|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2026/2507 |
11.5.2026 |
Iarraidh ar réamhrialú ón Högsta förvaltningsdomstolen (an tSualainn) a taisceadh an 6 Márta 2026 – FI v Försäkringskassan
(Cás C-177/26, Gripholt (1) )
(C/2026/2507)
Teanga an cháis: an tSualainnis
An chúirt a rinne an tarchur
Högsta förvaltningsdomstolen
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir: FI
Cosantóir: Försäkringskassan
An cheist a tharchuirtear:
An bhfuil an coinníoll maidir le gan ionadú a dhéanamh ar dhuine, atá in Airteagal 12(1) de Rialachán 883/2004 (2) neamh-chomhlíonta nuair a phostaítear fostaí faoi chonradh ar théarma seasta chun na cúraimí céanna a chomhlíonadh agus iad siúd a rinne duine eile le linn na tréimhse comhfhreagraí sa séasúr roimhe sin?
(1) Is ainm bréige é ainm an cháis seo. Ní fhreagraíonn sé d’fhíorainm aon pháirtí sna himeachtaí.
(2) Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le comhordú na gcóras slándála sóisialta (IO 2004 L 166, lch. 1).
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/2507/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)