European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2026/2164

6.5.2026

P10_TA(2025)0315

Clásal maidir le bearta coimirce déthaobhacha i gComhaontú Comhpháirtíochta AE-MERCOSUR agus i gComhaontú Trádála Eatramhach AE-MERCOSUR a mhéid a bhaineann le táirgí talmhaíochta

Leasuithe a ghlac Parlaimint na hEorpa an 16 Nollaig 2025 ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena gcuirtear chun feidhme an clásal maidir le bearta coimirce déthaobhacha i gComhaontú Comhpháirtíochta AE-MERCOSUR agus i gComhaontú Trádála Eatramhach AE-MERCOSUR a mhéid a bhaineann le táirgí talmhaíochta (COM(2025)0639 – C10-0247/2025 – 2025/0322(COD)) (1)

(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

(C/2026/2164)

Leasú 81

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 12

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(2)

Tá sé d’aidhm ag an gComhaontú Comhpháirtíochta agus ag an gComhaontú Trádála Eatramhach táirgeoirí tráchtearraí íogaire an Aontais in earnáil na talmhaíochta a chosaint trí fhabhair a theorannú do tharaif-chuótaí.

(2)

Laghdófar leis an gComhaontú Comhpháirtíochta agus leis an gComhaontú Trádála Eatramhach na cosaintí atá ag táirgeoirí an Aontais a mhonaraíonn tráchtearraí íogaire in earnáil na talmhaíochta . Mar sin, ba cheart clásail choimirce dhéthaobhacha a chur i bhfeidhm chun raon feidhme taraif-chuótaí fabhracha a theorannú i gcás díobhála nó bagairt díobhála .

Leasú 1

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 12

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(12)

Le faireachán géar ar aon tháirge íogaire, ba cheart cinntí tráthúla a éascú maidir leis an bhféidearthacht imscrúduithe a thionscnamh agus maidir le bearta coimirce a fhorchur ina dhiaidh sin. Dá bhrí sin, ba cheart don Choimisiún faireachán rialta a dhéanamh ar allmhairí aon táirge íogair ó dháta theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe Trádála Eatramhaigh agus an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta. Ba cheart an faireachán a leathnú chun earnálacha nó táirgí eile a chumhdach má dhíríonn lucht an tionscail ábhartha san Aontas iarraidh cuí-réasúnaithe chuig an gCoimisiún.

(12)

Le faireachán géar ar aon tháirge íogaire, ba cheart cinntí tráthúla a éascú maidir leis an bhféidearthacht imscrúduithe a thionscnamh agus maidir le bearta coimirce a fhorchur ina dhiaidh sin. Dá bhrí sin, ba cheart don Choimisiún faireachán leanúnach agus réamhghníomhach a dhéanamh ar allmhairí aon táirge íogair ó dháta theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe Trádála Eatramhaigh agus an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta. Ba cheart an faireachán a leathnú chun earnálacha nó táirgí eile a chumhdach má dhíríonn lucht an tionscail ábhartha san Aontas iarraidh cuí-réasúnaithe chuig an gCoimisiún. Ba cheart don Choimisiún tuarascáil faireacháin a thíolacadh gach 3 mhí, ina mbeidh a mheasúnú ar thionchar allmhairí táirgí íogaire a thairbhíonn de rochtain fhabhrach ar an margadh faoin gComhaontú, lena n-áirítear sonraí maidir le méideanna allmhairí agus praghsanna le haghaidh gach táirge íogair, le dí-chomhiomlánú réigiúnach iomchuí.

Leasuithe 21 agus 82

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 2 – mír 1 – pointe 5

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

5.

ciallaíonn ‘mórdhíobháil’ lagú suntasach foriomlán ar sheasamh thionscal an Aontais;

5.

ciallaíonn ‘mórdhíobháil’ lagú suntasach foriomlán ar sheasamh thionscal an Aontais; méadú ar mhéid is mó ná 5 % bliain ar bhliain i gcomparáid le meán 3 bliana na n-allmhairí faoi théarmaí fabhracha táirge ar leith, nó laghdú is mó ná 5 % bliain ar bhliain ar mheánphraghas allmhairiúcháin táirge ar leith, measfar gur fianaise prima facie é ar mhórdhíobháil;

Leasú 83

Togra le haghaidh rialachán

Airteagal 3 – mír 1 – fomhír 1 (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

Féadfaidh gur leor tásca soiléire ar mheath ar staid eacnamaíoch an tionscail, ar fud an Aontais nó ar leibhéal na mBallstát, lena n-áirítear méadú níos mó ná 5 % bliain ar bhliain i gcomparáid le meán 3 bliana na n-allmhairí faoi théarmaí fabhracha táirge ar leith nó laghduithe leanúnacha ar phraghsanna intíre, chun mórdhíobháil don earnáil a léiriú agus chun coimirce a éileamh.

Leasú 2

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 3 – mír 2 – pointe c a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(c a)

oibleagáid chómhalartachta a thabhairt isteach maidir le táirgí agus caighdeáin táirgthe;

Leasú 3

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 4 – mír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1.   Déanfaidh an Coimisiún faireachán rialta ar mhargadh táirgí íogaire an Aontais, go háirithe a mhéid a bhaineann le treochtaí allmhairiúcháin agus onnmhairiúcháin agus forbairtí i dtáirgeacht agus praghsanna. Chuige sin, comhoibreoidh an Coimisiún leis na Ballstáit agus le tionscal an Aontais ar bhonn rialta, agus malartóidh sé sonraí leo ar bhonn rialta.

1.   Déanfaidh an Coimisiún faireachán leanúnach agus réamhghníomhach ar mhargadh táirgí íogaire an Aontais, go háirithe a mhéid a bhaineann le treochtaí allmhairiúcháin agus onnmhairiúcháin agus forbairtí i dtáirgeacht agus praghsanna , le tacaíocht ó fhaireachlanna margaidh an Aontais arna mbunú le Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1a) . Chuige sin, comhoibreoidh an Coimisiún leis na Ballstáit, le Parlaimint na hEorpa agus le tionscal an Aontais ar bhonn rialta, agus malartóidh sé sonraí leo ar bhonn rialta.

 

(1a)   Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear comheagrú na margaí i dtáirgí talmhaíochta agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 922/72, (CEE) Uimh. 234/79, (CE) Uimh. 1037/2001 agus (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2013/1308/oj).

Leasú 4

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 4 – mír 2 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

2a.     Ar iarraidh chuí-réasúnaithe ón tionscal de chuid an Aontais lena mbaineann, féadfaidh an Coimisiún raon feidhme an fhaireacháin dá dtagraítear i mír 1 a shíneadh chuig aon táirgí nó earnálacha seachas iad siúd dá dtagraítear san Iarscríbhinn.

Leasú 5

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 4 – mír 2 b (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

2b.     Déanfar comhar agus malartú sonraí go hingearach, idir an Coimisiún agus na Ballstáit, agus go cothrománach, idir na Ballstáit.

Leasú 6

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 4 – mír 2 c (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

2c.     Faoin 1 Márta 2026, déanfaidh an Coimisiún treoirlínte teicniúla a fhorbairt agus a chur ar fáil do na Ballstáit maidir leis na táscairí, na paraiméadair agus na cineálacha sonraí ar féidir faireachán a dhéanamh orthu i margaí ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal áitiúil.

Leasú 7

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 4 – mír 3

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

3.   Cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faireacháin faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle gach 6 mhí ina mbeidh measúnú ar thionchar allmhairí táirgí íogaire a thairbhíonn de rochtain fhabhrach ar an margadh faoin gcomhaontú. Cumhdófar margadh an Aontais sna tuarascálacha sin agus, más ábhartha, cumhdófar iontu freisin an staid i mBallstát amháin nó i roinnt Ballstát.

3.   Cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faireacháin faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle gach 3 mhí ina mbeidh measúnú ar thionchar allmhairí táirgí íogaire a thairbhíonn de rochtain fhabhrach ar an margadh faoin gComhaontú. Cumhdófar margadh an Aontais sa tuarascáil sin agus, más ábhartha, cumhdófar iontu freisin an staid shonrach i mBallstát amháin nó i roinnt Ballstát.

Leasú 8

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 6 – mír 3

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

3.   Caithfidh an Coimisiún, in éagmais léirithe dá mhalairt, le méadú is mó ná 10 % bliain ar bhliain , mar riail, ar allmhairí táirge áirithe ó thír lena mbaineann faoi théarmaí fabhracha mar fhianaise prima facie ar mhórdhíobháil nó ar bhaol mórdhíobhála do thionscal an Aontais, más rud é, san am céanna, go bhfuil meánphraghas allmhairiúcháin na n-allmhairí sin ó thír lena mbaineann 10  % ar a laghad, mar riail, faoi bhun an mheánphraghais intíre ábhartha ar tháirge comhchosúil nó ar tháirge díriomaíoch le linn na tréimhse céanna, bunaithe ar na sonraí atá ar fáil.

3.   Caithfidh an Coimisiún, in éagmais léirithe dá mhalairt, le méadú is mó ná 5 % i gcomparáid leis an meán trí bliana , mar riail, ar allmhairí táirge áirithe ó thír lena mbaineann faoi théarmaí fabhracha mar fhianaise prima facie ar mhórdhíobháil nó ar bhaol mórdhíobhála do thionscal an Aontais, más rud é, san am céanna, go bhfuil meánphraghas allmhairiúcháin na n-allmhairí sin ó thír lena mbaineann 5  % ar a laghad, mar riail, faoi bhun an mheánphraghais intíre ábhartha ar tháirge comhchosúil nó ar tháirge díriomaíoch le linn na tréimhse céanna, bunaithe ar na sonraí atá ar fáil.

Leasú 9

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 6 – mír 4

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

4.   Caithfidh an Coimisiún, in éagmais léirithe dá mhalairt, le laghdú is mó ná 10  % bliain ar bhliain, mar riail, ar an meánphraghas allmhairiúcháin ar tháirge ar leith ó thír lena mbaineann a allmhairítear isteach san Aontas faoi théarmaí fabhracha mar fhianaise prima facie ar mhórdhíobháil nó ar bhaol mórdhíobhála do thionscal an Aontais, más rud é, san am céanna, go bhfuil meánphraghas allmhairiúcháin an táirge sin ó thír lena mbaineann 10  % ar a laghad, mar riail, faoi bhun an mheánphraghais intíre ábhartha ar tháirge comhchosúil nó ar tháirge díriomaíoch le linn na tréimhse céanna, bunaithe ar na sonraí atá ar fáil.

4.   Caithfidh an Coimisiún, in éagmais léirithe dá mhalairt, le laghdú is mó ná 5  % i gcomparáid leis an meán trí bliana, mar riail, ar an meánphraghas allmhairiúcháin ar tháirge ar leith ó thír lena mbaineann a allmhairítear isteach san Aontas faoi théarmaí fabhracha mar fhianaise prima facie ar mhórdhíobháil nó ar bhaol mórdhíobhála do thionscal an Aontais, más rud é, san am céanna, go bhfuil meánphraghas allmhairiúcháin an táirge sin ó thír lena mbaineann 5  % ar a laghad, mar riail, faoi bhun an mheánphraghais intíre ábhartha ar tháirge comhchosúil nó ar tháirge díriomaíoch le linn na tréimhse céanna, bunaithe ar na sonraí atá ar fáil.

Leasú 10

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 6 – mír 4 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

4a.     Ní bheidh an Coimisiún teoranta do na tairseacha cainníochtúla a leagtar amach san Airteagal seo agus fianaise prima facie de mhórdhíobháil á suí aige. D’fhéadfadh sé gur leor tásca soiléire maidir le meathlú ar staid eacnamaíoch an tionscail, ar fud an Aontais nó ar leibhéal na mBallstát, lena n-áirítear laghduithe marthanacha ar phraghsanna intíre, chun díobháil don earnáil a léiriú agus d’fhéadfadh sé gur ghá imscrúdú a thionscnamh.

Leasú 11

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 7 – mír 3

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

3.   Más féidir, cuirfear an t-imscrúdú i gcrích laistigh de 6 mhí ón dáta a fhoilseofar an fógra tionscnaimh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Féadfar 3 mhí a chur leis an teorainn ama sin in imthosca eisceachtúla, amhail líon neamhghnách ard páirtithe leasmhara a bheith ann nó staideanna casta margaidh. Déanfaidh an Coimisiún fógra a thabhairt do na páirtithe leasmhara uile i dtaobh aon síneadh den sórt sin agus míneoidh sé na cúiseanna atá leis. I gcás ina mbaineann imscrúdú le táirgí íogaire, tabharfaidh an Coimisiún i gcrích é a luaithe is féidir agus é mar aidhm aige cinneadh críochnaitheach a dhéanamh laistigh de 4 mhí ón dáta a fhoilsítear an fógra tionscnaimh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

3.   Más féidir, cuirfear an t-imscrúdú i gcrích laistigh de 3 mhí ón dáta a fhoilsítear an fógra tionscnaimh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Féadfar trí mhí a chur leis an teorainn ama sin in imthosca eisceachtúla, amhail líon neamhghnách ard páirtithe leasmhara a bheith ann nó staideanna casta margaidh. Déanfaidh an Coimisiún fógra a thabhairt do na páirtithe leasmhara uile i dtaobh aon síneadh den sórt sin agus míneoidh sé na cúiseanna atá leis. I gcás ina mbaineann imscrúdú le táirgí íogaire, tabharfaidh an Coimisiún i gcrích é a luaithe is féidir agus é mar aidhm aige cinneadh críochnaitheach a dhéanamh laistigh de 2 mhí ón dáta a fhoilsítear an fógra tionscnaimh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Leasú 12

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 7 – mír 5

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

5.   Déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar na tosca ábhartha uile atá de chineáil oibiachtúil agus inchainníochtúil agus a imríonn tionchar ar an staid ina bhfuil tionscal an Aontais, go háirithe an ráta ag a bhfuil allmhairí an táirge i dtrácht ag ardú agus méid an ardaithe sin, i ndearbhthéarmaí agus i dtéarmaí coibhneasta, an sciar sin den mhargadh intíre a bhaineann leis na hallmhairí méadaithe, agus athruithe maidir le tionscal an Aontais i dtaca leis an leibhéal díolacháin, táirgeachta, táirgiúlachta, úsáid acmhainneachta, brabúis agus caillteanais, agus fostaíochta. Ní liosta iomlán é an liosta sin agus d’fhéadfadh an Coimisiún tosca ábhartha eile a chur san áireamh i gcomhair a chinnidh an bhfuil mórdhíobháil nó baol mórdhíobhála ann, amhail stoic, praghsanna , fáltas ar chaipiteal a úsáidtear, sreabhadh airgid, an leibhéal sciartha sa mhargadh agus tosca eile is cúis le mórdhíobháil nó ba chúis le mórdhíobháil, nó ba bhaol a bheith ina gcúis le mórdhíobháil do thionscal an Aontais.

5.   Déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar na táscairí agus tosca eacnamaíocha ábhartha uile atá de chineáil oibiachtúil agus inchainníochtúil agus a imríonn tionchar ar an staid ina bhfuil tionscal an Aontais, go háirithe an ráta ag a bhfuil allmhairí an táirge i dtrácht ag ardú agus méid an ardaithe sin, i ndearbhthéarmaí agus i dtéarmaí coibhneasta, an sciar sin den mhargadh intíre a bhaineann leis na hallmhairí méadaithe, agus athruithe maidir le tionscal an Aontais i dtaca leis an leibhéal díolacháin , lena n-áirítear praghsanna , táirgeacht, táirgiúlacht, úsáid acmhainneachta, brabúis agus caillteanais, agus fostaíocht. Ní liosta iomlán é an liosta sin agus d’fhéadfadh an Coimisiún tosca ábhartha eile a chur san áireamh i gcomhair a chinnidh an bhfuil mórdhíobháil nó baol mórdhíobhála ann, amhail stoic, fáltas ar chaipiteal a úsáidtear, sreabhadh airgid, an leibhéal sciartha sa mhargadh agus tosca eile is cúis le mórdhíobháil nó ba chúis le mórdhíobháil, nó ba bhaol a bheith ina gcúis le mórdhíobháil do thionscal an Aontais.

Leasuithe 34 agus 86

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 9 – mír 1 – pointe b a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(ba)

Féadfaidh gur leor tásca soiléire ar mheath ar staid eacnamaíoch an tionscail, ar fud an Aontais nó ar leibhéal na mBallstát, lena n-áirítear méadú níos mó ná 5 % bliain ar bhliain i gcomparáid le meán 3 bliana na n-allmhairí faoi théarmaí fabhracha táirge ar leith nó laghduithe leanúnacha ar phraghsanna intíre, chun mórdhíobháil don earnáil a léiriú agus chun coimirce a éileamh.

Leasú 13

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 9 – mír 3

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

3.   I gcás táirgí íogaire, glacfar bearta coimirce sealadacha i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 18(4) gan mhoill agus in aon chás laistigh de 21 lá ar a mhéad ó thionscnamh an imscrúdaithe chun damáiste do thionscal an Aontais a sheachaint, ar damáiste é a bheadh deacair a leigheas, lena n-áirítear i gcás ina bhféadfadh an damáiste sin a bheith comhchruinnithe go geografach i mBallstát amháin nó i roinnt Ballstát.

3.   I gcás táirgí íogaire, glacfar bearta coimirce sealadacha i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 18(4) gan mhoill agus in aon chás laistigh de 14 lá ar a mhéad ó thionscnamh an imscrúdaithe chun damáiste do thionscal an Aontais a sheachaint, ar damáiste é a bheadh deacair a leigheas, lena n-áirítear i gcás ina bhféadfadh an damáiste sin a bheith comhchruinnithe go geografach i mBallstát amháin nó i roinnt Ballstát.

Leasuithe 36 agus 87

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 11 – mír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1.   I gcás inarb é conclúid an imscrúdaithe go bhfuil na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 3(1) comhlíonta, féadfaidh an Coimisiún, i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 18(3), bearta coimirce cinntitheacha a ghlacadh.

1.   I gcás inarb é conclúid an imscrúdaithe go bhfuil na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 3(1) comhlíonta, glacfaidh an Coimisiún, i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 18(3), bearta coimirce cinntitheacha.

Leasuithe 64 agus 88

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 12 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

Airteagal 12a

 

Cómhalartacht chlásal na gcaighdeán agus chlásal na sláinte agus SPS

 

1.     Tionscnóidh an Coimisiún imscrúdú chomh maith agus glacfaidh sé bearta coimirce faoin Rialachán seo i gcás ina bhfuil fianaise inchreidte ann nach gcomhallann allmhairí a thairbhíonn d’fhabhair tharaife ceanglais choibhéiseacha chomhshaoil, leasa ainmhithe, sláinte, sábháilteachta bia nó cosanta saothair is infheidhme maidir le táirgeoirí an Aontais.

 

2.     I gcás riosca doiciméadaithe do shláinte an duine, ainmhithe nó plandaí, lena n-áirítear úsáid modhanna táirgthe atá toirmiscthe san Aontas nó mura gcomhlíontar ceanglais sláintíochta agus fíteashláintíochta, féadfaidh an Coimisiún allmhairí an táirge a thairbhíonn d’fhabhair tharaife a fhionraí láithreach, i gcomhréir le hAirteagal 9. Beidh bearta arna nglacadh faoin Airteagal seo riachtanach agus comhréireach agus faoi réir athbhreithnithe i gcomhréir le hAirteagal 12.

Leasú 14

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 15 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

Airteagal15a

 

Bearta chun cur i gcoinne teacht timpeall ar bhearta sriantacha

 

1.     Má shainaithníonn an Coimisiún imchéimniú na mbeart coimirce trí athruithe ar bhealaí trádála, lena n-áirítear allmhairí ó Pháirtithe atá díolmhaithe ó na bearta coimirce, féadfaidh sé raon feidhme na mbeart coimirce a leathnú chuig na hallmhairí sin nó bearta cur chun feidhme eile is gá a ghlacadh.

 

2.     Neartóidh an Coimisiún an comhar custaim leis na Ballstáit maidir le rialacha tionscnaimh a fhíorú agus inrianaitheacht iomlán allmhairí táirgí íogaire a áirithiú.

Leasú 15

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn – mír 1 – pointe 14

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

14.

Uibheacha

14.

Uibheacha aicme A agus aicme B

Leasú 16

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn – mír 1 – pointe 15

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

15.

Ubh-albaiminí

15.

Táirgí uibhe- púdar uibhe iomláine, púdar uibhe buíocáin, ubh-albaiminí (caighdeánach, coip ard, glóthach ard)

Leasú 17

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn – mír 1 – pointe 23 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

23a.

Citreas: oráistí, líomóidí agus mandairíní


(1)  Tarchuireadh an ní ar ais chuig an gcoiste freagrach le haghaidh idirbheartaíocht idirinstitiúideach de bhun Riail 60(4), an ceathrú fomhír (A10-0254/2025).

(1a)   Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear comheagrú na margaí i dtáirgí talmhaíochta agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 922/72, (CEE) Uimh. 234/79, (CE) Uimh. 1037/2001 agus (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2013/1308/oj).


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/2164/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)