European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2026/2171

6.5.2026

P10_TA(2025)0324

Ceanglais áirithe maidir le tuairisciú inbhuanaitheachta corparáideach agus dícheall cuí i dtaca le hinbhuanaitheacht chorparáideach

Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 16 Nollaig 2025 ar an togra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Treoracha 2006/43/CE, 2013/34/AE, (AE) 2022/2464 agus (AE) 2024/1760 a mhéid a bhaineann le ceanglais áirithe maidir le tuairisciú inbhuanaitheachta corparáideach agus dícheall cuí i dtaca le hinbhuanaitheacht chorparáideach (COM(2025)0081 – C10-0037/2025 – 2025/0045(COD))

(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

(C/2026/2171)

Tá Parlaimint na hEorpa,

ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2025)0081),

ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 50 agus d’Airteagal 114 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C10-0037/2025),

ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

ag féachaint do thuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 20 Lúnasa 2025  (1),

ag féachaint don chomhaontú sealadach arna fhormheas de bhun Riail 75(4) dá Rialacha Nós Imeachta ag an gcoiste freagrach, agus don ghealltanas a thug ionadaí na Comhairle i litir dar dáta an 11 Nollaig 2025 go ndéanfadh sí seasamh Pharlaimint na hEorpa a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

ag féachaint do Riail 60 dá Rialacha Nós Imeachta,

ag féachaint do na tuairimí ón gCoiste um Ghnóthaí Eachtracha, ón gCoiste um Thrádáil Idirnáisiúnta, ón gCoiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta, ón gCoiste um Fhostaíocht agus um Ghnóthaí Sóisialta agus ón gCoiste um an gComhshaol, um Aeráid agus um Shábháilteacht Bia,

ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Dlíthiúla (A10-0197/2025),

1.

ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh mar a leagtar amach anseo ina dhiaidh seo é;

2.

á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;

3.

á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.


(1)   IO C, C/2025/4212, 20.8.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/4212/oj.


P10_TC1-COD(2025)0045

Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 16 Nollaig 2025 chun go nglacfaí Treoir (AE) 2026/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Treoracha 2006/43/CE, 2013/34/AE, (AE) 2022/2464 agus (AE) 2024/1760 a mhéid a bhaineann le ceanglais áirithe maidir le tuairisciú inbhuanaitheachta corparáideach agus dícheall cuí i dtaca le hinbhuanaitheacht chorparáideach

(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Treoir (AE) 2026/470.)


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/2171/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)