European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2026/2194

27.4.2026

Ordú na Cúirte Breithiúnais (an tOchtú Dlísheomra) an 25 Feabhra 2026 (iarraidh ar réamhrialú ó Krajský súd v Trnave – an tSlóvaic) – Bytové družstvo so sídlom v Trnave v Prima banka Slovensko, a.s.

(Cás C-168/25  (1) , Bytové družstvo)

(Tarchur chun réamhrialú - Airteagal 99 de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte - Cosaint Tomhaltóirí - Téarmaí éagóracha i gconarthaí tomhaltóirí - Treoir 93/13 - Airteagal 2(b) - Coincheap ‘tomhaltóir’ - Duine dlítheanach a bhainistíonn foirgneamh a rinne comhaontú creidmheasa thar ceann na gcomhúinéirí - Neamháireamh)

(C/2026/2194)

Teanga an cháis: an tSlóvaicis

An chúirt a rinne an tarchur

Krajský súd v Trnave

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: Bytové družstvo so sídlom v Trnave

Cosantóir: Prima banka Slovensko, a.s.

An chuid oibríochtúil

Maidir le hAirteagal 2(b) de Threoir 93/13/CEE ón gComhairle an 5 Aibreán 1993 maidir le téarmaí éagóracha i gconarthaí tomhaltóra,

ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

ní áiritear leis an gcoincheap ‘tomhaltóir’ duine nádúrtha a ndéantar ionadaíocht air, agus conradh á dhéanamh aige le díoltóir de réir bhrí Airteagal 2(c) den Treoir sin, ag duine dlítheanach atá ag gníomhú i gcúrsa trádála.


(1)  Dáta an taiscthe: 28.02.2025.


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/2194/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)