European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2026/2154

6.5.2026

P10_TA(2025)0337

Digitiú, intleacht shaorga agus bainistiú algartamach san ionad oibre — todhchaí na hoibre a mhúnlú

Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 17 Nollaig 2025 le moltaí don Choimisiún maidir le digitiú, intleacht shaorga agus bainistiú algartamach san ionad oibre – todhchaí na hoibre a mhúnlú (2025/2080(INL))

(C/2026/2154)

Tá Parlaimint na hEorpa,

ag féachaint d’Airteagal 225 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

ag féachaint d’Airteagail 153 agus 16 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Ghnóthaí Dlíthiúla maidir leis an mbunús dlí atá beartaithe,

ag féachaint do threoirlínte polaitiúla Uachtarán an Choimisiúin an 18 Iúil 2024 dar teideal ‘Rogha na hEorpa: Treoirlínte Polaitiúla don Chéad Choimisiún Eorpach eile 2024-2029’,

ag féachaint do Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, go háirithe Airteagal 7 maidir le hurraim don saol príobháideach agus do shaol an teaghlaigh, Airteagal 8 maidir le sonraí pearsanta a chosaint, agus Airteagal 31 maidir le dálaí oibre cothroma agus córa,

ag féachaint do theachtaireacht an 5 Márta 2025 ón gCoimisiún dar teideal ‘Aontas na Scileanna’,

ag féachaint do Threoir 89/391/CEE ón gComhairle an 12 Meitheamh 1989 maidir le bearta a thabhairt isteach chun feabhsuithe ar shábháilteacht agus ar shláinte oibrithe ag an obair a spreagadh (1),

ag féachaint do Threoir 2002/14/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2002 lena mbunaítear creat ginearálta chun fostaithe sa Chomhphobal Eorpach a chur ar an eolas agus chun dul i gcomhairle leo - Dearbhú comhpháirteach ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún maidir le hionadaíocht fostaithe (2),

ag féachaint do Threoir 2003/88/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Samhain 2003 i dtaca le gnéithe ar leith d’eagrú ama oibre (3),

ag féachaint do Threoir 2000/78/CE ón gComhairle an 27 Samhain 2000 lena mbunaítear creat ginearálta le haghaidh na córa comhionainne san fhostaíocht agus sa tslí bheatha (4),

ag féachaint do Threoir (AE) 2019/1152 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le dálaí oibre trédhearcacha agus intuartha san Aontas Eorpach (5),

ag féachaint do Threoir (AE) 2019/1158 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le cothromaíocht oibre is saoil do thuismitheoirí agus do chúramóirí agus lena n-aisghairtear Treoir 2010/18/AE ón gComhairle (6),

ag féachaint do Threoir (AE) 2024/2831 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2024 maidir le feabhas a chur ar dhálaí oibre san obair ardáin (7) (‘an Treoir maidir le hObair Ardáin’),

ag féachaint do Rialachán (AE) 2024/1689 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meitheamh 2024 lena leagtar síos rialacha comhchuibhithe maidir leis an intleacht shaorga agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 300/2008, (AE) Uimh. 167/2013, (AE) Uimh. 168/2013, (AE) 2018/858, (AE) 2018/1139 agus (AE) 2019/2144 agus Treoracha 2014/90/AE, (AE) 2016/797 agus (AE) 2020/1828 (an Gníomh um an Intleacht Shaorga) (8),

ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht na sonraí sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (9),

ag féachaint do rún uaithi an 11 Bealtaine 2023 maidir le treochlár le haghaidh Eoraip Shóisialta – dhá bhliain tar éis Chruinniú Mullaigh Sóisialta Porto (2023/2586(RSP)),

ag féachaint do rún uaithi an 13 Márta 2025 maidir le gnéithe sóisialta agus fostaíochta na bpróiseas athstruchtúraithe: an gá atá le poist agus cearta oibrithe a chosaint (2024/2829(RSP)),

ag féachaint do rún uaithi an 11 Márta 2025 ar Chiste Sóisialta na hEorpa Plus tar éis 2027 (2024/2077(INI)),

ag féachaint do thuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa ar ‘Intleacht shaorga atá chun tairbhe don oibrí’ (SOC/803),

ag féachaint do Chreat-Chomhaontú Chomhpháirtithe Sóisialta na hEorpa maidir leis an Digitiú (Meitheamh 2020),

ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún an 7 Meitheamh 2023, maidir le cur chuige cuimsitheach i leith na meabhairshláinte,

ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 29 Eanáir 2025 dar teideal ‘Compás Iomaíochais don Aontas Eorpach,

ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 11 Feabhra 2025 dar teideal ‘Dul ar aghaidh le chéile: Aontas níos dána, níos simplí agus níos tapúla’, lena ndeimhnítear an sprioc ualaí riaracháin a laghdú le 25 % do chuideachtaí agus 35 % do FBManna,

ag féachaint do theachtaireacht an 9 Aibreán 2025 ón gCoimisiún dar teideal ‘Plean Gníomhaíochta um Mór Roinn na hIntleachta Saorga’,

ag féachaint do thuarascálacha ó Mheán Fómhair 2024 ó Mario Draghi dar teideal ‘The future of European competitiveness’ [Todhchaí iomaíochas na hEorpa] (‘tuarascáil Draghi’) agus Aibreán 2024 ó Enrico Letta dar teideal ‘Much more than a market’ [I bhfad níos mó ná margadh] (‘tuarascáil Letta’),

ag féachaint don tuarascáil chríochnaitheach ón staidéar a choimisiúnaigh an Coimisiún Eorpach dar teideal ‘Study exploring the context, challenges, opportunities, and trends in algorithmic management’ [Staidéar lena bhfiosraítear an comhthéacs, na dúshláin, na deiseanna agus na treochtaí i mbainistiú algartamach] (VT-2022-035),

ag féachaint don tuarascáil ó ECFE dar teideal ‘Algorithmic management in the workplace: New evidence from an OECD employer survey’ [Bainistiú algartamach san ionad oibre: Fianaise nua ó shuirbhé fostóirí ECFE], Páipéir ECFE maidir leis an Intleacht Shaorga], Uimh. 31,

ag féachaint don Mheasúnú Breisluacha Eorpaigh ó Sheirbhís Taighde Pharlaimint na hEorpa a foilsíodh i mí Dheireadh Fómhair 2025, dar teideal ‘Digitalisation, artificial intelligence and algorithmic management in the workplace — shaping the future of work’ [Digitiú, intleacht shaorga agus bainistiú algartamach san ionad oibre – todhchaí na hoibre a mhúnlú] (10),

ag féachaint do Rialacha 47 agus 55 dá Rialacha Nós Imeachta,

ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile,

ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Fhostaíocht agus um Ghnóthaí Sóisialta (A10-0244/2025),

A.

de bhrí go bhfuil margaí saothair á n-athmhúnlú agus cineál na hoibre á athrú ag an aistriú digiteach, arna spreagadh ag an digitiú, ag an uathoibriú agus ag an intleacht shaorga (IS); de bhrí, ós rud é go bhfuil cúraimí áirithe á n-uathoibriú, go bhfuil sé ag éirí níos tábhachtaí gairmeacha nua a chumasú, cúraimí oibre a fhorbairt, oiliúint, athsciliú agus uas-sciliú a sholáthar agus poist atá ann cheana a chlaochlú trí theicneolaíochtaí nua chun iomaíochas a fheabhsú agus fás eacnamaíoch a chothú, chomh maith leis an lucht saothair a neartú agus dálaí oibre a fheabhsú; de bhrí, chun leas a bhaint as na teicneolaíochtaí nua sin, go bhfuil gá le hoiriúnú leanúnach na n-údarás poiblí, na mbeartas oideachais, na ngnólachtaí agus na n-oibrithe chun a áirithiú gur féidir leis an Eoraip tairbhe a bhaint as an nglanfhás measta 78 milliún post mar gheall ar IS (7 % d’fhostaíocht iomlán an lae inniu) faoi 2030 de réir an Fhóraim Eacnamaíoch Dhomhanda (11);

B.

de bhrí gur cheart an t-aistriú digiteach san ionad oibre a bheith á spreagadh ag prionsabail an réamhchúraim agus na heitice mar réamhshocrú agus á stiúradh ar bhealach lena ndéantar dínit an duine a chosaint agus a chur chun cinn, lena bhfeabhsaítear táirgiúlacht, éifeachtúlacht, nuálaíocht, agus iomaíochas gheilleagar na hEorpa agus an chómhargaidh ar bhealach a théann chun tairbhe do chách; de bhrí nach mór don aistriú sin seasamh go cothrom le prionsabail an dul chun cinn shóisialta agus chosaint chearta na n-oibrithe, lena n-áiritheofar go rannchuideoidh sé le fostaíocht ardcháilíochta, dálaí oibre níos fearr, cumhachtú agus dea-bhail na n-oibrithe uile agus, ag an am céanna, tacú le machaire comhréidh sa mhargadh inmheánach, le nuálaíocht agus le hiomaíochas gnólachtaí; agus de bhrí gur teicneolaíocht atá ag teacht chun cinn fós í an intleacht shaorga agus, dá bhrí sin, go bhfuil deis fós ag cuideachtaí den sórt sin in AE seasamh ceannasach a ghlacadh earnálacha áirithe (12); de bhrí, mura ndéanfar córais IS a chur in úsáid chun iomaíochas AE a threisiú, go bhféadfai dochar a dhéanamh dá bharr sin don fhás, don infheistíocht agus don nuálaíocht amach anseo; de bhrí go measann 64 % de FBManna sa Mhargadh Aonair Eorpach gurb iad bacainní rialála nó ualaí riaracháin an fhadhb is mó faoi láthair;

C.

de bhrí go bhfuil an t-aistriú digiteach i margadh an tsaothair ag spreagadh éileamh méadaitheach ar litearthacht agus scileanna bunúsacha agus ardleibhéil digiteacha agus IS araon; de bhrí go sainaithnítear i dtuarascáil Draghi agus i dtuarascáil Letta araon an bhearna scileanna digiteacha mar bhac mór ar iomaíochas na hEorpa;

D.

de bhrí nach mór oiliúint leordhóthanach a chur ar fáil ag an am céanna a dhéantar córais IS a chomhtháthú go tapa; de bhrí nár ghlac ach 15 % d’oibrithe páirt in oiliúint ábhartha in 2023 chun a n-eolas agus a scileanna IS a fhorbairt tuilleadh agus go n-aithníonn 42 % d’oibrithe gur gá feabhas a chur ar a scileanna a bhaineann le IS agus go bhfuil 61 % díobh á thuar go mbeidh riachtanais nua scileanna ann sna cúig bliana amach romhainn; de bhrí, áfach, nach bhfuil straitéisí ná acmhainní ag FBManna go háirithe chun maolú a dhéanamh ar an riosca go mbeidh bearna scileanna ag an lucht saothair ar bheagán oiliúna i ngnólachtaí beaga; de bhrí gurb iad na daoine is mó a bhfuil gá acu le hoiliúint i scileanna digiteacha na daoine is lú seans go nglacfaidh siad páirt inti (13);

E.

de bhrí go bhfuil oiriúnú na gcóras oideachais, go háirithe earnáil an ghairmoideachais agus na gairmoiliúna chomh maith le comhar feabhsaithe idir institiúidí oideachais, ceardchumainn agus fostóirí, bunriachtanach chun riachtanais mhargadh an tsaothair amach anseo a thuar agus chun na scileanna is gá a thabhairt d’fhoghlaimeoirí chun go mbeidh rath orthu i sochaí atá iomaíoch, digiteach agus forbartha ó thaobh na teicneolaíochta de;

F.

de bhrí gur coincheapa atá ag teacht chun cinn iad IS agus bainistiú algartamach; de bhrí go n-úsáidtear córais bainistithe algartamaigh go príomha le haghaidh na ngníomhaíochtaí bainistíochta seo a leanas: earcaíocht, sceidealú oibre/cúraimí, spreagadh/stiúrú faireachán/faireachas oibrithe meastóireacht ar oibrithe, bainistiú/oiliúint tallainne, luach saothair a thabhairt d’oibrithe agus oibrithe a dhífhostú; de bhrí gur minic nach ndéantar bainistiú algartamach a chur in úsáid trí bhogearraí sonracha, ach mar chuid lárnach de bhogearraí oidhreachta; agus de bhrí gur cheart go mbeadh aon tionscnamh amach anseo sa réimse sin slán i bhfad na haimsire agus solúbtha go leor chun oiriúnú d’fhorbairtí atá le teacht;

G.

de bhrí gur féidir le IS agus bainistiú algartamach go leor deiseanna a chur ar fáil le haghaidh barrfheabhsú oibre, comhsheasmhacht agus oibiachtúlacht níos fearr maidir le cinntí bainistíochta agus sláinte agus sábháilteacht fheabhsaithe ag an obair chomh maith le sásamh oibrithe, ach go mbaineann rioscaí áirithe leo freisin mura ndéantar iad a dhearadh agus a chur in úsáid ar bhealach atá dírithe ar an duine, amhail neamhspleáchas laghdaithe oibrithe, easpa trédhearcachta agus déine oibre mhéadaithe; de bhrí gur féidir le húsáid intleacht shaorga agus bainistiú de réir algartam cúraimí fadálacha agus an t-ualach oibre foriomlán a laghdú, leithdháileadh cúraimí agus táirgiúlacht a fheabhsú, rioscaí ceirde a chosc agus costais a laghdú; de bhrí gur féidir le creat Eorpach maidir le IS a áirithiú go ndéanfar IS a chur in úsáid mar thacaíocht éifeachtúil d’oibrithe daonna, agus é mar aidhm leis fíorghnóthachain táirgiúlachta a ghiniúint agus dálaí oibre a fheabhsú seachas tairbhí amhantracha amháin; de bhrí go léiríonn taighde nach bhfuil gnóthachain nó torthaí táirgiúlachta intomhaiste mar thoradh go fóill ar go leor infheistíochtaí corparáideacha in IS giniúnach, in ainneoin a acmhainneachta ábhar nua a chruthú (14);

H.

de bhrí go bhfuil sé tábhachtach rioscaí a bhaineann le dálaí oibre ardcháilíochta agus OSH a eascraíonn as IS agus as córais bainistithe algartamaigh a chosc agus aghaidh a thabhairt orthu, amhail brú méadaithe ama agus feidhmíochta, diansaothrú oibre, idirdhealú, faireachán cunórach agus faireachas míchuí chomh maith le claontachtaí áirithe i gcórais IS, cailliúint neamhspleáchais, dí-sciliú, leithlisiú sóisialta, strus a bhaineann leis an áit oibre, agus saincheisteanna meabhairshláinte agus síceasóisialta eile; de bhrí go rannchuidíonn reachtaíocht Eorpach atá ann cheana, lena n-áirítear an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí, an Gníomh um an Intleacht Shaorga, agus acquis sóisialta na hEorpa le haghaidh a thabhairt ar chuid de na rioscaí sin agus iad a chosc; de bhrí nach bhfuil an Gníomh um an Intleacht Shaorga infheidhme go hiomlán go fóill;

I.

de bhrí gur féidir le forbairtí teicneolaíochta as a n-eascraíonn nascacht agus infhaighteacht leanúnach na teorainneacha idir réimsí na hoibre agus an tsaoil phríobháidigh a dhoiléiriú;

J.

de bhrí go bhfuil sé i gceist le cur in úsáid IS agus córas bainistithe algartamaigh san ionad oibre líon mór sonraí oibrithe a bhailiú agus a phróiseáil, rud a d’fhéadfadh a bheith ina chúis imní maidir le cosaint sonraí agus príobháideachas agus a éilíonn míchothromaíochtaí cumhachta a laghdú trí rialacha a leagan síos i dteannta a chéile trí idirphlé sóisialta ina bhainistiú agus i gcomhlíonadh an Rialacháin Ghinearálta maidir le Cosaint Sonraí agus aon rialacha níos sonraí maidir le próiseáil sonraí pearsanta i gcomhthéacs fostaíochta mar a leagtar amach sa dlí náisiúnta nó i gcomhaontuithe comhchoiteanna is infheidhme; de bhrí gur cheart faireachán a dhéanamh ar thionchar na dteicneolaíochtaí nua ar an timpeallacht oibre agus ar sháruithe a d’fhéadfaí a dhéanamh ar phríobháideachas oibrithe;

K.

de bhrí nach mór toiliú ar bhonn Airteagal 6(1), pointe (a), den Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí a thabhairt faoi shaoirse, agus i gcásanna éagothroime shoiléir gur beag seans go dtabharfar toiliú den sórt sin faoi shaoirse; de bhrí nár cheart, dá bhrí sin, go mbeadh toiliú ina fhoras dleathach chun sonraí pearsanta a phróiseáil chun faireacháin uathoibrithe nó cinnteoireachta uathoibrithe a dhéanamh, i bhfianaise na héagothroime cumhachta idir an t-ábhar sonraí agus an rialaitheoir i gcomhthéacs fostaíochta agus comhlíonadh conartha;

L.

de bhrí gur ar bhealach forleathan a rinne ardáin saothair dhigiteacha córais bainistithe algartamaigh a ghlacadh agus a chur in úsáid ar dtús, ach go bhfuil siad in úsáid go forleathan anois ar fud an mhargaidh saothair;

M.

de bhrí go bhfuil éagsúlacht idir na meastacháin, go n-úsáideann idir aon cheathrú amháin agus 80 % de chuideachtaí san Aontas cineál amháin ar a laghad de bhainistiú algartamach; de bhrí gur dócha go dtiocfaidh méadú suntasach ar ghlacadh an bhainistithe algartamaigh sna blianta amach romhainn (15); de bhrí go ndéantar faireachán ar fheidhmíocht oibre 26,5 % d’oibrithe in AE le ‘ríomhchlár’, agus leitheadúlacht níos airde i gcuideachtaí móra; de bhrí go bhfaigheann 27,4 % d’oibrithe cúraimí a leithdháiltear trí chóras ríomhaireachta (16); de bhrí go n-úsáideann 35 % de chuideachtaí Eorpacha córais bainistithe algartamaigh chun meastóireacht a dhéanamh (17); de bhrí go bhfuil gá le cur chuige cuimsitheach agus comhoibritheach, mar aon le hidirphlé sóisialta, chun machaire comhréidh a bhunú do IS freagrach agus do bhainistiú algartamach san ionad oibre;

N.

de bhrí go bhfuil dearcadh dearfach ag 62 % de mhuintir na hEorpa ar úsáid róbat agus IS san ionad oibre agus go n-aontaíonn 73 % díobh go méadaíonn róbait agus IS an luas ag a gcuireann oibrithe cúraimí i gcrích (18); de bhrí go gcreideann 66 % de mhuintir na hEorpa go n-imeoidh níos mó post ná mar a chruthófar mar gheall ar úsáid róbat agus IS; de bhrí go gcreideann 61 % de mhuintir na hEorpa go bhfuil tionchar diúltach ag róbait agus ag IS ar chumarsáid idir comhghleacaithe; de bhrí go bhfuil dearcadh níos dearfaí ag daoine óga agus ag daoine atá ag obair chomh maith leo siúd a bhfuil leibhéil níos airde oideachais acu maidir le húsáid teicneolaíochtaí nua san ionad oibre; de bhrí go léiríonn sé sin oscailteacht mhéadaitheach don nuálaíocht agus an acmhainneacht atá ag IS táirgiúlacht, cáilíocht post agus iomaíochas eacnamaíoch a fheabhsú, ar choinníoll go ndéantar é a fhorbairt agus a chur chun feidhme go freagrach;

O.

de bhrí, de réir suirbhé ó ECFE, go gcreideann 60 % de bhainisteoirí go gcuireann bainistiú algartamach feabhas ar cháilíocht a gcinnteoireachta féin; de bhrí, ag an am céanna, gur chuir beagnach dhá thrian de na bainisteoirí a ndearnadh suirbhé orthu a n-imní in iúl maidir le huirlisí bainistithe algartamaigh a úsáideann siad: cuntasacht dhoiléir i gcás cinneadh mícheart (28 %), neamhábaltacht loighic na gcinntí nó na moltaí algartamacha a leanúint (27 %) agus cosaint neamhleor do shláinte fhisiciúil agus mheabhrach oibrithe (27 %) (19);

P.

de bhrí go ndeir níos lú ná leath na ndaoine atá fostaithe faoi láthair gur chuir a bhfostóir ar an eolas iad faoi úsáid teicneolaíochtaí digiteacha, agus go dtuairiscíonn níos mó ná leath na bhfostóirí agus na mbainisteoirí go ndearna siad amhlaidh; de bhrí nach bhfuil míniú mionsonraithe faighte ach ag 18 % díobh siúd atá fostaithe faoi láthair tar éis, ar míniú é lena n-áirítear faisnéis faoi na sochair, na míbhuntáistí, agus a gcearta;

Q.

de bhrí, de thairbhe chomhairliúchán agus rannpháirtíocht athfhillteach na gcomhpháirtithe sóisialta, na mbainisteoirí agus na n-oibrithe agus a n-ionadaithe agus teicneolaíochtaí nua á chur in úsáid, go gcuirtear feabhas suntasach ar ghlacadh agus ar dhearcthaí dearfacha maidir lena n-úsáid, rud lena n-uasmhéadaítear na tairbhí agus a fhágann gur féidir aghaidh a thabhairt ar aon rioscaí gaolmhara ar feadh shaolré na teicneolaíochta;

R.

de bhrí gurb ionann fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) agus 99 % de na gnólachtaí uile san Aontas agus de bhrí gur cheart go gcuirfí san áireamh in aon tionscnamh a bheidh ann amach anseo a n-acmhainní teoranta teicniúla, airgeadais agus riaracháin, lena soláthrófar comhréireacht, lena gcoiscfear ualach riaracháin nach bhfuil gá leis agus lena gcothófar timpeallacht chumasúcháin le haghaidh glacadh freagrach teicneolaíochtaí digiteacha;

S.

de bhrí go ndeir níos lú ná leath na ndaoine atá fostaithe faoi láthair gur chuir a bhfostóir ar an eolas iad faoi úsáid teicneolaíochtaí digiteacha, agus go dtuairiscíonn níos mó ná leath na bhfostóirí agus na mbainisteoirí go ndearna siad amhlaidh; de bhrí go n-áirítear leis an gcion sin 16 % a deir gur cuireadh ar an eolas iad faoi sin, ach gan tuilleadh sonraí, agus 18 % a thuairiscíonn go bhfuair siad míniú mionsonraithe, lena n-áirítear faisnéis faoi na tairbhí, na míbhuntáistí, agus a gcearta (20);

T.

de bhrí go dtacaíonn formhór mhuintir na hEorpa le rialacha maidir le teicneolaíochtaí digiteacha san ionad oibre, le níos mó ná 80 % ag tacú le rialacha maidir le príobháideachas oibrithe a chosaint agus 77 % ag tacú le rannpháirtíocht oibrithe i ndearadh agus in oiriúnú na teicneolaíochta;

1.

ag cur béim ar an bhfíoras nach mór aon teicneolaíocht nua a chur in úsáid agus a úsáid agus é mar sprioc uileghabhálach freastal ar dhaoine agus gur cheart í a bheith bunaithe ar an bprionsabal ‘eitic mar réamhshocrú’ agus prionsabal an ‘réamhchúraim’ chomh maith le cur chuige duinelárnach, arna bhainistiú ag na daoine, ag tógáil ar na forálacha maidir le maoirseacht dhaonna dá bhforáiltear in Airteagal 14 den Ghníomh um an Intleacht Shaorga agus in Airteagal 22 den Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí;

2.

á mheabhrú go bhféadfadh an t-aistriú digiteach, lena n-áirítear úsáid mhéadaitheach IS agus bainistiú algartamach, torthaí dearfacha do mhargadh an tsaothair agus deiseanna nua fostaíochta a ghiniúint; á chur in iúl gur cúis bhuartha di, áfach, na dúshláin shuntasacha a bhaineann leis d’oibrithe, go háirithe ó thaobh dálaí oibre agus fostaíochta de; ag cur béim ar an bhfíoras, dá bhrí sin, nach mór d’aon tionscnamh nua maidir le IS agus bainistiú algartamach poist ardcháilíochta a áirithiú agus folláine na n-oibrithe a chosaint sa ré dhigiteach;

Oibrithe a chumhachtú le scileanna agus eolas

3.

á chur i bhfáth gur féidir le teicneolaíochtaí nua san ionad oibre a bheith ina mbuntáistí tábhachtacha iomaíocha agus táirgiúlachta, tacú leis an nuálaíocht agus toradh níos fearr a thabhairt do na cuideachtaí a úsáideann iad; á chur i bhfios go láidir, ina leith sin, gur cheart a mholadh do chuideachtaí na teicneolaíochtaí sin a chomhtháthú ar bhealach freagrach, trédhearcach agus cuimsitheach, i ndáil le príobháideachas oibrithe agus cosaint sonraí, chun muinín a chothú i measc oibrithe; á chur i bhfáth gur cheart maoirseacht a dhéanamh go mion ar úsáid nadteicneolaíochtaí sin san ionad oibre seachas iad a shrianadh;

4.

á chur i bhfáth gur féidir leis an intleacht shaorga feidhmiú mar phríomhchumasóir don fhiontraíocht nuálach, go háirithe chun tacú le micrifhiontair agus le fiontair bheaga agus mheánmhéide uas-scálú, táirgiúlacht a fheabhsú agus dul san iomaíocht sa gheilleagar digiteach; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit, agus prionsabal na comhréireachta agus na hinmharthanachta oibríochtúla á gcur i bhfeidhm acu, rochtain ar uirlisí, eolas agus bonneagar a bhaineann le IS a éascú do ghnólachtaí nuathionscanta agus do ghnólachtaí beaga, lena n-áirítear trí chláir spriocdhírithe de chuid an Aontais agus trí thacaíocht chomhairleach; á chur i bhfios go láidir gur féidir le hinfheistíocht in IS ar leibhéal an Aontais rannchuidiú le poist nua a chruthú agus le héiceachóras níos athléimní agus níos iomaíche de mhicrifhiontair agus d’fhiontair bheaga a thógáil ar fud an Aontais; á chur in iúl gur geal léi na tionscnaimh shuaitheanta earnála sa teachtaireacht ón gCoimisiún an 8 Deireadh Fómhair 2025 dar teideal ‘Straitéis um chur i bhfeidhm na hIntleachta Saorga’;

5.

á aithint go bhfuil litearthacht san ionad oibre, oideachas chomh maith le huas-sciliú agus athsciliú leanúnach maidir le teicneolaíochtaí nua a thugtar isteach san ionad oibre, go háirithe iad siúd a dhéanann difear díreach do chúraimí agus d’fheidhmíocht oibrithe, ríthábhachtach chun dálaí oibre leormhaithe, folláine, sábháilteacht, neamhspleáchas agus forbairt ghairmiúil oibrithe a áirithiú, chomh maith le hinoiriúnaitheacht fhoriomlán agus iomaíochas cuideachtaí a fheabhsú (21); á chur i bhfáth go bhfuil oiliúint bunriachtanach freisin d’fhostóirí, do bhainisteoirí agus do dhaoine eile a dhéanann úsáid na gcóras sin a chur ar siúl, a fhorbairt agus a mhaoirsiú ó lá go lá; á chur i bhfáth gur cheart oibrithe agus a n-ionadaithe, lena n-áirítear ceardchumainn, a chur ar an eolas agus go mbeidís rannpháirteach i nósanna imeachta maidir le cur in úsáid na dteicneolaíochtaí sin, chun torthaí maithe a bhaint amach, agus nach mór dóthain ama agus tacaíochta a thabhairt dóibh chun eolas a chur ar na teicneolaíochtaí sin;

6.

á chur in iúl gur geal léi tionscnamh Aontas na Scileanna; á iarraidh ar an gCoimisiún a áirithiú go léireofar go hiomlán sa treochlár maidir le Poist ar Ardchaighdeán a bhfuil coinne leis an ngá atá le huas-sciliú, athsciliú agus oiliúint leanúnach san ionad obair lena n-áirítear maidir le IS agus bainistiú algartamach trí cheart aonair chun oiliúna do gach oibrí; á chur i bhfáth nach mór do gach tionscnamh ábhartha arb é is aidhm dó tacú le hoibrithe agus le cuideachtaí san aistriú sin tosaíocht a thabhairt d’fhorbairt scileanna in IS agus sa digitiú chun margadh saothair agus iomaíochas domhanda na hEorpa a neartú; á chur i bhfáth nach mór tacaíocht leormhaith a thabhairt do na tionscnaimh sin, lena n-áirítear trí acmhainní airgeadais leordhóthanacha ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta;

7.

á thabhairt chun suntais go bhfuil ról ríthábhachtach ag Ciste Sóisialta na hEorpa Plus (CSE+) maidir leis an lucht saothair, fostóirí agus bainisteoirí atá ann faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo a ullmhú don aistriú digiteach trí infheistíocht spriocdhírithe a dhéanamh i bhforbairt scileanna, in oiliúint agus i ndeiseanna fostaíochta cuimsitheacha; á iarraidh ar an gCoimisiún an Ciste a choinneáil agus a neartú tuilleadh sa tréimhse tar éis 2027, ar bhealach lena n-áiritheofar an rochtain ar uas-sciliú agus athsciliú digiteach do gach oibrí, agus aird ar leith á tabhairt orthu siúd sna hearnálacha agus sna réigiúin is mó a ndéanann an t-athrú teicneolaíoch difear dóibh, ionas gur féidir leis leanúint de bheith ina phríomhionstraim de chuid an Aontais chun tacú le haistriú digiteach cothrom, cuimsitheach, nuálach agus iomaíoch;

8.

á chur i bhfios go láidir go bhfuil infheistíocht phoiblí straitéiseach in IS bunriachtanach chun nuálaíocht phríobháideach a chomhlánú, chun rialachas eiticiúil agus trédhearcach IS a áirithiú, agus chun rochtain chothrom ar uirlisí digiteacha agus ar scileanna digiteacha a éascú ar fud na réigiún uile; ag tathant ar na Ballstáit dlús a chur le cur chun feidhme beart a bhaineann le IS faoina bpleananna náisiúnta téarnaimh agus athléimneachta, i ndlúthchomhar leis na húdaráis réigiúnacha agus áitiúla, chun rannchuidiú na Saoráide le haistriú digiteach cothrom agus iomaíoch a uasmhéadú;

9.

á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit leanúint d’fhaireachán a dhéanamh ar an éileamh agus ar an soláthar ar mhargadh an tsaothair, agus comhar idir institiúidí oideachais, fostóirí agus ceardchumainn a chur chun cinn, chun na scileanna a bheidh ag teastáil amach anseo a réamh-mheas ar bhealach níos fearr chun leas a bhaint as acmhainneacht an aistrithe dhigitigh; á chur i bhfios go láidir go gcuideoidh measúnú críochnúil scileanna le hoibrithe, le fostóirí agus le soláthraithe oiliúna riachtanais uas-scilithe agus athscilithe a bhaineann leis an intleacht shaorga agus le bainistiú algartamach san ionad oibre a shainaithint; á chur i bhfáth gur cheart go mbeadh an measúnú sin praiticiúil, inrochtana agus oiriúnaithe do réaltachtaí sonracha FBManna, agus go mbeadh sé mar bhonn do chláir oiliúna spriocdhírithe a dtacaítear leo trí chistiú an Aontais agus trí chistiú náisiúnta atá ann cheana; á chur in iúl gur geal léi an togra chun Faireachlann Eorpach um Fhaisnéis Scileanna a chruthú; á chur i bhfáth go gcuireann an easpa sonraí imdhealaithe atá ann faoi láthair maidir le leitheadúlacht agus cineál na hintleachta saorga agus na gcóras bainistithe algartamaigh a chuirtear in úsáid agus na catagóirí oibrithe atá faoina réir bac ar cheapadh beartais atá bunaithe ar fhianaise, agus ag tathant ar an gCoimisiún feabhas a chur ar bhailiú sonraí sa réimse sin;

10.

á thabhairt chun suntais, i gcomhréir le prionsabail na coimhdeachta agus na hurraime do chórais náisiúnta caidrimh thionsclaíoch, go bhféadfaidh na Ballstáit cead a thabhairt do chomhpháirtithe sóisialta comhaontuithe comhchoiteanna a choinneáil, a chaibidliú, a thabhairt i gcrích agus a fhorfheidhmiú d’fhonn na forálacha maidir le IS agus bainistiú algartamach a leagtar síos ar leibhéal an Aontais a chur chun feidhme nó a chomhlánú;

11.

á chur in iúl gur cúis bhuartha di go bhfuil úsáid IS agus córas bainistithe algartamaigh ag rannchuidiú le deireadh a chur de réir a chéile le poist áirithe ar leibhéal iontrála, a fheidhmíonn go traidisiúnta mar thairseach bhunriachtanach i margadh an tsaothair, á chur i bhfios go láidir go ndéanann na rioscaí sin difear díréireach do dhaoine óga agus do chuardaitheoirí poist céaduaire; ag cur béim ar an bhfíoras, chun go mbainfidh an tAontas tairbhe as an gclaochlú digiteach san ionad oibre, chun poist a chruthú agus a athmhúnlú, gur gá a áirithiú go mbeidh na scileanna is gá ag oibrithe, lena n-áirítear oibrithe ar leibhéal iontrála agus oibrithe ar bheagán oiliúna, chun oibriú sa ré dhigiteach; á chur i bhfios go láidir go bhfuil tionchar iomlán anaithnid éabhlóid IS agus bainistiú algartamach ag déanamh difear féin do chineálacha eile oibre agus do chatagóirí eile oibrithe chomh maith, lena n-áirítear poist ardoilte; á iarraidh, dá bhrí sin, ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit bearta réamhghníomhacha a dhéanamh, lena n-áirítear oiliúint ábhartha i scileanna digiteacha a chomhtháthú i gcórais oideachais náisiúnta lena n-áirítear curaclaim ghairmoideachais agus ghairmoiliúna (VET), chun a áirithiú go dtabharfar tacaíocht leormhaith do dhaoine óga atá ag dul isteach i margadh an tsaothair agus go gcuirfear deiseanna fostaíochta fóinteacha ar fáil dóibh, sa gheilleagar digiteach atá ag athrú;

Ionad oibre sábháilte agus cuimsitheach a chruthú

12.

á chur i bhfáth go bhfuil deiseanna agus dúshláin araon ag baint le húsáid mhéadaitheach na dteicneolaíochtaí digiteacha san ionad oibre, agus nach eol fós tionchar iomlán an aistrithe sin; á mheas, ar thaobh amháin, gur féidir leis na teicneolaíochtaí sin solúbthacht a mhéadú agus cothromaíocht oibre is saoil níos fearr a éascú trí chianobair agus trí shocruithe solúbtha oibre; á aithint, ar an taobh eile, go mbaineann rioscaí iomadúla leo do mheabhairshláinte oibrithe agus dá gcothromaíocht oibre is saoil trí na teorainneacha idir an saol gairmiúil agus an saol príobháideach a dhoiléiriú mar gheall ar an mbrú méadaitheach ar oibrithe a bheith inrochtana tráth ar bith; á chur i bhfios go láidir freisin go mbaineann rioscaí cosanta sonraí le bainistiú algartamach, lena n-áirítear faireachas míchuí agus faireachán ar oibrithe lasmuigh den ionad oibre; á chur i bhfios go láidir, mura ndéantar iad a bhainistiú i gceart, go bhféadfadh na forbairtí sin a bheith ina gcúis le strus iomarcach a bhaineann leis an obair, traochadh, méadú ar rioscaí síceasóisialta a bhaineann leis an obair, caillteanas neamhspleáchais agus braistint mhéadaitheach imeallaithe shóisialta agus ghairmiúil;

13.

á aithint, gur féidir le bainistiú algartamach a bheith ina fhoinse idirdhealaithe agus claontachta a dhéanann dochar d’oibrithe agus go háirithe d’oibrithe ban gan formhaoirseacht dhaonna iomchuí, ag cur béim ar an bhfíoras nach mór do dhearadh, imlonnú agus úsáid IS agus córas bainistithe algartamaigh claontachtaí agus idirdhealú a chosc go réamhghníomhach, go háirithe iad siúd atá bunaithe ar inscne, ar thionscnamh ciníoch nó eitneach, ar aois, ar mhíchumas, ar ghnéaschlaonadh, nó ar shaintréithe cosanta eile, chun comhionannas agus éagsúlacht san ionad oibre a chur chun cinn agus a choimirciú; á chur in iúl gur cúis bhuartha di gur lú an rochtain atá ag grúpaí leochaileacha ar dheiseanna fostaíochta a bhaineann le IS agus ar uirlisí IS lena gcuirtear le táirgiúlacht san ionad oibre (22), rud a d’fhéadfadh cosc a chur ar thairbhí IS a chomhroinnt go leathan agus go cothrom;

14.

á aithint go bhféadfadh bainistiú algartamach agus IS feabhas a chur ar éifeachtúlachtaí, agus coigeartuithe aonair ar thimpeallachtaí oibre chomh maith le dálaí oibre foriomlána a éascú, ach go bhféadfadh siad brú feidhmíochta a ardú freisin, rud a d’fhéadfadh a bheith ina chúis le rioscaí tromchúiseacha sláinte agus sábháilteachta, amhail neamhoird mhatánchnámharlaigh agus chardashoithíocha nó traochadh meabhrach nó fisiceach, rud a d’fhéadfadh a fhágáil go ndéanfadh oibrithe dearmad ar fholáirimh sábháilteachta nó go dtabharfadh siad neamhaird orthu, rud a mhéadaíonn go suntasach an baol go dtarlódh tionóiscí san ionad oibre; á chur i bhfáth gur cheart go bhfeidhmeodh úsáid IS agus córas bainistithe algartamaigh mar uirlis thacúil a bhfuil fíor-bhreisluach aici d’oibrithe agus nach ndéantar iniúchadh den chuid is mó ar dhearcthaí oibrithe maidir leis an méid sin a ionchorprú i spásanna oibre;

15.

á chur i bhfios go láidir gur gá faireachán a dhéanamh ar na rioscaí sin agus aghaidh a thabhairt orthu ar bhealach cuimsitheach agus gur cheart aon imlonnú nua nó athrú suntasach ar úsáid uirlisí IS nó córas bainistithe algartamaigh san ionad oibre a bheith faoi réir measúnú sláinte agus sábháilteachta, lena n-áirítear meastóireacht riosca, bearta coisctheacha agus cosanta, faoi fhreagracht na bhfostóirí, i gcomhréir le Treoir 89/391/CEE agus faireachán leanúnach d’fhonn na léargais eolaíocha is déanaí a fháil, agus chun formhaoirseacht dhaonna agus rialú ar na measúnuithe sin a áirithiú; á spreagadh go bhforbrófaí treoir earnáilsonrach, i gcomhar leis na comhpháirtithe sóisialta, ar leibhéal iomchuí, maidir le himlonnú freagrach IS san ionad oibre lena n-áirithítear urraim do chearta bunúsacha agus malartú dea-chleachtas;

16.

á chur i bhfios go láidir go bhfuil ról ríthábhachtach ag an idirphlé sóisialta agus ag rannpháirtíocht ghníomhach oibrithe agus a n-ionadaithe i gcomhréir le Treoir 2002/14/CE in imlonnú, úsáid agus meastóireacht IS agus teicneolaíochtaí bainistithe algartamaigh san ionad oibre, go háirithe chun úsáid in earnálacha éagsúla a chur in oiriúint; á chur i bhfáth go bhfuil rannpháirtíocht fhóinteach oibrithe agus a n-ionadaithe i bpróisis chinnteoireachta ag gach céim chomh maith le faisnéis agus comhairliúchán a sholáthar agus oiliúint laistigh den obair chun cur i bhfeidhm teicneolaíochtaí nua ag gach oibrí a éascú, lena gcothaítear braistint neamhspleáchais, (féin)mhuiníne agus iontaoibhe, chun cabhrú leis na rioscaí a bhaineann le teicneolaíochtaí nua a mhaolú agus chun comhtháthú IS san ionad oibre atá níos fearr, níos éifeachtaí agus níos dírithe ar an duine a bhaint amach;

17.

á chur i bhfios go láidir gur gá freagrachtaí formhaoirseachta a shannadh go soiléir maidir le himlonnú agus úsáid IS agus córas bainistithe algartamaigh in ionaid oibre i gcomhréir leis an bprionsabal gurb é ‘an duine atá i gceannas’, chun cuntasacht a áirithiú, maoirseacht éifeachtach dhaonna a áirithiú, agus a chur ar chumas oibrithe an pointe teagmhála daonna a shainaithint i gcás inar gá dóibh a gcearta a fheidhmiú; á chur i bhfáth go n-éilítear le formhaoirseacht agus athbhreithniú éifeachtach daonna fíoracmhainneacht chun córais IS a thuiscint, faireachán a dhéanamh orthu agus, i gcás inar gá, idirghabháil a dhéanamh ina n-oibriú, agus na dúshláin bhunúsacha a bhaineann le córais IS chasta agus theimhneacha á gcur san áireamh, chomh maith leis na rioscaí a bhaineann le róspleáchas ar an uathoibriú; á chur i bhfios go láidir, dá bhrí sin, nach féidir le maoirseacht dhaonna a bheith ina cleachtadh foirmiúil amháin, ach ina coimirce inrochtana chun cinntí IS a fhíorú, a mhíniú agus a cheartú agus nach mór an inniúlacht, an oiliúint agus an t-údarás is gá a bheith ag an bpointe teagmhála daonna sin chun an fheidhm sin a fheidhmiú;

18.

á chur i bhfios go láidir gur féidir sonraí pearsanta na ndaoine a dhéanann obair a chomhiomlánú i mbunachar sonraí comhchoiteann a d’fhéadfaí a phróiseáil le halgartaim, rud a éilíonn cosaint sonraí ar an leibhéal comhchoiteann freisin.

19.

á thabhairt chun suntais go bhféadfadh IS agus bainistiú algartamach a bheith ann chun oibrithe faoi mhíchumas a chuimsiú i margadh an tsaothair; á aithint, áfach, go bhfuil dúshláin ar leith ann a d’fhéadfadh a bheith roimh dhaoine faoi mhíchumas, oibrithe scothaosta agus daoine leochaileacha maidir le hoiriúnú do theicneolaíochtaí nua san ionad oibre; á iarraidh, dá bhrí sin, ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit a áirithiú go dtabharfaidh cuideachtaí a dhéanann IS agus córais bainistithe algartamaigh a imlonnú bearta tacaíochta cuimsitheacha agus saincheaptha isteach lena gcothófar rannpháirtíocht mhéadaithe daoine faoi mhíchumas i margadh an tsaothair agus a rochtain ar theicneolaíochtaí nua; á chur i bhfios go láidir gur cheart go mbainfeadh gach duine tairbhe as dul chun cinn teicneolaíoch;

20.

á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit an cheart chun cóiríocht réasúnta éifeachtach a ráthú do dhaoine faoi mhíchumas i gcomhréir le Treoir 2000/78/CE, agus a n-údarás deiridh a urramú chun a chinneadh an gcomhlíonann teicneolaíochtaí cúnta IS-bhunaithe san ionad oibre a riachtanais aonair; á chur i bhfáth, sa chomhthéacs sin, a thábhachtaí atá modhanna oibre solúbtha agus oiliúint laistigh den obair, chomh maith le deiseanna éifeachtacha chun úsáid a bhaint as teicneolaíocht chúnta i gcomhairle le daoine faoi mhíchumas agus lena n-ionadaithe; á iarraidh ar an gCoimisiún tionchar úsáid IS san ionad oibre a chomhtháthú san athbhreithniú atá le teacht ar Straitéis an Aontais maidir le Cearta Daoine faoi Mhíchumas;

Timpeallacht rialála a sheasfaidh an aimsir a áirithiú

21.

á chur i bhfáth, má tá sé mar aidhm ag an Aontas a bheith ar thús cadhnaíochta san aistriú digiteach, nach mór dó dea-shampla a thabhairt maidir le hardchaighdeáin a leagan síos chun IS agus bainistiú algartamach a chur in úsáid san ionad oibre, lena n-áirítear rialacha soiléire maidir le trédhearcacht agus formhaoirseacht dhaonna;

22.

á mheabhrú gur bloc tógála tábhachtach é acquis an Aontais atá ann cheana maidir le bainistiú algartamach agus úsáid IS san ionad oibre a rialáil; á chur in iúl gur geal léi, ina leith sin, an Treoir maidir le hObair Ardáin, lena dtugtar isteach, inter alia, rialacha maidir le trédhearcacht, cosaint sonraí, formhaoirseacht agus athbhreithniú daonna, faisnéis agus comhairliúchán agus sláinte agus sábháilteacht in earnálacha ina bhfuil cinntí maidir leis an obair á múnlú níos mó ag na teicneolaíochtaí sin, agus an Gníomh um an Intleacht Shaorga agus ag meabhrú Rialachán (AE) 2016/679; á chur i bhfáth, áfach, in ainneoin an chreata reachtaigh sin, go bhfuil roinnt bearnaí fós ann maidir le cosaint oibrithe, cearta agus dálaí oibre maidir le húsáid na n-uirlisí sin san ionad oibre lena n-áirítear urraim do shonraí pearsanta agus do phríobháideachas, cothromaíocht oibre is saoil agus an ceart chun dícheangail; á thabhairt chun suntais nach bhfuil feidhm ag forálacha na Treorach maidir le hObair Ardáin maidir le bainistiú algartamach (go háirithe cearta oibrithe chun trédhearcachta, athbhreithniú daonna, faisnéis agus comhairliúchán d’oibrithe agus OSH) ach amháin maidir le daoine a dhéanann obair ardáin, rud a fhágann gur lú an chosaint a thugtar d’oibrithe eile atá faoi réir bainistiú algartamach; á chur i bhfios go láidir gur gá cóir chomhionann na n-oibrithe uile a áirithiú agus go mbeidh tionscnaimh a bheidh ann amach anseo comhleanúnach leis an gcreat cosanta a bhunaítear leis an Treoir maidir le hObair Ardáin;

23.

á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit a áirithiú go mbeidh rochtain ag cuideachtaí agus institiúidí poiblí Eorpacha ar uirlisí iontaofa agus ceannasacha IS arna bhforbairt i gcomhréir le luachanna daonlathacha Eorpacha, agus gaibhniú teicneolaíochta do sholáthraithe ó dhlínsí neamh-AE á sheachaint;

24.

á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit a áirithiú go dtabharfar tús áite, le húsáid córais algartamacha san ionad oibre, d’úsáid teicneolaíochtaí arna bhforbairt, arna n-oiliúint agus arna n-óstáil laistigh den Aontas, chun cearta bunúsacha, cosaint sonraí, cibearshlándáil agus neamhspleáchas straitéiseach a choimirciú;

25.

á chur i bhfios go láidir gur cheart freagairtí rialála ar an leibhéal Eorpach a mheas go cúramach agus anailís a dhéanamh roimh ré ar an reachtaíocht atá ann cheana, arna forbairt i gcomhar leis na comhpháirtithe sóisialta agus lena n-urramaítear an choimhdeacht, chun réiteach comhchuibhithe a áirithiú le hardleibhéal cosanta d’oibrithe ar fud an Aontais agus cothrom iomaíochta sa mhargadh inmheánach, lena n-áirítear trí chreataí dlíthiúla Eorpacha agus náisiúnta atá ann cheana a chur chun feidhme go hiomlán; ag cur béim ar a thábhachtaí atá sé timpeallacht rialála intuartha a áirithiú chun nuálaíocht, iomaíochas agus iomaíocht chóir a chur chun cinn; á iarraidh ar an gCoimisiún a áirithiú go seachnóidh aon reachtaíocht agus tionscnaimh a bhaineann le bainistiú algartamach san ionad oibre dúbailt nó forluí le hionstraimí ábhartha an Aontais atá ann cheana agus nach bhforchuirfidh siad ualach riaracháin nach bhfuil gá leis, go háirithe do FBManna, go laghdóidh siad costais agus go n-éascóidh siad comhlíonadh;

26.

á aithint go bhfuil dúshláin shuntasacha roimh chuideachtaí, go háirithe fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna), maidir le creat rialála éagsúil atá ag éirí níos casta a láimhseáil; ag cur béim ar an ngá le treoir, uirlisí agus sásraí tacaíochta saincheaptha chun cabhrú le FBManna na ceanglais ar fad a chur chun feidhme go héifeachtach;

27.

á iarraidh ar an gCoimisiún measúnú tionchair a dhéanamh arna chomhlánú le tástáil Iomaíochais agus FBM agus togra a thíolacadh ar bhonn Airteagal 153(2), pointe (b), i gcomhar le hAirteagal 153(1), pointe (b), agus Airteagal 16(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus ar bhonn thoradh na gcéimeanna thuasluaite, maidir le bainistiú algartamach san ionad oibre, de réir na moltaí a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis seo, lena dtabharfaí aghaidh ar na bearnaí atá fós ann sa reachtaíocht atá ann cheana, lena seachnófaí ionstraimí dlíthiúla forluiteacha a chruthú agus lena bhfeabhsófaí comhchuibhiú an mhargaidh inmheánaigh;

28.

á mheas gur cheart aon impleachtaí airgeadais a bheadh ag na tograí atá iarrtha a chumhdach leis na leithdháiltí buiséadacha atá ann cheana;

29.

á threorú dá hUachtarán an rún seo agus na moltaí a ghabhann leis a chur ar aghaidh chuig an gCoimisiún agus chuig an gComhairle, agus chuig parlaimintí agus rialtais na mBallstát.


(1)  Treoir 89/391/CEE ón gComhairle an 12 Meitheamh 1989 maidir le bearta a thabhairt isteach chun feabhsuithe ar shábháilteacht agus ar shláinte oibrithe ag an obair a spreagadh (IO L 183, 29.6.1989, lch. 1).

(2)  Treoir 2002/14/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2002 lena mbunaítear creat ginearálta chun fostaithe sa Chomhphobal Eorpach a chur ar an eolas agus chun dul i gcomhairle leo - Dearbhú Comhpháirteach ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún maidir le hionadaíocht fostaithe (IO L 80, 23.3.2002, lch. 29).

(3)  Treoir 2003/88/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Samhain 2003, maidir le gnéithe áirithe d’eagrú ama oibre (IO L 299, 18.11.2003, lch. 9).

(4)  Treoir 2000/78/CE ón gComhairle an 27 Samhain 2000 lena mbunaítear creat ginearálta le haghaidh na córa comhionainne san fhostaíocht agus sa tslí bheatha (IO L 303, 2.12.2000, lch. 16)

(5)  Treoir (AE) 2019/1152 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le dálaí oibre trédhearcacha agus intuartha san Aontas Eorpach (IO L 186, 11.7.2019, lch. 105).

(6)  Treoir (AE) 2019/1158 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le cothromaíocht oibre is saoil do thuismitheoirí agus do chúramóirí agus lena n-aisghairtear Treoir 2010/18/AE ón gComhairle (IO L 188, 12.7.2019, lch. 79).

(7)  Treoir (AE) 2024/2831 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2024 maidir le feabhas a chur ar dhálaí oibre san obair ardáin (IO L, 2024/2831, 11.11.2024. ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2024/2831/oj).

(8)  Rialachán (AE) 2024/1689 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meitheamh 2024 lena leagtar síos rialacha comhchuibhithe maidir leis an intleacht shaorga agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 300/2008, (AE) Uimh. 167/2013, (AE) Uimh. 168/2013, (AE) 2018/858, (AE) 2018/1139 agus (AE) 2019/2144 agus Treoracha 2014/90/AE, (AE) 2016/797 agus (AE) 2020/1828 (an Gníomh um an Intleacht Shaorga) (Téacs atá ábhartha maidir le LEE) PE/24/2024/REV/1 (IO L, 2024/1689, 12.7.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1689/oj).

(9)  Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).

(10)   https://www.europarl.europa.eu/RegData/etudes/STUD/2025/774670/EPRS_STU(2025)774670_EN.pdf.

(11)  Tuarascáil 2025 maidir le Todhchaí na bPost ón bhFóram Eacnamaíoch Domhanda (Eanáir 2025).

(12)  Tuarascáil ó Mario Draghi dar teideal ‘Todhchaí iomaíochas na hEorpa’ (Meán Fómhair 2024), Cuid A ‘Straitéis iomaíochais don Eoraip’.

(13)   https://www.cedefop.europa.eu/ga/publications/9201.

(14)   https://www.techmonitor.ai/digital-economy/ai-and-automation/ai-investment-struggles-boost-productivity-gartner-survey.

(15)   https://op.europa.eu/en/publication-detail/-/publication/5afb4511-0ddf-11f0-b1a3-01aa75ed71a1/language-ga: ‘is féidir argóint a dhéanamh go n-úsáideann níos mó ná an ceathrú cuid de chuideachtaí sna 27 mBallstát bainistiú algartamach’ ‘bunaithe ar shuirbhé Delphi, is é is dóichí go bhfásfaidh bainistiú algartamach 3 % go 6 % in aghaidh na bliana sna 10 mbliana amach romhainn’.

(16)  Suirbhé 2024 ar Dhálaí Oibre san Eoraip.

(17)  Páipéar Oibre ECFE, Bainistiú Algartamach san Ionad Oibre, 2025, lch. 17

(18)   https://europa.eu/eurobarometer/surveys/detail/3222.

(19)  Milanez, A., A. Lemmens and C. Ruggiu (2025), ‘Algorithmic management in the workplace: New evidence from an OECD employer survey’ [Bainistiú algartamach san ionad oibre: Fianaise nua ó shuirbhé fostóirí ECFE], Páipéir ECFE maidir leis an Intleacht Shaorga], Uimh. 31, Foilsitheoireacht ECFE, Páras.

(20)   https://europa.eu/eurobarometer/surveys/detail/3222.

(21)  Cás-staidéir: https://healthy-workplaces.osha.europa.eu/en/media-centre/news/real-world-learnings-implementing-worker-management-through-ai.

(22)   https://www.oecd.org/content/dam/oecd/en/publications/reports/2024/10/who-will-be-the-workers-most-affected-by-ai_fb7fcccd/14dc6f89-en.pdf.


IARSCRÍBHINN A GHABHANN LEIS AN RÚN:

MOLTAÍ I dTAOBH INNEACHAR AN TOGRA ARNA IARRAIDH

Measann Parlaimint na hEorpa, má thíolacann an Coimisiún, tar éis dó measúnú tionchair a dhéanamh, arna chomhlánú le Tástáil Iomaíochais agus FBManna, togra maidir le bainistiú algartamach san ionad oibre, gur cheart na moltaí seo a leanas a ionchorprú ann:

Moladh 1

Ábhar agus raon feidhme

Ba cheart é a bheith mar aidhm ag an togra dálaí oibre a fheabhsú agus imlonnú agus úsáid thrédhearcach, chothrom, chuntasach agus shábháilte na gcóras faireacháin agus cinnteoireachta uathoibrithe a úsáidtear chun cinntí a dhéanamh nó chun tacú leo san ionad oibre a chur chun cinn, lena n-áirithítear formhaoirseacht dhaonna, cosaint chearta bunúsacha na n-oibrithe, agus cosaint oibrithe i ndáil le próiseáil a sonraí pearsanta.

Ba cheart feidhm a bheith ag an togra maidir le gach oibrí agus fostóir san Aontas. Ba cheart an leibhéal céanna cosanta a bheith ag oibrithe atá i gcaidreamh conarthach le hidirghabhálaí agus atá ag oibrithe a bhfuil caidreamh conarthach díreach acu lena bhfostóir.

Ba cheart don togra prionsabal na comhréireachta a urramú agus ba cheart dó a áirithiú go bhfuil an t-ualach riaracháin agus comhlíontachta a fhorchuirtear iomchuí do mhéid an fhostóra agus do na hacmhainní atá ar fáil dó, do chineál na dteicneolaíochtaí a úsáidtear, agus do leibhéal an riosca lena mbaineann, go háirithe maidir le micrifhiontair agus fiontair bheaga agus mheánmhéide.

Moladh 2

Sainmhínithe

Ba cheart foráil a dhéanamh sa togra maidir leis an sainmhíniú seo a leanas:

 

ba cheart ‘bainistiú algartamach’ a shainmhíniú mar chórais faireacháin uathoibrithe agus córais chinnteoireachta uathoibrithe, i gcomhréir leis an Treoir maidir le hObair Ardáin. (1).

Ba cheart foráil a dhéanamh sa togra maidir leis na sainmhínithe seo a leanas freisin: ‘oibrí’, ‘fostóir’, ‘ionadaithe oibrithe’ agus ‘ionad oibre’ i gcomhréir le dlí saothair an Aontais lena n-áirítear cásdlí na Cúirte Breithiúnais, chun neamhréireachtaí a sheachaint.

Moladh 3

Trédhearcacht agus ceart chun faisnéise

Ba cheart a áirithiú leis an togra go gcuirfidh fostóirí faisnéis ar fáil do na hoibrithe a ndéantar difear dóibh agus do na hionadaithe oibrithe lena mbaineann, i scríbhinn agus i bhformáid inrochtana, maidir le húsáid nó úsáid bheartaithe córas le haghaidh bainistiú algartamach san ionad oibre.

Ba cheart an fhaisnéis sin a sholáthar i gcomhréir leis an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (2) agus ba cheart an méid seo a leanas a áireamh inti:

(a)

ráiteas soiléir go bhfuil córais bainistithe algartamaigh in úsáid nó go bhfuil sé beartaithe iad a thabhairt isteach chun cinnteoireacht uathoibrithe nó leath-uathoibrithe a dhéanamh, lena n-áirítear tuairisc ghinearálta ar an gcuspóir agus ar na cinntí a dhéanann na córais sin nó a dtacaítear leo leis na córais sin, ar a bhfeidhmiú agus ar na hoibrithe agus na próisis a ndéanann siad difear dóibh, ar chineál na faisnéise sin a bheith comhréireach agus teoranta don mhéid is gá do na hoibrithe chun a gcuid oibre a dhéanamh, chun tuiscint a fháil ar an tionchar a bhíonn ag na córais algartamacha ar chinntí a dhéanann difear dóibh, agus chun a gcearta a fheidhmiú;

(b)

tionchar na gcóras sin ar dhálaí oibre agus stádas fostaíochta na n-oibrithe;

(c)

na catagóirí sonraí arna mbailiú nó arna bpróiseáil ar bhealach eile ag na córais sin i ndáil leis na hoibrithe, an cuspóir atá leis na sonraí a phróiseáil agus sonraí na ndaoine a n-aistrítear na sonraí chucu;

(d)

na sásraí formhaoirseachta daonna;

(e)

bearta oiliúna agus tacaíochta do na hoibrithe a ndéantar difear díreach dóibh.

Ba cheart an fhaisnéis a sholáthar ar a dhéanaí ar an gcéad lá oibre de na hoibrithe a ndéantar difear dóibh, sula dtabharfar isteach athruithe a dhéanann difear suntasach dá ndálaí oibre, agus tráth ar bith arna iarraidh sin do na hoibrithe nó d’ionadaithe na n-oibrithe.

Ba cheart an fhaisnéis a sholáthar ar bhealach soiléir, trédhearcach agus sothuigthe agus inrochtana, trí úsáid a bhaint as teanga shimplí, atá curtha in oiriúint do leibhéal na litearthachta digití a bhfuiltear ag súil leis go réasúnta ó na hoibrithe, agus ba cheart í a bheith inrochtana do dhaoine faoi mhíchumas. Ba cheart an ceart a bheith ag na húdaráis inniúla agus ag ionadaithe na n-oibrithe soiléirithe agus sonraí breise a iarraidh maidir le haon fhaisnéis a chuirtear ar fáil.

Ba cheart d’iarrthóirí atá ag dul faoi nós imeachta earcaíochta faisnéis ábhartha a fháil faoi chórais chinnteoireachta uathoibrithe a úsáidtear le linn an nós imeachta earcaíochta tráth a dhéanann siad iarratas ar fholúntas. Ba cheart uirlisí a chur ar fáil d’oibrithe chun a gcearta rochtana sonraí agus a gcearta chun iniomparthachta a fheidhmiú go héifeachtach.

Moladh 4

Comhairliúchán

Ba cheart a áirithiú leis an togra go measfar imlonnú agus úsáid córas nua bainistithe algartamaigh, nó nuashonruithe ar chórais atá ann cheana, a dhéanann difear díreach do luach saothair, meastóireacht, socruithe oibre, leithdháileadh cúraimí nó am oibre oibrithe, a bheith ina gcinntí ar dócha go mbeidh athruithe substaintiúla ar eagrú na hoibre nó ar chaidreamh conarthach mar thoradh orthu agus, dá réir sin, go mbeidh siad faoi réir comhairliúcháin de bhun Airteagal 4(2), pointe (c), de Threoir 2002/14/CE (3), gan dochar do Threoir 2009/38/CE (4).

Ba cheart an comhairliúchán sin a dhéanamh maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

cuspóirí an imlonnaithe nó an nuashonraithe, na próisis oibre agus na hoibrithe a ndéantar difear dóibh;

(b)

an t-ualach oibre, déine na hoibre, sceidealú, am oibre, solúbthacht, luach saothair, dualgais poist, meastóireacht feidhmíochta nó caidreamh conarthach;

(c)

na héifeachtaí ar shláinte agus sábháilteacht ceirde;

(d)

na cineálacha sonraí a bhailítear;

(e)

na bearta atá i bhfeidhm chun claontacht nó torthaí idirdhealaitheacha a chosc, a bhrath, a mhaolú agus a cheartú;

(f)

sásraí formhaoirseachta agus athbhreithnithe daonna;

(g)

bearta oiliúna agus tacaíochta, lena n-áirítear cúnamh ó shaineolaithe, do na hoibrithe agus do na bainisteoirí a na córais sin a imlonnú agus a úsáid.

Moladh 5

Cleachtais a gcuirtear toirmeasc orthu

Leis an togra, ba cheart bailiú, stóráil, faireachán, díol nó aon phróiseáil eile ar na nithe seo a leanas a thoirmeasc:

(a)

stáit mhothúchánacha, shíceolaíocha nó néareolaíocha, gníomhaíocht chognaíoch nó sonraí bithmhéadracha na n-oibrithe;

(b)

cumarsáid phríobháideach, lena n-áirítear malartuithe le hoibrithe eile agus le hionadaithe oibrithe, ach amháin i gcás ina bhfuil próiseáil den sórt sin dleathach i gcomhréir le hAirteagal 6(1), pointe (c) nó (d) den Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí;

(c)

sonraí oibrithe nach bhfuil ar dualgas, nach bhfuil ag tairiscint nó ag déanamh oibre nó i spásanna príobháideacha, rianú geoshuímh fíor-ama lasmuigh d’uaireanta oibre nó thar a bhfuil fíor-riachtanach chun cúraimí a chur i gcrích;

(d)

sonraí maidir le feidhmiú na gceart bunúsach a thuar, lena n-áirítear an tsaoirse comhlachais, an ceart chun cómhargála agus gníomhaíochta nó an ceart chun faisnéise agus chun dul i gcomhairle;

(e)

catagóirí speisialta sonraí pearsanta i gcomhréir le hAirteagal 9(1) den Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí chomh maith le tátail faoi na catagóirí sin.

Ba cheart na cleachtais sin a bheith faoi thoirmeasc le linn an nós imeachta earcaíochta freisin.

Moladh 6

Formhaoirseacht agus athbhreithniú daonna

Leis an togra, ba cheart formhaoirseacht dhaonna leanúnach, fhóinteach agus éifeachtach a áirithiú i gcónaí ar gach cinneadh a dhéantar nó a dtacaítear leis le córais bainistithe algartamaigh. Ba cheart dó a áirithiú freisin go n-ainmneoidh fostóirí na heintitis atá freagrach as faireachán a dhéanamh ar fheidhmiú agus ar thionchar na gcóras sin agus as athbhreithniú a dhéanamh ar a gcinntí agus go gcuirfidh fostóirí na hoibrithe agus a n-ionadaithe ar an eolas iad fúthu. Ba cheart an inniúlacht, an oiliúint agus an t-údarás is gá a bheith ag na daoine atá freagrach as formhaoirseacht agus meastóireacht chun na feidhmeanna sin a fheidhmiú, lena n-áirítear an t-údarás chun cinntí uathoibrithe a shárú.

Ba cheart a áirithiú leis an togra go mbeadh sé de cheart ag oibrithe míniú ciallmhar agus sothuigthe ó bhéal nó i scríbhinn a fháil ón bhfostóir laistigh d’am réasúnta maidir le haon chinneadh a dhéantar nó a dtacaítear leis go substaintiúil le bainistiú algartamach a dhéanann difear do ghnéithe bunriachtanacha a bhfostaíochta, lena n-áirítear leithdháileadh cúraimí, meastóireacht ar fheidhmíocht, sceidealú ama oibre, luach saothair, agus bearta araíonachta, i gcás ina bhfuil aon chinneadh a bhaineann le hábhair den sórt sin déanta nó ina raibh tionchar substaintiúil ag córas algartamach air. Má bhraitheann an t-oibrí go sáraítear a chearta nó a cearta leis na cinntí a dhéantar nó a dtacaítear leo go substaintiúil le córais bainistithe algartamach, ba cheart an ceart a bheith aige nó aici athbhreithniú ar an gcinneadh sin a iarraidh.

I gcás, mar thoradh ar athbhreithniú daonna, ina bhfaightear amach gur sháraigh cinneadh aonair a rinneadh le bainistiú algartamach nó ar thacaigh bainistiú algartamach leis cearta oibrí, ba cheart don fhostóir na bearta is gá a dhéanamh, lena n-áirítear, más iomchuí, modhnú ar an gcóras bainistithe algartamaigh nó scor dá úsáid, agus cúiteamh leordhóthanach as an damáiste a rinneadh.

Cinntí a bhaineann le fostaíocht a thionscnamh nó a fhoirceannadh, le comhaontú conarthach a athnuachan nó gan é a athnuachan, nó le haon athruithe ar luach saothair nó ar ghníomhaíocht araíonachta, ba cheart iad a dhéanamh i gcónaí trí dhuine daonna agus ba cheart iad a bheith faoi réir athbhreithniú daonna.

Ba cheart a áirithiú leis an togra go bhféadfaidh oibrithe nó a n-ionadaithe a iarraidh ar an bhfostóir nó ar an soláthróir seirbhísí athbhreithniú a thionscnamh ar fheidhmiú na gcóras bainistithe algartamaigh atá i bhfeidhm i gcás ina bhfuil údar imní ann go léiríonn na córais sin claontachtaí, idirdhealú nó lochtanna sistéamacha nó go bhfuil siad ina mbagairt ar fholláine mheabhrach nó fhisiciúil oibrithe nó ar shláinte agus sábháilteacht san ionad oibre.

Moladh 7

Sábháilteacht agus sláinte ceirde

Ba cheart a áirithiú leis an togra go ndéanann fostóirí, i gcomhar le hionadaithe oibrithe, meastóireacht ar na rioscaí a bhaineann le córas bainistithe algartamaigh a chomhtháthú ina gcórais sábháilteachta agus sláinte, a mhéid a bhaineann leis na rioscaí a d’fhéadfadh a bheith ann maidir le tionóiscí a bhaineann leis an obair, rioscaí síceasóisialta agus eirgeanamaíocha chomh maith le brú míchuí a chuirtear ar oibrithe.

Ba cheart d’fhostóirí córais bainistithe algartamaigh a úsáid ar bhealach lena n-urramaítear folláine oibrithe agus nach gcuirtear a sábháilteacht ná a sláinte fhisiciúil agus mheabhrach i mbaol. Ba cheart dóibh gníomhaíochtaí maolaitheacha a dhéanamh i gcás inarb iomchuí.

Moladh 8

Freagrachtaí na n-údarás náisiúnta inniúil

Ba cheart a áirithiú leis an togra go ndéanfaidh cigireachtaí saothair nó údaráis inniúla náisiúnta eile amhail comhlachtaí comhionannais, i gcás inarb iomchuí, maoirseacht ar úsáid shábháilte, thrédhearcach agus neamh-idirdhealaitheach córas bainistithe algartamaigh san ionad oibre.

Ba cheart é a chur de chúram ar chigireachtaí saothair faireachán, rialú agus measúnú a dhéanamh ar shábháilteacht na gcóras algartamach a úsáidtear i gcomhthéacsanna fostaíochta, go háirithe maidir le tionchar na gcóras sin ar shláinte fhisiciúil agus mheabhrach oibrithe agus ar chearta bunúsacha na n-oibrithe sin.

Ba cheart acmhainní, cumhachtaí, saineolas teicniúil agus oiliúint iomchuí leordhóthanach a chur ar fáil do chigireachtaí saothair chun a bhfeidhmeanna a chur i gcrích go héifeachtach gan dúbláil a dhéanamh ar na rialuithe ná na sásraí comhlíontachta atá ann cheana faoin dlí náisiúnta. Arna iarraidh sin, ba cheart rochtain a bheith acu ar fhaisnéis maidir le húsáid an bhainistithe algartamaigh sna hionaid oibre.

Ba cheart do na Ballstáit treoir shaincheaptha agus sásraí tacaíochta tiomnaithe a áirithiú chun cabhrú le FBManna aon oibleagáidí a bhaineann le faireachán uathoibrithe agus córais chinnteoireachta uathoibrithe a thuiscint agus a chur chun feidhme go héifeachtach.

Moladh 9

Forfheidhmiú

Ba cheart foráil a dhéanamh sa togra go n-oibreoidh an Coimisiún, na Ballstáit, a n-údaráis inniúla náisiúnta agus na comhpháirtithe sóisialta i gcomhar le chéile, go roinnfidh siad dea-chleachtais chun acmhainneachtaí a fhorbairt, agus chun forfheidhmiú éifeachtach a áirithiú.

Ba cheart a áirithiú leis an togra go gcosnófar oibrithe a fheidhmíonn a gcearta ar chóir dhíobhálach, ar fhrithbheart agus ar dhífhostú agus go mbeidh rochtain acu ar fhianaise in imeachtaí riaracháin agus breithiúnacha.

Moladh 10

Maoirseacht

Ba cheart a áirithiú leis an togra go ndéanfaidh údaráis cosanta sonraí arna mbunú faoin Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí faireachán freisin ar chur i bhfeidhm a fhorálacha maidir le próiseáil sonraí i gcomhthéacsanna fostaíochta, i gcomhar le húdaráis saothair náisiúnta agus le húdaráis inniúla eile.

Moladh 11

Neamh-chúlchéimniú agus Forálacha Níos Fabhraí

Leis na rialacha agus na coimircí a eascraíonn as na moltaí sin, ba cheart leibhéal cosanta a sholáthar atá coibhéiseach ar a laghad leis an leibhéal cosanta dá bhforáiltear le dlí an Aontais atá ann cheana, lena n-áirítear an Treoir maidir le hObair Ardáin, an Gníomh um an Intleacht Shaorga, an Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha (5), agus an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí.

Níor cheart go mbeadh an togra ina fhoras bailí chun an leibhéal ginearálta cosanta a thugtar cheana féin d’oibrithe laistigh de na Ballstáit a laghdú.

Ba cheart a áirithiú leis an togra go mbeidh sé de shaoirse i gcónaí ag na Ballstáit agus ag na comhpháirtithe sóisialta forálacha níos fabhraí a thabhairt isteach nó a choinneáil.


(1)  Treoir (AE) 2024/2831 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2024 maidir le feabhas a chur ar dhálaí oibre san obair ardáin (IO L, 2024/2831, 11.11.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2024/2831/oj).

(2)  Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).

(3)  Treoir 2002/14/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2002 lena mbunaítear creat ginearálta chun fostaithe sa Chomhphobal Eorpach a chur ar an eolas agus chun dul i gcomhairle leo - Dearbhú Comhpháirteach ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún maidir le hionadaíocht fostaithe (IO L 80, 23.3.2002, lch. 29).

(4)  Treoir 2009/38/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Bealtaine 2009 maidir le Comhairle Oibreacha Eorpach a bhunú nó nós imeachta i ngnóthais ar leibhéal an Chomhphobail agus i ngrúpaí gnóthas ar leibhéal an Chomhphobail a bhunú chun críocha fostaithe a chur ar an eolas agus dul i gcomhairle leo (IO L 122, 16.5.2009, lch. 28).

(5)  Rialachán (AE) 2022/2065 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Deireadh Fómhair 2022 maidir le Margadh Aonair do Sheirbhísí Digiteacha agus lena leasaítear Treoir 2000/31/CE (an Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha) (IO L 277, 27.10.2022, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2022/2065/oj).


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/2154/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)