|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2026/2168 |
6.5.2026 |
P10_TA(2025)0321
Leasú a dhéanamh ar Rialachán áirithe CBT a mhéid a bhaineann leis an gcóras coinníollachta, cineálacha idirghabhála i bhfoirm íocaíocht dhíreach, cineálacha idirghabhála in earnálacha ar leith agus tuarascálacha forbartha tuaithe agus tuarascálacha feidhmíochta bliantúla, rialachas sonraí agus idir-inoibritheachta, íocaíochtaí a chur ar fionraí, imréiteach feidhmíochta bliantúil agus rialuithe agus pionóis
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 16 Nollaig 2025 ar an togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) 2021/2115 a mhéid a bhaineann leis an gcóras coinníollachta, cineálacha idirghabhála i bhfoirm íocaíochta dírí, cineálacha idirghabhála in earnálacha áirithe agus tuarascálacha forbartha tuaithe agus tuarascálacha feidhmíochta bliantúla agus Rialachán (AE) 2021/2116 a mhéid a bhaineann le rialachas sonraí agus idir-inoibritheachta, íocaíochtaí a chur ar fionraí agus imréiteach feidhmíochta bliantúil agus rialuithe agus pionóis (COM(2025)0236 – C10-0086/2025 – 2025/0236(COD))
(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)
(C/2026/2168)
Tá Parlaimint na hEorpa,
|
— |
ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2025)0236), |
|
— |
ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 43(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C10-0086/2025), |
|
— |
ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, |
|
— |
ag féachaint do thuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 18 Meán Fómhair 2025 (1), |
|
— |
ag féachaint don chomhaontú sealadach arna fhormheas de bhun Riail 75(4) dá Rialacha Nós Imeachta ag an gcoiste freagrach, agus don ghealltanas a thug ionadaí na Comhairle i litir dar dáta an 19 Samhain 2025 go ndéanfadh sí seasamh Pharlaimint na hEorpa a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, |
|
— |
ag féachaint do Riail 60 dá Rialacha Nós Imeachta, |
|
— |
ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Thalmhaíocht agus um Fhorbairt Tuaithe (A10-0164/2025), |
|
1. |
ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh mar a leagtar amach ina dhiaidh seo é (2); |
|
2. |
á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil; |
|
3. |
á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta. |
(1) Nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil.
(2) Tá an seasamh seo ag gabháil in ionad na leasuithe a glacadh an 8 Deireadh Fómhair 2025 (Téacsanna arna nglacadh, P10_TA(2025)0213).
P10_TC1-COD(2025)0236
Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 16 Nollaig 2025 chun go nglacfaí Rialachán (AE) 2025/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) 2021/2115 a mhéid a bhaineann leis an gcóras coinníollachta, cineálacha idirghabhála i bhfoirm íocaíochta dírí, cineálacha idirghabhála in earnálacha áirithe agus tuarascálacha forbartha tuaithe agus tuarascálacha feidhmíochta bliantúla agus Rialachán (AE) 2021/2116 a mhéid a bhaineann le híocaíochtaí a chur ar fionraí agus imréiteach feidhmíochta bliantúil agus rialuithe agus pionóis
(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Rialachán (AE) 2025/2649.)
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/2168/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)