leis an meastóireacht eatramhach ar chlár Erasmus+ 2021-2027 agus leis an meastóireacht chríochnaitheach ar chlár Erasmus+ 2014-2020, COM(2025) 395 final; Doiciméad Inmheánach Oibre de chuid an Choimisiúin a ghabhann leis an tuarascáil ón gCoimisiún maidir leis an meastóireacht eatramhach ar chlár Erasmus+ 2021-2027 agus leis an meastóireacht chríochnaitheach ar chlár Erasmus+ 2014-2020, SWD(2025) 186 final.

(6)  Tuarascáil ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún maidir leis an meastóireacht eatramhach ar an gCór Dlúthpháirtíochta Eorpach 2021-2027 agus leis an meastóireacht chríochnaitheach ar an gCór Dlúthpháirtíochta Eorpach 2018-2020, COM/2025/144 final.

(7)  Grúpa Páirtithe Leasmhara Óige an Aontais - Tairseach Eorpach na hÓige - https://youth.europa.eu/strategy/euyouthstrategygroup_en

(8)  Bord na nÓg um Chomhairliú an Uachtaráin — Tairseach Eorpach na hÓige - https://youth.europa.eu/strategy/pyab_en

(9)  Eurostat, leanaí agus an óige, Deais Óige an Aontais.

(10)  Rún ón gComhairle agus ó Ionadaithe Rialtais na mBallstát, ag teacht le chéile dóibh i dtionól na Comhairle, lena ndéantar athbhreithniú ar threoirlínte maidir le rialachas Idirphlé an Aontais Eorpaigh leis an Aos Óg (IO C, C/2025/3130, 2.6.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/rd/C/2025/3130/oj).

(11)   https://pjp-eu.coe.int/en/web/youth-partnership/4th-european-youth-work-convention-


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/2830/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)