European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2026/2209

27.4.2026

Iarraidh ar réamhrialú ó Rechtbank Den Haag, zittingsplaats Roermond (an Ísiltír) a taisceadh an 27 Eanáir 2026 – NA v Minister van Asiel en Migratie

(Cás C-32/26, Lodring  (1) )

(C/2026/2209)

Teanga an cháis: an Ollainnis

An chúirt a rinne an tarchur

Rechtbank Den Haag, zittingsplaats Roermond

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: NA

Cosantóir: Minister van Asiel en Migratie

An cheist a tharchuirtear:

An bhfuil Airteagal 5 de Threoir 2008/115/CE (2), arna léamh i gcomhar le hAirteagail 1 agus 4 agus Airteagal 19(2) den Chairt um Chearta Bunúsacha, le léiriú sa chaoi go gceanglaítear le hAirteagal 5 den Treoir sin ar na húdaráis, sula n-eisítear cinneadh um fhilleadh maidir le náisiúnach eachtrach atá go dona tinn, a chinntiú an mbeidh an chóireáil leighis is gá chun cás dá dtagraítear in Airteagal 4 den Chairt a chosc inrochtana don náisiúnach eachtrach atá go dona tinn sa tríú tír lena mbaineann an oibleagáid um fhilleadh?


(1)  Is ainm bréige é ainm an cháis seo. Ní fhreagraíonn sé d’fhíorainm aon pháirtí sna himeachtaí.

(2)  Treoir 2008/115/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le caighdeáin choiteanna agus nósanna imeachta coiteanna sna Ballstáit i ndáil le náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach a fhilleadh (IO 2008 L 348, lch. 98).


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/2209/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)