|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2026/2320 |
17.4.2026 |
Fógraí faoi Airteagal 42 de Rialachán (AE) 2016/399 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear Cód an Aontais maidir leis na rialacha lena rialaítear gluaiseacht daoine thar theorainneacha (Cód Teorainneacha Schengen)
Pionóis, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, i gcás trasnú neamhúdaraithe teorainneacha seachtracha ag áiteanna seachas ag pointí trasnaithe teorann nó ag amanna seachas na hamanna oscailte seasta — Airteagal 5(3)
(C/2026/2320)
AN CHRÓIT
Leagtar síos in Airteagal 42 den Acht um Rialú Teorann Stáit (Iris Oifigiúil Uimh. 83/13, 27/16, 114/22, 151/22) go bhforchuirfear príosúnacht 30 lá nó fíneáil idir EUR 260.00 agus EUR 1 320,00 ar dhuine nádúrtha as cion oilghnímh más rud é:
|
(1) |
go ndéanann sé an teorainn sheachtrach a thrasnú nó iarracht an teorainn sheachtrach a thrasnú ag áiteanna seachas ag pointí trasnaithe teorann, nó go ndéanann sé pointe trasnaithe teorann a thrasnú nó iarracht é a thrasnú lasmuigh d’uaireanta oibre an phointe trasnaithe teorann, |
|
(2) |
nach dtéann sé faoi sheiceálacha teorann nó má fhágann sé limistéar pointe trasnaithe teorann sula gcuirtear na seiceálacha teorann i gcrích. |
Leagtar síos an méid seo a leanas in Airteagal 249 (8) den Acht um Eachtrannaigh (Iris Oifigiúil, Uimh. 133/20, 114/22, 151/22, 40/25): ‘(8) Duine nádúrtha a chabhraíonn le náisiúnach tríú tír nó a dhéanann iarracht cabhrú leis le trasnú neamhdhleathach teorann, idirthuras neamhdhleathach agus fanacht neamhdhleathach i bPoblacht na Cróite, déanfar é a phionósú le príosúnacht ar feadh tréimhse suas le 60 lá nó gearrfar fíneáil EUR 3 000,00 air as gach náisiúnach tríú tír ar chabhraigh sé leis’, agus i mír 9 leagtar síos an méid seo a leanas: ‘(9) Forchuirfear coigistiú éigeantach ábhar agus modhanna iompair i gcás cionta oilghnímh dá dtagraítear i mír 8 den Airteagal seo más é úinéir an mhodha iompair an duine a chabhraigh leis an náisiúnach tríú tír, nó a rinne iarracht cabhrú leis’.
Liosta na bhfoilseachán a foilsíodh roimhe seo
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/2320/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)