European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2026/2558

30.4.2026

FÓGRA ÓN gCOIMISIÚN

maidir le léirmhíniú agus cur chun feidhme forálacha dlíthiúla áirithe den Ghníomh Tarmligthe maidir le Nochtadh faoi Airteagal 8 de Rialachán an Aontais maidir le Tacsanomaíocht, arna leasú leis an nGníomh Tarmligthe Omnibus, i dtaca le gníomhaíochtaí agus sócmhainní eacnamaíocha atá incháilithe don Tacsanomaíocht agus ailínithe leis an Tacsanomaíocht a thuairisciú (an cheathrú fógra)

(C/2026/2558)

Leis an Rialachán maidir le creat a bhunú chun infheistíocht inbhuanaithe a éascú (‘an Rialachán maidir le Tacsanomaíocht’) (1), cruthaíodh córas aicmithe aontaithe de chuid an Aontais Eorpaigh le haghaidh gníomhaíochtaí eacnamaíocha atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de (dá ngairtear ‘gníomhaíochtaí atá ailínithe leis an Tacsanomaíocht’) agus forchuireadh oibleagáidí trédhearcachta ar ghnóthais neamhairgeadais agus airgeadais áirithe i ndáil leis na gníomhaíochtaí sin.

1.   COMHTHÉACS

I mí Iúil 2021, ghlac an Coimisiún gníomh tarmligthe lena sonraítear oibleagáidí nochta gnóthas faoi Airteagal 8 den Rialachán maidir le Tacsanomaíocht a mhéid a bhaineann leis na gníomhaíochtaí sin dá gcuid atá incháilithe don Tacsanomaíocht agus atá ailínithe leis an Tacsanomaíocht (‘an Gníomh Tarmligthe maidir le Nochtadh’ (2)). Leasaíodh an gníomh tarmligthe sin i mí an Mheithimh 2023 leis an nGníomh Tarmligthe maidir le Tacsanomaíocht Chomhshaoil (3) chun comhsheasmhacht na gceanglas maidir le nochtadh leis an nGníomh Tarmligthe maidir le Tacsanomaíocht Chomhshaoil a áirithiú, lenar tugadh isteach critéir scagtha theicniúla le haghaidh gníomhaíochtaí eacnamaíocha a rannchuidíonn leis na ceithre chuspóir comhshaoil nach mbaineann leis an aeráid a bhaint amach.

I mí Iúil 2025, ghlac an Coimisiún gníomh tarmligthe (‘an Gníomh Tarmligthe Omnibus’) (4), lenar leasaíodh an Gníomh Tarmligthe maidir le Nochtadh chomh maith leis an nGníomh Tarmligthe maidir le Tacsanomaíocht Aeráide (5) agus an Gníomh Tarmligthe maidir le Tacsanomaíocht Chomhshaoil. Glacadh an Gníomh Tarmligthe Omnibus tar éis ghlacadh an togra Omnibus I ón gCoimisiún (6), lenar leasaíodh agus lenar simplíodh ceanglais áirithe maidir le tuairisciú inbhuanaitheachta corparáideach agus dícheall cuí. Go háirithe, leis an ngníomh tarmligthe sin simplíodh gnéithe áirithe den Ghníomh Tarmligthe maidir le Nochtadh:

fágann sé gur féidir le gnóthais tuairiscithe a dtuairisciú Tacsanomaíochta a dhíriú ar a bpríomhghníomhaíochtaí trí thairseach ábharthachta cainníochtúla a thabhairt isteach nach gceanglaítear ar ghnóthais tuairiscithe measúnú a dhéanamh ar a n-incháilitheacht don Tacsanomaíocht agus ar a n-ailíniú leis an Tacsanomaíocht faoina bun;

laghdaíonn sé go mór na teimpléid tuairiscithe ionas go mbeidh siad teoranta anois d’fhaisnéis fhíor-riachtanach d’infheisteoirí agus d’úsáideoirí eile na faisnéise tuairiscithe;

soláthraítear leis solúbthacht mhéadaithe do ghnóthais neamhairgeadais i dtuairisciú phríomhtháscaire feidhmíochta an chaiteachais oibríochtúil (PTF OpEx);

eisiatar leis ó ríomh PTFanna gnóthas airgeadais, lena n-áirítear an Cóimheas Sócmhainne Glaise, neamhchosaintí ar ghnóthais nach bhfuil faoi réir tuairisciú inbhuanaitheachta; agus

déantar foráil leis maidir le faoiseamh idirthréimhseach le haghaidh gnóthais airgeadais i gcás nach gceanglaítear orthu PTFanna mionsonraithe Tacsanomaíochta a thuairisciú ach inar féidir leo, ina ionad sin, a dhearbhú i ráiteas ina dtuarascáil bhainistíochta nach bhfuil siad ag éileamh go bhfuil a ngníomhaíochtaí ailínithe le Tacsanomaíocht.

Leis an nGníomh Tarmligthe Omnibus, simplíodh freisin critéir áirithe ‘gan dochar suntasach a dhéanamh’ a bhaineann le húsáid ceimiceán sa Ghníomh Tarmligthe maidir le Tacsanomaíocht Aeráide agus sa Ghníomh Tarmligthe maidir le Tacsanomaíocht Chomhshaoil.

Mar a luaitear i roinn 1 de mheabhrán míniúcháin na nGníomhartha Tarmligthe Omnibus, tá sé beartaithe ag an gCoimisiún athbhreithniú córasach críochnúil a dhéanamh in am trátha ar na ceanglais tuairiscithe agus ar na critéir scagtha theicniúla uile, go háirithe na critéir ‘gan dochar suntasach a dhéanamh’ uile, d’fhonn measúnú a dhéanamh ar bhealaí chun iad a dhéanamh níos simplí, níos inúsáidte agus níos ailínithe le reachtaíocht an Aontais.

2.   CUSPÓIR AN FHÓGRA ÓN gCOIMISIÚN

Is é is cuspóir don fhógra treoraíocht neamhcheangailteach maidir le léirmhíniú agus cur chun feidhme a sholáthar i ndáil leis na leasuithe ar an nGníomh Tarmligthe maidir le Nochtadh a tugadh isteach leis an nGníomh Tarmligthe Omnibus i bhfoirm freagraí ar cheisteanna coitianta. Eascraíonn na Ceisteanna Coitianta sin ó cheisteanna a tharraing na páirtithe leasmhara atá faoi réir na gceanglas tuairiscithe, an tArdán maidir le Maoiniú Inbhuanaithe agus na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta agus Eorpacha anuas.

Tríd an bhfógra seo, tá sé beartaithe ag an gCoimisiún comhlíontacht na gceanglas rialála ag páirtithe leasmhara a éascú ar bhealach costéifeachtach, chun ualaí tuairiscithe míchuí a laghdú, agus inúsáidteacht agus inchomparáideacht na faisnéise tuairiscithe a áirithiú d’fhonn maoiniú inbhuanaithe a mhéadú. Féadfaidh an Coimisiún na Ceisteanna Coitianta sin a thabhairt cothrom le dáta amach anseo i gcás inarb iomchuí, agus na hathbhreithnithe atá beartaithe ar na ceanglais tuairiscithe agus ar na critéir scagtha theicniúla á gcur san áireamh.

Soiléirítear leis na freagraí ar na Ceisteanna Coitianta san fhógra seo na rialacha atá ann cheana féin sa reachtaíocht is infheidhme. Ní leathnaítear na cearta agus na hoibleagáidí a eascraíonn as reachtaíocht den sórt sin leo ná ní thugtar isteach leo aon cheanglas breise le haghaidh na n-oibreoirí agus na n-údarás inniúil. Níor beartaíodh leis na freagraí ar na Ceisteanna Coitianta sin ach cuidiú a thabhairt do ghnóthais na rialacha dlíthiúla ábhartha a chur chun feidhme. Is í Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh amháin atá inniúil chun dlí an Aontais a léirmhíniú go húdarásach. Leis na tuairimí a léirítear san fhógra seo, ní féidir réamhbhreith a dhéanamh ar an seasamh a d’fhéadfadh an Coimisiún a ghlacadh os comhair an Aontais agus os comhair na gcúirteanna náisiúnta.

Gluais téarmaí ábhartha agus reachtaíochta is infheidhme

Téarma

Tagairt

An Treoir Chuntasaíochta

Treoir 2013/34/AE (7)

Iarscríbhinn I a ghabhann leis an nGníomh Tarmligthe maidir le Nochtadh

Iarscríbhinn I a ghabhann leis an nGníomh Tarmligthe maidir le Nochtadh

Iarscríbhinn II a ghabhann leis an nGníomh Tarmligthe maidir le Nochtadh

Iarscríbhinn II a ghabhann leis an nGníomh Tarmligthe maidir le Nochtadh

Iarscríbhinn III a ghabhann leis an nGníomh Tarmligthe maidir le Nochtadh

Iarscríbhinn III a ghabhann leis an nGníomh Tarmligthe maidir le Nochtadh

Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an nGníomh Tarmligthe maidir le Nochtadh

Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an nGníomh Tarmligthe maidir le Nochtadh

Iarscríbhinn V a ghabhann leis an nGníomh Tarmligthe maidir le Nochtadh

Iarscríbhinn V a ghabhann leis an nGníomh Tarmligthe maidir le Nochtadh

Iarscríbhinn VI a ghabhann leis an nGníomh Tarmligthe maidir le Nochtadh

Iarscríbhinn VI a ghabhann leis an nGníomh Tarmligthe maidir le Nochtadh

Iarscríbhinn VII a ghabhann leis an nGníomh Tarmligthe maidir le Nochtadh

Iarscríbhinn VII a ghabhann leis an nGníomh Tarmligthe maidir le Nochtadh

Iarscríbhinn VIII a ghabhann leis an nGníomh Tarmligthe maidir le Nochtadh

Iarscríbhinn VIII a ghabhann leis an nGníomh Tarmligthe maidir le Nochtadh

Iarscríbhinn IX a ghabhann leis an nGníomh Tarmligthe maidir le Nochtadh

Iarscríbhinn IX a ghabhann leis an nGníomh Tarmligthe maidir le Nochtadh

Iarscríbhinn X a ghabhann leis an nGníomh Tarmligthe maidir le Nochtadh

Iarscríbhinn X a ghabhann leis an nGníomh Tarmligthe maidir le Nochtadh

Iarscríbhinn XI a ghabhann leis an nGníomh Tarmligthe maidir le Nochtadh

Iarscríbhinn XI a ghabhann leis an nGníomh Tarmligthe maidir le Nochtadh

CapEx

Caiteachas caipitiúil

Gníomh Tarmligthe maidir leis an Aeráid

Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2139 ón gCoimisiún (8)

TTCI

An Treoir maidir le Tuairisciú Corparáideach i dtaca le hInbhuanaitheacht (9)

An Gníomh Tarmligthe maidir le Nochtadh

Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2178 ón gCoimisiún (10)

Gan dochar suntasach a dhéanamh

Gan dochar suntasach a dhéanamh

Gníomhaíochtaí cumasúcháin

Gníomhaíochtaí eacnamaíocha dá dtagraítear in Airteagal 16 den Rialachán maidir le Tacsanomaíocht

EuGB

Banna Glas Eorpach arna eisiúint i gcomhréir le Rialachán (AE) 2023/2631 (11)

An Gníomh Tarmligthe maidir leis an gComhshaol

Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/2486 ón gCoimisiún (12)

CITA

na Caighdeáin Idirnáisiúnta um Thuairisciú Airgeadais

Príomhtháscairí feidhmíochta (PTFanna)

Príomhtháscairí feidhmíochta (PTFanna) na ngnóthas neamhairgeadais nó na ngnóthas airgeadais dá dtagraítear san iarscríbhinn ábhartha a ghabhann leis an nGníomh Tarmligthe maidir le Nochtadh

An Gníomh Tarmligthe Omnibus

Rialachán Tarmligthe (AE) 2026/73 (13)

OpEx

Caiteachas oibríochtúil

PTF OpEx

An príomhtháscaire feidhmíochta a bhaineann leis an gcaiteachas oibríochtúil dá dtagraítear i Roinn 1.1.3 d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an nGníomh Tarmligthe maidir le Nochtadh

Gnóthas tuairiscithe

Gnóthas atá faoi réir oibleagáid tuairiscithe i gcomhréir le hAirteagal 8(1) den Rialachán maidir le Tacsanomaíocht

Meán Sainchuspóireach (MSC)

Eintiteas dlíthiúil a bunaíodh chun críche maoinithe shonraigh, amhail neamhchosaintí ar chuideachta a shealbhú, a eisiúint nó a urrúsú

An Rialachán maidir le Nochtaí um Airgeadas Inbhuanaithe (RNAI)

Rialachán (AE) 2019/2088 (14)

Gníomhaíocht eacnamaíoch atá ailínithe leis an tacsanomaíocht

Gníomhaíocht eacnamaíoch mar a shainmhínítear in Airteagal 1(2) den Ghníomh Tarmligthe maidir le Nochtadh

Gníomhaíocht eacnamaíoch atá incháilithe don tacsanomaíocht

Gníomhaíocht eacnamaíoch mar a shainmhínítear in Airteagal 1(5) den Ghníomh Tarmligthe maidir le Nochtadh

An Rialachán maidir le Tacsanomaíocht

Rialachán (AE) 2020/852 (15)

(7)  Treoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ráitis airgeadais bhliantúla, ráitis airgeadais chomhdhlúite agus tuarascálacha gaolmhara cineálacha áirithe gnóthas, lena leasaítear Treoir 2006/43/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoracha 78/660/CEE agus 83/349/CEE ón gComhairle (IO L 182, 29.6.2013, lch. 19), ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2013/34/oj.

(8)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2139 ón gCoimisiún an 4 Meitheamh 2021 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2020/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle trí na critéir scagtha theicniúla a bhunú chun na coinníollacha a chinneadh faoina bhfuil gníomhaíocht eacnamaíoch cáilithe mar rannchuidiú substaintiúil le maolú ar an athrú aeráide nó le hoiriúnú don athrú aeráide agus chun a chinneadh cé acu a dhéantar nó nach ndéantar dochar suntasach leis an ngníomhaíocht eacnamaíoch sin d’aon cheann de na cuspóirí comhshaoil eile (IO L 442, 9.12.2021, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2021/2139/oj).

(9)  Treoir (AE) 2022/2464 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2022 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 537/2014, Treoir 2004/109/CE, Treoir 2006/43/CE agus Treoir 2013/34/AE, a mhéid a bhaineann le tuairisciú inbhuanaitheachta corparáideach (IO L 322, 16.12.2022, lch. 15, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2022/2464/oj).

(10)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2178 ón gCoimisiún an 6 Iúil 2021 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2020/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle trí ábhar agus cur i láthair na faisnéise le nochtadh ag gnóthais faoi réir Airteagail 19a agus 29a de Threoir 2013/34/AE a bhaineann le gníomhaíochtaí atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de, agus ina sonraítear an mhodheolaíocht chun an oibleagáid nochta sin a chomhlíonadh (IO L 443, 10.12.2021, lch. 9).

(11)  Rialachán (AE) 2023/2631 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Samhain 2023 maidir le Bannaí Glasa Eorpacha agus nochtaí roghnacha le haghaidh bannaí a mhargaítear mar bhannaí atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de agus le haghaidh bannaí atá nasctha le hinbhuanaitheacht (IO L, 2023/2631, 30.11.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/2631/oj).

(12)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/2486 ón gCoimisiún an 27 Meitheamh 2023 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2020/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle trí na critéir scagtha theicniúla a bhunú chun na coinníollacha a chinneadh faoina bhfuil gníomhaíocht eacnamaíoch cáilithe mar rannchuidiú substaintiúil le húsáid inbhuanaithe agus cosaint uisce agus acmhainní muirí, leis an aistriú chuig geilleagar ciorclach, le cosc agus rialú ar thruailliú nó leis an mbithéagsúlacht agus éiceachórais a chosaint agus a athbhunú, agus chun a chinneadh cé acu a dhéantar nó nach ndéantar dochar suntasach leis an ngníomhaíocht eacnamaíoch sin d’aon cheann de na cuspóirí comhshaoil eile agus lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2178 ón gCoimisiún a mhéid a bhaineann le nochtadh poiblí sonrach maidir leis na gníomhaíochtaí eacnamaíocha sin (IO L, 2023/2486, 21.11.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2023/2486/oj).

(13)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2026/73 ón gCoimisiún an 4 Iúil 2025 lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2178 ón gCoimisiún a mhéid a bhaineann le hábhar agus cur i láthair na faisnéise atá le nochtadh maidir le gníomhaíochtaí atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de a shimpliú agus Rialacháin Tharmligthe (AE) 2021/2139 agus (AE) 2023/2486 ón gCoimisiún a mhéid a bhaineann le critéir scagtha theicniúla áirithe a shimpliú chun a chinneadh cé acu a dhéantar nó nach ndéantar dochar suntasach le gníomhaíochtaí eacnamaíocha do chuspóirí comhshaoil (IO L, 2026/73, 8.1.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2026/73/oj).

(14)  Rialachán (AE) 2019/2088 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Samhain 2019 maidir le nochtaí ó thaobh na hinbhuanaitheachta de san earnáil airgeadais (IO L 317, 9.12.2019, lch. 1). Tá an Rialachán sin faoi réir athbhreithniú (féach an togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/2088 maidir le nochtaí ó thaobh na hinbhuanaitheachta de san earnáil airgeadais (RNAI), Rialachán (AE) Uimh. 1286/2014 maidir le doiciméid um fhaisnéis bhunriachtanach do tháirgí infheistíochta miondíola pacáistithe agus táirgí infheistíochta atá árachas-bhunaithe (PRIIPanna) agus lena n-aisghairtear Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/1288 ón gCoimisiún (COM/2025/841 final). Tá an fógra seo bunaithe ar Rialachán (AE) 2019/2088 atá i bhfeidhm, agus tá sé gan dochar do thoradh an athbhreithnithe leanúnaigh ar an Rialachán sin.

(15)  Rialachán (AE) 2020/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Meitheamh 2020 maidir le creat a bhunú chun infheistíocht inbhuanaithe a éascú, agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/2088 (IO L 198, 22.6.2020, lch. 13).

3.   CEISTEANNA FAOIN nGNÍOMH TARMLIGTHE OMNIBUS

A.   CEISTEANNA GINEARÁLTA

1.   An gceanglaítear ar ghnóthais na rialacha tuairiscithe arna leasú leis an nGníomh Tarmligthe Omnibus a chur i bhfeidhm le haghaidh na bliana airgeadais 2025 (i.e. le haghaidh tuarascálacha arna bhfoilsiú in 2026)? An rogha tuairisciú a dhéanamh in 2026 faoin nGníomh Tarmligthe maidir le Nochtadh de réir mar is infheidhme go dtí an 31 Nollaig 2025, conas ba cheart an rogha sin a chur i bhfeidhm (i.e. gan na leasuithe a tugadh isteach leis an nGníomh Tarmligthe Omnibus)?

Luaitear sa dara fomhír d’Airteagal 4 den Ghníomh Tarmligthe Omnibus go mbeidh feidhm ag an nGníomh Tarmligthe Omnibus ón 1 Eanáir 2026.

I bprionsabal, ní mór do ghnóthas a thagann faoi raon feidhme an Ghnímh Tharmligthe maidir le Nochtadh, dá bhrí sin, na rialacha tuairiscithe faoin nGníomh Tarmligthe maidir le Nochtadh arna leasú leis an nGníomh Tarmligthe Omnibus a chur i bhfeidhm agus a thuarascáil lena gcumhdaítear an bhliain airgeadais 2025 á foilsiú aige (foilseofar an tuarascáil in 2026).

Mar sin féin, déantar foráil sa tríú fomhír d’Airteagal 4 maidir le rogha idirthréimhseach don ghnóthas tuairiscithe na rialacha tuairiscithe a bhí infheidhme go dtí an 31 Nollaig 2025 a chur i bhfeidhm (i.e. na rialacha tuairiscithe faoin nGníomh Tarmligthe maidir le Nochtadh sa leagan a tháinig roimh na leasuithe ar an nGníomh Tarmligthe Omnibus) agus a thuarascáil don bhliain airgeadais 2025 á foilsiú aige.

Sa chleachtas, dá bhrí sin, le haghaidh na bliana airgeadais 2025, is féidir le gnóthais tuairiscithe rogha a dhéanamh idir dhá rogha. Ar an gcéad dul síos, is féidir leo an leagan de na rialacha tuairiscithe arna leasú le Gníomh Tarmligthe Omnibus agus a thagann i bhfeidhm ón 1 Eanáir 2026 a chur i bhfeidhm. Ar an dara dul síos agus de rogha air sin, is féidir leo an leagan de na rialacha tuairiscithe a bhí infheidhme go dtí an 31 Nollaig 2025 a chur i bhfeidhm. Má roghnaíonn an gnóthas tuairiscithe na rialacha tuairiscithe de réir mar is infheidhme go dtí an 31 Nollaig 2025 a chur i bhfeidhm (i.e. gan na leasuithe ar Ghníomh Tarmligthe Omnibus), ní mór dó na rialacha sin a chur i bhfeidhm ina n-iomláine. Mar shampla, ní mór d’institiúid creidmheasa tuairiscithe an méid seo a leanas a dhéanamh:

na teimpléid tuairiscithe níos mionsonraithe a leagtar amach in Iarscríbhinn VI a ghabhann leis an nGníomh Tarmligthe maidir le Nochtadh de réir mar is infheidhme go dtí an 31 Nollaig 2025 a úsáid;

úsáid a bhaint as an modheolaíocht chun a chóimheas sócmhainne glaise a ríomh a bhí infheidhme go dtí an 31 Nollaig 2025 (e.g. níor cheart neamhchosaintí ar ghnóthais atá faoi réir Airteagail 19a nó 29a de Threoir 2013/34/AE (an ‘Treoir Chuntasaíochta’) a eisiamh ó ainmneoir an chóimheasa sócmhainne glaise);

nochtaí mionsonraithe maidir le gníomhaíochtaí núicléacha agus gáis i gcomhréir le hIarscríbhinn XII a ghabhann leis an nGníomh Tarmligthe maidir le Nochtadh a sholáthar.

Ba cheart do ghnóthais tuairiscithe ráiteas a áireamh i bhfaisnéis chomhthéacsúil a dtuarascála inbhuanaitheachta (16) ina sonraítear an tacar rialacha tuairiscithe a chuir siad i bhfeidhm agus tuairisciú á dhéanamh acu ar an mbliain airgeadais 2025.

2.   Maidir le foilsiú in 2026, conas is féidir le gnóthas tuairiscithe na rialacha tuairiscithe is infheidhme go dtí an 31 Nollaig 2025 faoin tríú fomhír d’Airteagal 4 den Ghníomh Tarmligthe Omnibus a chur i bhfeidhm don bhliain airgeadais 2025, má tá fonn air é sin a dhéanamh, nuair nach gcomhfhreagraíonn an bhliain airgeadais sin don bhliain féilire (e.g. tosaíonn sí i mí Dheireadh Fómhair 2024 agus críochnaíonn sí i mí Dheireadh Fómhair 2025)?

De réir Airteagal 8(2) den Ghníomh Tarmligthe maidir le Nochtadh, ní mór do ghnóthais faisnéis a nochtadh lena gcumhdaítear an tréimhse thuairisciúcháin bhliantúil ón mbliain féilire roimhe sin den dáta nochta. Cumhdaítear bliain airgeadais ar leith leis an tréimhse thuairisciúcháin bhliantúil, lena n-áirítear nuair nach gcomhfhreagraíonn an bhliain airgeadais sin do bhliain féilire.

Dá bhrí sin, ba cheart an tríú fomhír d’Airteagal 4 den Ghníomh Tarmligthe Omnibus, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 8(2) den Ghníomh Tarmligthe maidir le Nochtadh, a léirmhíniú ar bhealach lena gceadófar do ghnóthas na rialacha is infheidhme go dtí an 31 Nollaig 2025 a úsáid (i.e. gan leasuithe ar an nGníomh Tarmligthe Omnibus) chun a thuarascáil a fhoilsiú in 2026 (lena gcumhdaítear an bhliain airgeadais 2025 nuair nach gcomhfhreagraíonn sí do bhliain féilire).

3.   Má chuireann institiúid creidmheasa an rogha faoin tríú fomhír d’Airteagal 4 den Ghníomh Tarmligthe Omnibus i bhfeidhm chun rialacha tuairiscithe an Ghnímh Tharmligthe maidir le Nochtadh a chur i bhfeidhm de réir mar is infheidhme go dtí an 31 Nollaig 2025, ar cheart don institiúid creidmheasa sin an PTF Táillí agus Coimisiúin agus PTF an Leabhair Trádála a nochtadh?

Le hAirteagal 10(5) den Ghníomh Tarmligthe maidir le Nochtadh, cuirtear siar an dáta cur i bhfeidhm le haghaidh Ranna 1.2.3 agus 1.2.4 d’Iarscríbhinn V a ghabhann leis an nGníomh Tarmligthe maidir le Nochtadh (a bhaineann le PTF Táillí agus Coimisiúin agus le PTF an Leabhair Trádála) go dtí an 1 Eanáir 2026. Chun dóthain ama a thabhairt chun athbhreithniú a dhéanamh orthu mar chuid den athbhreithniú níos leithne ar an nGníomh Tarmligthe maidir le Nochtadh, leasaítear le hAirteagal 1(8) den Ghníomh Tarmligthe Omnibus Airteagal 10(5) den Ghníomh Tarmligthe maidir le Nochtadh trí chur i bhfeidhm na gceanglas tuairiscithe a bhaineann leis na PTFanna sin a chur siar 2 bhliain (i.e. ón 1 Eanáir 2026 go dtí an 1 Eanáir 2028).

Sa chomhthéacs sin, bheadh sé contrártha d’aidhm agus cuspóir an tríú fomhír d’Airteagal 4 (arna léamh i gcomhar le hAirteagal 1(8) den Ghníomh Tarmligthe Omnibus) a cheangal ar an ngnóthas a fheidhmíonn an rogha dá bhforáiltear leis an tríú fomhír d’Airteagal 4 tuairisciú ar PTF an Leabhair Trádála agus ar an PTF Táillí agus Coimisiúin lena bhfoilsiú in 2026. Ciallaíonn sé sin nach gá na PTFanna sin dá dtagraítear i Ranna 1.2.3 agus 1.2.4 d’Iarscríbhinn V a ghabhann leis an nGníomh Tarmligthe maidir le Nochtadh a thuairisciú in 2026, fiú má roghnaíonn an institiúid creidmheasa rialacha tuairiscithe an Ghnímh Tharmligthe maidir le Nochtadh a bhí infheidhme go dtí an 31 Nollaig 2025 a chur i bhfeidhm.

4.   Conas ba cheart do ghnóthais tuairiscithe an ceanglas maidir le sonraí comparáideacha a sholáthar le haghaidh na bliana airgeadais 2025 (le foilsiú in 2026) faoi rialacha tuairiscithe an Ghnímh Tharmligthe maidir le Nochtadh is infheidhme ón 1 Eanáir 2026 a chur i bhfeidhm?

I gcomhréir le hAirteagal 8(3) den Ghníomh Tarmligthe maidir le Nochtadh, ba cheart do ghnóthais tuairiscithe sonraí comparáideacha a sholáthar (i.e. na PTFanna a nochtadh sa timthriall tuairiscithe roimhe sin a fhoilsiú sna teimpléid ábhartha in aice le PTFanna an timthrialla tuairiscithe atá i bhfeidhm faoi láthair). Ba cheart do ghnóthas a chuireann na rialacha tuairiscithe faoin nGníomh Tarmligthe maidir le Nochtadh (arna leasú le Gníomh Tarmligthe Omnibus chun a thuarascáil a fhoilsiú in 2026 i bhfeidhm, na PTFanna mar a tuairiscíodh in 2025 (lena gcumhdaítear bliain airgeadais 2024) a thuairisciú i gcealla sonraí comparáideacha na dteimpléad ábhartha. B’éigean na PTFanna sin a ríomh i gcomhréir le ceanglais tuairiscithe an Ghnímh Tharmligthe maidir le Nochtadh a bhí infheidhme roimh na leasuithe a tugadh isteach leis an nGníomh Tarmligthe Omnibus.

Ós rud é nach raibh na PTFanna sin faoi réir na modheolaíochta céanna leis na PTFanna a foilsíodh le haghaidh na bliana airgeadais 2025 (e.g. bhí rialacha éagsúla ann maidir le hainmneoir PTFanna gnóthas airgeadais a ríomh), ba cheart do ghnóthais tuairiscithe a mhíniú i bhfaisnéis chomhthéacsúil na roinne maidir le nochtadh Tacsanomaíochta den tuarascáil bhainistíochta gur ullmhaíodh na PTFanna roimhe sin i gcomhréir le ceanglais tuairiscithe an Ghnímh Tharmligthe maidir le Nochtadh a bhí infheidhme roimh na leasuithe a tugadh isteach le Gníomh Tarmligthe Omnibus. Ina theannta sin, chun comparáid níos cruinne a dhéanamh idir na PTFanna a foilsíodh in 2025 agus 2026, féadfaidh gnóthais tuairiscithe na PTFanna a foilsíodh in 2025 a athríomh trí úsáid a bhaint as na rialacha is infheidhme ón 1 Eanáir 2026 agus na figiúirí athríofa sin a áireamh i bhfaisnéis chomhthéacsúil na roinne maidir le nochtadh Tacsanomaíochta den tuarascáil bhainistíochta.

5.   Conas ba cheart Airteagal 7(9) den Ghníomh Tarmligthe maidir le Nochtadh a léirmhíniú agus a chur i bhfeidhm, lena gceadaítear do ghnóthais airgeadais gan na rialacha tuairiscithe mionsonraithe a leagtar síos sa Ghníomh sin a chur i bhfeidhm go ceann 2 bhliain (‘an rogha gan bheith páirteach go ceann 2 bhliain’)?

Foráiltear an méid seo a leanas le hAirteagal 7(9) den Ghníomh Tarmligthe maidir le Nochtadh, arna leasú le Gníomh Tarmligthe Omnibus:

‘Go dtí an 31 Nollaig 2027, cé is moite d’Airteagal 8(2) agus den mhír 9 seo, ní bheidh feidhm ag Airteagail 2 go 8 maidir le gnóthais airgeadais nach maíonn faoi Airteagail 3 agus 9 de Rialachán (AE) 2020/852 go bhfuil gníomhaíochtaí eacnamaíocha acu atá bainteach leis an Rialachán sin, ar choinníoll go nochtann na gnóthais sin an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 8(1) den Rialachán sin tríd an ráiteas seo a leanas a áireamh ina dtuarascáil bhainistíochta: ‘Ní mhaítear go mbaineann aon ghníomhaíocht le gníomhaíochtaí eacnamaíocha a cháilíonn mar ghníomhaíochtaí atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de faoi Airteagail 3 agus 9 de Rialachán (AE) 2020/852 (an Rialachán maidir le Tacsanomaíocht).’

Leis an nGníomh Tarmligthe Omnibus, tugtar isteach an fhéidearthacht gan bheith páirteach sa tuairisciú mionsonraithe ar Thacsanomaíocht ón 1 Eanáir 2026 go dtí an 1 Eanáir 2028. Deonaítear an rogha sin gan bheith páirteach go ceann 2 bhliain do ghnóthais airgeadais tuairiscithe a gcostais tuairiscithe a laghdú le linn an ama is gá don Choimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar na critéir scagtha theicniúla Tacsanomaíochta agus ar na rialacha maidir le nochtaí Tacsanomaíochta mar a luaitear i roinn 1 den mheabhrán míniúcháin a ghabhann leis an nGníomh Tarmligthe Omnibus. Tá sé beartaithe an t-athbhreithniú substainteach sin a thabhairt chun críche roimh dheireadh na tréimhse rogha gan bheith páirteach go ceann 2 bhliain agus tá sé beartaithe leis cur chun feidhme na Tacsanomaíochta a éascú chun maoiniú a threorú i dtreo aistriú aeráide agus comhshaoil an fhíorgheilleagair, agus costais tuairiscithe gnóthas a laghdú a mhéid is féidir.

Chun glas-snasú a chosc, i gcomhréir le hAirteagal 7(9) den Ghníomh Tarmligthe maidir le Nochtadh, tá an rogha gan bheith páirteach sna rialacha nochta go ceann 2 bhliain coinníollach ar na gnóthais airgeadais tuairiscithe gan aon éileamh a dhéanamh trí aon chumarsáid le páirtithe leasmhara seachtracha nó leis an bpobal i gcoitinne go mbaineann a ngníomhaíochtaí le gníomhaíochtaí atá ailínithe leis an Tacsanomaíocht. Má dhéantar éileamh den sórt sin, ba cheart don ghnóthas airgeadais tuairiscithe na PTFanna Tacsanomaíochta a nochtadh trí úsáid a bhaint as an modheolaíocht agus as na teimpléid a leagtar síos sa Ghníomh Tarmligthe maidir le Nochtadh.

Ba cheart na treoirphrionsabail seo a leanas maidir le cur chun feidhme an rogha gan bheith páirteach go ceann 2 bhliain a mheas:

Is féidir le gnóthais airgeadais tuairiscithe an rogha gan bheith páirteach a fheidhmiú má cheannaíonn siad (17) nó má dháileann siad (18) táirgí airgeadais atá faoi réir an nochta Tacsanomaíochta nó má infheistíonn siad i ngnóthais a nochtann PTFanna Tacsanomaíochta fad nach gcuireann siad in iúl (i.e. nach maíonn siad) go maoiníonn siad nó go n-infheistíonn siad i ngníomhaíochtaí atá ailínithe leis an Tacsanomaíocht. Ar an gcaoi chéanna, ós rud é go maoinítear gníomhaíocht atá ailínithe le Tacsanomaíocht le hiasacht arna deonú ag institiúid creidmheasa, níor cheart cosc a chur ar an institiúid creidmheasa sin an rogha gan bheith páirteach a fheidhmiú ar choinníoll nach ndéanann an institiúid creidmheasa éileamh den sórt sin.

Níl ábhartha ach na héileamh a rinneadh le linn na bliana airgeadais (19) a chumhdaítear leis an tuairisciú inbhuanaitheachta agus measúnú á dhéanamh ar cé acu a cheadaítear nó nach gceadaítear do ghnóthais airgeadais an rogha gan bheith páirteach go ceann 2 bhliain a úsáid. Fágann sé sin nár cheart nochtaí PTFanna Tacsanomaíochta roimhe seo (20) ag a bhfuil cóimheasa dearfacha maidir le hailíniú leis an Tacsanomaíocht agus nochtaí maidir le haon fhaisnéis eile a bhaineann le hailíniú leis an Tacsanomaíocht lena gcumhdaítear blianta airgeadais 2023 agus 2024 cosc a chur ar ghnóthais airgeadais an rogha gan bheith páirteach go ceann 2 bhliain a fheidhmiú mura ndéanann siad aon éileamh sonrach sa bhliain airgeadais 2025.

Ní féidir le gnóthais airgeadais tuairiscithe a eisíonn bannaí glasa in 2026 agus in 2027, nó a chuireann in iúl nó a mhaíonn in 2026 nó in 2027 go maoinítear gníomhaíochtaí atá ailínithe leis an Tacsanomaíocht (21) leis na fáltais óna mbannaí, an rogha gan bheith páirteach go ceann 2 bhliain a fheidhmiú. Ar an gcaoi chéanna, gnóthais airgeadais a mhaíonn gur thug siad comhairle maidir le heisiúint bannaí glasa atá ailínithe leis an Tacsanomaíocht arna n-eisiúint ag tríú páirtithe nó gur éascaigh siad eisiúint na mbannaí sin, ní bheadh siad in ann úsáid a bhaint as an rogha gan bheith páirteach go ceann 2 bhliain ach oiread.

Mar gheall ar mhaímh eile a bhaineann le hinbhuanaitheacht a eascraíonn as úsáid creataí seachas Tacsanomaíocht AE, níor cheart cosc a chur ar ghnóthais airgeadais an rogha gan bheith páirteach a úsáid fiú má chuireann siad gnéithe áirithe de Thacsanomaíocht AE i bhfeidhm (22).

6.   An féidir le gnóthais an fhoráil ‘rogha gan bheith páirteach’ faoi Airteagal 7(9) den Ghníomh Tarmligthe maidir le Nochtadh (arna leasú le Gníomh Tarmligthe Omnibus) a chur i bhfeidhm go páirteach? An féidir le gnóthais a chuireann an fhoráil sin i bhfeidhm rogha a dhéanamh gan ach cuid de na PTFanna a cheanglaítear leis an nGníomh Tarmligthe maidir le Nochtadh a thuairisciú ach gan cinn eile a thuairisciú?

Ní féidir, leanann an ‘rogha gan bheith páirteach’ faoi Airteagal 7(9) den Ghníomh Tarmligthe maidir le Nochtadh, arna leasú le Rialachán Tarmligthe Omnibus, cur chuige ‘iomlán nó faic’. Dá bhrí sin, ní féidir cur i bhfeidhm páirteach a dhéanamh.

Gnóthais airgeadais a roghnaíonn brath ar an bhforáil sin, tá siad díolmhaithe go hiomlán ó chur i bhfeidhm na gceanglas tuairiscithe faoi Airteagail 2 go 8 den Ghníomh Tarmligthe maidir le Nochtadh agus, dá bhrí sin, ó PTFanna gaolmhara uile (lena n-áirítear an Cóimheas Sóchainne Glaise) a nochtadh. Bheadh tuairisciú páirteach ar FTPanna áirithe lena nochtar cóimheas dearfach de ghníomhaíochtaí atá ailínithe le Tacsanomaíocht ar neamhréir freisin leis na coinníollacha maidir leis an ‘rogha gan bheith páirteach’ a leagtar síos in Airteagal 7(9) a bhaineann le heaspa aon éilimh ón ngnóthas airgeadais tuairiscithe go mbaineann a ghníomhaíochtaí le gníomhaíochtaí eacnamaíocha atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de faoin Rialachán maidir le Tacsanomaíocht.

B.   CEISTEANNA A BHAINEANN LEIS AN gCur CHUIGE ÁBHARTHACHTA I LEITH TUAIRISCIÚ TACSANOMAÍOCHTA

7.   An gceanglaítear leis na rialacha athbhreithnithe ar ghnóthas measúnú a dhéanamh ar dheighleog gníomhaíochtaí intuairiscithe-IFRS 8 lena gcuimsítear roinnt gníomhaíochtaí atá incháilithe don Tacsanomaíocht le haghaidh ailíniú leis an Tacsanomaíocht?

I bprionsabal, ba cheart prionsabal na ‘hábharthachta airgeadais’ a leagtar síos sa Ghníomh Tarmligthe Omnibus (23) agus a mhínítear ina aithrisí (4) go (6) a úsáid go comhsheasmhach leis na prionsabail a leagtar amach i gCaighdeáin Chuntasaíochta IFRS agus sa Treoir Chuntasaíochta. Le hAirteagal 2(16) den Treoir Chuntasaíochta, sainmhínítear ‘ábhartha’ mar ‘stádas faisnéise i gcás ina bhféadfaí coinne a bheith leis go réasúnach go mbeadh tionchar ag easnamh nó míráiteas na faisnéise sin ar chinntí a dhéanann úsáideoirí ar bhonn ráitis airgeadais an ghnóthais. Déanfar ábharthacht míreanna aonair a mheasúnú i gcomhthéacs míreanna comhchosúla eile.’

Ceanglaítear le IFRS 8 maidir le Deighleoga Oibriúcháin go nochtfar faisnéis le haghaidh gach ‘deighleoige oibriúcháin’ intuairiscithe de ghníomhaíochtaí gnó a chomhlíonann critéir agus saintréithe áirithe. Ceanglaítear le croíphrionsabal IFRS 8 ar eintiteas ‘faisnéis a nochtadh chun é a chur ar a gcumas d’úsáideoirí a ráiteas airgeadais meastóireacht a dhéanamh ar chineál agus ar éifeachtaí airgeadais na ngníomhaíochtaí gnó a mbíonn sé ag gabháil dóibh agus ar na timpeallachtaí eacnamaíocha ina bhfeidhmíonn sé’ (24). I bhfocail eile, meastar, dá bhrí sin, gur faisnéis ábhartha í faisnéis airgeadais faoi dheighleoga oibriúcháin intuairiscithe.

Ba cheart do ghnóthais tuairiscithe, i gcás inarb indéanta, neamhréireachtaí agus saobhadh a sheachaint ina dtuairisciú Tacsanomaíochta a d’fhágfadh go n-áireofaí gníomhaíochtaí eacnamaíocha mar dheighleog oibriúcháin intuairiscithe, agus go measfaí na gníomhaíochtaí eacnamaíocha, dá bhrí sin, a bheith ábhartha agus ceanglais IFRS 8 á gcur i bhfeidhm acu (agus a éilíonn, dá bhrí sin, faisnéis airgeadais ar leithligh a nochtadh) agus go measfaí iad a bheith neamhábhartha freisin don mheasúnú Tacsanomaíochta freisin.

Mar shampla:

d’fhéadfadh gnóthas atá gníomhach sa tionscal fuinnimh deighleog oibriúcháin intuairiscithe shonrach a chruthú ar a dtugtar ‘fuinneamh in-athnuaite’, a bhféadfadh giniúint fuinnimh ón ngrian (4 % dá láimhdeachas) agus ón ngaoth (5 % dá láimhdeachas) a bheith inti. Má mheasann an gnóthas sin go bhfuil na gníomhaíochtaí sin ábhartha le haghaidh tuairisciú airgeadais i gcomhréir le Caighdeáin Chuntasaíochta IFRS, níor cheart iad a mheas mar ghníomhaíochtaí atá neamhábhartha don tuairisciú Tacsanomaíochta;

os a choinne sin, mura measann an gnóthas fuinnimh sin go bhfuil gníomhaíochtaí gnó ‘fuinnimh in-athnuaite’ intuairiscithe faoi IFRS 8 agus má áiríonn sé iad mar ghníomhaíochtaí gnó eile nach bhfuil intuairiscithe, d’fhéadfaí a mheas go bhfuil na gníomhaíochtaí sin neamhábhartha don mheasúnú Tacsanomaíochta toisc nach mó iad go carnach ná 10 % dá láimhdeachas (i gcomhréir le hAirteagal 2(1a) den Ghníomh Tarmligthe maidir le Nochtadh). I gcás den sórt sin, ní dhéanfadh an gnóthas measúnú ar na gníomhaíochtaí gnó sin maidir lena n-incháilitheacht don Tacsanomaíocht ná maidir lena n-ailíniú leis an Tacsanomaíocht.

8.   An measúnú ar ailíniú leis an Tacsanomaíocht maidir le fothacar de ghníomhaíocht eacnamaíoch a shainmhínítear sna gníomhartha tarmligthe maidir le Tacsanomaíocht (e.g. sciar de ghníomhaíocht 7.1 Tógáil foirgneamh nua, mar a shainmhínítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an nGníomh Tarmligthe maidir leis an Aeráid), an féidir leis na gnóthais neamhairgeadais tuairiscithe an measúnú sin a fhágáil ar lár?

Mar a luaitear in aithris (6) den Ghníomh Tarmligthe Omnibus, ba cheart do ghnóthais cleachtais a sheachaint a shaobhfadh an tuairisciú agus a thiocfadh salach ar na cuspóirí atá mar bhonn taca faoin Rialachán maidir le Tacsanomaíocht. Luaitear an méid seo a leanas i nóta míniúcháin 8 a bhaineann le colún 14 de Theimpléad 1 atá san áireamh in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an nGníomh Tarmligthe maidir le Nochtadh:

‘i gcás gníomhaíocht eacnamaíoch a mheastar a bheith ábhartha i ndáil le KPI (láimhdeachas, CapEx, nó OpEx), déanfaidh gnóthais measúnú ar incháilitheacht don Tacsanomaíocht agus ailíniú an KPI sin a bhaineann leis an ngníomhaíocht sin ina hiomláine agus ní mheasfaidh siad cuid den KPI sin a bhaineann leis an ngníomhaíocht sin a bheith neamhábhartha. Ní áireofar i gcolún (14) aon chion láimhdeachais, de CapEx ná de OpEx a bhaineann le gníomhaíochtaí eacnamaíocha ábhartha.’

D’fhoilsigh an Coimisiún (25) sampla léiritheach de chuideachta tógála a dhéanann an ghníomhaíocht tógála chéanna (7.1) i 6 thír. Tá an ghníomhaíocht sin ábhartha don chuideachta, mar sin ba cheart don chuideachta tógála measúnú a dhéanamh ar an ngníomhaíocht ina hiomláine agus go hiomláine agus gan fothacar di a fhágáil ar lár (e.g. tógáil nach bhfuil ailínithe le Tacsanomaíocht i dTír D, arb í sin 6,7 % de láimhdeachas na cuideachta). Dá ndéanfaí amhlaidh, bheadh faisnéis mhícheart maidir le hincháilitheacht don Tacsanomaíocht (33,3 % in ionad 40 % i gcolún 3 de Theimpléad 2) agus cóimheas mícheart idir gníomhaíochtaí atá ailínithe leis an Tacsanomaíocht agus na gníomhaíochtaí uile atá incháilithe don Tacsanomaíocht (100 % in ionad 83,3 % i gcolún 14 de Theimpléad 2). Dá bhfágfaí fothacar de ghníomhaíocht eacnamaíoch ar lár, shaobhfaí tuairisciú Tacsanomaíochta na cuideachta foirgníochta a mhéid a bhaineann leis an ngníomhaíocht eacnamaíoch sin agus a mhéid a bhaineann lena PTFanna tacsanomaíochta iomlána freisin. D’fhéadfadh sé infheisteoirí na cuideachta a chur amú freisin. Dá bhrí sin, níor cheart do chuideachtaí a mheas go bhfuil cuid de ghníomhaíocht eacnamaíoch ábhartha agus cuid eile den ghníomhaíocht chéanna neamhábhartha. Dá ndéanfaí gníomhaíocht eacnamaíoch a dheighilt agus gan measúnú a dhéanamh ar chuid de ghníomhaíocht eacnamaíoch a tuairiscíodh go sonrach faoin Rialachán maidir le Tacsanomaíocht, shaobhfaí nochtaí gnóthas i dTeimpléad 2 d’Iarscríbhinn II a ghabhann leis an nGníomh Tarmligthe maidir le Nochtadh agus thiocfadh sé salach ar aithris 6 den Ghníomh Tarmligthe Omnibus.

9.   An féidir le gnóthais tuairiscithe neamhairgeadais a mheas go bhfuil gníomhaíochtaí gnó a dhéantar i limistéar geografach sonrach neamhábhartha agus iad a fhágáil ar lár ó mheasúnú Tacsanomaíochta (e.g. tá na gníomhaíochtaí uile a dhéantar i dtír shonrach neamhábhartha toisc go bhfuil an láimhdeachas a ghintear sa tír sin faoi bhun 10 %)?

Is féidir – ar choinníoll gur mheas an gnóthas tuairiscithe go mbeadh láimhseáil den sórt sin comhsheasmhach leis an méid seo a leanas:

(a)

a nochtaí IFRS 8 (i.e. ní mheastar na gníomhaíochtaí gnó sa tír shonrach sin mar (mar chuid de) dheighleog ghnó intuairiscithe freisin (féach Ceist 7));

(b)

a dtuairisciú Tacsanomaíochta ar ghníomhaíochtaí ábhartha agus ar an gceanglas gan a nochtaí a shaobhadh i dTeimpléad 2 d’Iarscríbhinn II a ghabhann leis an nGníomh Tarmligthe maidir le Nochtadh (i.e. ba cheart don ghnóthas tuairiscithe measúnú a dhéanamh ar na gníomhaíochtaí atá incháilithe don Tacsanomaíocht atá ábhartha ó thaobh airgeadais de ina n-iomláine – féach Ceist 8);

(c)

an ceanglas faisnéis maidir le hearnáil eacnamaíoch na ngníomhaíochtaí neamhábhartha a sholáthar (féach Ceist 10).

10.   Conas ba cheart do ghnóthais tuairisc a thabhairt ar earnálacha a bhaineann le gníomhaíochtaí neamhábhartha a fágadh ar lár sa mheasúnú Tacsanomaíochta chun críche Iarscríbhinn I a ghabhann leis an nGníomh Tarmligthe maidir le Nochtadh?

Ceanglaítear le pointí (d) de Ranna 1.2.3.1, 1.2.3.2 agus 1.2.3.3 d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an nGníomh Tarmligthe maidir le Nochtadh faisnéis maidir le hearnáil na ngníomhaíochtaí eacnamaíocha a mheastar a bheith neamhábhartha de réir Airteagal 2(1a), 2(1b) agus 2(1c) den Ghníomh Tarmligthe maidir le Nochtadh faoi seach. Éilítear leo freisin míniú ar an easpa ábharthachta do na gníomhaíochtaí eacnamaíocha sin. Tá sé d’aidhm ag an nochtadh sin cuidiú le húsáideoirí na tuarascála tuiscint a fháil ar na hearnálacha lena mbaineann na gníomhaíochtaí eacnamaíocha neamhábhartha atá eisiata ón measúnú Tacsanomaíochta, agus ar an údar atá leis an eisiamh sin. De bhun aithris (6) den Ghníomh Tarmligthe Omnibus, moltar an ainmníocht staidrimh do ghníomhaíochtaí eacnamaíocha san Aontas Eorpach (NACE) a úsáid ach níl sé sainordaitheach.

Ina theannta sin, nochtadh na n-earnálacha lena mbaineann gníomhaíochtaí eacnamaíocha a mheastar a bheith neamhábhartha de réir Airteagal 2(1a), 2(1b) agus 2(1c) den Ghníomh Tarmligthe maidir le Nochtadh, ba cheart é a bheith comhsheasmhach leis na nochtaí faoi mhír 16 de IFRS 8, lena gceanglaítear ar ghnóthais tuairiscithe tuairisc a thabhairt ar ‘fhoinsí an ioncaim a áirítear sa chatagóir “gach deighleog eile”’ nach bhfuil ábhartha ó thaobh airgeadais de.

11.   Conas atá feidhm ag an gcur chuige ábharthachta a tugadh isteach leis an nGníomh Tarmligthe Omnibus maidir le tuairisciú PTF OpEx gnóthas neamhairgeadais?

Foráiltear le hAirteagal 2(1c) den Ghníomh Tarmligthe maidir le Nochtadh go bhfuil sé de rogha ag gnóthais neamhairgeadais tuairiscithe gan measúnú a dhéanamh ar incháilitheacht don Tacsanomaíocht agus ar ailíniú lena OpEx iomlán mura bhfuil sé ábhartha dá samhail ghnó shonrach. D’fhéadfadh sé sin a bheith amhlaidh, mar shampla, i gcás gníomhaíochtaí seirbhíse áirithe. I gcásanna den sórt sin, is féidir leis na gnóthais sin a roghnú gan a PTF OpEx a thuairisciú (na cóimheasa de OpEx atá incháilithe don Tacsanomaíocht agus ailínithe). Ina ionad sin, ní gá dóibh ach luach iomlán a OpEx (i.e. an t-ainmneoir mar a shainmhínítear i Roinn 1.1.3.1. d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an nGníomh Tarmligthe maidir le Nochtadh) agus míniú ar an bhfáth nach bhfuil a OpEx ábhartha dá samhail ghnó a sholáthar. Ní fhorordaítear leis an nGníomh Tarmligthe maidir le Nochtadh modheolaíocht shonrach do ghnóthais tuairiscithe maidir le conas a chinneadh an bhfuil an caiteachas oibríochtúil ábhartha dá samhail ghnó. Mar sin féin, ba cheart dóibh an cinneadh sin a dhéanamh go comhsheasmhach leis na prionsabail ghinearálta maidir le hábharthacht airgeadais mar a shainmhínítear sa Treoir Chuntasaíochta.

Má mheastar go bhfuil an caiteachas oibríochtúil ábhartha do shamhail ghnó an ghnóthais tuairiscithe, ba cheart don ghnóthas tuairiscithe a mheasúnú an bhfuil an caiteachas oibríochtúil sin incháilithe don Tacsanomaíocht nó ailínithe léi. Tá an measúnú sin faoi réir na rogha gan measúnú a dhéanamh ar incháilitheacht don Tacsanomaíocht agus ar ailíniú gníomhaíochtaí neamhábhartha suas le 10 % d’ainmneoir PTF OpEx i gcomhréir le hAirteagal 2(1c) den Ghníomh Tarmligthe maidir le Nochtadh.

12.   Conas ba cheart do ghnóthais airgeadais tuairiscithe an tairseach ábharthachta 10 % le haghaidh tuairisciú Tacsanomaíochta a chur i bhfeidhm?

Faoi na rialacha arna n-athbhreithniú leis an nGníomh Tarmligthe Omnibus (26), tá gnóthais airgeadais atá faoi réir tuairisciú inbhuanaitheachta díolmhaithe ó mheasúnú a dhéanamh ar incháilitheacht don Tacsanomaíocht agus ar ailíniú a sócmhainní airgeadais lena maoinítear gníomhaíochtaí eacnamaíocha sonracha agus is eol úsáid fáltais ina leith (‘sócmhainní úsáide fáltais’) má tá a luach carnach níos lú ná 10 % dá sócmhainní úsáide fáltais uile. Ní mór na sócmhainní neamhábhartha sin a thuairisciú ar leithligh mar ‘neamhchosaintí nach ndearnadh measúnú orthu’ sna teimpléid tuairiscithe.

Níl feidhm ag an tsolúbthacht sin, áfach, maidir le neamhchosaintí gnóthas airgeadais nach eol an úsáid a bhaineann an t-iasachtaí nó an institiúid infheistiúcháin as na fáltais ina leith (e.g. iasachtaí ilchuspóireacha nó infheistíochtaí i gcothromas). Chun measúnú a dhéanamh ar neamhchosaintí den sórt sin, braitheann gnóthais airgeadais go díreach ar na PTFanna Tacsanomaíochta arna dtuairisciú ag na heintitis a ndéanann siad infheistíocht iontu nó a dtugann siad iasacht dóibh, lena n-áirítear an fhaisnéis a bhaineann le gníomhaíochtaí neamhábhartha a thuairiscíonn siad.

13.   Má mheasann contrapháirtí nach bhfuil sócmhainn/gníomhaíocht ábhartha ach má tá sonraí ag an ngnóthas airgeadais tuairiscithe faoina ailíniú leis an Tacsanomaíocht, an féidir leis an ngnóthas airgeadais sin an neamhchosaint sin a áireamh mar neamhchosaint atá ailínithe leis an Tacsanomaíocht?

Is féidir a mheas go bhfuil gníomhaíochtaí eacnamaíocha neamhábhartha i gcomhréir le hAirteagal 2(1a), 2(1b) agus 2(1c) den Ghníomh Tarmligthe maidir le Nochtadh má ghineann siad go carnach níos lú ná 10 % de láimhdeachas iomlán, caiteachas caipitiúil (CapEx) nó caiteachas oibríochtúil (OpEx) an ghnóthais neamhairgeadais. I gcás ina dtiteann gníomhaíochtaí eacnamaíocha go carnach faoi bhun na tairsí 10 % sin, is féidir le gnóthas neamhairgeadais tuairiscithe a roghnú gan a mheasúnú an bhfuil na gníomhaíochtaí sin incháilithe don Tacsanomaíocht nó ailínithe léi.

Má thuairiscíonn gnóthas neamhairgeadais gníomhaíochtaí/sócmhainní den sórt sin mar ghníomhaíochtaí/sócmhainní neamhábhartha, is féidir leis an ngnóthas airgeadais tuairiscithe rogha a dhéanamh brath ar na PTFanna arna dtuairisciú ag an ngnóthas neamhairgeadais contrapháirtí (e.g. na sócmhainní a mhaoiníonn an ghníomhaíocht ghaolmhar a thuairisciú mar shócmhainní neamhábhartha freisin) nó, má tá rochtain ag an ngnóthas airgeadais tuairiscithe ar fhaisnéis faoi incháilitheacht don Tacsanomaíocht agus ailíniú na sócmhainní gaolmhara, iad a thuairisciú mar shócmhainní atá ailínithe leis an Tacsanomaíocht.

14.   Leis na rialacha athbhreithnithe (Airteagal 4(1f) den Ghníomh Tarmligthe maidir le Nochtadh), ceadaítear d’institiúidí creidmheasa gan PTFanna áirithe a thuairisciú i gcás ina bhfuil ‘glanláimhdeachas arna ghiniúint ag na gníomhaíochtaí a chumhdaítear leis na PTFanna sin’ faoi bhun 10 % de láimhdeachas iomlán an ghrúpa. Cad is brí le ‘glanláimhdeachas arna ghiniúint ag na gníomhaíochtaí a chumhdaítear leis na PTFanna sin’ chun na rialacha sin a chur i bhfeidhm?

Ba cheart ‘glanláimhdeachas arna ghiniúint ag na gníomhaíochtaí a chumhdaítear leis na PTFanna sin’, dá dtagraítear in Airteagal 4(1f) den Ghníomh Tarmligthe maidir le Nochtadh, a léirmhíniú mar an sciar de ghlanláimhdeachas na hinstitiúide creidmheasa arna ghiniúint ag gníomhaíochtaí lena mbaineann na PTFanna a liostaítear in Iarscríbhinn V a ghabhann leis an nGníomh Tarmligthe maidir le Nochtadh. Tá teorainn na ngníomhaíochtaí sin teorannaithe ag raon feidhme ainmneoir na PTFanna comhfhreagracha, mar a shainmhínítear in Airteagal 7 den Ghníomh Tarmligthe maidir le Nochtadh. Mar shampla, a mhéid a bhaineann leis an PTF le haghaidh cóimheas sócmhainne glaise, tagraíonn sé sin don sciar den ghlanláimhdeachas a ghintear leis na hinfheistíochtaí i gcontrapháirtithe agus i sócmhainní agus leis na neamhchosaintí orthu dá dtagraítear in Airteagal 7(6) den Ghníomh Tarmligthe maidir le Nochtadh (i.e. neamhchosaintí ar ghnóthais atá faoi réir thuairisciú inbhuanaitheachta na Treorach maidir le Tuairisciú Inbhuanaitheachta Corparáideach nó a bhaineann le grúpa na Treorach maidir le Tuairisciú Inbhuanaitheachta Corparáideach, neamhchosaintí ar chliaint mhiondíola atá incháilithe don tacsanomaíocht, neamhchosaintí ar rialtais áitiúla, sócmhainní réadmhaoine nó gnóthais a áirítear ar bhonn deonach).

C.   CEISTEANNA A BHAINEANN LE NEAMHCHOSAINTÍ GNÓTHAS AIRGEADAIS TUAIRISCITHE AR MHEÁIN SHAINCHUSPÓIREACHA (MSCANNA)

15.   An áirítear neamhchosaintí ar MSCanna, a áirítear san ainmneoir de réir Airteagal 7(3), in uimhreoir na PTFanna freisin?

Soiléirítear leis na rialacha arna n-athbhreithniú leis an nGníomh Tarmligthe Omnibus gur cheart neamhchosaintí ar MSCanna lena maoinítear gnóthais atá faoi réir tuairisciú inbhuanaitheachta sainordaitheach faoi Airteagail 19a nó 29a den Treoir Chuntasaíochta (nó a sócmhainní) a áireamh in ainmneoir agus in uimhreoir PTFnna gnóthas airgeadais araon. Tá feidhm ag an riail sin maidir le neamhchosaintí ar MSCanna lena maoinítear gnóthais atá faoi réir tuairisciú éigeantach Tacsanomaíochta ar an leibhéal aonair nó ar an leibhéal comhdhlúite. Is é is aidhm don chur chuige sin a áirithiú go léiríonn na PTFanna gnóthas airgeadais ní hamháin neamhchosaintí díreacha ach neamhchosaintí indíreacha freisin (trí MSCanna) ar ghnóthais atá faoi réir tuairisciú inbhuanaitheachta sainordaitheach nó atá mar chuid de ghrúpaí a bhfuil a máthairghnóthas faoi réir tuairisciú sainordaitheach inbhuanaitheachta.

Soiléirítear le Ceist Choitianta 14 d’fhógra C/2024/6691 ón gCoimisiún gur cheart do ghnóthas airgeadais tuairiscithe ‘féachaint’ ar an MSC chun uimhreoir a PTFanna a ríomh. Is féidir é sin a dhéanamh trí úsáid a bhaint as PTFanna an ghnóthais atá faoi réir tuairisciú inbhuanaitheachta sainordaitheach a mhaoiníonn an MSC (i gcás ina mbunaítear an MSC le haghaidh mhaoiniú ilchuspóireach an ghnóthais sin) nó trí mheasúnú a dhéanamh ar shócmhainní an MSC i gcás ina mbunaítear an MSC chun gur leis sócmhainní sonracha (e.g. feirm ghaoithe). Ba cheart neamhchosaintí ar MSCanna a áireamh i dteimpléid ar na rónna a chomhfhreagraíonn don chineál eintitis a mhaoinítear tríd an MSC (i.e. gnóthas neamhairgeadais, gnóthas airgeadais nó rialtas áitiúil).

16.   Conas ba cheart oibriú sócmhainne a thuiscint chun measúnú a dhéanamh ar neamhchosaintí ar MSCanna? Mar shampla, an ionann foirgneamh a fháil ar cíos agus sócmhainn a oibriú?

Ceanglaítear leis an dara fomhír d’Airteagal 7(3) den Ghníomh Tarmligthe maidir le Nochtadh neamhchosaintí ar MSCanna ar leo sócmhainní arna n-oibriú ag eintitis faoi réir Airteagail 19a nó 29a den Treoir Chuntasaíochta, a áireamh in ainmneoir agus in uimhreoir PTFanna na ngnóthas airgeadais tuairiscithe mar neamhchosaintí arb eol úsáid na bhfáltas ina leith. Is féidir sócmhainn arna hoibriú ag eintitis atá faoi réir Airteagail 19a nó 29a den Treoir Chuntasaíochta a thuiscint trí thagairt a dhéanamh do struchtúr agus/nó do chuspóir an MSC. I gcásanna áirithe, tá an MSC struchtúrtha chun gur leis sócmhainn shonrach chun a áirithiú go mbeidh an tsócmhainn cosanta, mar shampla, ar fhéimheacht oibreoir na sócmhainne (e.g. tá tionscadail fuinnimh in-athnuaite ag an MSC agus á n-oibriú ag an gcuideachta fuinnimh faoi réir Airteagail 19a nó 29a den Treoir Chuntasaíochta).

I gcomhréir leis an tríú fomhír d’Airteagal 7(3) den Ghníomh Tarmligthe maidir le Nochtadh, gnóthas airgeadais tuairiscithe a bhfuil a fhios aige go n-úsáidtear na fáltais óna mhaoiniú le haghaidh sócmhainn shonrach atá ag MSC, féadfaidh sé neamhchosaintí den sórt sin a áireamh go deonach in ainmneoir a PTFanna i gcásanna nach bhfuil an t-eintiteas a oibríonn an tsócmhainn faoi réir Airteagail 19a nó 29a den Treoir Chuntasaíochta (e.g. is leis an MSC na tionscadail fuinnimh in-athnuaite agus tá siad á n-oibriú ag an gcuideachta fuinnimh nach bhfuil faoi réir Airteagail 19a ná 29a den Treoir Chuntasaíochta).

Ba cheart infheistíochtaí in MSC nó neamhchosaintí ar MSC ar leis foirgneamh a mheas mar infheistíochtaí i sócmhainní réadmhaoine nó neamhchosaintí orthu faoi Airteagal 7(6)(e) den Ghníomh Tarmligthe maidir le Nochtadh. Ba cheart iad a áireamh freisin in ainmneoir an PTF gan beann ar an bhfoirgneamh a bheith ligthe ar cíos le cliaint nó eintitis mhiondíola atá faoi réir (nó nach bhfuil faoi réir) Airteagail 19a nó 29a den Treoir Chuntasaíochta.

17.   An bhfuil feidhm ag an láimhseáil a dtugtar tuairisc uirthi sna freagraí ar Cheisteanna 15 agus 16 freisin maidir le MSCanna tríú tír má tá siad ag maoiniú contrapháirtithe atá faoi réir Airteagail 19a nó 29a den Treoir Chuntasaíochta nó sócmhainní arna n-oibriú ag na contrapháirtithe sin?

Tá, cumhdaítear MSCanna tríú tír má mhaoiníonn siad contrapháirtithe atá faoi réir Airteagail 19a nó 29a den Treoir Chuntasaíochta nó sócmhainní arna n-oibriú ag contrapháirtithe den sórt sin.


(1)  Rialachán (AE) 2020/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Meitheamh 2020 maidir le creat a bhunú chun infheistíocht inbhuanaithe a éascú, agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/2088 (IO L 198, 22.6.2020, lch. 13, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2020/852/oj).

(2)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2178 ón gCoimisiún an 6 Iúil 2021 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2020/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle trí ábhar agus cur i láthair na faisnéise le nochtadh ag gnóthais faoi réir Airteagail 19a agus 29a de Threoir 2013/34/AE a bhaineann le gníomhaíochtaí atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de, agus ina sonraítear an mhodheolaíocht chun an oibleagáid nochta sin a chomhlíonadh (IO L 443, 10.12.2021, lch. 9, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2021/2178/oj).

(3)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/2486 ón gCoimisiún an 27 Meitheamh 2023 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2020/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle trí na critéir scagtha theicniúla a bhunú chun na coinníollacha a chinneadh faoina bhfuil gníomhaíocht eacnamaíoch cáilithe mar rannchuidiú substaintiúil le húsáid inbhuanaithe agus cosaint uisce agus acmhainní muirí, leis an aistriú chuig geilleagar ciorclach, le cosc agus rialú ar thruailliú nó leis an mbithéagsúlacht agus éiceachórais a chosaint agus a athbhunú, agus chun a chinneadh cé acu a dhéantar nó nach ndéantar dochar suntasach leis an ngníomhaíocht eacnamaíoch sin d’aon cheann de na cuspóirí comhshaoil eile agus lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2178 ón gCoimisiún a mhéid a bhaineann le nochtadh poiblí sonrach maidir leis na gníomhaíochtaí eacnamaíocha sin (IO L 2023/2486, 21.11.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2023/2486/oj).

(4)  Rialachán Tarmligthe 2026/73 ón gCoimisiún an 4 Iúil 2025 lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2178 ón gCoimisiún a mhéid a bhaineann le hábhar agus cur i láthair na faisnéise atá le nochtadh maidir le gníomhaíochtaí atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de a shimpliú agus Rialacháin Tharmligthe (AE) 2021/2139 agus (AE) 2023/2486 ón gCoimisiún a mhéid a bhaineann le critéir scagtha theicniúla áirithe a shimpliú chun a chinneadh cé acu a dhéantar nó nach ndéantar dochar suntasach le gníomhaíochtaí eacnamaíocha do chuspóirí comhshaoil (IO L, 2026/73, 8.1.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2026/73/oj).

(5)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2139 ón gCoimisiún an 4 Meitheamh 2021 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2020/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle trí na critéir scagtha theicniúla a bhunú chun na coinníollacha a chinneadh faoina bhfuil gníomhaíocht eacnamaíoch cáilithe mar rannchuidiú substaintiúil le maolú ar an athrú aeráide nó le hoiriúnú don athrú aeráide agus chun a chinneadh cé acu a dhéantar nó nach ndéantar dochar suntasach leis an ngníomhaíocht eacnamaíoch sin d’aon cheann de na cuspóirí comhshaoil eile (IO L 442, 9.12.2021, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2021/2139/oj).

(6)  Togra le haghaidh treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Treoracha 2006/43/CE, 2013/34/AE, (AE) 2022/2464 agus (AE) 2024/1760 a mhéid a bhaineann le ceanglais áirithe maidir le tuairisciú inbhuanaitheachta corparáideach agus dícheall cuí i dtaca le hinbhuanaitheacht chorparáideach, an Bhruiséil, 26 Feabhra 2025, COM(2025) 81 final.

(16)  De bhun Roinn 1.2.3 d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an nGníomh Tarmligthe maidir le Nochtadh, nó Iarscríbhinn XI a ghabhann leis an nGníomh Tarmligthe maidir le Nochtadh de réir mar is infheidhme.

(17)  Mar shampla, má cheannaíonn siad táirgí airgeadais dá dtagraítear in Airteagail 8 agus 9 den Rialachán maidir le Nochtaí um Airgeadas Inbhuanaithe faoi réir Airteagail 5 agus 6 den Rialachán maidir le Tacsanomaíocht.

(18)  Gnóthais airgeadais a dháileann táirgí airgeadais faoi Airteagail 8 nó 9 den Rialachán maidir le Nochtaí um Airgeadas Inbhuanaithe (RNAI), ach nach bhfuil freagrach as na táirgí sin a mhonarú, agus a shonraíonn i nochtaí réamhchonarthacha go ndéanfaidh na táirgí sin íosleibhéal infheistíochtaí i ngníomhaíochtaí eacnamaíocha atá ailínithe le Tacsanomaíocht, is féidir leo an rogha gan bheith páirteach go ceann 2 bhliain a fheidhmiú. Is amhlaidh atá toisc nach bhfuil dáileoirí na dtáirgí sin freagrach as na maímh a bhaineann le hailíniú infheistíochtaí le Tacsanomaíocht a rinneadh sna nochtaí réamhchonarthacha a rialaítear leis an Rialachán maidir le Nochtaí um Airgeadas Inbhuanaithe, seachas leis an nGníomh Tarmligthe maidir le Nochtadh.

(19)  Tá an rogha idirthréimhseach gan bheith páirteach dá bhforáiltear in Airteagal 7(9) den Ghníomh Tarmligthe maidir le Nochtadh ábhartha do na tuarascálacha Tacsanomaíochta a fhoilsítear in 2026 agus in 2027 lena gcumhdaítear na blianta airgeadais 2025 agus 2026.

(20)  Nochtaí faoin nGníomh Tarmligthe maidir le Nochtadh nó faoi chreataí eile a úsáideann an Tacsanomaíocht (e.g. Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/3172 ón gCoimisiún).

(21)  Áirítear leis sin bannaí arna n-eisiúint faoi Rialachán (AE) 2023/2631 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Samhain 2023 maidir le Bannaí Glasa Eorpacha agus nochtaí roghnacha le haghaidh bannaí a mhargaítear mar bhannaí atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de agus le haghaidh bannaí atá nasctha le hinbhuanaitheacht (IO L, 2023/2631, 30.11.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/2631/oj).

(22)  Mar shampla, cur i bhfeidhm an fhachtóra tacaíochta bonneagair ag institiúidí creidmheasa faoi Airteagal 501a de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.

(23)  Airteagal 2(1a) go (1c), Airteagal 3(1a), Airteagal 4(1a) go (1f), Airteagal 5(1a) agus (1b), agus Airteagal 6(1a) agus (1b) den Ghníomh Tarmligthe maidir le Nochtadh.

(24)  Mír 1 de IFRS 8 maidir le Deighleoga Oibriúcháin.

(25)  An Coimisiún Eorpach, Samplaí léiritheacha agus teimpléid, atá le fáil ag: https://finance.ec.europa.eu/document/download/ba0d4713-d4b4-4668-acd3-4df31358d029_en?filename=250704-taxonomy-delegated-act-examples-template_en.pdf.

(26)  Airteagal 3(1a), Airteagal 4(1a) go (1f), Airteagal 5(1a) agus (1b), agus Airteagal 6(1a) agus (1b) den Ghníomh Tarmligthe maidir le Nochtadh.


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/2558/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)