European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2026/2496

11.5.2026

Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais (an Cúigiú Dlísheomra) an 5 Márta 2026 (iarraidh ar réamhrialú ón Kammergericht Berlin – an Ghearmáin) – Eisenberger Gerüstbau GmbH v JK

(Cás C-564/24  (1) , Eisenberger Gerüstbau)

(Tarchur chun réamhrialú - Cosaint tomhaltóirí - Treoir 2011/83/AE - Cianchonradh arna thabhairt i gcrích idir tomhaltóir agus trádálaí - An coincheap ‘tomhaltóir’ - Conradh arna bhunú idir an tomhaltóir agus an trádálaí ag trádálaí eile arna choimisiúnú ag an tomhaltóir - Airteagal 2(7) - Ceart chun tarraingt siar an tomhaltóra - Airteagal 9(1) - Mí-úsáid dlí)

(C/2026/2496)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

An chúirt a rinne an tarchur

Kammergericht Berlin

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: Eisenberger Gerüstbau GmbH

Cosantóir: JK

An chuid oibríochtúil

1.

Maidir le hAirteagal 2(7) de Threoir 2011/83/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2011 maidir le cearta tomhaltóirí, lena leasaítear Treoir 93/13/CEE ón gComhairle agus Treoir 1999/44/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 85/577/CEE ón gComhairle agus Treoir 97/7/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle,

ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

níl an fíoras go dtugtar cúnamh do thomhaltóir, sula dtugtar agus tráth a thugtar conradh i gcrích idir an tomhaltóir sin agus trádálaí ag trádálaí eile dá rogha féin, ar trádálaí é a thionscain teagmháil idir an tomhaltóir agus an chéad trádálaí agus a raibh tionchar aige ar ghnéithe bunriachtanacha d’ábhar an chonartha sin, ábhartha chun an conradh sin a aicmiú mar ‘c[h]ianchonradh’ de réir bhrí na forála sin.

2.

Maidir le hAirteagal 2(7) de Threoir 2011/83,

ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

i gcás ina dtugann páirtithe i gconradh nach féidir a aicmiú mar ‘c[h]ianchonradh’, de réir bhrí na forála sin, leasú ar an gconradh sin i gcrích, trí mhodhanna cianchumarsáide amháin, a bhaineann le seirbhísí breise a bhfuil tábhacht thánaisteach ag baint leo i ndáil leis na seirbhísí dá bhforáiltear leis an gconradh sin, gur ‘c[h]ianchonradh’ é an leasú sin de réir bhrí na forála sin, ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar síos ann.

3.

Maidir le Treoir 2011/83,

ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

i gcás inar tharraing tomhaltóir siar ó chianchonradh ag deireadh na tréimhse tarraingthe siar arna síneadh i gcomhréir le hAirteagal 10(1) den Treoir sin agus tráth a soláthraíodh cheana féin na seirbhísí is ábhar don chonradh sin agus atá neamh-inaisíoctha, go bhféadfaidh an trádálaí a mhaíomh go bailí gur fheidhmigh an tomhaltóir sin, mar gheall ar a iompar nó a hiompar féin, an ceart chun tarraingt siar ar bhealach mí-úsáideach, más léir ó na himthosca go léir, ar an gcéad dul síos, nach bhfreagraíonn feidhmiú a chirt chun tarraingt siar do na cuspóirí a shaothraítear leis an Treoir sin maidir le faisnéis agus sábháilteacht tomhaltóirí in idirbhearta leis an trádálaí agus, ar an dara dul síos, go bhféachann an tomhaltóir, trína iompar nó trína hiompar féin, le buntáiste a fháil ar bhealach mí-úsáideach chun aimhleasa an trádálaí.


(1)  IO C, C/2024/6916.


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/2496/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)