European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2026/2413

22.4.2026

Fógra le haghaidh na ndaoine agus na n-eintiteas atá faoi réir na mbeart sriantach dá bhforáiltear i gCinneadh (CBES) 2023/891 ón gComhairle, arna leasú le Cinneadh (CBES) 2026/897 ón gComhairle, agus i Rialachán (AE) 2023/888 ón gComhairle, arna chur chun feidhme le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2026/898 ón gComhairle, a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise gníomhaíochtaí lena ndéantar Poblacht na Moldóive a dhíchobhsú

(C/2026/2413)

Dírítear aird na ndaoine agus na n-eintiteas atá faoi réir na mbeart sriantach dá bhforáiltear i gCinneadh (CBES) 2023/891 ón gComhairle (1) a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise gníomhaíochtaí lena ndéantar Poblacht na Moldóive a dhíchobhsú, arna leasú le Cinneadh (CBES) 2026/897 ón gComhairle (2), agus i Rialachán (AE) 2023/888 ón gComhairle (3) a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise gníomhaíochtaí lena ndéantar Poblacht na Moldóive a dhíchobhsú, arna chur chun feidhme le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2026/898 ón gComhairle (4), ar an bhfaisnéis seo a leanas.

Tar éis di athbhreithniú a dhéanamh ar liosta na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí atá faoi réir na mbeart sriantach a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2023/891, agus in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2023/888, chinn Comhairle an Aontais Eorpaigh gur cheart feidhm a bheith ag na bearta sriantacha dá bhforáiltear i gCinneadh (CBES) 2023/891 agus i Rialachán (AE) 2023/888 i gcónaí maidir leis na daoine agus leis na heintitis sin.

Cuirtear in iúl do na daoine agus do na heintitis sin gur féidir iarratas a dhéanamh chuig údaráis inniúla an Bhallstáit ábhartha nó na mBallstát ábhartha mar a léirítear ar na suíomhanna gréasáin a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2023/888, chun údarú a fháil le cistí reoite a úsáid chun freastal ar riachtanais bhunúsacha nó chun íocaíochtaí sonracha a dhéanamh (cf. Airteagal 3 den Rialachán).

Féadfaidh na daoine agus na heintitis lena mbaineann iarraidh ar athbhreithniú ar an gcinneadh iad a áireamh ar an liosta thuasluaite, mar aon le doiciméadacht tacaíochta, a chur faoi bhráid na Comhairle, roimh an  3 Samhain 2026 ag an seoladh seo a leanas:

Comhairle an Aontais Eorpaigh

An Ardrúnaíocht

RELEX.1

Rue de la Loi/Wetstraat 175

1048 Bruxelles/Brussel

BELGIQUE/BELGIË

ríomhphost: sanctions@consilium.europa.eu

Cuirtear in iúl do na daoine agus do na heintiteas lena mbaineann freisin gur féidir an cinneadh ón gComhairle a chonspóid os comhair Chúirt Ghinearálta an Aontais Eorpaigh, i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos sa dara mír d’Airteagal 275, agus sa cheathrú agus sa séú mír d’Airteagal 263, den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.


(1)   IO L 114, 2.5.2023, lch. 15.

(2)   IO L, 2026/897, 22.4.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/897/oj.

(3)   IO L 114, 2.5.2023, lch. 1.

(4)   IO L, 2026/898, 22.4.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2026/898/oj.


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/2413/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)