|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2026/2198 |
27.4.2026 |
Iarraidh ar réamhrialú ón Tribunal Central Administrativo Norte (an Phortaingéil) a taisceadh an 6 Deireadh Fómhair 2025 – SR v Administração Central do Sistema de Saúde, I.P., Escala Braga – Soc. Gestora do Estabelecimento do Hospital de Braga, S.A.
(Cás C-704/25, Administração Central do Sistema de Saúde)
(C/2026/2198)
Teanga an cháis: an Phortaingéilis
An chúirt a rinne an tarchur
Tribunal Central Administrativo Norte
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir agus achomharcóir: SR
Cosantóir agus freagróir: Administração Central do Sistema de Saúde, I.P.
Páirti leasmhar: Escala Braga — Soc. Gestora do Estabelecimento do Hospital de Braga, S.A.
Na ceisteanna a tharchuirtear
|
1) |
An bhfuil feidhm ag an gcoincheap ‘gnóthais, gnólachtaí nó codanna de ghnóthais nó de ghnólachtaí’, bíodh siad poiblí nó príobháideach, atá i mbun gníomhaíochta eacnamaíche, cibé acu le haghaidh brabúis nó ar bhonn neamhbhrabúsach, maidir le hospidéal poiblí ar nós Hospital de São Marcos? |
|
2) |
Má tá freagra dearfach ar an gceist sin, an gceadaítear le hAirteagal 1(1)(a) agus (c) agus le hAirteagal 3(1) de [Threoir 2001/23/CE (1) ón gComhairle an 12 Márta 2001 maidir le comhfhogasú a dhéanamh ar dhlíthe na mBallstát a bhaineann le cearta fostaithe a choimirciú i gcás aistriú gnóthas, gnólachtaí nó codanna de ghnóthais nó de ghnólachtaí], trí bhíthin conradh arna dhéanamh idir aistreoir agus aistrí, aistriú chearta gníomhacha na gcaidreamh fostaíochta ón aistreoir chuig an aistrí a eisiamh? |
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/2198/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)