|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2026/2729 |
26.5.2026 |
Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 25 Márta 2026 – DP agus DQ v ÚEÁPC
(Cás T-183/24) (1)
(Caingean le haghaidh damáistí - Dliteanas neamhchonarthach an Aontais Eorpaigh - Tionscnamh na díospóide - Tréimhse theorann - Inghlacthacht - Airteagal 339 CFAE - Oibleagáid cúiseanna a lua - Prionsabal an dea-riaracháin - Airteagal 41 den Chairt um Chearta Bunúsacha)
(C/2026/2729)
Teanga an cháis: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóirí: DP, DQ (ionadaí: N. Flandin, Dlíodóir)
Cosantóir: an tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde (ionadaithe: A. Terstegen-Verhaag agus C. Coucke, Gníomhairí, le cúnamh ó B. Wägenbaur, Dlíodóir)
Ábhar
Lena gcaingean de bhun Airteagal 268 agus an dara fomhír d’Airteagal 340 CFAE, iarrann na hiarratasóirí cúiteamh as an damáiste neamhábhartha a mhaíonn siad a d’fhulaing siad mar thoradh ar iompar neamhdhleathach an Údaráis Eorpaigh um Árachas agus Pinsin Cheirde (ÚEÁPC).
An chuid oibríochtúil
|
1. |
Díbhtear an chaingean. |
|
2. |
Ordaítear do DP agus DQ na costais a íoc. |
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/2729/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)