European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2026/2794

22.5.2026

Fógra maidir le dul in éag beart frith-fhóirdheontais áirithe

(C/2026/2794)

Tar éis fógra a fhoilsiú maidir le dul in éag atá le tarlú (1), fógra nár cuireadh isteach dá thoradh aon iarraidh ar athbhreithniú a raibh bunús cuí léi, tá an Coimisiún ag tabhairt fógra go rachaidh an beart frith-fhóirdheontais a luaitear thíos in éag.

Déantar an fógra seo a fhoilsiú i gcomhréir le hAirteagal 18(4) de Rialachán (AE) 2016/1037 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí ar tugadh fóirdheontas ina leith, ar allmhairí iad ó thíortha nach baill den Aontas Eorpach iad (2).

Táirge

Tír/tíortha tionscnaimh nó tír/tíortha is onnmhaireoir(í)

Bearta

Tagairt

Dáta éaga (3)

Breac dea-dhathach áirithe

an Tuirc

Dleacht frithchúitimh

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/823 ón gCoimisiún an 20 Bealtaine 2021 lena bhforchuirtear dleacht frithchúitimh chinntitheach ar allmhairí de bhreac dea-dhathach áirithe de thionscnamh na Tuirce tar éis athbhreithniú éaga a dhéanamh de bhun Airteagal 18 de Rialachán (AE) 2016/1037 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

(IO L 183, 25.5.2021, lch. 5, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2021/823/oj)

26.5.2026

(3)  Rachaidh an beart in éag ag meán oíche (00:00) an lá a luaitear sa cholún seo.


(1)   IO C, C/2025/5018, 16.9.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/5018/oj.

(2)   IO L 176, 30.6.2016, lch. 55, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2016/1037/oj.


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/2794/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)