European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2026/2601

20.5.2026

Tuairim ó Choiste Eorpach na Réigiún — Cur chuige seachtrach an Aontais i leith na Mara Duibhe — An ghné áitiúil agus réigiúnach

(C/2026/2601)

Rapóirtéir

:

Blagomir KOTSEV (BG/Renew Europe), Méara Bhardas Varna

Doiciméad tagartha

:

JOIN(2025) 135 — Cur chuige straitéiseach an Aontais Eorpaigh i leith réigiún na Mara Duibhe

SEO SEASAMH CHOISTE EORPACH NA RÉIGIÚN (CNAR)

I.   CÚLRA

1.

Cuireann sé i bhfios go bhfuil réigiún na Mara Duibhe ríthábhachtach do shlándáil agus cobhsaíocht an Aontais, dá nascacht agus don fhás a thiocfaidh air, sin agus dá chumas oiriúnú d’athruithe aeráide;

2.

cuireann sé i bhfáth go bhfuil éagobhsaíocht sa réigiún faoi láthair i dtéarmaí slándála, cur isteach ar thrácht muirí agus damáiste don chomhshaol mar thoradh ar chogadh na Rúise i gcoinne na hÚcráine;

3.

tugann sé chun suntais nár cheart breathnú ar an Muir Dhubh mar limistéar forimeallach, ach mar lárionad straitéiseach a bhfuil tábhacht gheopholaitiúil ag baint léi, agus mar phríomh-chrosbhóthar eacnamaíoch, lena nasctar an Eoraip le réigiún Chugais, leis an Áise Láir agus leis an Meánmhuir Thoir trí líonraí iompair, fuinnimh agus cábla dhigitigh;

4.

tacaíonn sé le straitéis chuimsitheach AE maidir le Muir Dhubh chobhsaí agus shlán lena neartaítear seasamh geopholaitiúil na hEorpa, lena gcosnaítear bealaí muirí, agus lena ndoimhnítear an nascacht straitéiseach le tíortha Chomhpháirtíocht an Oirthir agus le comhghuaillithe ECAT sa réigiún;

5.

tugann sé chun suntais a thábhachtaí atá sé cur le Sineirge na Mara Duibhe (2007), ag díriú ar fhaireachas muirí, ar bhagairtí hibrideacha a chomhrac, agus ar bhonneagar criticiúil fuinnimh agus iompair a chosaint;

6.

aithníonn sé go bhfuil meascán casta deiseanna agus leochaileachtaí os comhair an réigiúin agus is díol sásaimh dó go gcuirtear sin san áireamh sa chur chuige straitéiseach don réigiún;

7.

tugann sé chun suntais go ndéantar trí ghné idirnasctha a shainaithint go leordhóthanach sa chur chuige straitéiseach: (1) Slándáil, cobhsaíocht agus athléimneacht — spás muirí, bonneagar agus institiúidí daonlathacha a chosaint ar bhagairtí míleata agus hibrideacha. (2) Fás agus rathúnas inbhuanaithe — trádáil, fuinneamh, iompar, comhar taighde agus an geilleagar gorm a chothú mar spreagadh don rathúnas réigiúnach agus d’iomaíochas an Aontais. (3) Cosaint an chomhshaoil agus athléimneacht in aghaidh an athraithe aeráide — dul i ngleic leis an truailliú, le cailliúint na bithéagsúlachta agus le téamh tapa éiceachóras na Mara Duibhe trí oiriúnú, trí bhainistiú eolaíochtbhunaithe agus trí fhorbairt na hathléimneachta ar an leibhéal áitiúil;

8.

is díol sásaimh dó go n-áirítear bonneagar dé-úsáide agus tosaíochtaí cibearchosanta sa chur chuige straitéiseach, a fhad is go n-déanann leochaileacht na dteorainneacha seachtracha, idir fhisiceach agus dhigiteach, rannpháirtíocht leanúnach AE arna spriocdhíriú go hiomchuí a éileamh i gcónaí san fhaireachas, i gcosaint an bhonneagair agus sa chibear-athléimneacht;

9.

is díol sásaimh dó go bhfuil an cur chuige straitéiseach dírithe ar oiriúnú don athrú aeráide, ós rud é go bhfuil an Mhuir Dhubh ar cheann de na farraigí is tapúla téamh ar fud an domhain, agus go bhfuil ag géarú ar chailliúint na bithéagsúlachta inti, ar an eotrófú agus ar chreimeadh cósta atá ag dul i méid agus ar rioscaí tuilte; cuireann sé i dtábhacht, áfach, nach mór sásraí um aistriú atá cothrom go sóisialta a chur i ngníomh bonn ar bhonn le bearta comhshaoil agus aeráide, rud a áiritheoidh nach ndéanfar difear díréireach do theaghlaigh leochaileacha, do bhardais bheaga agus do phobail tuaithe;

II.   TREOIRPHRIONSABAIL

10.

Cuireann sé i bhfáth a ábhartha atá na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha i gcur chun feidhme an chur chuige straitéisigh agus go gcruthaíonn cur chuige rialachais il-leibhéil bunús fónta do straitéis fhadtéarmach; molann CnaR go ndéanfaí tagairt shainráite do ról na mbardas agus na réigiún i rialachas agus i gcur i gcrích an chur chuige straitéisigh;

11.

molann sé go gcuirfí i bhfeidhm prionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta, an díláraithe agus an rialachais il-leibhéil, lena gcuimsítear ról na n-údarás áitiúil agus réigiúnach maidir le pleanáil, ceapadh beartas, rochtain ar chistiú agus ar shásraí rialachais, agus freagracht an Choimisiúin Eorpaigh as éifeachtúlacht agus trédhearcacht na ngníomhaíochtaí sin a áirithiú á cosaint ag an am céanna;

12.

tugann sé dá aire, agus tionchar seachtrach urchóideach á laghdú, go háirithe bréagaisnéis agus ionramháil agus cur isteach eachtrach ar fhaisnéis (FIMI), go mbeidh athléimneacht an réigiúin ag brath ar mhaoirseacht dhian agus ar chomhordú idirinstitiúideach ar an leibhéal Eorpach, náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil.

III.   MOLTAÍ I LEITH NA mBEARTAS

Moltaí ginearálta

13.

Tacaíonn sé leis an gcur chuige straitéiseach agus molann sé go n-ardófaí é ina Straitéis lánfheidhme de chuid an Aontais do réigiún na Mara Duibhe, le cuspóirí soiléire, táscairí inchainníochtaithe agus dlúthchomhar lena chomharsana san Aontas chun spriocanna comhchoiteanna a chur chun feidhme, mar shampla trí thionscadail comhair trasteorann a úsáid;

14.

molann CnaR go mbeadh na geallsealbhóirí ábhartha uile rannpháirteach go leanúnach i gcur chun feidhme an chur chuige straitéisigh, go háirithe na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha, agus béim ar leith á leagan ar ról Choiste Eorpach na Réigiún (CnaR) agus ar na formáidí seanbhunaithe atá aige don chomhar iltaobhach agus déthaobhach le húdaráis áitiúla agus réigiúnacha thíortha Chomhpháirtíocht an Oirthir: Comhdháil na n-údarás réigiúnach agus áitiúil le haghaidh Chomhpháirtíocht an Oirthir (CORLEAP) agus meithleacha CnaR don chaidreamh leis an Úcráin agus le Poblacht na Moldóive faoi seach;

15.

iarrann sé ar an gCoimisiún Eorpach eochairtháscairí feidhmíochta intomhaiste (KPInna) a chruthú chun faireachán a dhéanamh ar an dul chun cinn maidir leis na dálaí sin, agus béim á leagan ar a phráinní atá sé go mbeadh beartas comhleanúnach de chuid an Aontais i bhfeidhm a mbeadh na hacmhainní iomlána aige agus lena ndéileálfaí leis an Muir Dhubh ní mar réigiún forimeallach ach mar chroílár straitéiseach de leasanna geopholaitiúla, eacnamaíocha agus comhshaoil an Aontais;

16.

cuireann sé i bhfios go bhfuil an réigiún fós faoi réir tionchar straitéiseach eachtrach urchóideach fadtéarmach — trí spleáchas fuinnimh, líonraí caocha gnó agus tionchar polaitiúil trí Eaglais Cheartchreidmheach na Rúise agus trí mheáin agus líonraí sóisialta Rúisise agus faoi úinéireacht na Rúise; molann sé go gcuirfí bearta chun feidhme chun gnó trédhearcach agus, go háirithe, úinéireacht agus rialachas na meán a áirithiú;

17.

cuireann sé i bhfios go láidir go bhfuil an réigiún níos neamhchosanta ar bhagairtí hibrideacha, lena n-áirítear cibirionsaithe, teagmhais mhuirí, cur isteach ar phróisis dhaonlathacha, coireacht eagraithe agus gáinneáil, maille le bréagaisnéis agus ionramháil agus cur isteach eachtrach ar fhaisnéis (FIMI); molann sé go neartófaí ról na n-údarás réigiúnach agus áitiúil maidir le litearthacht sna meáin, creataí comhroinnte faisnéise agus athléimneacht a fhorbairt;

18.

tugann sé dá aire nach mór an cur chuige straitéiseach a thrasnascadh le creataí AE atá ann cheana — go háirithe Comhpháirtíocht an Oirthir, lena n-áirítear CORLEAP mar an ghné áitiúil agus réigiúnach di, lena n-éascaítear nascadh na gcathracha calafoirt agus fothú acmhainneachta na mbardas a thacaíonn leis an tslándáil agus leis an athléimneacht réigiúnach, Straitéis Slándála Muirí an Aontais Eorpaigh, Straitéis Chalafoirt na hEorpa, an tionscnamh Global Gateway agus Misean an Aontais maidir le hoiriúnú don athrú aeráide;

19.

tá sé ag tathant ar an Aontas Eorpach tacaíocht shuntasach pholaitiúil, airgeadais agus slándála a chur ar fáil chun a áirithiú go dtiocfaidh gníomhaíocht as an gcur chuige straitéiseach — lena n-áirítear cistiú do bhonneagar cósta, tionscadail athléimneachta, comhar eolaíoch agus bearta cosanta sibhialta; molann sé go n-áireofaí sásraí sainráite maidir le cómhaoiniú stáit-áitiúil agus tuairisciú tréimhsiúil ar fheidhmíocht ag údaráis réigiúnacha faoin mBeartas Comhtháthaithe;

20.

molann sé go gcruthófaí buansásra rialachais agus faireacháin — lena n-áirítear cruinnithe aireachta bliantúla, fóraim rialta réigiúnacha geallsealbhóirí agus córas táscairí dul chun cinn arna gcomhordú ag SEGS agus ag an gCoimisiún Eorpach;

21.

aithníonn sé go bhfuil rannpháirtíocht ghníomhach na n-údarás áitiúil agus réigiúnach ríthábhachtach agus molann sé go n-úsáidfí cruinniú bliantúil CORLEAP 2026 sa Mholdóiv chun plé a dhéanamh ar a thábhachtaí atá Straitéis na Mara Duibhe don réigiún agus ar an tionchar atá aici ar na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha sna réigiúin.

Moltaí sonracha

An tslándáil, an athléimneacht agus an comhar

22.

Tugann sé dá aire gur gá acmhainneachtaí na n-údarás áitiúil agus réigiúnach a neartú chun trédhearcacht a mhéadú agus chun an comhrac i gcoinne an éillithe, an digitithe agus an chomhair leis an tsochaí shibhialta a neartú, go háirithe i dtíortha is iarrthóirí ar bhallraíocht san Aontas; molann sé go n-áireofaí critéir maidir le faireachán fonáisiúnta atá ailínithe le Sásra Eorpach an Smachta Reachta agus leis na creataí aontachais/réamhaontachais do thíortha is iarrthóirí;

23.

tugann sé chun suntais go bhfágann an teannas geopholaitiúil i réigiún na Mara Duibhe gur sprioc é do chineálacha éagsúla cibirionsaithe, cuir i gcás ionsaithe ar bhonneagar muirí, ionsaithe ar an gcóras loingseoireachta nó bagairtí ón taobh istigh; molann sé go leathnófaí an Tionscnamh Cibear-dhlúthpháirtíochta AE chuig an Muir Dhubh, lena gcomhtháthófaí córais luathrabhaidh, oiliúint d’údaráis bhardasacha agus calafoirt agus comhordú trasteorann maidir le freagairt ar theagmhais; molann sé go gcuirfí béim ar nascáil le Straitéis an Aontais don Deacáid Dhigiteach agus le forálacha athléimneachta bonneagair;

24.

tá sé ag iarraidh go gcuirfí leis na caighdeáin trédhearcachta do chuideachtaí agus d’eagraíochtaí atá ag feidhmiú sa réigiún, i gcomhréir iomlán le rialacha an Aontais maidir le cearta bunúsacha agus cosaint sonraí, chun cuntasacht a áirithiú agus chun mí-úsáid líonraí tionchair dhoiléire a laghdú. Cuireann sé i dtábhacht nach mór do na ceanglais trédhearcachta a bheith neamh-idirdhealaitheach, comhréireach agus infheidhme sna hearnálacha uile, agus ról na sochaí sibhialta agus na bpobal reiligiúnach á choimirciú ag an am céanna;

25.

molann sé, i gcás inarb iomchuí, go n-úsáidfí córais chomhordaithe faireacháin satailíte, drón agus ghrinneall na farraige tríd an nGníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht Mhuirí (EMSA) agus trí chomhlachtaí eile de chuid an Aontais i gcathracha cósta an Aontais chun trédhearcacht, faireachán comhshaoil agus slándáil mhuirí a fheabhsú;

26.

tá sé ag iarraidh go ndéanfaí scagadh córasach ar mhórchalafoirt uile na Mara Duibhe, mar atá ar a struchtúir úinéireachta, ar a sreafaí lasta agus ar a dtrédhearcacht rialachais, arna chur i gcrích i gcomhar le comhlachtaí ábhartha AE agus comhpháirtithe idirnáisiúnta; molann sé go mbeadh ceanglas ann maidir le hiniúchtaí bliantúla slándála calafoirt, nochtadh níos láidre na n-úinéirí tairbhiúla agus ailíniú uile-Aontais le Rialachán an Aontais maidir le Calafoirt chun rialachas bonneagair cósta a nascadh laistigh de chreat na Mara Duibhe;

27.

tugann sé dá aire gur féidir leis na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha a bheith leochaileach i leith bagairtí hibrideacha nuair a dhíríonn na bagairtí sin ar shaincheisteanna réigiúnacha sonracha; tá sé ag iarraidh go bhfaigheadh bardais chósta agus riaracháin réigiúnacha tacaíocht spriocdhírithe chun cur i gcoinne FIMI trí fhothú acmhainneachta tiomnaithe, cláir oiliúna agus líonraí malartaithe; molann sé go neartófaí seiceáil fíricí ar an leibhéal áitiúil, litearthacht sna meáin agus bearta athléimneachta pobail;

28.

meabhraíonn sé go bhfuil réigiún na Danóibe fíor-riachtanach go straitéiseach do shlándáil agus d’athléimneacht limistéar na Mara Duibhe i gcoitinne, lena gcuirtear conair chriticiúil ar fáil lena nasctar Lár na hEorpa le stáit chladachúla na Mara Duibhe, lena moltar rannpháirtíocht iomlán na n-údarás áitiúil agus réigiúnach i ndáil leis sin;

29.

is díol sásaimh dó an togra le haghaidh Mol Slándála Muirí don Mhuir Dhubh agus molann sé go gcuirfeadh an mol sin le gníomhaireachtaí agus ionstraimí an Aontais atá ann cheana, ach comhordú iomchuí le ECAT agus le comhpháirtithe réigiúnacha ábhartha a áirithiú ag an am céanna, d’fhonn feasacht ar réimsí muirí, cosaint bonneagair agus athléimneacht a neartú.

An tslándáil fuinnimh

30.

Meabhraíonn sé nach mór infheistíocht thrédhearcach agus mhear i bhfoinsí in-athnuaite, i gcomhtháthú agus i stóráil eangaí a bheith ag gabháil leis an éagsúlú ó shlabhraí soláthair fuinnimh atá nasctha leis an Rúis chun seachrialú ar bhonneagar criticiúil a chosc, agus chun ailíniú leis an Treoir maidir le Fuinneamh In-athnuaite (RED III), leis an gComhaontú Glas don Eoraip agus leis an bPlean Straitéiseach um Theicneolaíocht Fuinnimh (Plean-SET);

31.

tá sé ag iarraidh go spreagfaí leis na bearta leas a bhaint as móracmhainneacht fuinnimh gaoithe ar tír agus amach ón gcósta i réigiún na Mara Duibhe;

32.

molann sé go gcuirfí i bhfeidhm an t-eolas eolaíoch is fearr dá bhfuil ar fáil chomh maith leis na bearta maolaithe, ar a n-áirítear pleanáil spásúlachta lena n-eisiatar criosanna ardriosca d’imirce éan, sásraí múchta shéasúraigh, teicneolaíochtaí faireacháin fíor-ama agus cineálacha cur chuige oiriúnaitheacha bainistíochta, i ndlúthchomhar le hinstitiúidí eolaíocha agus le heagraíochtaí caomhnaithe dúlra, chun an tionchar ar éin imirceacha, ar ialtóga agus ar an mbithéagsúlacht mhuirí a laghdú a oiread agus is féidir;

33.

cuireann sé chun suntais a thábhachtaí atá sé an eangach chumhachta trasteorann a fhorbairt chun slándáil, iomaíochas agus athléimneacht fuinnimh fhadtéarmach an réigiúin a neartú. Ba cheart go dtéitear i gcomhairle go cuí leis na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha i gcás tionscadail den sórt sin, lena n-áirítear na naisc srutha dhírigh ardvoltais fomhuirí (HVDC) atá beartaithe ar fud na Mara Duibhe lena nasctar an Asarbaiseáin, an tSeoirsia, an Bhulgáir, an Rómáin agus an Ungáir;

34.

cuireann sé i bhfios go láidir gur cheart tacú le cathracha agus le bardais ina n-iarrachtaí úsáid feithiclí leictreacha agus hibrideacha a leathnú san iompar poiblí, i lóistíocht chathrach agus i bhflíteanna seachadta, i dtacsaithe agus i seirbhísí soghluaisteachta gearr-achair eile;

35.

meabhraíonn sé go mbraitheann slándáil fuinnimh réigiún na Mara Duibhe ní hamháin ar éagsúlú an tsoláthair agus ar leathnú na giniúna in-athnuaite, ach freisin ar dhíriú láidir agus láithreach ar éifeachtúlacht fuinnimh; molann sé go bhfaigheadh na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha tacaíocht chórasach agus shubstainteach ina n-iarrachtaí chun cabhrú le hinstitiúidí áitiúla, le gnólachtaí agus le teaghlaigh éifeachtúlacht fuinnimh foirgneamh agus suiteálacha a mhéadú, éileamh a laghdú, billí fuinnimh a ísliú agus athléimneacht fuinnimh a neartú ar fud réigiún na Mara Duibhe;

36.

tá sé ag iarraidh go ndéanfaí infheistíochtaí sa treo sin, ina measc infheistíochtaí sa bhonneagar dé-úsáide, a ailíniú lena bhfuil ar siúl chun taobh thoir na hEorpa a neartú agus go ndéanfaí iad a phleanáil i gcomhar le tíortha an Aontais feadh na gconairí iarnróid agus lóistíochta thuaidh-theas lena nasctar an Mhuir Dhubh le réigiúin Mhuir Bhailt, na Mara Aeigéiche, Mhuir Aidriad agus na Danóibe.

Iompar agus forbairt eacnamaíoch

37.

Tacaíonn sé le forbairt conairí iarnróid agus lóistíochta thuaidh-theas lena nasctar an Mhuir Dhubh le réigiúin Mhuir Bhailt, na Mara Aeigéiche, Mhuir Aidriad agus na Danóibe, mar shócmhainní straitéiseacha don tslándáil, don chosaint agus don nascacht, agus chun sineirgí a chruthú idir cathracha cósta sna réigiúin sin trí mhalartuithe agus ardáin rialta le haghaidh comhordúcháin;

38.

tá sé ag iarraidh go dtacófaí le ‘Tionscnamh maidir le Conair Ghaoithe na Mara Duibhe’ chun acmhainneacht gaoithe ar tír agus amach ón gcósta an réigiúin a nascadh agus a chomhtháthú trí bhonneagar eangaí, stóráil agus idirnascairí, agus go n-áiritheofaí san am céanna nach rachadh forbairt fuinnimh in-athnuaite chun dochair do chosaint na bithéagsúlachta, go háirithe feadh éiceachórais íogaire chósta agus mhuirí agus mórbhealaí imirce éan i réigiún na Mara Duibhe;

39.

is mian leis béim a leagan ar an ngá atá le slite beatha na bpobal iascaireachta ar mhionscála a chosaint agus a éagsúlú trí scéimeanna comhbhainistíochta, trí chistí muirí an Aontais agus trí thionscadail dobharshaothraithe inbhuanaithe. Molann sé go gcuirfí béim ar an mbeart sin a nascadh leis an gCiste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe (CEMID) agus leis an Straitéis um an nGeilleagar Gorm;

40.

tacaíonn sé le forfheidhmiú dian a thabhairt isteach i gcoinne trálaeireacht ghrinnill, lena scriostar an bhithéagsúlacht agus an oidhreacht seandálaíochta, agus lena scaoiltear carbón stóráilte ó dhríodair ghrinneall na farraige. Molann sé go ndéanfaí teicneolaíochtaí iascaireachta ísealtionchair a chur chun cinn agus limistéir faoi chosaint atá saor ó thráil a ainmniú, chomh maith le crostagairtí don Treoir Réime um Straitéis Mhuirí agus do Dheich mBliana na Náisiún Aontaithe maidir le hEolaíocht Aigéin don Fhorbairt Inbhuanaithe a chur san áireamh;

41.

tá sé ag iarraidh go mbunófaí braislí taighde réigiúnacha maidir leis an eolaíocht mhuirí, an t-iascach, tionchair aeráide an chogaidh agus athchóiriú an chomhshaoil, i gcomhar le Seirbhís Mhuirí Copernicus, EMODnet agus líonra CONNECT na Mara Duibhe, agus béim á leagan ar ról an Chláir Fís Eorpach mar mheán cistiúcháin;

42.

tá CnaR ag iarraidh go ndéanfaí an éiceathurasóireacht lena gcosnaítear gnáthóga agus tírdhreacha cultúrtha a chur chun cinn a thuilleadh, rud a bheadh ag teacht le Straitéis an Aontais um an nGeilleagar Gorm Inbhuanaithe; molann sé go n-áireofaí tionscnaimh struchtúrtha chun bardais chósta na Mara Duibhe a ainmniú mar ‘Thionscadal Suaitheanta an Gheilleagair Ghoirm’ i gcomhréir le cuspóirí beartais an Aontais;

43.

Tá sé ag iarraidh go dtabharfaí tuilleadh tacaíochta do thionscadail chomhpháirteacha sna healaíona, san oideachas agus sa tseandálaíocht faoi uisce, lena gcaomhnófaí an oidhreacht chomhroinnte agus lena gcothófaí tuiscint trasteorann. Molann sé go gcuirfí béim ar an nasc leis an Lipéad Oidhreachta Eorpach agus le gné chultúrtha Chomhpháirtíocht an Oirthir;

44.

Tá sé ag iarraidh go gcruthófaí conairí glasa lena nascfar pobail na Mara Duibhe, lena gcomhtháthófar athchóiriú na bithéagsúlachta, bealaí cultúrtha, spórt agus éiceathurasóireacht — chun rannchuidiú leis an tsoghluaisteacht inbhuanaithe, leis an gcomhtháthú sóisialta agus leis an mbrandáil réigiúnach. Molann sé go n-áireofaí comhtháthú le Straitéis Bhithéagsúlachta AE do 2030 agus le gréasán iarnróid/bóthair TEN-T;

45.

tá sé ag iarraidh go leathnófaí conairí iompair ghlais agus go ndéanfaí réigiún na Mara Duibhe a chomhtháthú i ngréasán TEN-T trí iarnród leictrithe, bonneagar feithiclí leictreacha agus calafoirt ghlana. Molann sé go gcuirfí i dtábhacht an gá atá le comhordú leis an Treoir maidir le Bonneagar Breoslaí Malartacha (AFID) agus le huirlisí maoiniúcháin amhail an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa (SCE) agus Global Gateway;

46.

molann sé go dtabharfaí comhpháirtíochtaí poiblí-príobháideacha chun cinn idir bardais, eagraíochtaí iascaireachta agus oibreoirí bainistithe dramhaíola chun réitigh de chuid an gheilleagair chiorclaigh a chur chun cinn, ar a n-áirítear trealamh iascaireachta, plaistigh agus miotail a bhailítear ón muirthimpeallacht a athchúrsáil agus a athúsáid;

47.

molann sé go dtabharfaí comhpháirtíochtaí trasteorann chun cinn idir calafoirt iascaireachta agus pobail iascaireachta i réigiún na Mara Duibhe, go háirithe idir an Bhulgáir agus an Rómáin, chun comhar praiticiúil a éascú, ar a n-áirítear gabhálacha a thabhairt i dtír, comhthionscnaimh bainistithe bruscair mhuirí agus malartú dea-chleachtas, agus ar an gcaoi sin nascacht réigiúnach, athléimneacht eacnamaíoch agus cosaint an chomhshaoil a neartú.

Cosaint an chomhshaoil agus an gníomhú ar son na haeráide

48.

Tá sé ag iarraidh go bhforbrófaí creat cuimsitheach oiriúnaithe lena dtabharfar aghaidh ar chreimeadh cósta, ar chosaint dumhcha, ar chórais uisce goirt agus ar thuilte abhann, arna chomhordú le Misean an Aontais um Oiriúnú don Athrú Aeráide. Is díol sásaimh dó gur cuireadh bearta maidir le hathléimneacht in aghaidh an athraithe aeráide san áireamh sa Straitéis agus molann sé go n-áireofaí ailíniú le straitéis an Aontais maidir le hoiriúnú don athrú aeráide;

49.

molann sé go n-aithneofaí dumhcha agus bogaigh chósta mar chosaintí nádúrtha criticiúla agus mar theophointí bithéagsúlachta criticiúla, agus go neartófaí cláir athchóirithe feadh chóstaí na Bulgáire, na Rómáine agus na hÚcráine;

50.

tá sé ag iarraidh go mbunófaí Líonra Eolaíochta Muirí na Mara Duibhe lena ndíreofar ar shláinte éiceachórais, ar iascach, ar thruailliú agus ar fhaireachán comhshaoil iarchogaidh;

51.

tá sé ag iarraidh go dtabharfaí tacaíocht mhéadaithe do thionscnaimh eolaíochta saoránach agus d’fheachtais litearthachta comhshaoil ar fud na bpobal cósta, agus go ndéanfaí cistí fothaithe acmhainneachta a thiomnú d’údaráis áitiúla i gcomhréir le cuspóirí beartais an Aontais;

52.

cuireann sé i dtábhacht gur gnáthóga criticiúla iad na bogaigh chósta, na murlaigh agus na córais dumhcha feadh chósta na Mara Duibhe d’éin imirceacha agus gur maoláin nádúrtha riachtanacha iad in aghaidh iarmhairtí an athraithe aeráide, an chreimthe agus na dtuilte, sin agus gur cheart tosaíocht a thabhairt dóibh laistigh de Chlár Cosanta Muirí na Mara Duibhe;

53.

cuireann sé i bhfáth gur cheart do rannpháirtíocht straitéiseach an Aontais i réigiún na Mara Duibhe cuspóirí slándála, aistrithe fuinnimh agus forbartha eacnamaíche a shaothrú ar bhealach atá lán-chomhsheasmhach le cosaint na bithéagsúlachta, le hoibleagáidí idirnáisiúnta comhshaoil agus le cinnteoireacht eolaíochtbhunaithe, agus gur féidir, ar an gcaoi sin, an inbhuanaitheacht fhadtéarmach agus an dlisteanacht phoiblí a áirithiú;

54.

aithníonn sé gur príomh-chomhpháirtithe i gcosaint na muirthimpeallachta iad na hiascairí, i bhfianaise an eolais uathúil atá acu agus na breathnóireachta atá á déanamh acu le fada an lá ar na héiceachórais mhuirí; dá bhrí sin, tá sé ag iarraidh go mbeidís rannpháirteach go córasach san fhaireachán muirí, i mbailiú sonraí agus i sainaithint na limistéar a ndéanann truailliú muirí difear dóibh;

55.

iarrann sé ar na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha, le tacaíocht ón Aontas, córais a bhunú chun bruscar muirí arna aisghabháil ag iascairí a bhailiú, a stóráil go sealadach, a iompar, a athchúrsáil agus a aisghabháil, lena n-áirítear trí shaoráidí iomchuí a shuiteáil i gcalafoirt iascaireachta agus trí chláir thiomnaithe bhardasacha nó réigiúnacha a thabhairt chun cinn;

56.

iarrann sé ar na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha calafoirt iascaireachta a fhorbairt mar bhonneagar straitéiseach, rud a áiritheoidh rochtain shlán, fhadtéarmach agus intuartha le haghaidh soithí iascaireachta, agus a n-aistriú i dtreo caighdeáin ‘calafoirt ghlais’ atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de á chur chun cinn san am céanna, ar a n-áirítear éifeachtúlacht fuinnimh, úsáid fuinnimh ghlain, sin agus bainistiú dramhaíola agus fuíolluisce atá fónta ó thaobh an chomhshaoil de;

57.

tá sé ag iarraidh go leathnófaí limistéir mhuirí faoi chosaint agus go n-athbhunófaí bogaigh chósta, ar a n-áirítear teorainneacha dochta ar dhreidireacht, ar thrálaeireacht ghrinnill agus ar thógáil chósta neamhrialáilte; tacaíonn sé le bunú ‘Clár tiomnaithe um Chosaint Mhuirí na Mara Duibhe’ i gcomhréir le Dlí an Aontais maidir le hAthchóiriú Dúlra chun aghaidh a thabhairt ar leochaileachtaí éiceolaíocha sonracha imchuach na Mara Duibhe;

An Bhruiséil, an 5 Márta 2026.

Uachtarán

Choiste Eorpach na Réigiún

Kata TÜTTŐ


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/2601/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)