European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2026/2656

12.5.2026

Réamhfhógra faoi chomhchruinniú

(Cás M.12415 — APOLLO FUNDS / NIPPON SHEET GLASS COMPANY)

Cás a d’fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(C/2026/2656)

1.   

An 30 Aibreán 2026, fuair, an Coimisiún fógra maidir le comhchruinniú atá beartaithe, fógra a tugadh de bhun Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1).

Baineann an fógra seo leis na gnóthais seo a leanas:

—

Cistí arna gcomhairliú ag cleamhnaithe Apollo Capital Management, L.P., ar fochuideachta indíreach ar lánúinéireacht é de chuid Apollo Global Management, Inc. (in éineacht lena fhochuideachtaí indíreacha a bhainistíonn na cistí infheistíochta; ‘Apollo Funds’, na Stáit Aontaithe),

—

Nippon Sheet Glass Company, Limited (‘NSG’, an tSeapáin).

Gheobhaidh Apollo Funds rialú aonair, de réir bhrí Airteagal 3(1)(b) den Rialachán um Chumaisc, ar NSG ina iomláine.

Baintear an comhchruinniú amach trí bhíthin leithroinnt scaireanna le tríú páirtithe.

2.   

Is iad seo a leanas gníomhaíochtaí gnó na ngnóthas lena mbaineann:

—

Cuireann cleamhnaithe Apollo Capital Management, L.P., ar fochuideachta indíreach ar lánúinéireacht é de chuid Apollo Global Management, Inc., comhairle ar Apollo Funds. Is bainisteoir sócmhainní malartacha domhanda é Apollo Global Management, Inc. a thairgeann seirbhísí bainistíochta infheistíochta agus pleanála airgeadais do dhaoine aonair agus d’infheisteoirí institiúideacha ar bhonn domhanda. I measc na samplaí d’infheistíochtaí reatha tá, inter alia, cuideachtaí san oideachas, san árachas, i seirbhísí airgeadais, agus i ngnólachtaí fóillíochta,

—

Tá NSG corpraithe sa tSeapáin agus liostaithe ar Stocmhalartán Thóiceo. Déanann sé réimse leathan táirgí gloine a mhonarú agus a sholáthar ar fud margaí agus tíortha éagsúla, tá oibríochtaí monaraíochta ar fud an domhain agus díolacháin i mbreis agus 100 tír aige, agus fostaíonn sé 25 000 duine. Soláthraíonn sé bonn custaiméirí éagsúil thar thrí aonad gnó: gloine ailtireachta, gloine mótarfheithiclí, agus teicneolaíocht chruthaitheach. San Eoraip, tá NSG gníomhach go príomha trína fhochuideachtaí a oibríonn faoi bhranda Pilkington.

3.   

Tar éis réamhscrúdú a dhéanamh, is é cinneadh an Choimisiúin go bhféadfadh an t-idirbheart ar tugadh fógra ina leith a bheith faoi raon feidhme an Rialacháin um Chumaisc. Ach forchoimeádtar an cinneadh críochnaitheach maidir leis sin.

De bhun an Fhógra ón gCoimisiún maidir le cóireáil shimplithe le haghaidh comhchruinnithe áirithe faoi Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle maidir le comhchruinnithe a rialú idir gnóthais (2), ba cheart a thabhairt faoi deara go bhféadfaí an cás seo a chur faoin nós imeachta a leagtar amach san Fhógra.

4.   

Iarrann an Coimisiún ar thríú páirtithe leasmhara aon bharúil a bheadh acu maidir leis an gcomhchruinniú atá beartaithe a chur faoi bhráid an Choimisiúin.

Ní mór na barúlacha a bheith faighte ag an gCoimisiún tráth nach déanaí ná 10 lá tar éis dháta foilsithe an fhoilseacháin seo. Ba cheart an tagairt seo a leanas a lua i gcónaí:

M.12415 — APOLLO FUNDS / NIPPON SHEET GLASS COMPANY

Is féidir barúlacha a sheoladh chuig an gCoimisiún le ríomhphost nó tríd an bpost. Baintear úsáid as na sonraí teagmhála:

R-phost: COMP-MERGER-REGISTRY@ec.europa.eu

Seoladh poist:

European Commission

Directorate-General for Competition

Merger Registry

1049 Bruxelles/Brussel

BELGIQUE/BELGIË


(1)   IO L 24, 29.1.2004, lch. 1 (an ‘Rialachán um Chumaisc’).

(2)   IO C 160, 5.5.2023, lch. 1.


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/2656/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)