European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2026/2425

6.5.2026

FÓGRA COMÓRTAIS OSCAILTE

EPSO/AD/429/26 – Riarthóirí (AD 7) sna réimsí seo a leanas:

1. Bonneagar TFC; 2. Bainistiú tionscadal TFC; 3. Néalta agus líonraí; 4. Eolaíocht sonraí

(C/2026/2425)

An sprioc-am chun iarratas a dhéanamh: an 10 Meitheamh 2026 ar 12.00 (meán lae), am na Bruiséile

CLÁR

1.

FORÁLACHA GINEARÁLTA 2

2.

DUALGAIS AN PHOIST 2

3.

NA COINNÍOLLACHA INCHÁILITHEACHTA 2

3.1.

Coinníollacha ginearálta 2

3.2.

Coinníollacha sonracha – teangacha 2

3.3.

Coinníollacha sonracha – oideachas agus taithí 2

3.3.1

Réimse 1 – Bonneagar TFC 3

3.3.2.

Réimse 2 – Bainistiú tionscadal TFC 4

3.3.3.

Réimse 3 – Néalta agus líonraí 5

3.3.4.

Réimse 4 – Eolaíocht sonraí 6

4.

CONAS A EAGRÓFAR AN COMÓRTAS? 7

4.1.

Forléargas ar chéimeanna an chomórtais 7

4.2.

Teangacha a úsáidtear sa chomórtas seo 7

4.3.

Céimeanna an chomórtais 8

4.3.1.

Iarratas 8

4.3.2.

Trialacha 8

4.3.3.

An triail a mharcáil agus an tseiceáil incháilitheachta a dhéanamh 9

4.3.4.

Na painéil ionadaithe a bhunú 10

5.

COMHDHEISEANNA AGUS SOCRUITHE RÉASÚNTA 11
IARSCRÍBHINN I – Rialacha ginearálta 12
IARSCRÍBHINN II – Na príomhdhualgais 20
IARSCRÍBHINN III – Samplaí d’íoscháilíochtaí 25

1.   FORÁLACHA GINEARÁLTA

(a)

Tá an Oifig Eorpach um Roghnú Foirne (EPSO) ag eagrú comórtas oscailte ar bhonn cáilíochtaí agus trialacha chun painéal ionadaithe a thiomsú as a bhféadfaidh institiúidí, comhlachtaí, agus gníomhaireachtaí de chuid an Aontais Eorpaigh (AE) baill nua den tseirbhís shibhialta a earcú mar ‘riarthóirí’ (grád AD 7).

(b)

Is iad an fógra seo faoi chomórtas agus na hiarscríbhinní a ghabhann leis, agus Iarscríbhinn I ‘Rialacha Ginearálta’ san áireamh, creat ceangailteach an chomórtais seo ó thaobh dlí de.

(c)

Féachann EPSO le teanga atá neodrach i dtaobh inscne agus ionchuimsitheach a úsáid. Ní mór aon tagairt do dhuine d’inscne áirithe a mheas mar thagairt do dhuine d’aon inscne eile chomh maith.

(d)

Cuimsíonn an fógra comórtais oscailte seo ceithre réimse. Ní féidir le hiarrthóir iarratas a dhéanamh ach ar aon cheann amháin acu.

(e)

Sonraítear an líon iarrthóirí atá á lorg don phainéal in aghaidh na réimse i dTábla 1.

Tábla 1

Réimse 1

Bonneagar TFC

204

Réimse 2

Bainistiú tionscadal TFC

228

Réimse 3

Néalta agus líonraí

166

Réimse 4

Eolaíocht sonraí

184

2.   DUALGAIS AN PHOIST

Féach Iarscríbhinn II le haghaidh eolas faoi ghnáthdhualgais an phoist. Féadfar aon cheann de na dualgais atá liostaithe in Iarscríbhinn II a thabhairt do na hiarrthóirí a n-éireoidh leo, go haonarach nó in éineacht le chéile, de réir riachtanais na seirbhíse. Féadfar dualgais chomhchosúla nó dualgais ghaolmhara a shannadh más gá de réir riachtanais na seirbhíse.

3.   NA COINNÍOLLACHA INCHÁILITHEACHTA

Ní mór d’iarrthóirí gach ceann de na coinníollacha incháilitheachta ginearálta agus sonracha (féach Ranna 3.1 go 3.3) a chomhlíonadh ar an dáta deiridh le hiarratas a dhéanamh.

3.1.   Coinníollacha ginearálta

Ní mór don iarrthóir:

1.

a bheith ina náisiúnach de cheann de Bhallstáit an Aontais Eorpaigh agus cearta iomlána a bheith aige mar shaoránach;

2.

aon oibleagáidí dlí atá air i dtaca le seirbhís mhíleata a bheith comhlíonta aige; agus

3.

na riachtanais charachtair a chomhlíonadh a theastaíonn chun dualgais an phoist a dhéanamh.

3.2.   Coinníollacha sonracha – teangacha

Ní mór don iarrthóir eolas a bheith aige ar dhá theanga ar a laghad de theangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh, mar atá leagtha síos i Roinn 4.2.

3.3.   Coinníollacha sonracha – oideachas agus taithí

Tá samplaí d’íoscháilíochtaí in Iarscríbhinn III.

3.3.1   Réimse 1 – Bonneagar TFC

(a)

Chun bheith incháilithe do réimse 1, ní mór d’iarrthóir na ceanglais atá liostaithe i gceann de na pointí seo a leanas a chomhlíonadh:

(i)

Cúrsa iomlán ollscoile a mhair 3 bliana ar a laghad a bheith críochnaithe aige, ar baineadh dioplóma amach dá bharr i gceann de na réimsí nó níos mó atá liostaithe i bpointe 3.3.1(b), agus 7 mbliana ar a laghad de thaithí oibre ábhartha (féach pointe 3.3.1(c)) a fuarthas tar éis dháta an chinnidh deiridh lenar bronnadh an dioplóma sin.

(ii)

Cúrsa iomlán ollscoile a mhair 4 bliana ar a laghad a bheith críochnaithe aige, ar baineadh dioplóma amach dá bharr i gceann de na réimsí nó níos mó atá liostaithe i bpointe 3.3.1(b), agus 6 mbliana ar a laghad de thaithí oibre ábhartha (féach pointe 3.3.1(c)) a fuarthas tar éis dháta an chinnidh deiridh lenar bronnadh an dioplóma sin.

Measfar an ceanglas oideachais dá dtagraítear sa phointe seo a bheith comhlíonta freisin i gcásanna ina mbeidh ardchéim ag an iarrthóir (máistreacht, PhD, nó a gcomhionann (1)) i gceann de na réimsí atá liostaithe i bpointe 3.3.1.(b), gan beann ar an réimse ina raibh an staidéar a chuir an t-iarrthóir i gcrích roimhe.

(iii)

Cúrsa iomlán ollscoile a mhair 5 bliana ar a laghad a bheith críochnaithe aige, ar baineadh dioplóma amach dá bharr i gceann de na réimsí nó níos mó atá liostaithe i bpointe 3.3.1(b), agus 5 bliana ar a laghad de thaithí oibre ábhartha (féach pointe 3.3.1(c)) a fuarthas tar éis dháta an chinnidh deiridh lenar bronnadh an dioplóma sin.

Measfar an ceanglas oideachais dá dtagraítear sa phointe seo a bheith comhlíonta freisin i gcásanna ina mbeidh ardchéim ag an iarrthóir (máistreacht, PhD, nó a gcomhionann (2)) i gceann de na réimsí atá liostaithe i bpointe 3.3.1.(b), gan beann ar an réimse ina raibh an staidéar a chuir an t-iarrthóir i gcrích roimhe.

(iv)

Cúrsa iomlán ollscoile a mhair 3 bliana ar a laghad a bheith críochnaithe aige, ar baineadh dioplóma amach dá bharr i réimse seachas na réimsí atá liostaithe i bpointe 3.3.1(b), agus 9 mbliana ar a laghad de thaithí oibre ábhartha (féach pointe 3.3.1(c)) a fuarthas tar éis dháta an chinnidh deiridh lenar bronnadh an dioplóma sin.

(b)

Cuirfear an dioplóma/an chéim dá dtagraítear i bpointí 3.3.1(a)(i), (ii) agus (iii) san áireamh má fuarthas é i gceann amháin nó níos mó de na réimsí seo a leanas:

(i)

Na ríomheolaíochtaí nó an teicneolaíocht faisnéise;

(ii)

Innealtóireacht leictreach nó leictreonaice;

(iii)

Teileachumarsáid;

(iv)

Innealtóireacht bogearraí;

(v)

Cibearshlándáil nó slándáil faisnéise;

(vi)

Eolaíocht sonraí nó anailísíocht sonraí;

(vii)

Néalríomhaireacht;

(viii)

An intleacht shaorga:

(ix)

Ríomhtheangeolaíocht;

(x)

Ríomhaireacht ardfheidhmíochta;

(xi)

Teicneolaíochtaí candamacha.

(c)

Measfar an taithí oibre dá dtagraítear i bpointí 3.3.1(a)(i), (ii), (iii) agus (iv) a bheith ábhartha (féach freisin Roinn 2.3, go háirithe pointe 2.3(1)(e), de na Rialacha Ginearálta) má fhreagraíonn sí do cheann amháin nó níos mó de na catagóirí dualgas a leagtar amach in Iarscríbhinn II le haghaidh réimse 1.

3.3.2.   Réimse 2 – Bainistiú tionscadal TFC

(a)

Chun bheith incháilithe do réimse 2, ní mór d’iarrthóir na ceanglais atá liostaithe i gceann de na pointí seo a leanas a chomhlíonadh:

(i)

Cúrsa iomlán ollscoile a mhair 3 bliana ar a laghad a bheith críochnaithe aige, ar baineadh dioplóma amach dá bharr i gceann de na réimsí nó níos mó atá liostaithe i bpointe 3.3.2(b), agus 7 mbliana ar a laghad de thaithí oibre ábhartha (féach pointe 3.3.2(c)) a fuarthas tar éis dháta an chinnidh deiridh lenar bronnadh an dioplóma sin.

(ii)

Cúrsa iomlán ollscoile a mhair 4 bliana ar a laghad a bheith críochnaithe aige, ar baineadh dioplóma amach dá bharr i gceann de na réimsí nó níos mó atá liostaithe i bpointe 3.3.2(b), agus 6 bliana ar a laghad de thaithí oibre ábhartha (féach pointe 3.3.2(c)) a fuarthas tar éis dháta an chinnidh deiridh lenar bronnadh an dioplóma sin.

Measfar an ceanglas oideachais dá dtagraítear sa phointe seo a bheith comhlíonta freisin i gcásanna ina mbeidh ardchéim ag an iarrthóir (máistreacht, PhD, nó a gcomhionann (3)) i gceann de na réimsí atá liostaithe i bpointe 3.3.2.(b), gan beann ar an réimse ina raibh an staidéar a chuir an t-iarrthóir i gcrích roimhe.

(iii)

Cúrsa iomlán ollscoile a mhair 5 bliana ar a laghad a bheith críochnaithe aige, ar baineadh dioplóma amach dá bharr i gceann de na réimsí nó níos mó atá liostaithe i bpointe 3.3.2(b), agus 5 bliana ar a laghad de thaithí oibre ábhartha (féach pointe 3.3.2(c)) a fuarthas tar éis dháta an chinnidh deiridh lenar bronnadh an dioplóma sin.

Measfar an ceanglas oideachais dá dtagraítear sa phointe seo a bheith comhlíonta freisin i gcásanna ina mbeidh ardchéim ag an iarrthóir (máistreacht, PhD, nó a gcomhionann (4)) i gceann de na réimsí atá liostaithe i bpointe 3.3.2.(b), gan beann ar an réimse ina raibh an staidéar a chuir an t-iarrthóir i gcrích roimhe.

(iv)

Cúrsa iomlán ollscoile a mhair 3 bliana ar a laghad a bheith críochnaithe aige, ar baineadh dioplóma amach dá bharr i réimse seachas na réimsí atá liostaithe i bpointe 3.3.2(b), agus 9 mbliana ar a laghad de thaithí oibre ábhartha (féach pointe 3.3.2(c)) a fuarthas tar éis dháta an chinnidh deiridh lenar bronnadh an dioplóma sin.

(b)

Cuirfear an dioplóma/an chéim dá dtagraítear i bpointí 3.3.2(a)(i), (ii) agus (iii) san áireamh má fuarthas é i gceann amháin nó níos mó de na réimsí seo a leanas:

(i)

Na ríomheolaíochtaí nó an teicneolaíocht faisnéise;

(ii)

Innealtóireacht leictreach nó leictreonaice;

(iii)

Teileachumarsáid;

(iv)

Innealtóireacht bogearraí;

(v)

Cibearshlándáil nó slándáil faisnéise;

(vi)

Eolaíocht sonraí nó anailísíocht sonraí;

(vii)

Néalríomhaireacht;

(viii)

An intleacht shaorga:

(ix)

Ríomhtheangeolaíocht;

(x)

Ríomhaireacht ardfheidhmíochta;

(xi)

Teicneolaíochtaí candamacha;

(xii)

Iniúchóireacht TF agus/nó bainistiú cáilíochta;

(xiii)

Bainistiú TF;

(xiv)

Ceannaireacht agus claochlú digiteach;

(xv)

Cibirnitic;

(xvi)

Faisnéisíocht eacnamaíoch;

(xvii)

Bainistiú sonraí, rialachas sonraí, bainistiú faisnéise, bainistiú eolais;

(xviii)

Córais faisnéise;

(xix)

Teicneolaíocht;

(xx)

An innealtóireacht;

(xxi)

Staidreamh;

(xxii)

Eolaíochtaí achtúireacha

(xxiii)

Eacnamaíocht;

(xxiv)

An t-airgeadas;

(xxv)

Bainistiú gnó agus/nó riarachán gnó;

(xxvi)

Innealtóireacht ghnó;

(xxvii)

Margaíocht;

(xxviii)

Bainistíocht tionscadail;

(xxix)

Cumarsáid agus na meáin;

(xxx)

Matamaitic;

(xxxi)

Fisic;

(xxxii)

Eolaíochtaí nádúrtha;

(xxxiii)

Eolaíochtaí na n-ábhar;

(xxxiv)

Ceimic.

(c)

Measfar an taithí oibre dá dtagraítear i bpointí 3.3.2(a)(i), (ii), (iii) agus (iv) a bheith ábhartha (féach freisin Roinn 2.3, go háirithe pointe 2.3(1)(e), de na Rialacha Ginearálta) má fhreagraíonn sí do cheann amháin nó níos mó de na dualgais a leagtar amach in Iarscríbhinn II le haghaidh réimse 2.

3.3.3.   Réimse 3 – Néalta agus líonraí

(a)

Chun bheith incháilithe do réimse 3, ní mór d’iarrthóir na ceanglais atá liostaithe i gceann de na pointí seo a leanas a chomhlíonadh:

(i)

Cúrsa iomlán ollscoile a mhair 3 bliana ar a laghad a bheith críochnaithe aige, ar baineadh dioplóma amach dá bharr i gceann de na réimsí nó níos mó atá liostaithe i bpointe 3.3.3(b), agus 7 mbliana ar a laghad de thaithí oibre ábhartha (féach pointe 3.3.3(c)) a fuarthas tar éis dháta an chinnidh deiridh lenar bronnadh an dioplóma sin.

(ii)

Cúrsa iomlán ollscoile a mhair 4 bliana ar a laghad a bheith críochnaithe aige, ar baineadh dioplóma amach dá bharr i gceann de na réimsí nó níos mó atá liostaithe i bpointe 3.3.3(b), agus 6 bliana ar a laghad de thaithí oibre ábhartha (féach pointe 3.3.3(c)) a fuarthas tar éis dháta an chinnidh deiridh lenar bronnadh an dioplóma sin.

Measfar an ceanglas oideachais dá dtagraítear sa phointe seo a bheith comhlíonta freisin i gcásanna ina mbeidh ardchéim ag an iarrthóir (máistreacht, PhD, nó a gcomhionann (5)) i gceann de na réimsí atá liostaithe i bpointe 3.3.3.(b), gan beann ar an réimse ina raibh an staidéar a chuir an t-iarrthóir i gcrích roimhe.

(iii)

Cúrsa iomlán ollscoile a mhair 5 bliana ar a laghad a bheith críochnaithe aige, ar baineadh dioplóma amach dá bharr i gceann de na réimsí nó níos mó atá liostaithe i bpointe 3.3.3(b), agus 5 bliana ar a laghad de thaithí oibre ábhartha (féach pointe 3.3.3(c)) a fuarthas tar éis dháta an chinnidh deiridh lenar bronnadh an dioplóma sin.

Measfar an ceanglas oideachais dá dtagraítear sa phointe seo a bheith comhlíonta freisin i gcásanna ina mbeidh ardchéim ag an iarrthóir (máistreacht, PhD, nó a gcomhionann (6)) i gceann de na réimsí atá liostaithe i bpointe 3.3.3.(b), gan beann ar an réimse ina raibh an staidéar a chuir an t-iarrthóir i gcrích roimhe.

(iv)

Cúrsa iomlán ollscoile a mhair 3 bliana ar a laghad a bheith críochnaithe aige, ar baineadh dioplóma amach dá bharr i réimse seachas na réimsí atá liostaithe i bpointe 3.3.3(b), agus 9 mbliana ar a laghad de thaithí oibre ábhartha (féach pointe 3.3.3(c)) a fuarthas tar éis dháta an chinnidh deiridh lenar bronnadh an dioplóma sin.

(b)

Cuirfear an dioplóma/an chéim dá dtagraítear i bpointí 3.3.3(a)(i), (ii) agus (iii) san áireamh má fuarthas é i gceann amháin nó níos mó de na réimsí seo a leanas:

(i)

Na ríomheolaíochtaí nó an teicneolaíocht faisnéise;

(ii)

Innealtóireacht leictreach nó leictreonaice;

(iii)

Teileachumarsáid;

(iv)

Innealtóireacht bogearraí;

(v)

Cibearshlándáil nó slándáil faisnéise;

(vi)

Eolaíocht sonraí nó anailísíocht sonraí;

(vii)

Néalríomhaireacht;

(viii)

An intleacht shaorga:

(ix)

Ríomhtheangeolaíocht;

(x)

Ríomhaireacht ardfheidhmíochta;

(xi)

Teicneolaíochtaí candamacha.

(c)

Measfar an taithí oibre dá dtagraítear i bpointí 3.3.3(a)(i), (ii), (iii) agus (iv) a bheith ábhartha (féach freisin Roinn 2.3, go háirithe pointe 2.3(1)(e), de na Rialacha ginearálta) má fhreagraíonn sí do cheann amháin nó níos mó de na catagóirí dualgas a leagtar amach in Iarscríbhinn II le haghaidh réimse 3.

3.3.4.   Réimse 4 – Eolaíocht sonraí

(a)

Chun bheith incháilithe do réimse 4, ní mór d’iarrthóir na ceanglais atá liostaithe i gceann de na pointí seo a leanas a chomhlíonadh:

(i)

Cúrsa iomlán ollscoile a mhair 3 bliana ar a laghad a bheith críochnaithe aige, ar baineadh dioplóma amach dá bharr i gceann de na réimsí nó níos mó atá liostaithe i bpointe 3.3.4(b), agus 7 mbliana ar a laghad de thaithí oibre ábhartha (féach pointe 3.3.4(c)) a fuarthas tar éis dháta an chinnidh deiridh lenar bronnadh an dioplóma sin.

(ii)

Cúrsa iomlán ollscoile a mhair 4 bliana ar a laghad a bheith críochnaithe aige, ar baineadh dioplóma amach dá bharr i gceann de na réimsí nó níos mó atá liostaithe i bpointe 3.3.4(b), agus 6 bliana ar a laghad de thaithí oibre ábhartha (féach pointe 3.3.4(c)) a fuarthas tar éis dháta an chinnidh deiridh lenar bronnadh an dioplóma sin.

Measfar an ceanglas oideachais dá dtagraítear sa phointe seo a bheith comhlíonta freisin i gcásanna ina mbeidh ardchéim ag an iarrthóir (máistreacht, PhD, nó a gcomhionann (7)) i gceann de na réimsí atá liostaithe i bpointe 3.3.4.(b), gan beann ar an réimse ina raibh an staidéar a chuir an t-iarrthóir i gcrích roimhe.

(iii)

Cúrsa iomlán ollscoile a mhair 5 bliana ar a laghad a bheith críochnaithe aige, ar baineadh dioplóma amach dá bharr i gceann de na réimsí nó níos mó atá liostaithe i bpointe 3.3.4(b), agus 5 bliana ar a laghad de thaithí oibre ábhartha (féach pointe 3.3.4(c)) a fuarthas tar éis dháta an chinnidh deiridh lenar bronnadh an dioplóma sin.

Measfar an ceanglas oideachais dá dtagraítear sa phointe seo a bheith comhlíonta freisin i gcásanna ina mbeidh ardchéim ag an iarrthóir (máistreacht, PhD, nó a gcomhionann (8)) i gceann de na réimsí atá liostaithe i bpointe 3.3.4.(b), gan beann ar an réimse ina raibh an staidéar a chuir an t-iarrthóir i gcrích roimhe.

(iv)

Cúrsa iomlán ollscoile a mhair 3 bliana ar a laghad a bheith críochnaithe aige, ar baineadh dioplóma amach dá bharr i réimse seachas na réimsí atá liostaithe i bpointe 3.3.4(b), agus 8 mbliana ar a laghad de thaithí oibre ábhartha (féach pointe 3.3.4(c)) a fuarthas tar éis dháta an chinnidh deiridh lenar bronnadh an dioplóma sin.

(b)

Cuirfear an dioplóma/an chéim dá dtagraítear i bpointí 3.3.4(a)(i), (ii) agus (iii) san áireamh má fuarthas é i gceann amháin nó níos mó de na réimsí seo a leanas:

(i)

Eolaíocht sonraí nó anailísíocht sonraí;

(ii)

Bainistiú sonraí, rialachas sonraí, bainistiú faisnéise, bainistiú eolais;

(iii)

An intleacht shaorga nó an ríomhtheangeolaíocht;

(iv)

Matamaitic;

(v)

Staidreamh;

(vi)

Aon disciplín eile ina bhfuil béim an staidéir dírithe ar eolaíocht sonraí de réir na brí a thuairiscítear in Iarscríbhinn II. Chun a léiriú go raibh an bhéim sin ann, ní mór d’iarrthóirí ceann amháin ar a laghad de na cineálacha fianaise seo a leanas a sholáthar:

(1)

Speisialtóireacht san eolaíocht sonraí a aithnítear go foirmiúil – nó rian tiomnaithe eolaíochta sonraí – laistigh den chlár céime, atá sainaitheanta go sainráite ar an dioplóma, ar an tras-scríbhinn nó ar dhoiciméad oifigiúil eile.

(2)

Obair chúrsa nó modúil atá dírithe ar eolaíocht sonraí atá coibhéiseach le 30 ECTS ar a laghad san iomlán, nó coibhéiseach le seimeastar amháin de staidéar lánaimseartha.

(3)

Tráchtas acadúil atá dírithe ar eolaíocht sonraí.

(c)

Measfar an taithí oibre dá dtagraítear i bpointí 3.3.4(a)(i), (ii), (iii) agus (iv) a bheith ábhartha (féach freisin Roinn 2.3, go háirithe pointe 2.3(1)(e), de na Rialacha Ginearálta) má fhreagraíonn sí do cheann amháin nó níos mó de na catagóirí dualgas a leagtar amach in Iarscríbhinn II le haghaidh réimse 4.

4.   CONAS A EAGRÓFAR AN COMÓRTAS?

4.1.   Forléargas ar chéimeanna an chomórtais

Eagrófar an comórtas seo sna céimeanna seo a leanas:

iarratas (féach Roinn 4.3.1),

trialacha: trialacha réasúnaíochta, triail ceisteanna ilrogha a bhaineann le réimse an chomórtais (‘triail ceisteanna ilrogha réimse-shonrach’) agus aiste shaorthéacs ar chúrsaí an Aontais Eorpaigh (‘EUFTE’) (féach Roinn 4.3.2.),

an triail a mharcáil agus an tseiceáil incháilitheachta a dhéanamh (féach Roinn 4.3.3),

an painéal ionadaithe a bhunú (féach Roinn 4.3.4).

4.2.   Teangacha a úsáidtear sa chomórtas seo

(a)

Sonraítear sna Rialacháin Foirne (9) nach bhféadfar oifigeach a cheapadh ach amháin ar choinníoll go gcuirfidh sé fianaise ar fáil go bhfuil sáreolas aige ar cheann de theangacha an Aontais agus eolas sásúil aige ar cheann eile de theangacha an Aontais a mhéid is gá lena chuid dualgas a chomhlíonadh.

(b)

Dá bhrí sin, ní mór d’iarrthóir sa chomórtas seo eolas cuimsitheach a bheith aige (leibhéal C1 ar a laghad) ar cheann amháin ar a laghad de 24 theanga oifigiúla an Aontais Eorpaigh agus eolas sásúil a bheith aige (leibhéal B2 ar a laghad) ar theanga oifigiúil eile atá le roghnú as na 23 theanga oifigiúla de chuid an Aontais a bheidh fágtha. Ní mór na híosleibhéil a luaitear anseo a bheith ag an iarrthóir i dtaca le gach inniúlacht teanga (éisteacht, léamh, idirghníomhaíocht labhartha, léiriú labhartha, agus scríbhneoireacht) a iarrtar ar an bhfoirm iarratais. Tá na hinniúlachtaí sin leagtha amach sa Chreat Comhchoiteann Tagartha Eorpach le haghaidh Teangacha (10).

(c)

Ar mhaithe le tagairt dóibh a éascú, tabharfar ‘teanga 1’ agus ‘teanga 2’ ar na teangacha sin.

(d)

Is mar seo a leanas a úsáidfear na teangacha sna céimeanna éagsúla den chomórtas mar atá sonraithe i dTábla 2.

Tábla 2

Céim an chomórtais

Trialacha

Teanga

Iarratas

Aon cheann de 24 theanga oifigiúla an Aontais Eorpaigh

Trialacha

Trialacha réasúnaíochta

Teanga 1

Triail ceisteanna ilrogha réimse-shonrach

Teanga 2

EUFTE

Teanga 2

(e)

Beidh ar na hiarrthóirí a rogha teangacha le haghaidh na dtrialacha a lua ina bhfoirm iarratais.

4.3.   Céimeanna an chomórtais

4.3.1.   Iarratas

(a)

Chun iarratas a dhéanamh ní mór cuntas iarrthóra a bheith ag iarrthóir.

(b)

Ní mór d’iarrthóirí iarratas a dhéanamh ar líne ar shuíomh gréasáin EPSO  (11) agus a n-iarratais a chur isteach faoin

10 Meitheamh 2026 ar 12:00 (meán lae), am na Bruiséile.

(c)

Is ionann foirm iarratais a chur isteach agus dearbhú ó na hiarrthóirí go gcomhlíonann siad na coinníollacha ar fad atá luaite faoi Roinn 3 ‘Na coinníollacha incháilitheachta’. Is faoi na hiarrthóirí atá sé féachaint chuige go mbeidh an t-iarratas líonta isteach agus curtha isteach faoin sprioc-am. Nuair a bheidh an spriocdháta le haghaidh iarratas istigh, ní bheidh iarrthóirí in ann aon athrú a dhéanamh ar a n-iarratas a thuilleadh.

(d)

Faoin 10 Meitheamh 2026 ar 12.00 (meán lae), am na Bruiséile, ní mór d’iarrthóirí cóip scanta dá gcárta aitheantais nó dá bpas bailí a uaslódáil.

(e)

Faoin 1 Deireadh Fómhair 2026 ar 12.00 (meán lae), am na Bruiséile, ní mór d’iarrthóirí cóipeanna scanta a uaslódáil de na doiciméid eile a thacaíonn leis na dearbhuithe a rinne siad ina bhfoirm iarratais.

(f)

Tá míniú ar conas na doiciméid a uaslódáil le fáil tríd an leathanach tiomnaithe don chomórtas ar shuíomh gréasáin EPSO.

4.3.2.   Trialacha

(a)   Barúlacha ginearálta

(i)

Na hiarrthóirí uile a mbeidh a bhfoirm iarratais curtha isteach acu faoin sprioc-am atá luaite i bpointe 4.3.1(b), tabharfar cuireadh dóibh tabhairt faoi shraith trialacha a bhfuil sainmhíniú orthu thíos. Tabhair faoi deara go bhféadfadh an t-ord ina n-eagraítear na trialacha agus an t-ord ina liostaítear iad san fhógra seo a bheith éagsúil.

(ii)

Is de chéin a reáchtálfar na trialacha agus a dhéanfar feitheoireacht orthu. Cuirfidh EPSO na hiarrthóirí ar an eolas faoi rialacha mionsonraithe na tástála ar a dhéanaí nuair a bheidh cuireadh á thabhairt dóibh na trialacha a dhéanamh.

(iii)

Mura ndéanfaidh iarrthóir ceann amháin nó níos mó de na trialacha, toisc nár chomhlíon sé na treoracha a tugadh do na hiarrthóirí mar shampla, tiocfaidh deireadh lena rannpháirtíocht sa chomórtas (féach Roinn 5 de na Rialacha ginearálta).

(b)   Trialacha réasúnaíochta

(i)

Is trialacha ceisteanna ilrogha iad na trialacha réasúnaíochta lena ndéantar measúnú ar scileanna réasúnaíochta briathartha, uimhriúla agus teibí na n-iarrthóirí. Eagrófar iad mar a shonraítear i dTábla 3.

Tábla 3

Trialacha

Teanga

An líon ceisteanna

Fad ama

Scóráil

Pasmharcanna

Triail réasúnaíochta briathartha

Teanga 1

20 ceist

35 nóiméad

0 go 20

10/20

Triail réasúnaíochta uimhriúla

10 gceist

20 nóiméad

0 go 10

Pasmharc comhshuimithe le haghaidh trialacha réasúnaíochta uimhriúla agus teibí: 10/20

Triail réasúnaíochta teibí

10 gceist

10 nóiméad

0 go 10

(ii)

Chun dul ar aghaidh chuig an gcéad chéim eile den chomórtas (féach Roinn 4.3.3), ní mór d’iarrthóir na marcanna seo a leanas ar a laghad a ghnóthú:

pasmharc 10/20 sa triail réasúnaíochta briathartha, agus

pasmharc comhshuimithe 10/20 sna trialacha réasúnaíochta uimhriúla agus teibí.

(c)   Triail ceisteanna ilrogha réimse-shonrach

(i)

Is leis an réimse a roghnaigh an t-iarrthóir a bhainfidh an triail ceisteanna ilrogha réimse-shonrach. Eagrófar í mar a shonraítear i dTábla 4.

Tábla 4

Triail

Teanga

An líon ceisteanna

Fad ama

Scóráil

Pasmharc

Triail ceisteanna ilrogha réimse-shonrach

Teanga 2

30 ceist

40 nóiméad

0 go 30

15/30

(ii)

Chun dul ar aghaidh chuig an gcéad chéim eile den chomórtas (féach Roinn 4.3.3), ní mór d’iarrthóir:

pasmharc 15/30 ar a laghad a ghnóthú, agus

a bheith ar na hiarrthóirí is airde marcanna.

(d)   EUFTE

(i)

Tá an EUFTE dírithe ar mheasúnú a dhéanamh ar scileanna cumarsáide scríofa an iarrthóra. Eagrófar é mar a shonraítear i dTábla 5.

Tábla 5

Triail

Teanga

Fad ama

Scóráil

Pasmharc

EUFTE

Teanga 2

40 nóiméad

0 go 10

5/10

(ii)

Beidh ar na hiarrthóirí freagra a thabhairt ar thasc nó ar thascanna na trialach bunaithe ar na doiciméid a bhaineann le cúrsaí an Aontais Eorpaigh. Cuirfear na doiciméid sin ar fáil ar shuíomh gréasáin EPSO roimh dháta na trialach. Gheobhaidh na hiarrthóirí na doiciméid chéanna le linn na trialach, mar aon leis an tasc nó na tascanna atá bunaithe ar na doiciméid sin.

(iii)

Ní triail teanga ná triail ar eolas fíorasach é EUFTE. Is ar na táscairí sonracha a fhoilsítear ar shuíomh gréasáin EPSO a bheidh an measúnú bunaithe (12).

4.3.3.   An triail a mharcáil agus an tseiceáil incháilitheachta a dhéanamh

(a)   Barúlacha ginearálta

(i)

Úsáidfear na marcanna mar a shonraítear i dTábla 6.

Tábla 6

Triail

Conas a úsáidfear na marcanna a ghnóthaigh na hiarrthóirí sna trialacha?

Trialacha réasúnaíochta briathartha, uimhriúla agus teibí

Marcálfar na trialacha chun a dhéanamh amach ar ghnóthaigh an t-iarrthóir na pasmharcanna is gá ar a laghad.

Triail ceisteanna ilrogha réimse-shonrach

Úsáidfear marcanna na n-iarrthóirí a ghnóthaigh an pasmharc is gá ar a laghad chun rangú a chruthú de réir fheidhmíocht na n-iarrthóirí.

EUFTE

Marcálfar an triail chun a dhéanamh amach ar ghnóthaigh an t-iarrthóir an pasmharc is gá ar a laghad.

(ii)

Má theipeann ar iarrthóir an pasmharc nó na pasmharcanna is gá ar a laghad a ghnóthú i gceann amháin de na trialacha, tiocfaidh deireadh lena rannpháirtíocht sa chomórtas. Ní dhéanfar tuilleadh próiseála ar fhreagraí agus/nó ar scripteanna trialach na n-iarrthóirí sin agus ní dhéanfar seiceáil incháilitheachta orthu.

(iii)

Na hiarrthóirí nach ndéanfaidh na trialacha uile nó nach gcríochnóidh na trialacha uile (féach Roinn 4.3.2 thuas agus Roinn 5 de na Rialacha Ginearálta), ní dhéanfar aon cheann dá bhfreagraí ar na trialacha agus/nó dá scripteanna a phróiseáil agus ní dhéanfar seiceáil incháilitheachta orthu.

(iv)

Ní chuirfear torthaí na dtrialacha in iúl d’iarrthóirí ach ag deireadh an chomórtais (féach pointe 4.3.4(d)), gan beann ar an gcéim den chomórtas a bhain an t-iarrthóir amach.

(b)   Na trialacha réasúnaíochta agus an triail ceisteanna ilrogha réimse-shonrach a mharcáil

(i)

Déanfar na trialacha réasúnaíochta a mharcáil i dtosach. Ní dhéanfar é sin ach amháin i gcás iarrthóirí a rinne na trialacha riachtanacha go léir is gá (féach Roinn 4.3.2).

(ii)

Na hiarrthóirí a ghnóthaigh na pasmharcanna is gá ar a laghad sna trialacha réasúnaíochta, déanfar a dtorthaí sa triail ceisteanna ilrogha réimse-shonrach a phróiseáil.

(iii)

Na hiarrthóirí a ghnóthaigh an pasmharc is gá ar a laghad sa triail ceisteanna ilrogha réimse-shonrach, déanfar iad a rangú de réir ord íslitheach a marcanna. Úsáidfear an rangú sin chun a chinneadh cé na hiarrthóirí a ndéanfar a script EUFTE a mharcáil agus a ndéanfar seiceáil incháilitheachta orthu (féach pointe 4.3.3(c)).

(c)   Na scripteanna EUFTE a mharcáil agus an tseiceáil incháilitheachta a dhéanamh

(i)

Marcálfar scripteanna EUFTE agus déanfar an tseiceáil incháilitheachta (déanfar an tseiceáil i gcomhréir le pointe (ii) thíos) ag an am céanna do líon teoranta iarrthóirí a thógfar in ord íslitheach an rangaithe dá dtagraítear i bpointe 4.3.3(b)(iii). I bprionsabal, ní bheidh an líon sin níos mó ná 1.5 oiread an lín iarrthóirí atá á lorg don phainéal. Mar sin féin, féadfaidh an Bord Roghnúcháin é a mhéadú i bhfianaise an lín iarrthóirí a bhfuil na marcanna céanna acu.

(ii)

Is éard atá i gceist leis an tseiceáil incháilitheachta fíorú a dhéanamh ar chomhlíonadh na gcoinníollacha incháilitheachta atá leagtha amach i Roinn 3 ‘Na coinníollacha incháilitheachta’. Is é an Bord Roghnúcháin a dhéanfaidh an cinneadh faoi incháilitheacht iarrthóra trí scrúdú a dhéanamh ar na dearbhuithe a rinneadh san fhoirm iarratais agus iad a dheimhniú trína gcur i gcomparáid leis na doiciméid a sholáthair na hiarrthóirí go cuí i gcomhréir le Roinn 2.4, pointí (1)-(3) de na Rialacha Ginearálta chun tacú leis na dearbhuithe sin.

(iii)

Mura bhfuil iarrthóir i measc na n-iarrthóirí siúd a ghnóthaigh an marc is airde mar atá sainithe i bpointe (i) thuas, tiocfaidh deireadh lena rannpháirtíocht sa chomórtas. Ní dhéanfar próiseáil ar scripteanna EUFTE na n-iarrthóirí sin agus ní dhéanfar seiceáil incháilitheachta orthu.

4.3.4.   Na painéil ionadaithe a bhunú

(a)

Nuair a bheidh na nósanna imeachta dá dtagraítear i bpointe 4.3.3(c) curtha i gcrích, cuirfidh an Bord Roghnúcháin leis na painéil ionadaithe ábhartha ainmneacha na n-iarrthóirí (i) a ghnóthaigh gach pasmharc is gá ar a laghad agus ceann de na marcanna is airde sa triail ceisteanna ilrogha réimse-shonrach i measc na n-iarrthóirí dá dtagraítear i bpointe 4.3.3(c)(i); agus (ii) a measadh go raibh siad incháilithe. Déanfar é sin in ord íslitheach an rangaithe dá dtagraítear i bpointe 4.3.3(b)(iii) go dtí go sroichfear an líon iarrthóirí atá á lorg don phainéal nó go dtí nach mbeidh aon iarrthóir as measc na n-iarrthóirí a chomhlíonann na critéir atá luaite sa phointe seo fágtha.

(b)

Maidir leis an áit dheireanach ar phainéal ionadaithe, i gcás ina gcríochnóidh roinnt iarrthóirí cothrom le chéile i leith na háite sin, cuirfear a n-ainmneacha ar fad leis an bpainéal ionadaithe sin.

(c)

Is in ord aibítre a liostófar na hainmneacha ar na painéil ionadaithe. Cuirfear na painéil ionadaithe ar fáil do na seirbhísí earcaíochta.

(d)

Cuirfear torthaí na n-iarrthóirí in iúl do na hiarrthóirí (torthaí na dtrialacha agus torthaí na seiceála incháilitheachta) ach amháin murar próiseáladh a bhfreagraí trialach agus/nó a scripteanna agus/nó murar láimhseáladh a gcomhaid doiciméad ar na cúiseanna atá luaite san fhógra seo.

(e)

Ní hionann duine a bheith ar phainéal ionadaithe agus aon cheart a bheith aige ar phost ná aon ráthaíocht a bheith aige go bhfaighidh sé post.

5.   COMHDHEISEANNA AGUS SOCRUITHE RÉASÚNTA

(a)

Féachann EPSO le beartas comhionannais deiseanna a chur i bhfeidhm i gcás na n-iarrthóirí uile.

(b)

Iarrthóirí atá faoi mhíchumas nó a bhféadfadh an riocht sláinte ina bhfuil siad bac a chur orthu na trialacha a dhéanamh, ba cheart dóibh an méid sin a lua ar an bhfoirm iarratais agus na céimeanna a leanúint chun socruithe réasúnta a iarraidh, de réir an chur síos ar shuíomh gréasáin EPSO (13). Tar éis do EPSO iarraidh na n-iarrthóirí agus na doiciméid tacaíochta ábhartha a scrúdú, féadfaidh sé socruithe réasúnta a thabhairt má mheastar go bhfuil gá leis.


(1)  Atá aitheanta mar sin ag údarás inniúil Ballstáit.

(2)  Atá aitheanta mar sin ag údarás inniúil Ballstáit.

(3)  Atá aitheanta mar sin ag údarás inniúil Ballstáit.

(4)  Atá aitheanta mar sin ag údarás inniúil Ballstáit.

(5)  Atá aitheanta mar sin ag údarás inniúil Ballstáit.

(6)  Atá aitheanta mar sin ag údarás inniúil Ballstáit.

(7)  Atá aitheanta mar sin ag údarás inniúil Ballstáit.

(8)  Atá aitheanta mar sin ag údarás inniúil Ballstáit.

(9)  Rialachán Uimh. 31 (CEE), 11 (CEFA), lena leagtar síos Rialacháin Foirne na nOifigeach agus Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh eile Chomhphobal Eacnamaíoch na hEorpa agus an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach (IO 45, 14.6.1962, lch. 1385/62). Is féidir teacht ar théacs comhdhlúite (neamhoifigiúil) anseo: http://data.europa.eu/eli/reg/1962/31(1)/2026-01-01.

(10)   https://eu-careers.europa.eu/ga/documents/common-european-framework-reference-languages.

(11)   https://eu-careers.europa.eu/ga/open-competition-permanent-staff.

(12)   https://eu-careers.europa.eu/ga/help/what-written-test.

(13)   https://eu-careers.europa.eu/en/how-request-specific-adjustments-selection-tests.


IARSCRÍBHINN I

RIALACHA GINEARÁLTA

1.   Bunfhorálacha

(1)

Tá feidhm ag forálacha na rialacha ginearálta seo mura sonraítear a mhalairt san fhógra comórtais.

(2)

Ní fhéadfaidh iarrthóir iarratas a dhéanamh ar an gcomórtas céanna ach aon uair amháin.

(3)

Tugtar eolas d’iarrthóirí ina gcuntas iarrthóra nach mór plé leis laistigh de thréimhsí áirithe. Ba cheart dóibh a gcuntas iarrthóra a sheiceáil gach 3 lá féilire ar a laghad ionas gur féidir leo an dul chun cinn atá á dhéanamh acu sa chomórtas a leanúint agus ionas nach gcaillfidh siad aon sprioc-am.

Más rud é nach féidir le hiarrthóir a chuntas iarrthóra a sheiceáil mar gheall ar fhadhb theicniúil ó thaobh EPSO, ní mór dó EPSO a chur ar an eolas faoi sin láithreach tríd an bhfoirm theagmhála ar líne  (1).

(4)

Ní mór d’iarrthóirí a chinntiú go bhfuil a gcuntas iarrthóra ar Thairseach Aonair na nIarrthóirí (2) nasctha le EU Login a cruthaíodh le seoladh ríomhphoist atá bailí i gcónaí go dtí go bhfoilseofar an painéal, ionas gur féidir le EPSO teagmháil a dhéanamh leo trína gcuntas iarrthóra le linn phróiseas an chomórtais ar fad. Ina éagmais sin, ní féidir aon fhreagracht a chur ar EPSO as aon iarmhairt a bhaineann le neamhchomhlíonadh an cheanglais sin agus treoracha eile, lena n-áirítear an fhéidearthacht go gcaillfeadh an t-iarrthóir rochtain ar a chuntas iarrthóra agus ar chumarsáid a bhaineann leis an gcomórtas, go háirithe agus cuntas iarrthóra á úsáid atá nasctha le EU Login a cruthaíodh le seoladh gairmiúil a d’fhéadfaí a dhíghníomhachtú ar chúiseanna éagsúla (deireadh an chonartha, athrú poist, etc.).

(5)

Má bhíonn roinnt iarrthóirí ar comhscór agus gan ach áit amháin fágtha ag aon chéim den chomórtas, rachaidh gach duine acu ar aghaidh go dtí an chéad chéim eile den chomórtas. Má bhíonn roinnt iarrthóirí ar comhscór agus gan ach áit amháin ar phainéal fágtha, cuirfear gach duine acu ar an bpainéal sin.

(6)

Aon iarrthóir a athligfear isteach tar éis iarraidh, gearán nó achomharc ar éirigh leis, déanfar é (a) a chur ar ais sa chomórtas ag an gcéim ónar eisiadh é, nó (b) a chur ar an bpainéal, de réir mar is infheidhme.

(7)

Nuair a chuirfidh EPSO teachtaireacht chuig iarrthóir tríd an gcuntas iarrthóra nó le ríomhphost, beidh an teachtaireacht sin i gceann de na teangacha ar dhearbhaigh an t-iarrthóir go raibh eolas ar leibhéal B2 nó níos airde (3) aige orthu sa réimse ‘Cumas léitheoireachta’ sa roinn ‘Teangacha’ ar an bhfoirm iarratais (féach freisin Roinn 2.1 de na rialacha ginearálta seo).

(8)

Is féidir le hiarrthóirí dul i dteagmháil le EPSO tríd an bhfoirm theagmhála ar líne ar shuíomh gréasáin EPSO (4). Roimh dhul i dteagmháil le EPSO dóibh, iarrtar ar iarrthóirí roinn na ‘gceisteanna coitianta’ ar shuíomh gréasáin EPSO (5) a cheadú.

(9)

Forchoimeádann EPSO an ceart deireadh a chur le haon chomhfhreagras atá míchuí (i.e. comhfhreagras atá liodánach, maslach, agus/nó nach mbaineann le hábhar).

2.   Oideachas (6) , taithí (7) , doiciméid tacaíochta

2.1.   An roinn ‘My CV’ den chuntas iarrthóra

Sula gcuirfidh siad isteach ar chomórtas ní mór d’iarrthóirí an roinn ‘My CV’ dá gcuntas iarrthóra a líonadh isteach. Agus é ag déanamh iarratais ar chomórtas sonrach, ní gá d’iarrthóir an t-eolas ó ‘My CV’a ath-iontráil san fhoirm iarratas. Beidh roghbhlúire de na sonraí ón roinn ‘My CV’ ceangailte go huathoibríoch lena fhoirm iarratais a luaithe a chuirfidh an t-iarrthóir a iarratas isteach. Is faoi na hiarrthóirí atá sé deimhin a dhéanamh de go mbeidh ‘My CV’ cothrom le dáta an tráth sin.

2.2.   Oideachas

(1)

Ní mór céimeanna, dioplómaí agus/nó teastais a bheith aitheanta ag údarás inniúil de chuid Bhallstáit den Aontas Eorpach, cibé acu i dtír den Aontas Eorpach nó i dtír lasmuigh de a eisíodh iad.

(2)

Na difríochtaí idir córais oideachais náisiúnta, go háirithe na difríochtaí idir na teidil a thugtar ar chéimeanna, ar dhioplómaí agus ar theastais, cuirfear san áireamh iad agus measúnú féachaint á dhéanamh an bhfuil na cáilíochtaí is gá de réir an fhógra comórtais ag na hiarrthóirí.

2.3.   Taithí oibre

(1)

Ní féidir taithí oibre a chur san áireamh ach amháin má chomhlíonann sí na coinníollacha ginearálta seo a leanas:

(a)

ní mór an taithí a bheith faighte tar éis don iarrthóir an cháilíocht oideachais íosta atá sonraithe san fhógra comórtais a bhaint amach;

(b)

ní mór fíorobair éifeachtach a bheith inti;

(c)

ní mór pá a bheith ag dul léi;

(d)

ní mór caidreamh gairmiúil a bheith ag baint léi, i.e. an t-iarrthóir a bheith laistigh de struchtúr eagraíochtúil nó é a bheith ag soláthar seirbhíse;

(e)

ní mór í a bheith i gcomhréir leis na critéir maidir le hábharthacht atá sonraithe san fhógra comórtais. Mura féidir a mheas go bhfuil na cúraimí uile a rinneadh le linn tréimhse áirithe taithí oibre ábhartha, beidh feidhm ag na rialacha seo a leanas:

(i)

más rud é go bhfuil níos mó ná 75 % de na cúraimí ábhartha, measfar gur taithí ábhartha an tréimhse iomlán taithí oibre;

(ii)

más rud é go bhfuil níos mó ná 50 % ach níos lú ná 75 %, nó líon cothrom leis sin, de na cúraimí ábhartha, cuirfear an tréimhse taithí oibre atá i gceist san áireamh ar ráta 75 %;

(iii)

más rud é go bhfuil 25-50 % de na cúraimí ábhartha, cuirfear an tréimhse taithí oibre atá i gceist san áireamh ar ráta 50 %;

(iv)

más rud é go bhfuil níos lú ná 25 % de na cúraimí ábhartha, ní chuirfear an tréimhse taithí oibre san áireamh.

(2)

Measfar an taithí oibre atá sa liosta thíos ar bhonn rialacha sonracha chomh maith, lena n-áirítear díolúintí áirithe ó na riachtanais dá dtagraítear i mír (1) thuas:

(a)

i gcás obair dheonach, tuigfear gur ‘pá’ í aon ranníocaíocht a fuarthas, aisíocaíocht costas agus cumhdach árachais san áireamh. Thairis sin, ní mór uaireanta seachtainiúla oibre agus fad ama seachtainiúil oibre ar aon dul le gnáth-phost a bheith i gceist i gcás obair dheonach;

(b)

i gcás tréimhsí oiliúna, is éard a mheasfar a bheith i gceist le ‘pá’ aon ranníocaíocht a fuarthas, aisíocaíocht costas agus cumhdach árachais san áireamh. Tréimhse oiliúna éigeantach atá ina cuid de chlár staidéir, féadfar í a chur san áireamh ar choinníoll (i) gur tugadh faoin tréimhse oiliúna tar éis an cháilíocht oideachais íosta atá sonraithe san fhógra comórtais a bhaint amach, agus (ii) go bhfuil pá ag dul leis an tréimhse oiliúna;

(c)

tréimhse oiliúna éigeantach atá ina cuid de chlár chun clárú le comhlachas gairmiúil chun an ceart chun gairm a chleachtadh a bhaint amach (mar shampla, cead ballraíochta i gcomhlachas bharra na ndlíodóirí a bhaint amach), nó atá ina réamhchoinníoll le clárú den chineál sin, féadfar í a chur san áireamh cibé acu a bhí pá ag dul leis an obair nó nach raibh. I gcás nach raibh pá ag dul leis an obair, áfach, ní fhéadfar an tréimhse oiliúna a chur san áireamh ach amháin ar choinníoll gur cuireadh an clár i gcrích go rathúil agus go bhfuarthas an ceart chun an ghairm a chleachtadh. I ngach cás, is í an íostréimhse éigeantach amháin a chuirfear san áireamh;

(d)

seirbhís mhíleata éigeantach a rinneadh sula bhfuair an t-iarrthóir an cháilíocht oideachais íosta atá sonraithe san fhógra comórtais nó tar éis dó an cháilíocht sin a fháil, cuirfear san áireamh í fiú mura gcomhlíonann sí na critéir ábharthachta atá sainithe san fhógra comórtais, ach tréimhse nach faide ná an fad éigeantach sa Bhallstát lena mbaineann amháin a bheith i gceist;

(e)

féadfar saoire mháithreachais, atharthachta, altramais nó tuismitheora a chur san áireamh ar choinníoll gur cumhdaíodh le conradh oibre í;

(f)

i gcás staidéir dhochtúireachta, ní bheidh fad na tréimhse a chuirfear san áireamh os cionn 3 bliana, ar choinníoll gur baineadh an chéim dhochtúireachta amach, agus cibé acu a bhí pá ag dul leis an obair nó nach raibh;

(g)

i gcásanna obair pháirtaimseartha, ríomhfar an tréimhse a chuirfear san áireamh ar bhonn pro rata, e.g. áireofar 3 mhí i gcás obair ar leath-am le linn 6 mhí.

2.4.   Doiciméid tacaíochta

(1)

Na doiciméid tacaíochta a thacaíonn leis na dearbhuithe a rinne iarrthóirí ina bhfoirm iarratais, ní mór do na hiarrthóirí cóipeanna díobh a uaslódáil chuig a gcuntas iarrthóra (féach freisin Roinn 2.1 de na rialacha ginearálta seo). Caithfidh siad sin a dhéanamh faoin dáta atá leagtha síos san fhógra comórtais, nó, mura bhfuil dáta leagtha síos san fhógra, faoin dáta atá curtha in iúl ag EPSO.

(2)

Mura gcuirfear doiciméad/doiciméid tacaíochta ar fáil faoin dáta atá luaite thuas, is féidir go measfar go bhfuil an t-iarrthóir neamh-incháilithe nó is féidir nach gcuirfear a cháilíochtaí oideachais sonracha nó a thaithí shonrach san áireamh.

(3)

Ag aon chéim den phróiseas, féadfar a iarraidh ar iarrthóirí eolas breise nó doiciméid bhreise a chur ar fáil.

(4)

Ar na doiciméid a bheidh ar iarrthóirí a uaslódáil, beidh cóip dá gcárta aitheantais nó dá bpas, agus ní mór an doiciméad sin a bheith bailí ar an dáta deiridh is féidir iarratas a chur isteach. Beidh ar iarrthóirí an bundoiciméad, i.e. an cárta aitheantais féin nó an pas féin, a thaispeáint nuair a iarrfar sin orthu.

(5)

Chun cruthúnas a sholáthar i leith a gcáilíochtaí oideachais, beidh ar iarrthóirí na nithe seo a leanas a chur ar fáil:

(a)

cóip dá ndioplóma/ndioplómaí agus/nó dá dteastas/dteastais lena bhfianaítear na cáilíochtaí oideachais is gá le bheith incháilithe don chomórtas (féach an roinn ‘Na coinníollacha incháilitheachta’ san fhógra comórtais). Mura bhfuil dioplóma oifigiúil ann, glacfar mar fhianaise leordhóthanach le ráiteas dámhachtana nó doiciméad atá comhionann leis lena ndeimhnítear gur cuireadh an clár i gcrích go rathúil agus gur bronnadh teideal, céim nó dioplóma;

(b)

i gcás dioplómaí/teastais a eisíodh i dtír lasmuigh den Aontas Eorpach, ráiteas coibhéiseachta a d’eisigh údarás inniúil de chuid Bhallstáit den Aontas Eorpach;

(c)

litir, teastas, nó fianaise atá comhionann leis sin ón institiúid oideachais lena bhfianaítear fad ama caighdeánach an chláir staidéir a críochnaíodh. Ní mór a léiriú san fhianaise sin an líon blianta is gá chun an clár a chríochnú, dá dtagraítear sa phointe sonrach den fhógra comórtais ar a mbeidh an t-iarrthóir ag brath chun a dheimhniú go bhfuil sé incháilithe don chomórtas.

(6)

Ní mór gach tréimhse taithí oibre a bheith cumhdaithe leis na bundoiciméid seo a leanas nó le cóipeanna deimhnithe díobh:

(a)

doiciméid ó fhostóirí agus/nó ó iarfhostóirí: conradh/conarthaí fostaíochta ina bhfuil dátaí thús agus dheireadh na fostaíochta sonraithe agus/nó an chéad duillín pá agus an duillín pá deiridh. Ba cheart cineál agus leibhéal na ndualgas a rinne an t-iarrthóir a bheith sonraithe sna doiciméid sin mar aon le cur síos mionsonraithe ar na dualgais sin, agus ba cheart ceann litreach agus stampa an fhostóra a bheith orthu mar aon le hainm agus síniú an duine i gceannas;

(b)

I gcás obair nach bhfuil tuarastal ag dul léi, e.g. féinfhostaíocht nó gairmeacha beatha liobrálacha: sonraisc nó foirmeacha ordaithe ina bhfuil an obair a rinneadh sonraithe, nó aon doiciméid tacaíochta oifigiúla eile ina bhfuil cineál agus tréimhse na ndualgas a rinneadh nó na seirbhísí a soláthraíodh sonraithe;

(c)

i gcás saoraistritheoirí: doiciméid lena bhfianaítear na tréimhsí a d’oibrigh an t-iarrthóir agus an líon leathanach a d’aistrigh sé;

(d)

i gcás saor-ateangairí: doiciméid lena bhfianaítear an líon laethanta a d’oibrigh an t-iarrthóir agus na teangacha a ndearna sé ateangaireacht go dtí iad agus uathu.

3.   Ról an Bhoird Roghnúcháin

(1)

Is é bord roghnúcháin an chomórtais a dhéanann cinneadh maidir le deacracht na dtrialacha sa chomórtas agus a fhaomhann inneachar na dtrialacha sin, a dhéanann measúnú ar chomhlíontacht na n-iarrthóirí leis na coinníollacha sonracha incháilitheachta, a chuireann fiúntas na n-iarrthóirí i gcomparáid le chéile, agus a roghnaíonn na hiarrthóirí is fearr i bhfianaise na riachtanas atá leagtha amach san fhógra comórtais.

(2)

Coinnítear imeachtaí an bhoird roghnúcháin faoi rún.

(3)

Tugann EPSO áis don bhoird roghnúcháin i leith a chuid oibre.

4.   Coinbhleacht leasa

(1)

Foilsítear ainmneacha chomhaltaí an bhoird roghnúcháin ar shuíomh gréasáin EPSO (8).

(2)

Ceanglaítear ar iarrthóirí, ar chomhaltaí an bhoird roghnúcháin, agus ar bhaill foirne EPSO a thugann áis le haghaidh eagrú comórtais faoi leith, aon choinbhleacht leasa a d’fhéadfadh a bheith ann a dhearbhú, go háirithe i gcás gaolta nó caidreamh oibre díreach. Aon staid a d’fhéadfadh a bheith ina coinbhleacht leasa, ní mór don duine lena mbaineann í a dhearbhú le EPSO a luaithe agus a bheidh sé ar an eolas fúithi. Measfaidh EPSO gach cás leis féin agus déanfaidh sé aon bheart is iomchuí.

(3)

Chun a chinntiú go mbeidh an bord roghnúcháin neamhspleách, tá diantoirmeasc ar iarrthóirí agus ar aon duine nach bhfuil ar an mbord roghnúcháin iarracht a dhéanamh dul i dteagmháil le haon chomhalta den bhord roghnúcháin maidir le haon ábhar a bhaineann leis an gcomórtas nó le himeachtaí an bhoird roghnúcháin, ach amháin i gcásanna ina n-údaraítear a mhalairt go sainráite.

(4)

Aon iarrthóir ar mian leis a chás a chur faoi bhráid an bhoird roghnúcháin, ní mór dó sin a dhéanamh i scríbhinn agus an comhfhreagras sin a chur chuig an mbord roghnúcháin trína gcuntas iarrthóra.

(5)

Aon sárú ar na rialacha thuasluaite, d’fhéadfaí gníomh araíonachta a chur ar bun in aghaidh comhalta den bhord roghnúcháin nó ball d’fhoireann EPSO i ngeall air, agus/nó d’fhéadfaí iarrthóir a dhícháiliú ón gcomórtas i ngeall air (féach Roinn 6).

5.   Tástáil

(1)

Cuirfidh EPSO na hiarrthóirí ar an eolas faoi rialacha mionsonraithe na dtrialacha agus faoi aon sonraí agus treoracha riachtanacha ar a dhéanaí nuair a thabharfar cuireadh do na hiarrthóirí na trialacha a dhéanamh.

(2)

Ní mór d’iarrthóirí na trialacha a chur in áirithe de réir na dtreoracha a gheobhaidh siad ó EPSO, má iarrtar orthu sin a dhéanamh agus nuair a iarrfar orthu é. Bíonn teorainn leis na tréimhsí inar féidir an choinne agus na trialacha a dhéanamh.

(3)

Ní mór d’iarrthóirí gach beart is gá dá dtagraítear sna treoracha a eisíodh roimh na trialacha a dhéanamh, cuir i gcás bogearraí a shuiteáil, an sioncrónú/na sioncrónuithe riachtanacha a dhéanamh, triail nascachta a dhéanamh, triail ar réamhriachtanais theicniúla, seiceáil córas agus/nó triail bhréige a dhéanamh. Má chloítear leis na treoracha, beifear in ann ullmhacht thimpeallacht TF an iarrthóra agus comhoiriúnacht ghléas an iarrthóra don ardán tástála nó don fheidhmchlár a sheiceáil. Mura gcuirfear na céimeanna éigeantacha i gcrích, is féidir go gcuirfear cosc ar an iarrthóir na trialacha a dhéanamh agus cuirfear bac ar chumas sholáthraí reáchtála na dtrialacha aghaidh a thabhairt go héifeachtach ar aon fhadhb theicniúil a bheidh ag an iarrthóir le linn na tástála.

(4)

I gcásanna nach gcuirfidh iarrthóir ceann nó cinn de na trialacha in áirithe, nó nach ndéanfaidh sé, nó nach gcríochnóidh sé, ceann nó cinn de na trialacha, measfar go bhfuil deireadh lena rannpháirtíocht sa chomórtas, ach amháin más féidir leis an iarrthóir a chruthú gur tosca nach raibh neart aige orthu, nó staid force majeure, faoi dheara dó gan an triail a chur in áirithe nó gan í a dhéanamh nó a chríochnú. Ba cheart don iarrthóir dul i dteagmháil le EPSO a luaithe is féidir, roimh an triail más féidir, agus ní mór dóibh an bonn cirt is gá a thabhairt, agus i gcás inarb infheidhme, cruthúnas go ndeachaigh siad i dteagmháil leis na seirbhísí tacaíochta teicniúla.

(5)

Mura gcloífear leis na téarmaí agus na coinníollacha is infheidhme i ndáil le tástáil atá sonraithe sna treoracha agus san eolas a cuireadh ar fáil d’iarrthóirí, ní mheasfar gur toisc é sin nach bhfuil neart ag an iarrthóir air ná gur cás force majeure é.

(6)

Iarrtar ar iarrthóirí freisin féachaint ar shuíomh gréasáin EPSO (9) chun cur amach níos fearr a fháil ar phróisis roghnúcháin EPSO, na ceanglais ghinearálta is infheidhme maidir le tástáil san áireamh.

6.   Dícháiliú ón gcomórtas

(1)

Féadfar iarrthóirí a dhícháiliú ag céim ar bith den chomórtas ar aon cheann de na forais seo a leanas:

(a)

iarratas a dhéanamh níos mó ná uair amháin ar an gcomórtas céanna;

(b)

dearbhuithe bréagacha a dhéanamh nó dearbhuithe a dhéanamh nach raibh na doiciméid iomchuí ina dtaca leo;

(c)

gan na treoracha tástála a chomhlíonadh, i gcás inar luadh sna treoracha sin go bhféadfadh dícháiliú a bheith ina thoradh ar neamh-chomhlíonadh;

(d)

séitéireacht le linn na dtrialacha, taifeadadh na dtrialacha ar líne nó iarracht ar riar cothrom na dtrialacha a chúbláil, nó cur isteach ar shláine phróiseas an chomórtais ar aon bhealach eile;

(e)

dul i dteagmháil, nó iarracht a dhéanamh dul i dteagmháil, le comhalta den bhord roghnúcháin ar dhóigh neamhúdaraithe;

(f)

gan EPSO a chur ar an eolas faoi choinbhleacht leasa a d’fhéadfadh a bheith ann i ndáil le comhalta den bhord roghnúcháin nó le ball foirne de EPSO;

(g)

trialacha i scríbhinn nó trialacha praiticiúla a shíniú nó aon mharcáil shuaithinseach a dhéanamh orthu d’ainneoin treoir a bheith tugtha gan é sin a dhéanamh.

(2)

Is ceart d’iarrthóirí ar phost in institiúidí an Aontais Eorpaigh gníomhú go sár-ionraic iontaofa, i gcomhréir le hAirteagal 27, an chéad mhír, agus le hAirteagal 28(c) de na Rialacháin Foirne. I gcás calaoise nó iarracht ar chalaois, féadfaidh EPSO cinneadh a dhéanamh a dhearbhú go bhfuil an t-iarrthóir neamh-incháilithe ar feadh tréimhse ama teoranta do chomórtais a reáchtálfar ina dhiaidh sin.

7.   Ábhair imní agus leigheasanna

7.1.   Fadhbanna teicniúla agus eagraíochtúla

(1)

Má bhíonn mórfhadhb theicniúil nó eagraíochtúil ag iarrthóir ag aon chéim den phróiseas roghnúcháin, ba cheart dó é sin a chur in iúl do EPSO trína chuntas iarrthóra.

(2)

I gcás fadhbanna leis an gcuntas iarrthóra nó leis an bhfoirm iarratais, ní mór d’iarrthóirí dul i dteagmháil le EPSO láithreach bonn agus, ar aon nós, roimh an sprioc-am chun iarratais a chur isteach.

(3)

Má thagann fadhb chun cinn le linn na dtrialacha, ní mór don iarrthóir an dá rud seo a dhéanamh:

(a)

an fhadhb a thuairisciú láithreach de réir na dtreoracha atá leagtha amach sa chuireadh/sna cuirí chun na trialach/na dtrialacha,

agus

(b)

laistigh de 3 lá féilire, ón lá i ndiaidh an lae a rinne an t-iarrthóir an triail atá i gceist (agus an lá sin san áireamh), teagmháil a dhéanamh le EPSO tríd an gcuntas iarrthóra agus cur síos mionsonraithe a dhéanamh sa teachtaireacht sin ar an bhfadhb. Ba cheart don iarrthóir cruthúnas ar iarracht(aí) an fhadhb a réiteach a chur i gceangal freisin. Tá gá leis an gcruthúnas doiciméadach sin ionas go mbeidh EPSO in inmhe an cás a fhiosrú. Is féidir go mbeidh ceanglais agus treoracha breise a bhaineann le tuairisciú fadhbanna a tháinig chun cinn le linn na tástála sonraithe sna cuirí chun na dtrialacha.

Tá feidhm leis an oibleagáid EPSO a chur ar an eolas i ngach cás, fiú más rud é go ndearna soláthraí reáchtála na dtrialacha beart mar gheall ar an ngearán ón iarrthóir.

(4)

Gearáin a gheofar tar éis an sprioc-ama atá sonraithe sa phointe seo, measfar iad a bheith do-ghlactha.

(5)

Gearáin faoi shaincheisteanna teicniúla a chuirfidh iarrthóirí nár thug faoi na céimeanna dá dtagraítear i Roinn 5(3), measfar iad a bheith do-inghlactha ach amháin más féidir leis an iarrthóir a chruthú gur tosca nach raibh neart ag an iarrthóir orthu, nó staid force majeure, faoi deara dó gan na céimeanna riachtanacha a chur i gcrích.

(6)

Éilimh a dhéanfar i gcomhthéacs gearán a bhfuil tagairt dóibh i Ranna 7.2.2 agus 7.3.1 ar bhonn fadhbanna teicniúla agus/nó eagraíochtúla a mhaítear a bhí ann agus nár tuairiscíodh de réir Roinn 7.1, a léitear in éineacht le Roinn 5, measfar iad a bheith do-inghlactha.

7.2.   Nósanna imeachta um athbhreithniú inmheánach

7.2.1.   Gearáin maidir le ceisteanna trialach ilrogha

(1)

Má mheasann iarrthóirí go bhfuil údar inchosanta acu lena chreidiúint gur chuir earráid i gceann amháin nó níos mó de na ceisteanna sa triail ceisteanna ilrogha isteach ar a gcumas freagra a thabhairt, féadfaidh siad athbhreithniú a iarraidh ar an gceist/na ceisteanna lena mbaineann.

(2)

Féadfaidh an bord roghnúcháin a chinneadh go ‘neodrófar’ an cheist/na ceisteanna ina bhfuil an earráid: cuirfear an cheist/na ceisteanna lena mbaineann ar ceal agus déanfar na pointí a bhí ag dul leis an gceist/na ceisteanna sin ar dtús a athdháileadh ar na ceisteanna eile sa triail. Ní dhéanfaidh athríomh na bpointí difear ach amháin do na hiarrthóirí a raibh an cheist/na ceisteanna lena mbaineann le freagairt acu. Ní thiocfaidh aon athrú dá thoradh sin ar mharcáil na dtrialacha mar atá leagtha amach sna ranna ábhartha den fhógra comórtais.

(3)

Chun gearáin maidir le ceist/ceisteanna trialach ilrogha a chur isteach, ba cheart don iarrthóir:

(a)

dul i dteagmháil le EPSO trína gcuntas iarrthóra laistigh de 3 lá féilire (tréimhse arb é an chéad lá di é an lá tar éis an lae a rinne an t-iarrthóir an triail);

(b)

cur síos chomh cruinn agus is féidir a thabhairt ar an gceist/na ceisteanna lena mbaineann; agus

(c)

míniú a thabhairt ar nádúr na hearráide/na n-earráidí a bhfuiltear ag líomhain go raibh sí/siad ann.

(4)

Gearáin a chuirfear isteach tar éis an sprioc-ama agus gearáin gan cur síos soiléir ar an gceist/na ceisteanna is ábhar agóide agus/nó ar an earráid/na hearráidí a bhfuiltear ag líomhain go raibh sí/siad ann, ní chuirfear san áireamh iad. Go háirithe, gearáin nach luafar iontu ach saincheisteanna aistriúcháin a bhfuiltear ag líomhain go raibh siad ann, gan an fhadhb a shonrú, ní chuirfear san áireamh iad.

(5)

Éilimh a dhéanfar i gcomhthéacs gearán dá dtagraítear i Roinn 7.3.1 ar bhonn fadhbanna a bhfuiltear ag líomhain go raibh siad sna ceisteanna ilrogha agus nár tuairiscíodh de réir Roinn 7.2.1, diúltófar iad.

7.2.2.   Iarrataí ar athbhreithniú

(1)

Féadfaidh iarrthóirí athbhreithniú a iarraidh ar chinneadh a rinne an bord roghnúcháin, lenar socraíodh a dtorthaí, lenar cinneadh an féidir leo dul ar aghaidh go dtí an chéad chéim eile den chomórtas, nó lena ndearnadh difear ar bhealach eile dá stádas dlíthiúil mar iarrthóir.

(2)

Is é is cuspóir don nós imeachta um athbhreithniú a chur ar a chumas don bhord roghnúcháin an cinneadh is ábhar agóide a leasú i gcás ina mbeidh údar leis sin (mar shampla, botún sa mheasúnú). Sa nós imeachta um athbhreithniú, athbhreithneoidh an bord roghnúcháin an measúnú a rinne sé ar fhiúntais an iarrthóra agus déanfaidh sé a chonclúidí tosaigh a dheimhniú nó measúnú leasaithe a sholáthar.

(3)

Ní fhreagróidh an bord roghnúcháin aon argóintí dlíthiúla, bídís ag baint leis an measúnú is ábhar agóide nó ná bídís. Aon argóint arb argóint dhlíthiúil í agus aon éileamh a bhaineann le creat dlíthiúil an chomórtais, féadfar í/é a chur isteach i bhfoirm gearáin riaracháin (féach Roinn 7.3.1).

(4)

Féadfaidh iarrthóirí easaontú leis an measúnú a rinne an bord roghnúcháin maidir le conas a d’éirigh leo i gcomórtas nó lena gcáilíochtaí oideachais agus/nó lena dtaithí, ach ní chiallaíonn sin go ndearna an bord roghnúcháin earráid mheasúnaithe. Tá lamháil leathan roghnachais ag an mbord roghnúcháin agus breithiúnais ar fhiúntas á ndéanamh aige maidir le feidhmiú, cáilíochtaí oideachais, agus taithí na n-iarrthóirí.

(5)

Ní féidir athbhreithniú a iarraidh i leith torthaí trialach ceisteanna ilrogha.

(6)

Chun iarraidh ar athbhreithniú a chur isteach, ní mór don iarrthóir:

(a)

dul i dteagmháil le EPSO tríd an gcuntas iarrthóra laistigh de thréimhse 5 lá féilire (tréimhse arb é an chéad lá di é an lá tar éis lá foilsithe an chinnidh is ábhar agóide sa chuntas iarrthóra);

(b)

an cinneadh ar mian leis an iarrthóir athbhreithniú a iarraidh ina leith a chur in iúl go soiléir mar aon leis an bhforas ar a n-iarrtar an t-athbhreithniú.

(7)

Gheobhaidh na hiarrthóirí admháil uathoibríoch lena chur in iúl go bhfuarthas an iarraidh. Déanfaidh an bord roghnúcháin scrúdú ar an iarraidh ar athbhreithniú agus cuirfidh sé a chinneadh in iúl don iarrthóir a luaithe is féidir.

(8)

Iarrataí ar athbhreithniú a gheofar tar éis an sprioc-ama atá luaite i bpointe (6)(a) thuas, measfar go bhfuil siad do-ghlactha agus ní dhéanfar scrúdú orthu, ach amháin más féidir leis an iarrthóir a chruthú gurbh ann do staid force majeure.

7.3.   Modhanna eile athbhreithnithe

7.3.1.   Gearáin riaracháin faoi Airteagal 90(2) de na Rialacháin Foirne

(1)

Féadfaidh iarrthóirí gearán riaracháin a chur isteach i leith birt (cinneadh nó easnamh cinnidh) más rud é:

(a)

go measann siad gur sáraíodh na rialacha lena rialaítear nósanna imeachta an chomórtais; agus

(b)

go bhfuil an t-iarrthóir lena mbaineann thíos leis an mbeart a bhfuiltear ag déanamh gearáin ina leith, i.e. má dhéanann sé difear díreach láithreach dá stádas dlíthiúil mar iarrthóir (i.e. socraítear a thorthaí leis, cinntear an féidir leis dul ar aghaidh go dtí an chéad chéim eile den chomórtas, nó déantar difear ar bhealach eile dá stádas dlíthiúil mar iarrthóir).

(2)

Is féidir an gearán a dhéanamh i leith easnamh cinnidh i gcás ina bhfuil oibleagáid ann cinneadh a dhéanamh laistigh de sprioc-am atá sonraithe sna Rialacháin Foirne.

(3)

Iarrthóirí a bhfuil iarraidh ar athbhreithniú curtha isteach acu (féach Roinn 7.2.2), ní mór dóibh fanacht go dtí go dtabharfar fógra dóibh faoin bhfreagra ar an iarraidh sin sula ndéana siad cinneadh gearán riarachán a chur isteach nó a mhalairt. I gcásanna den chineál sin, bíonn tús leis an tréimhse chun gearán riaracháin a chur isteach an dáta a thugtar fógra faoi chinneadh an bhoird roghnúcháin maidir leis an iarraidh ar athbhreithniú.

(4)

Is é Stiúrthóir EPSO a dhéanann scrúdú ar ghearáin riaracháin, ag feidhmiú dó i gcáil údaráis cheapacháin faoi Airteagal 90(2) de na Rialacháin Foirne.

(5)

Is é is cuspóir don nós imeachta um ghearáin riaracháin, a fhíorú ar cloíodh le creat dlíthiúil an chomórtais. Ba cheart d’iarrthóirí a thabhairt faoi deara nach féidir le Stiúrthóir EPSO breithiúnas ar fhiúntas a rinne bord roghnúcháin a chur ar ceal agus nach bhfuil aon chumhacht dhlíthiúil aige substaint cinnidh ó bhord roghnúcháin a athrú. Má aimsíonn Stiúrthóir EPSO botún sa nós imeachta nó earráid fhollasach sa mheasúnú, cuirfear an cás ar ais chuig an mbord roghnúcháin le hathmheasúnú a dhéanamh air.

(6)

Chun gearán riaracháin a chur isteach, ba cheart don iarrthóir:

(a)

dul i dteagmháil le EPSO trína chuntas iarrthóra faoin sprioc-am atá leagtha amach in Airteagal 90(2) de na Rialacháin Foirne, i.e. 3 mhí a áirítear (i) ón dáta a thugtar fógra maidir leis an gcinneadh a ndéantar gearán ina leith nó (ii) ón dáta ba cheart an cinneadh sin a dhéanamh;

agus

(b)

an cinneadh nó an t-easnamh cinnidh ar mian leis an iarrthóir gearán a dhéanamh ina leith a chur in iúl mar aon leis an bhforas ar a bhfuil an gearán á dhéanamh.

(7)

Gearáin riaracháin a gheofar tar éis an sprioc-ama atá leagtha amach in Airteagal 90(2) de na Rialacháin Foirne, measfar go bhfuil siad do-ghlactha.

7.3.2.   Achomhairc bhreithiúnacha

(1)

Tá sé de cheart ag iarrthóirí achomharc breithiúnach a chur faoi bhráid na Cúirte Ginearálta, faoi Airteagal 270 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus faoi Airteagal 91 de na Rialacháin Foirne.

(2)

Ní bheidh achomhairc bhreithiúnacha in aghaidh cinntí arna ndéanamh ag EPSO (seachas ag an mbord roghnúcháin) inghlactha os comhair na Cúirte Ginearálta murar bhain an t-iarrthóir leas mar ba chuí as réiteach an ghearáin riaracháin faoi Airteagal 90(2) de na Rialacháin Foirne (féach Roinn 7.3.1 thuas).

(3)

Is féidir an t-eolas uile faoi achomhairc bhreithiúnacha a fháil ar shuíomh gréasáin na Cúirte Ginearálta (10).

7.3.3.   Gearán a dhéanamh leis an Ombudsman Eorpach

(1)

Is féidir le gach saoránach agus gach cónaitheoir de chuid an Aontais Eorpaigh gearán a dhéanamh leis an Ombudsman Eorpach maidir le cásanna drochriaracháin.

(2)

Sula ndéana iarrthóirí gearán leis an Ombudsman, ní mór dóibh na leigheasanna inmheánacha uile a sholáthraíonn EPSO a bheith úsáidte acu cheana féin (féach Ranna 7.1 agus 7.2 thuas).

(3)

Gearáin a dhéantar leis an Ombudsman, níl aon éifeacht fionraí acu ar na sprioc-amanna atá leagtha síos chun iarrataí, gearáin ná achomhairc bhreithiúnacha dá dtagraítear sna rialacha seo a chur isteach.

(4)

Is féidir an t-eolas uile faoi ghearáin leis an Ombudsman a fháil ar an suíomh gréasáin tiomnaithe (11).

Deireadh IARSCRÍBHINN I, cliceáil anseo chun filleadh ar an bpríomhthéacs


(1)   https://eu-careers.europa.eu/ga/contact-us.

(2)   https://eu-careers.europa.eu/ga/single-candidate-portal-new-online-portal-your-applications.

(3)   https://eu-careers.europa.eu/ga/documents/common-european-framework-reference-languages.

(4)   https://eu-careers.europa.eu/ga/contact-us.

(5)   https://eu-careers.europa.eu/ga/epso-faqs-by-category.

(6)  Chun críocha an chomórtais seo, úsáidtear na téarmaí ‘oideachas’ agus ‘cáilíochtaí oideachais’ go hidirmhalartach.

(7)  Chun críocha an chomórtais seo, úsáidtear na téarmaí ‘taithí’, ‘taithí ghairmiúil’ agus ‘taithí oibre’ go hidirmhalartach.

(8)   https://eu-careers.europa.eu/ga.

(9)   https://eu-careers.europa.eu/ga.

(10)   https://curia.europa.eu/site/jcms/.

(11)   https://www.ombudsman.europa.eu/ga/home.


IARSCRÍBHINN II

NA PRÍOMHDHUALGAIS

Réimse 1 – Bonneagar TFC

Léiríonn na dualgais a leagtar amach thíos, agus iad grúpáilte i gcatagóirí 1 go 10, den chuid is mó na dualgais sin a bhaineann de ghnáth le róil a bhaineann le réimse an bhonneagair TFC i gcomhthéacsanna príobháideacha agus poiblí araon.

1.

A bheith freagrach as dearadh, ailtireacht, comhtháthú, cur chun feidhme, oibriú agus bainistiú réiteach/seirbhísí i réimsí bonneagar fiontar TFC agus lárionad sonraí corparáideach. Go háirithe:

(a)

Comhpháirteanna fisiceacha agus fíorúla: córais oibriúcháin, coimeádáin, bogearraí eagrúcháin coimeádán, monatóireacht, freastalaithe, bunachair sonraí, freastalaithe feidhmchláir, líonraí bogearraí-shainithe, ailtireachtaí ard-infhaighteachta, braisliú, ailtireacht agus réitigh lárionaid sonraí;

(b)

Córais stórála, chúltaca agus chartlannaithe: líonra limistéir stórála (SAN), blocstóráil, stóráil comhad, stóráil i gceangal le líonra (NAS);

(c)

Feidhmchláir/comhpháirteanna meánearraí a riar, ar nós Tomcat, Weblogic, Apex, Oracle Webcenter, ríomhphost;

(d)

Bunachar sonraí a riar: Oracle Database, MySQL, PostgreSQL, Microsoft SQL;

(e)

Seirbhísí bonneagair líonra: balla dóiteáin, cothromú lóid, seachfhreastalaí/seachfhreastalaí droim ar ais, seirbhísí córais ainmneacha fearainn (DNS), eolairí gníomhacha/LDAP (prótacal rochtana eolaire éadrom), seirbhísí bainistithe céannachta (IAM), síniú isteach singil (SSO);

(f)

An chibearshlándáil: frithvíreas, cineálacha bagairtí coiteanna (bogearraí mailíseacha, fioscaireacht, diúltú seirbhíse (DoS), bagairtí chos istigh), triad CIA (Rúndacht, Sláine, Infhaighteacht), beartais slándála, comhlíonadh, agus bainistiú riosca;

(g)

Bogearraí ar nós Java, Apex, Oracle Forms, Git;

(h)

An láthair oibre digiteach, bainistiú stáisiún oibre, réitigh foirne feidhmchláir néal-chomhoibríocha, réitigh chumarsáide agus físchomhdháil, ríomhaireacht mhóibíleach, réitigh bainistithe gléasanna, comharthaíocht dhigiteach, priontáil.

2.

Bainistiú agus comhordú a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí oibríochtúla TF a chuirtear ar fáil trí chonarthaí seirbhísí bainistithe, ina measc sin:

(a)

bainistiú athruithe;

(b)

iarrataí a chomhlíonadh;

(c)

teagmhais a bhainistiú;

(d)

fadhbanna a bhainistiú;

(e)

infhaighteacht a bhainistiú;

(f)

acmhainneacht agus feidhmíocht a bhainistiú;

(g)

beartais slándála faisnéise agus bainistiú slándála faisnéise.

3.

Prionsabail agus seirbhísí forbartha, slándála agus oibríochtaí (DevSecOps) a dhearadh, a chur chun feidhme agus a oibriú, go háirithe maidir le comhtháthú leanúnach, píblínte seachadta agus imscartha chomh maith le huathoibriú bonneagair.

4.

Tacaíocht a thabhairt maidir le beartais slándála i réimse na faisnéise fiontair a dhearadh agus a gcur chun feidhme a spreagadh agus creata leanúnachais gnó a dhearadh le haghaidh seirbhísí bonneagair TF nó le haghaidh córais faisnéise agus a gcur chun feidhme a spreagadh.

5.

Saolré TF agus saolré theicniúil na gcomhpháirteanna fisiceacha agus fíorúla a bhainistiú, mar shampla córais agus comhpháirteanna faisnéise a fháil agus an comhtháthú agus an t-oiriúnú is gá a dhéanamh orthu.

6.

Faire teicneolaíochta agus úsáid na dteicneolaíochtaí atá ag teacht chun cinn.

7.

Maoirseacht agus bainistiú a dhéanamh ar phunanna tionscadal bonneagair, athbhreithniú a dhéanamh ar dhoiciméid tionscadal.

8.

Straitéis, ailtireacht agus oibríochtaí ríomhaireachta ardfheidhmíochta (RAF) (raon feidhme bonneagair):

(a)

Rannchuidiú le straitéisí agus treochláir le haghaidh seirbhísí RAF (acmhainneacht, inbhuanaitheacht/fuinneamh, saolré);

(b)

Ailtireacht agus comhtháthú chruacha RAF a chomhordú le seirbhísí fiontair agus sreafaí oibre hibrideacha a bhaineann le RAF;

(c)

Tacú le sonraíochtaí teicniúla agus critéir inghlacthachta a shainiú le haghaidh comhpháirteanna agus seirbhísí RAF, i gcomhréir le bainistiú seirbhíse agus PTFnna atá ann cheana;

(d)

Rialuithe riosca, leanúnachais gnó agus slándála faisnéise a chinntiú le haghaidh chomhpháirteanna RAF, i gcomhréir le beartais institiúideacha;

(e)

Seisiúin faisnéise agus tuarascálacha a ullmhú le haghaidh cinnteoirí agus idirchaidreamh a dhéanamh le páirtithe leasmhara agus le fóraim chomhordúcháin/chaighdeánúcháin.

9.

Meastóireacht agus comhtháthú teicneolaíochtaí candamacha (raon feidhme an bhonneagair):

(a)

Rannchuidiú le straitéisí agus treochláir chun acmhainní ríomhaireachta candamaí/ionsamhlúcháin a mheas agus a úsáid ar bhonn píolótach i gcomhar le timpeallachtaí RAF;

(b)

Tacú le hullmhacht bonneagair don chumarsáid chandamach agus don aistriú atá sábháilte ó thaobh an chandaim de (e.g. pleanáil maidir le criptealúfaireacht, tosaíocht a thabhairt do shócmhainní, bailíochtú píolótach), i gcomhréir le creataí slándála inmheánaí;

(c)

Rannchuidiú le treoirthionscadail/binsí tástála lena mbaineann brath agus méadreolaíocht chandamach i gcás inarb ábhartha do sheirbhísí bonneagair, cuir i gcás gnéithe comhtháthaithe sonraí;

(d)

Rannchuidiú le prionsabail ailtireachta agus caighdeáin theicniúla chun comhpháirteanna candamacha a chomhtháthú le bonneagair lárionaid sonraí, RAF agus líonra; idirchaidreamh a dhéanamh le páirtithe leasmhara agus comhlachtaí caighdeán AE/náisiúnta.

10.

Maoirseacht a dhéanamh ar fhoirne gairmithe TF agus conraitheoirí seachtracha. Monatóireacht a dhéanamh ar an bhfeidhmíocht chun comhlíonadh oibleagáidí conarthacha agus comhaontuithe ar leibhéal seirbhíse (SLAnna) a chinntiú.

Réimse 2 – Bainistiú tionscadal TFC

Léiríonn na dualgais a bhfuil achoimre orthu thíos den chuid is mó na dualgais sin a bhaineann de ghnáth le róil a bhaineann leis an réimse ar leith i gcomhthéacsanna príobháideacha agus poiblí araon.

1.

Tionscadail, cláir agus punanna TFC a bhainistiú, tacú leo agus monatóireacht a dhéanamh orthu le linn a saolré ar fad, mar shampla acmhainní airgeadais agus daonna a leithdháileadh, monatóireacht a dhéanamh ar raon feidhme agus rioscaí, bainistiú athruithe agus tuairisciú a dhéanamh.

2.

Anailísiú gnó agus/nó teicniúil, moltaí a dhéanamh, dearadh, costais a mheas, acmhainní agus réitigh riachtanacha a shainaithint agus a fháil, gníomhaíochtaí a sceidealú, obair iardain a dhéanamh ar an gcur chun feidhme, bainistiú athruithe agus tuairisciú a dhéanamh.

3.

Monatóireacht a dhéanamh ar chostais, amlínte, acmhainní, táirgí insoláthartha, agus rioscaí, i gcomhréir leis na caighdeáin agus na beartais cháilíochta agus slándála.

4.

A bheith rannpháirteach i gcomhordú/stiúradh foirne atá i gceannas ar ghníomhaíochtaí tionscadail nó ar sholáthar réiteach agus/nó seirbhísí TFC.

5.

An caidreamh leis na páirtithe leasmhara inmheánacha agus seachtracha uile a bhainistiú, cuir i gcás custaiméirí agus foirne teicniúla.

6.

Gníomhú mar idirghabhálaí idir réimsí gnó agus teicniúla, dúshláin chasta a bhriseadh síos ina gcéimeanna inghníomhaithe lena spreagtar réiteach agus/nó soláthar seirbhíse.

7.

Tionscnaimh chothrománacha TFC a chomhordú agus/nó a bhainistiú.

8.

A fhíorú go mbaineann an tionscadal, an clár nó na gníomhaíochtaí punainne a gcuspóirí amach agus go mbaineann siad amach na tairbhí a bhfuil coinne leo.

9.

Creataí bainistíochta tionscadal TFC a shainiú, a dhréachtú agus a chur chun feidhme.

10.

Seirbhísí dearbhaithe cáilíochta a bhainistiú, e.g. gníomhaíochtaí tástála a phleanáil, a fhorbairt agus a chomhordú, riosca a mhaolú, feidhmiúlacht, inúsáidteacht, slándáil, soghluaisteacht, feidhmíocht agus tástáil eirgeanamaíochta a bhailíochtú.

11.

Bainistiú a dhéanamh ar chonarthaí a bhaineann le bainistiú tionscadal, clár agus/nó punainne agus/nó seirbhísí sa réimse TFC.

Réimse 3 – Néalta agus líonraí

Léiríonn na dualgais a leagtar amach thíos, arna ngrúpáil i gcatagóirí 1 go 4, den chuid is mó na dualgais sin a bhaineann de ghnáth le róil a bhaineann le réimse na néalta agus na líonraí i gcomhthéacsanna príobháideacha agus poiblí araon.

1.

A bheith freagrach as dearadh, comhtháthú, cur chun feidhme, oibriú agus bainistiú réiteach/seirbhísí i réimse an bhonneagair líonra fiontar TFC agus an néil príobháidigh nó phoiblí, agus béim á leagan ar an méid seo a leanas:

(a)

Seirbhísí líonra agus teileachumarsáide: réitigh chianrochtana, rochtain idirlín, cumarsáid ghutha/sonraí (VoIP, móibíleach), seirbhísí físchomhdhála (slána), seirbhísí sruthaithe closamhairc, líonraí achair logánta (Wi-Fi, LAN cáblaithe), líonraí príobháideacha fíorúla (VPNanna), líonraí bogearraí-shainithe, cothromóirí lóid, córas ainmneacha fearainn (DNS), Prótacal Óstchumraíochta Dinimiciúla (DHCP) agus seirbhísí bainistithe seoltaí IP, nascacht i measc na n-institiúidí agus idir institiúidí agus soláthraithe seirbhíse (néal san áireamh).

(b)

Fearais líonra agus réitigh teicneolaíochta le haghaidh seirbhísí slándála – Ailtireacht iontaoibhe nialasaí, réitigh fíordheimhniúcháin, ballaí dóiteáin, seachfhreastalaithe droim ar ais/ar aghaidh agus réitigh balla dóiteáin feidhmchlár gréasáin [WAF], monatóireacht, brath, agus teicneolaíochtaí freagartha ar theagmhais (Bainistíocht Faisnéise Slándála agus Teagmhas Slándála [SIEM]), Eagrú Slándála, Uathoibriú agus Freagairt [SOAR], Brath agus Freagairt Leathnaithe [XDR] – agus a n-ailíniú le bainistiú leochaileachta agus le beartais chibearshlándála agus leanúnachais gnó.

(c)

Teicneolaíochtaí agus seirbhísí néalríomhaireachta: réitigh néaldúchasacha, Infreastruchtúr mar Sheirbhís (IaaS), Ardán mar Sheirbhís (PaaS), Bogearraí mar Sheirbhís (SaaS), néal hibrideach (néal príobháideach agus poiblí a chomhtháthú), criosanna tuirlingthe, líonrú néil (Líonra Fíorúil [VNET], Néal Príobháideach Fíorúil [VPC], críochphointí príobháideacha, piaráil), Bainistiú Céannachta agus Rochtana (IAM), Forbairt, Slándáil, agus Oibríochtaí ([DevSecOps]; ina measc sin comhtháthú leanúnach, píblínte seachadta agus imscaradh, bonneagar mar chód, coimeádánú), bainistiú costais (Oibríochtaí Néal-Airgeadais [FinOps]).

2.

Rannchuidiú le pleanáil straitéiseach, ailtireacht agus rialachas, go háirithe:

(a)

Straitéisí a fhorbairt chun feabhas leanúnach a chur ar sheirbhísí líonra agus néil agus chun iad a fhorbairt, ar straitéisí iad atá ailínithe le spriocanna institiúideacha agus le héabhlóid an mhargaidh/na teicneolaíochta.

(b)

A bheith i gceannas ar sholáthraithe néalseirbhíse agus seirbhíse líonra agus teicneolaíochtaí néalseirbhíse agus seirbhíse líonra a mheas agus a roghnú.

(c)

Creataí ailtireachta, treoirlínte, beartais agus caighdeáin theicniúla, agus dea-chleachtais le haghaidh córais líonra agus néalchóras a shainiú.

(d)

Doiciméadacht theicniúil chuimsitheach a choinneáil ar bun, léaráidí ailtireachta agus nósanna imeachta oibríochtúla san áireamh.

(e)

Monatóireacht leanúnach a dhéanamh ar theicneolaíochtaí atá ag teacht chun cinn agus ar threochtaí tionscail, cruthúnais choincheapa a thionscnamh agus a chomhordú chun réitigh nuálacha a thástáil, agus torthaí a dhoiciméadú le moltaí maidir le comhtháthú féideartha in ailtireachtaí líonra agus néil.

3.

Oibriú, monatóireacht agus comhlíonadh seirbhíse a chinntiú, go háirithe:

(a)

Maoirseacht a dhéanamh ar fhoirne gairmithe TFC agus conraitheoirí seachtracha. Monatóireacht a dhéanamh ar fhorghníomhú conartha na soláthraithe seirbhísí agus ar chomhaontuithe gaolmhara ar leibhéal na seirbhíse.

(b)

Monatóireacht a dhéanamh ar fheidhmíocht agus infhaighteacht an chórais agus iad sin a ráthú; comhordú a dhéanamh ar réiteach saincheisteanna casta.

(c)

Bearta leanúnachais gnó agus cibearshlándála a chur chun feidhme agus monatóireacht a dhéanamh orthu le haghaidh comhpháirteanna líonra nó néil (mar shampla Bainistíocht Céannachta agus Rochtana, criptiú, deighilt líonra).

(d)

Monatóireacht agus barrfheabhsú a dhéanamh ar úsáid seirbhíse agus ar acmhainneacht lena gcinntítear úsáid chostéifeachtach acmhainní (mar shampla, monatóireacht ar néalchostas, glacadh/anailísíocht seirbhíse, anailís ar acmhainneacht, bandaleithead).

(e)

Tuarascálacha agus deaiseanna rialta a chur ar fáil don bhainistíocht agus do pháirtithe leasmhara.

(f)

Comhlíonadh na rialachán is infheidhme agus na mbeartas slándála inmheánaí a chinntiú.

(g)

Measúnuithe rialta riosca nó leochaileachta, iniúchtaí slándála a dhéanamh agus gníomhaíochtaí maolaithe a chomhordú.

4.

Páirtithe leasmhara a bhainistiú i réimse na ‘néalta agus na líonraí’, ina measc sin:

(a)

Idirchaidreamh a dhéanamh le ranna inmheánacha, le hinstitiúidí eile agus/nó le hionadaithe na mBallstát agus le soláthraithe seirbhíse seachtracha.

(b)

Sainchomhairle agus tacaíocht theicniúil a chur ar fáil do chinnteoirí.

(c)

Seisiúin faisnéise, tuarascálacha agus cuir i láthair a ullmhú le moltaí nó tograí.

Réimse 4 – Eolaíocht sonraí

Léiríonn na dualgais a leagtar amach thíos, arna ngrúpáil i gcatagóirí 1 go 8, den chuid is mó na dualgais sin a bhaineann de ghnáth le róil i réimse na heolaíochta sonraí i gcomhthéacsanna príobháideacha agus poiblí araon.

1.   Innealtóireacht sonraí

(a)

Anailís, dearadh teicniúil agus bainistiú éiceachóras sonraí, ailtireachtaí ríomhaireachta dáilte.

(b)

Próisis ETL/ELT (Asbhaint, Claochlú agus Lódáil), creataí eagrúcháin sonraí, agus píblínte sonraí inscálaithe atá in ann tacair sonraí ar scála peitibheart a phróiseáil ó fhoinsí ilchineálacha a chur chun feidhme, ina measc sin formáidí sonraí struchtúrtha, leathstruchtúrtha agus neamhstruchtúrtha.

2.   Samhaltú staidrimh ardleibhéil agus anailís chainníochtúil

(a)

Samhlacha staitistiúla, teicnící eacnaiméadracha, réamhaisnéis amshraitheanna, agus ardmhodhanna cainníochtúla chun anailís a dhéanamh ar shonraí a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm.

(b)

Píblínte innealtóireachta gnéithe, algartaim braite asluitigh, modheolaíochtaí srathaithe samplacha, agus ionsamhlúcháin Monte Carlo a chur chun feidhme le haghaidh infeireas staitistiúil agus bailíochtú samhla.

3.   Ailtireacht sonraí agus comhtháthú teicneolaíochtaí séimeantacha

(a)

Ailtireachtaí sonraí ar scála fiontair a dhearadh agus a chur chun feidhme agus úsáid á baint as teicneolaíochtaí séimeantacha, graif eolais, ointeolaíochtaí agus creataí sonraí oscailte nasctha.

(b)

Caighdeáin meiteashonraí, teasárais ilteangacha agus córais uathoibrithe giniúna tacsanomaíochta a fhorbairt trí úsáid a bhaint as bunachair sonraí graif, teicneolaíochtaí an Chreata um Chur Síos ar Acmhainní (RDF), agus innill réasúnaíochta shéimeantacha.

4.   Ríomhaireacht ardfheidhmíochta agus barrfheabhsú

(a)

Réitigh ríomhaireachta ardfheidhmíochta a chur chun feidhme le haghaidh cúraimí próiseála sonraí atá dian ar ríomhaireacht.

(b)

Braislí ríomhaireachta dáilte a dhearadh agus a imscaradh, an tAonad Próiseála Grafaicí (GPU) – anailísíocht luathaithe, algartaim phróiseála chomhthreomhara, agus teicnící optamaithe le haghaidh samhaltú matamaiticiúil agus ualaí oibre ionsamhlúcháin ar mhórscála.

5.   Ard-chomhtháthú sonraí agus forbairt Comhéadain Feidhmchláir (API)

(a)

Réitigh chomhtháthaithe sonraí, ailtireachtaí micrisheirbhísí agus APInna a thógáil le haghaidh malartú rianúil sonraí ar fud córais dháilte.

(b)

Sraitheanna fíorúlaithe sonraí, sásraí sioncrónaithe sonraí fíor-ama, agus córais uathoibrithe monatóireachta ar cháilíocht sonraí a bhfuil ardchumais braite aimhrialtachtaí acu a chur chun feidhme.

6.   Oibríochtaí Meaisínfhoghlama agus uathoibriú

(a)

Píblínte meaisínfhoghlama uathoibrithe a choincheapú, a fhorbairt agus maoirseacht theicniúil a dhéanamh orthu trí úsáid a bhaint as creataí úrscothacha agus seirbhísí intleachta saorga néaldúchasacha.

(b)

Píblínte oibríochtaí meaisínfhoghlama ó cheann go ceann a dhearadh agus a chur chun feidhme, cuir i gcás leagan samhlacha, oiliúint uathoibrithe, optamú hipearparaiméadair, creataí tástála A/B, agus straitéisí chun táirgeadh a imscaradh.

(c)

Réitigh mheaisínfhoghlama i gcoimeádán a fhorbairt, córais comhtháthaithe leanúnaigh/imscartha leanúnaigh (CI/CD), agus sásraí uathoibrithe monatóireachta agus athoiliúna ar fheidhmíocht samhla.

7.   Anailísíocht agus teicneolaíochtaí léirshamhlaithe a chur i bhfeidhm

(a)

Ardchreataí anailíseacha a fhorbairt ina n-úsáidtear teicneolaíochtaí atá ag teacht chun cinn ar nós anailísíocht sruthaithe bhreisithe nó fíor-ama, giniúint léargais uathoibrithe, agus uirlisí idirghníomhacha taiscéalaíochta sonraí.

(b)

Innill léirshamhlaithe, ailtireachtaí deaise fíor-ama, agus ardáin anailísíochta féinseirbhíse a bhfuil cumais mheaisínfhoghlama leabaithe acu a chur chun feidhme.

(c)

Úsáid uirlisí anailísíochta gnó coiteanna, ar nós Microsoft Power BI, Qlik, agus ardáin léirshamhlaithe agus tuairiscithe sonraí eile, chun léargais ábhartha a anailísiú, a léirshamhlú agus a chur i láthair.

8.   Rialachas sonraí agus cumarsáid

(a)

Eilimintí agus beartais rialachais sonraí a chur chun feidhme, ina measc sin maoirseacht sonraí, úinéireacht sonraí, bainistiú sonraí tagartha, líneáil sonraí, bainistiú meiteashonraí, agus cáilíocht sonraí.

(b)

Comhoibriú le páirtithe leasmhara inmheánacha agus seachtracha chun caighdeáin, cleachtais agus freagrachtaí sonraí a ailíniú.

(c)

Treoraíocht a chur ar fáil, feasacht a chomhroinnt, seisiúin oiliúna a chur ar fáil, agus sainchomhairle a chur ar fáil maidir le gach gné a bhaineann le sonraí.

Deireadh IARSCRÍBHINN II, cliceáil anseo chun filleadh ar an bpríomhthéacs


IARSCRÍBHINN III

SAMPLAÍ D’ÍOSCHÁILÍOCHTAÍ

(Samplaí d’íoscháilíochtaí de réir an Bhallstáit agus de chuid na Ríochta Aontaithe (1) agus de réir an ghráid, a fhreagraíonn, i bprionsabal, do na cinn a iarrtar sna fógraí faoi chomórtas)

Cliceáil anseo má tá leagan soléite de na samplaí ag teastáil uait

 

AST-SC 1 go AST-SC 6

AST 1 go AST 7

AST 3 go AST 11

AD 5 go AD 16

TÍR

Oideachas meánscoile (lenar féidir leanúint ar aghaidh go dtí an t-oideachas iar-mheánscoile)

Oideachas iar-mheánscoile (cúrsa ardoideachais nach cúrsa ollscoile é nó cúrsa gearr ollscoile a mhair 2 bhliain ar a laghad)

Oideachas ar leibhéal ollscoile (a mhair 3 bliana ar a laghad)

Oideachas ar leibhéal ollscoile (4 bliana nó níos mó)

Belgique — België — Belgien

Certificat de l’enseignement secondaire supérieur (CESS)/Diploma secundair onderwijs

Diplôme d'aptitude à accéder à l'enseignement supérieur (DAES)/Getuigschrift van hoger secundair onderwijs

Diplôme d'enseignement professionnel/Getuigschrift van het beroepssecundair onderwijs

Candidature/Kandidaat

Graduat/Gegradueerde

Bachelor/Professioneel gerichte Bachelor

Bachelor académique (180 crédits)

Academisch gerichte Bachelor (180 ECTS)

Licence/Licentiaat

Master

Diplôme d'études approfondies (DEA)

Diplôme d'études spécialisées (DES)

Diplôme d'études supérieures spécialisées (DESS)

Gediplomeerde in de Voortgezette Studies (GVS)

Gediplomeerde in de Gespecialiseerde Studies (GGS)

Gediplomeerde in de Aanvullende Studies (GAS)

Agrégation/Aggregaat

Ingénieur industriel/Industrieel ingenieur

Doctorat/Doctoraal diploma

България

Диплома за завършено средно образование

Специалист по …

 

Диплома за висше образование

Бакалавър

Магистър

Česko

Vysvědčení o maturitní zkoušce

Vysvědčení o absolutoriu (Absolutorium) + diplomovaný specialista (DiS.)

Diplom o ukončení bakalářského studia (Bakalář)

Diplom o ukončení vysokoškolského studia

Magistr

Doktor

Danmark

Bevis for:

Studentereksamen

Højere Forberedelseseksamen (HF)

Højere Handelseksamen (HHX)

Højere Afgangseksamen (HA)

Bac pro: Bevis for Højere Teknisk Eksamen (HTX)

Videregående uddannelser

= Bevis for = Eksamensbevis som (erhvervsakademiuddannelse AK)

Bachelorgrad (BA eller BS)

Professionsbachelorgrad

Diplomingeniør

Kandidatgrad/Candidatus

Master/Magistergrad (mag.art)

Licenciatgrad

ph.d.-grad

Deutschland

Abitur/Zeugnis der allgemeinen Hochschulreife

Fachabitur/Zeugnis der Fachhochschulreife

 

Fachhochschulabschluss

Bachelor

Hochschulabschluss/Fachhochschulabschluss/Master

Magister Artium/Magistra Artium

Staatsexamen/Diplom

Erstes Juristisches Staatsexamen

Doktorgrad

Eesti

Gümnaasiumi lõputunnistus + riigieksamitunnistus

Lõputunnistus kutsekeskhariduse omandamise kohta

Tunnistus keskhariduse baasil kutsekeskhariduse omandamise kohta

Bakalaureusekraad (min 120 ainepunkti)

Bakalaureusekraad (< 160 ainepunkti)

Rakenduskõrghariduse diplom

Bakalaureusekraad (160 ainepunkti)

Magistrikraad

Arstikraad

Hambaarstikraad

Loomaarstikraad

Filosoofiadoktor

Doktorikraad (120–160 ainepunkti)

Éire/Ireland

Ardteistiméireacht, Grád D3, I 5 ábhar/Leaving Certificate Grade D3 in 5 subjects

Gairmchlár na hArdteistiméireachta (GCAT)/Leaving Certificate Vocational Programme (LCVP)

Teastas Náisiúnta/National Certificate

Gnáthchéim bhaitsiléara/Ordinary bachelor degree

Dioplóma náisiúnta (ND, Dip.)/National diploma (ND, Dip.)

Ardteastas (120 ECTS)/Higher Certificate (120 ECTS)

Céim onóracha bhaitsiléara (3 bliana/180 ECTS) (BA, B.Sc, B.Eng)/Honours bachelor degree (3 years/180 ECTS) (BA, B.Sc, B.Eng)

Céim onóracha bhaitsiléara (4 bliana/240 ECTS)/Honours bachelor degree (4 years/240 ECTS)

Céim ollscoile/University degree

Céim mháistir (60-120 ECTS)/Master’s degree (60-120 ECTS)

Dochtúireacht/Doctorate

Ελλάδα

Απολυτήριο Γενικού Λυκείου Απολυτήριο Κλασικού Λυκείου

Απολυτήριο Τεχνικού Επαγγελματικού Λυκείου

Απολυτήριο Ενιαίου Πολυκλαδικού Λυκείου

Απολυτήριο Ενιαίου Λυκείου

Απολυτήριο Τεχνολογικού Επαγγελματικού Εκπαιδευτηρίου

Δίπλωμα επαγγελματικής κατάρτισης (IΕΚ)

 

Πτυχίο ΑΕI (πανεπιστημίου, πολυτεχνείου, ΤΕI)

Μεταπτυχιακό Δίπλωμα Ειδίκευσης (2ος κύκλος)

Διδακτορικό Δίπλωμα (3ος κύκλος)

España

Bachillerato + Curso de Orientación Universitaria (COU)

Bachillerato

BUP

Diploma de Técnico especialista

FP grado superior (Técnico superior)

Diplomado/Ingeniero técnico

Grado (180 ECTS)

Licenciatura

Máster

Ingeniero

Título de Doctor

Grado (al menos 240 ECTS)

France

Baccalauréat

Diplôme d'accès aux études universitaires (DAEU)

Brevet de technicien

Diplôme d'études universitaires générales (DEUG)

Brevet de technicien supérieur (BTS)

Diplôme universitaire de technologie (DUT)

Diplôme d'études universitaires scientifiques et techniques (DEUST)

Licence

Maîtrise

Maîtrise des sciences et techniques (MST), maîtrise des sciences de gestion (MSG), diplôme d'études supérieures techniques (DEST), diplôme de recherche technologique (DRT), diplôme d'études supérieures spécialisées (DESS), diplôme d'études approfondies (DEA), master 1, master 2 professionnel, master 2 recherche

Diplôme des grandes écoles

Diplôme d'ingénieur

Doctorat

Hrvatska

Svjedodžba o državnoj maturi

Svjedodžba o završnom ispitu

Stručni pristupnik/pristupnica

Baccalaureus/Baccalaurea (sveučilišni prvostupnik/prvostupnica)

Baccalaureus/Baccalaurea (sveučilišni prvostupnik/prvostupnica)

Stručni specijalist

Magistar struke

Magistar inženjer/magistrica inženjerka (mag. ing)

Doktor struke

Doktor umjetnosti

Italia

Diploma di maturità (vecchio ordinamento)

Perito ragioniere

Diploma di superamento dell’esame di Stato conclusivo dei corsi di studio di istruzione secondaria superiore

Diploma universitario (DU)

Certificato di specializzazione tecnica superiore

Attestato di competenza (4 semestri)

Diploma di laurea – L (breve)

Diploma di laurea (DL)

Laurea specialistica (LS)

Master di I livello

Dottorato di ricerca (DR)

Κύπρος

Απολυτήριο

Δίπλωμα = Programmes offered by Public/Private Schools of Higher Education (for the latter accreditation is compulsory)

Higher Diploma

 

Πανεπιστημιακό Πτυχίο/Bachelor

Master

Doctorat

Latvija

Atestāts par vispārējo vidējo izglītību

Diploms par profesionālo vidējo izglītību

Diploms par pirmā līmeņa profesionālo augstāko izglītību

Bakalaura diploms (min. 120 kredītpunktu)

Bakalaura diploms (160 kredītpunktu)

Profesionālā bakalaura diploms

Maģistra diploms

Profesionālā maģistra diploms

Doktora grāds

Lietuva

Brandos atestatas

Aukštojo mokslo diplomas

Aukštesniojo mokslo diplomas

Profesinio bakalauro diplomas

Aukštojo mokslo diplomas

Aukštojo mokslo diplomas

Bakalauro diplomas

Magistro diplomas

Daktaro diplomas

Meno licenciato diplomas

Luxembourg

Diplôme de fin d’études secondaires et techniques

BTS

Brevet de maîtrise

Brevet de technicien supérieur

Diplôme de premier cycle universitaire (DPCU)

Diplôme universitaire de technologie (DUT)

Bachelor

Diplôme d'ingénieur technicien

Master

Diplôme d'ingénieur industriel

DESS en droit européen

Magyarország

Gimnáziumi érettségi bizonyítvány

Szakközépiskolai érettségi-képesítő bizonyítvány

Felsőfokú szakképesítést igazoló bizonyítvány (Higher Vocational Programme)

Főiskolai oklevél

Alapfokozat (Bachelor degree 180 credits)

Egyetemi oklevél

Alapfokozat (Bachelor degree 240 credits)

Mesterfokozat (Master degree) (Osztatlan mesterképzés)

Doktori fokozat

Malta

Advanced Matriculation or GCE Advanced level in 3 subjects (2 of them grade C or higher)

Matriculation certificate (2 subjects at Advanced level and 4 at Intermediate level including Systems of Knowledge with overall grade A-C) + Passes in the Secondary Education Certificate examination at Grade 5

2 A Levels (passes A-C) + a number of subjects at Ordinary level, or equivalent

MCAST diplomas/certificates

Higher National Diploma

Bachelor’s degree

Bachelor’s degree

Master of Arts

Doctorate

Nederland

Diploma VWO

Diploma staatsexamen (2 diploma's)

Diploma staatsexamen voorbereidend wetenschappelijk onderwijs (Diploma staatsexamen VWO)

Diploma staatsexamen hoger algemeen voortgezet onderwijs (Diploma staatsexamen HAVO)

Kandidaatsexamen

Associate degree (AD)

Bachelor (WO)

HBO bachelor degree

Baccalaureus of ‘Ingenieur’

HBO/WO Master's degree

Doctoraal examen/Doctoraat

Österreich

Matura/Reifeprüfung

Reife- und Diplomprüfung

Berufsreifeprüfung

Kollegdiplom/Akademiediplom

Fachhochschuldiplom/Bakkalaureus/Bakkalaurea

Universitätsdiplom

Fachhochschuldiplom

Magister/Magistra

Master

Diplomprüfung, Diplom-Ingenieur

Magisterprüfungszeugnis Rigorosenzeugnis

Doktortitel

Polska

Świadectwo dojrzałości

Świadectwo ukończenia liceum ogólnokształcącego

Dyplom ukończenia kolegium nauczycielskiego

Świadectwo ukończenia szkoły policealnej

Licencjat/Inżynier

Magister/Magister inżynier

Dyplom doktora

Portugal

Diploma de Ensino Secundário

Certificado de Habilitações do Ensino Secundário

 

Bacharel Licenciado

Licenciado

Mestre

Doutorado

România

Diplomă de bacalaureat

Diplomă de absolvire (colegiu universitar)

Învățământ preuniversitar

Diplomă de licenţă

Diplomă de licenţă

Diplomă de inginer

Diplomă de urbanist

Diplomă de master

Certificat de atestare (studii academice postuniversitare)

Diplomă de doctor

Slovenija

Maturitetno spričevalo (spričevalo o poklicni maturi) (spričevalo o zaključnem izpitu)

Diploma višje strokovne šole

Diploma o pridobljeni visoki strokovni izobrazbi

Univerzitetna diploma

Magisterij

Specializacija

Doktorat

Slovensko

Vysvedčenie o maturitnej skúške

Absolventský diplom

Diplom o ukončení bakalárskeho štúdia (Bakalár)

Diplom o ukončení vysokoškolského štúdia

Bakalár (Bc.)

Magister

Magister/Inžinier

ArtD.

Suomi/Finland

Ylioppilastutkinto tai peruskoulu + kolmen vuoden ammatillinen koulutus – Studentexamen eller grundskola + treårig yrkesinriktad utbildning

Todistus yhdistelmäopinnoista (Betyg över kombinationsstudier)

Ammatillinen opistoasteen tutkinto – Yrkesexamen på institutnivå

Kandidaatin tutkinto – Kandidatexamen/Ammattikorkeakoulututkinto – Yrkeshögskoleexamen (min. 120 opintoviikkoa – studieveckor)

Maisterin tutkinto – Magisterexamen/Ammattikorkeakoulututkinto – Yrkeshögskoleexamen (min. 160 opintoviikkoa – studieveckor)

Tohtorin tutkinto (Doktorsexamen) joko 4 vuotta tai 2 vuotta lisensiaatin tutkinnon jälkeen – antingen 4 år eller 2 år efter licentiatexamen

Lisensiaatti/Licentiat

Sverige

Slutbetyg från gymnasieskolan (3-årig gymnasial utbildning)

Högskoleexamen (80 poäng)

Högskoleexamen, 2 år, 120 högskolepoäng

Yrkeshögskoleexamen/Kvalificerad yrkeshögskoleexamen, 1–3 år

Kandidatexamen (akademisk examen omfattande minst 120 poäng, varav 60 poäng fördjupade studier i ett ämne + uppsats motsvarande 10 poäng)

Meriter på grundnivå: Kandidatexamen, 3 år, 180 högskolepoäng (Bachelor)

Magisterexamen (akademisk examen omfattande minst 160 poäng, varav 80 poäng fördjupade studier i ett ämne + uppsats motsvarande 20 poäng eller två uppsatser motsvarande 10 poäng vardera)

Licentiatexamen

Doktorsexamen

Meriter på avancerad nivå:

Magisterexamen, 1 år, 60 högskolepoäng

Masterexamen, 2 år, 120 högskolepoäng

Meriter på forskarnivå:

Licentiatexamen, 2 år, 120 högskolepoäng

Doktorsexamen, 4 år, 240 högskolepoäng

United Kingdom

General Certificate of Education Advanced level — 2 passes or equivalent (grades A to E)

BTEC National Diploma

General National Vocational Qualification (GNVQ), advanced level

Advanced Vocational Certificate of Education, A level (VCE A level)

Higher National Diploma/Certificate (BTEC)/SCOTVEC

Diploma of Higher Education (DipHE)

National Vocational Qualifications (NVQ)

Scottish Vocational Qualifications (SVQ) level 4

(Honours) Bachelor degree

NB: Master’s degree in Scotland

Honours Bachelor degree

Master’s degree (MA, MB, MEng, MPhil, MSc)

Doctorate

NOTE:

UK diplomas awarded in 2020 (until 31 December 2020) are accepted without an equivalence. UK diplomas awarded as from 1 January 2021 must be accompanied by an equivalence issued by a competent authority of an EU Member State.

Deireadh IARSCRÍBHINN III, cliceáil anseo chun filleadh ar an bpríomhthéacs


(1)  Tá feidhm aige maidir le cáilíochtaí a bronnadh faoin 31 Nollaig 2020.


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/2425/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)