European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2026/2226

27.4.2026

Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 11 Márta 2026 – Mostostal v EUIPO – Mostostal Siedlce (MOSTOSTAL)

(Cás T-663/24)  (1)

(Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh - Imeachtaí maidir le cúlghairm - Focalmharc de chuid an Aontais Eorpaigh MOSTOSTAL - Easpa fíorúsáíde an trádmhairc - Easpa cúiseanna cuí le neamhúsáid - Airteagal 51(1)(a) de Rialachán (CE) Uimh. 207/2009)

(C/2026/2226)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: Mostostal S.A. (Vársá, an Pholainn) (ionadaithe: C. Saettel agus K. Krawczyk, Dlíodóirí)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (ionadaithe: J. Ivanauskas agus V. Ružek, Gníomhairí)

Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc de EUIPO, ag idiragairt os comhair na Cúirte Ginearálta: Mostostal Siedlce sp. z o.o. (Siedlce, an Pholainn) (ionadaithe: K. Veranneman agus E. de Dampierre, Dlíodóirí)

Ábhar

Lena chaingean de bhun Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go gcuirfí an cinneadh ón gCéad Bhord Achomhairc d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 8 Deireadh Fómhair 2024 (Cás R 2453/2019-1) ar neamhní.

An chuid oibríochtúil

1.

Diúltaítear don chaingean.

2.

Ordaítear do Mostostal S.A. na costais a íoc.


(1)   JO C, C/2025/1236, 3.3.2025.


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/2226/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)