European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2026/2149

6.5.2026

P10_TA(2025)0326

An caidreamh idir an tAontas agus an Araib Shádach

Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 16 Nollaig 2025 maidir leis an gcaidreamh idir an tAontas agus an Araib Shádach (2025/2082(INI))

(C/2026/2149)

Tá Parlaimint na hEorpa,

ag féachaint d’Airteagail 205-222 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE),

ag féachaint do rúin uaithi roimhe seo maidir leis an Araib Shádach, go háirithe rúin an 25 Deireadh Fómhair 2018 maidir le marú an iriseora Jamal Khashoggi i gconsalacht na hAraibe Sádaí in Iostanbúl (1), rún an 11 Feabhra 2021 maidir leis an staid dhaonnúil agus pholaitiúil in Éimin (2) agus rún an 8 Iúil 2021 maidir le pionós an bháis san Araib Shádach, go háirithe cásanna Mustafa Hashem al-Darwish agus Abdullah al-Howaiti (3),

ag féachaint do theachtaireacht chomhpháirteach ón gCoimisiún agus ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála an 18 Bealtaine 2022 maidir le Comhpháirtíocht Straitéiseach leis an Murascaill (JOIN(2022)0013), agus do chonclúidí ón gComhairle an 20 Meitheamh 2022 ina leith,

ag féachaint don sainordú ón gComhairle maidir le tús a chur le caibidlíocht le haghaidh Comhaontuithe Comhpháirtíochta Straitéisí (CCSanna) le tíortha Chomhairle Comhair Stáit Arabacha na Murascaille (Comhairle Comhair na Murascaille (CCM)), agus le Ríocht Bhairéin, Stát Chuáit, Sabhdánacht Óman, Stát Chatar, Ríocht na hAraibe Sádaí agus Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha, faoi seach,

ag féachaint don ráiteas comhpháirteach ón gcéad chruinniú mullaigh AE-CCM an 16 Deireadh Fómhair 2024,

ag féachaint don ráiteas comhpháirteach ón 29ú Cruinniú Comhpháirteach Chomhairle agus Aireachta idir CCM agus AE an 6 Deireadh Fómhair 2025,

ag féachaint don mholadh le haghaidh Cinneadh ón gComhairle maidir le treoracha caibidlíochta nua le haghaidh Comhaontú Saorthrádála réigiúnach agus Comhaontuithe Saorthrádála déthaobhacha le tíortha Chomhairle Comhair Stáit Arabacha na Murascaille, agus Ríocht Bhairéin, Stát Chuáit, Sabhdánacht Óman, Stát Chatar, Ríocht na hAraibe Sádaí agus Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha, faoi seach (COM(2025)0194),

ag féachaint don socrú comhair idir an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí agus Aireacht Gnóthaí Eachtracha Ríocht na hAraibe Sádaí, a síníodh an 3 Deireadh Fómhair 2021,

ag féachaint don cheathrú hIdirphlé maidir le Cearta an Duine idir an tAontas Eorpach agus Ríocht na hAraibe Sádaí a reáchtáladh in Riyadh an 20 Nollaig 2024,

ag féachaint do chóras domhanda smachtbhannaí an Aontais i ndáil le cearta an duine, a bunaíodh i mí na Nollag 2020,

ag féachaint do Threoirlínte an Aontais Eorpaigh maidir le Cosantóirí Chearta an Duine, arna nglacadh in 2004 agus arna n-athbhreithniú in 2008,

ag féachaint do thuarascáil Ghrúpa Saineolaithe na Náisiún Aontaithe ar Ainmneacha Geografacha an 8 Aibreán 2025 maidir le Ríocht na hAraibe Sádaí (2025/169/CRP.169),

ag féachaint do Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe an 18 Nollaig 1979 maidir le Gach Cineál Idirdhealaithe in aghaidh na mBan a Dhíothú,

ag féachaint do Riail 55 dá Rialacha Nós Imeachta,

ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Eachtracha (A10-0230/2025),

A.

de bhrí gur príomh-chomhpháirtí déthaobhach agus réigiúnach de chuid an Aontais Eorpaigh í an Araib Shádach; de bhrí go bhfuil sé tábhachtach an comhar seo a dhoimhniú i dtreo comhpháirtíochta straitéisí a bhfuil sé mar aidhm léi caidreamh déthaobhach a neartú agus comhar a chur chun cinn i réimsí éagsúla, lena n-áirítear cosaint, cultúr agus nuálaíocht, ach thar aon ní eile fuinneamh;

B.

de bhrí gurb í an Araib Shádach an 17ú comhpháirtí trádála is mó ar domhan dá bhfuil ag an Aontas Eorpach, agus gurb é an tAontas an t-infheisteoir coigríche is mó dá bhfuil ag an Araib Shádach;

C.

de bhrí, le deich mbliana anuas, gur dhoimhnigh an Araib Shádach agus an tSín a gcaidrimh faoi chuimsiú thionscadal ‘Fís 2030’ na hAraibe Sádaí, agus gurb í an Araib Shádach an faighteoir is mó d’infheistíochtaí Thionscnamh an Chreasa agus an Bhóthair na Síne, lena n-áirítear infheistíochtaí i mbonneagar straitéiseach amhail calafoirt agus líonraí digiteacha; de bhrí gurb í an tSín príomhcheannaitheoir amhola na hAraibe Sádaí ó 2019 i leith; de bhrí gur fheabhsaigh an Araib Shádach agus an tSín an comhar i réimsí an bheartais eachtraigh, na slándála, an fhuinnimh, na trádála agus na teicneolaíochta trí Choiste Comhpháirteach Ardleibhéil (HLJC), chomh maith le fochoistí, a bhunú in 2016;

D.

de bhrí go bhfuil an Araib Shádach ag neartú a caidreamh leis an India, go háirithe tríd an tionscadal dar teideal ‘Conair Eacnamaíoch idir an India, an Meánoirthear agus an Eoraip’ (IMEC), a bhfuil sé mar aidhm aige nascacht idir an Áise agus an Eoraip a fheabhsú trí leithinis na hAraibe;

E.

de bhrí go bhfuil an Araib Shádach ag daingniú a stádais mar idirghabhálaí réigiúnach iontaofa agus mar ghníomhaí domhanda ríthábhachtach, agus go bhfuil sé ríthábhachtach go ndéanfaidh sí amhlaidh agus cearta an duine agus an dlí idirnáisiúnta á gcomhlíonadh go hiomlán agus á gcur chun cinn;

F.

de bhrí go bhfuil cás leanúnach os comhair na Cúirte Breithiúnais Idirnáisiúnta (CBI) maidir le Cur i bhfeidhm an Choinbhinsiúin maidir le Coireacht an Chinedhíothaithe i Stráice Gaza a Chosc agus a Phionósú (an Afraic Theas v Iosrael), arna chomhdú ag an Afraic Theas an 29 Nollaig 2023;

G.

de bhrí go bhfuil an Araib Shádach ag feabhsú idirphlé agus comhair leis an Aontas Eorpach maidir le cearta an duine;

H.

de bhrí gur oibleagáid chonarthach don Aontas é meas ar chearta an duine agus ar an dlí idirnáisiúnta a chur chun cinn i mbeartas eachtrach, lena n-áirítear trádáil, mar a chumhdaítear in Airteagail 3 agus 21 den Chonradh ar an Aontas Eorpach;

I.

de bhrí gur chuir Coiste na Náisiún Aontaithe um Idirdhealú in aghaidh na mBan a Dhíothú in iúl, ina thorthaí i mí Dheireadh Fómhair 2024 maidir leis an Araib Shádach, gur cúis imní dó cleachtais idirdhealaitheacha dhaingnithe, ciapadh gníomhaithe ar mná iad agus tionchar níos leithne na mbeart pionósach, lena n-áirítear pionós an bháis a úsáid;

J.

de bhrí go mbeidh an chéad chruinniú mullaigh eile idir an tAontas agus CCM, atá le bheith ar siúl in Riyadh in 2026, ríthábhachtach chun raon feidhme an chaidrimh idir an tAontas agus an Araib Shádach a leathnú tuilleadh agus chun comhar a fheabhsú maidir le saincheisteanna ríthábhachtacha leasa choitinn;

An caidreamh déthaobhach idir an tAontas agus an Araib Shádach

1.

ag tabhairt chun suntais an rannpháirtíocht dhearfach idir an tAontas agus CCM, mar bheirt de na príomhghníomhaithe sa Mheánmhuir leathnaithe, le linn an chéad chruinniú mullaigh idir an tAontas agus CCM in 2024; á dhearbhú go bhfuil sé d’aidhm ag an Aontas borradh a chur faoi naisc dhéthaobhacha le gach tír de Chomhairle Comhair na Murascaille trí CCSanna lena dtabharfaí aghaidh ar an staid atá ann faoi láthair, is é sin nach ann do chreat atá ceangailteach ó thaobh dlí le haghaidh caidreamh déthaobhach idir an tAontas Eorpach agus an Araib Shádach, agus ar an gcaoi sin leas a bhaint as an acmhainneacht chun comhar níos doimhne agus níos leithne a bhaint amach i réimsí amhail an beartas eachtrach agus slándála, ceartas agus forfheidhmiú an dlí, trádáil agus infheistíocht, fuinneamh agus an aeráid, claochlú digiteach, an comhshaol, taighde agus nuálaíocht, an intleacht shaorga, nascacht, ríomhrialachas, oideachas, cultúr, taighde, an óige agus teagmháil idir dhaoine, agus chun athchóirithe ar chearta an duine agus ar chearta saothair a áirithiú i dtíortha CCM;

2.

á chur in iúl gur geal léi an t-ailíniú agus an comhar idir an Araib Shádach agus an tAontas i réimse an bheartais eachtraigh agus an bheartais slándála;

3.

ag cur i bhfios go láidir an acmhainneacht atá ann maidir le tuilleadh comhar eacnamaíoch a bhaint amach idir an tAontas agus an Araib Shádach i réimsí an fhuinnimh inbhuanaithe, na n-amhábhar criticiúil, na teicneolaíochta faisnéise, agus na fiontraíochta, agus é á thabhairt dá haire gurb é an comhar eacnamaíoch idir an tAontas agus an Araib Shádach bunchloch an chaidrimh dhéthaobhaigh; á iarraidh go méadófaí an comhar idir an tAontas agus an Araib Shádach sna réimsí seo; ag tacú le comhlíonadh reachtaíocht an Aontais maidir le dícheall cuí ag an Araib Shádach agus í ag gabháil do mhargaí eacnamaíocha nó margaí gnó a bhaineann le cuideachtaí atá faoi úinéireacht Chiste Infheistíochta Poiblí na hAraibe Sádaí nó atá cleamhnaithe leis;

4.

á chur i bhfáth gur cheart go gcuirfeadh doimhniú an chomhair idir an tAontas agus an Araib Shádach i réimse an fhuinnimh agus na trádála feabhas ar uathriail straitéiseach an Aontais trí fhoinsí soláthair fuinnimh iontaofa a éagsúlú, sa ghearrthéarma; á chur i bhfios go láidir, cé gur gníomhaí domhanda lárnach í an Araib Shádach i margaí fuinnimh iontaise, go bhfuil sí tar éis dul i mbun conair éagsúlaithe agus inbhuanaitheachta freisin, le hinfheistíochtaí i bhfuinneamh in-athnuaite, go háirithe tionscadail mhórscála gréine agus hidrigine; á thabhairt dá haire go bhfuil an Araib Shádach anois i measc na 10 margadh stórála fuinnimh is mó ar domhan, rud a chuireann a ceannaireacht san fhuinneamh in-athnuaite chun cinn tuilleadh; á thabhairt chun suntais gur féidir tionscnaimh chomhpháirteacha maidir le hidrigin ghlas, breoslaí inbhuanaithe agus bonneagar fuinnimh den chéad ghlúin eile a chumasú trí leas a bhaint as acmhainneacht ollmhór grianfhuinnimh na hAraibe Sádaí, mar aon le teicneolaíochtaí in-athnuaite úrscothacha an Aontais;

5.

á athdhearbhú go bhfuil rún daingean ag an Aontas tacú leis an Araib Shádach agus í ag saothrú éagsúlú agus athchóiriú socheacnamaíoch, lena n-áirítear cur chun cinn na forbartha inbhuanaithe;

6.

á athdhearbhú go bhfuil an tAontas tiomanta i gcónaí do shocrú taistil gan víosa a bheadh sábháilte agus chun tairbhe an dá thaobh a chur chun cinn leis na cúig thír CCM atá fágtha, chun a áirithiú go dtabharfar cóir chomhionann dóibh, rud a d’fhéadfaí a mheas i gcomhthéacs straitéis nua víosaí an Aontais; ag tabhairt dá haire an tábhacht eacnamaíoch shuntasach a bhaineann le turasóirí ón Araib Shádach do Bhallstáit an Aontais, go háirithe maidir le tacú le príomhearnálacha amhail fáilteachas, miondíol agus tionscail chultúrtha; á chur i bhfios go láidir nach bhfuil saoránaigh na hAraibe Sádaí ina bhfoinse brú imirce neamhrialta (4), agus dá bhrí sin ag iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit machnamh a dhéanamh ar tharscaoileadh víosaí Schengen a thabhairt isteach a luaithe a dheonófar an chascáid chun turasóireacht a éascú, malartuithe idir daoine a fheabhsú, agus naisc eacnamaíocha agus chultúrtha idir an tAontas agus an Araib Shádach a neartú tuilleadh;

7.

ag iarraidh ar an Aontas comhar rialála a éascú tuilleadh, rud a chuideoidh le hiarrachtaí na hAraibe Sádaí rialacha agus nósanna imeachta a bhunú le haghaidh éagsúlú fuinnimh rathúil agus athchóiriú socheacnamaíoch; ag spreagadh comhpháirtíochtaí níos láidre idir eintitis oideachais agus taighde an Aontais agus na hAraibe Sádaí, lena n-áirítear trí chláir amhail Erasmus Mundus agus Fís Eorpach; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé na dálaí is gá a chruthú le haghaidh soghluaisteacht mhéadaithe mac léinn; á thabhairt chun suntais, trí fheabhas a chur ar dheiseanna malartaithe do dhaoine óga, go rannchuideofar go suntasach leis an gcaidreamh idir an tAontas, an Araib Shádach agus réigiún na Murascaille ina iomláine a chomhdhlúthú;

Tosaíochtaí beartais eachtraigh na hAraibe Sádaí agus deiseanna don Aontas

8.

ag cur i bhfáth tábhacht mhéadaitheach na hAraibe Sádaí mar ghníomhaí taidhleoireachta agus a rannchuidiú suntasach leis an gcobhsaíocht réigiúnach agus idirnáisiúnta, go háirithe i gcomhthéacs oibríochtaí míleata Iosrael in Gaza agus maidir le forbairtí a tharla le déanaí sa tSiria, sa Liobáin, in Éimin, sa Mhuir Rua agus sa tSúdáin;

9.

á iarraidh go mbeadh comhar níos láidre ann i réimse an bheartais eachtraigh agus slándála i bhfianaise géaruithe réigiúnacha; á thabhairt chun suntais gur iarradh sa teachtaireacht chomhpháirteach maidir le Comhpháirtíocht Straitéiseach leis an Murascaill agus sa Chomhaontú Comhpháirtíochta Straitéisí a bheidh ann amach anseo go mbeadh comhar níos láidir ann i réimse na polaitíochta agus na slándála; á chur i bhfáth nach mór an comhar sin a bheith bunaithe ar thiomantas comhroinnte an dlí idirnáisiúnta a urramú, lena n-áirítear cearta an duine, an dlí daonnúil idirnáisiúnta agus Cairt na Náisiún Aontaithe; á chur in iúl go dtacaíonn sí leis an gcinneadh ón gComhairle i mí Iúil 2025 lena n-údaraítear don Choimisiún agus d’Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála tús a chur leis an gcaibidlíocht maidir leis an gComhaontú Comhpháirtíochta Straitéisí a bhunú le Ríocht na hAraibe Sádaí; á aithint gur deis ríthábhachtach é an tionscnamh seo chun leasanna straitéiseacha an Aontais a chur chun cinn, cobhsaíocht réigiúnach a chothú, agus comhar a fheabhsú i réimsí an fhuinnimh agus na slándála; á iarraidh go mbeadh an dá pháirtí rannpháirteach go láidir agus go gníomhach le linn an phróisis caibidlíochta, d’fhonn a áirithiú go dtabharfar i gcrích go pras agus go tráthúil é; á chur i bhfáth gur cheart go bhfónfadh comhar feabhsaithe an Aontais leis an Araib Shádach freisin chun gealltanais chomhroinnte i leith na síochána agus na cobhsaíochta a neartú, agus chun an córas iltaobhach riailbhunaithe a choimirciú;

10.

á thabhairt chun suntais go bhfuil ról tábhachtach taidhleoireachta ag an Araib Shádach, go háirithe maidir le tacú leis an díghéarú in Éimin, an tslándáil mhuirí sa Mhuir Rua a neartú, cainteanna a óstáil maidir leis an Úcráin agus idirphlé maidir leis an tSúdáin a éascú, agus ar an gcaoi sin rannchuidiú go cuiditheach leis an gcobhsaíocht réigiúnach agus idirnáisiúnta;

11.

ag iarraidh ar an Araib Shádach leanúint den chomhar idir an tAontas agus an Araib Shádach maidir leis an bhfrithsceimhlitheoireacht agus maidir leis an radacú a chosc, ar comhar é nach mór a dhéanamh i gcomhréir le caighdeáin idirnáisiúnta maidir le cearta an duine; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá ailíniú forleathan idir an tAontas agus an Araib Shádach sna réimsí sin;

12.

ag aithint iarrachtaí na hAraibe Sádaí díghéarú a spreagadh i ndáil le hoibríochtaí míleata Iosrael in Gaza; ag meabhrú a seasaimh a chuir sí in iúl i rún uaithi an 11 Meán Fómhair 2025 maidir le Gaza i ndeireadh na feide: Gníomhaíocht an Aontais chun an gorta a chomhrac, an géarghá atá le gialla a scaoileadh saor agus bogadh i dtreo réiteach dhá stát (5), agus á chur in iúl gur geal léi Dearbhú Nua-Eabhrac chun Ceist na Palaistíne a Shocrú go Síochánta agus Cur Chun Feidhme an Réitigh Dhá Stát an 29 Iúil 2025, agus a fhormhuiniú ag Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe an 12 Meán Fómhair 2025;

13.

ag aithint na n-iarrachtaí atá déanta ag an Araib Shádach agus ag Stáit Arabacha áirithe eile chun an caidreamh taidhleoireachta le hIosrael a normalú faoi Chomhaontuithe Abrahám 2020; ag iarraidh ar an Aontas tacú le tionscnaimh atá dírithe ar thacaíocht leathan réigiúnach agus idirnáisiúnta a fhorbairt do thodhchaí níos fearr sa chaidreamh Arabach-Iosraelach faoi chuimsiú an Aontais maidir leis an réiteach dhá stát a bhfuil glacadh leis, chun cobhsaíocht réigiúnach a chur chun cinn;

14.

ag moladh fhor-rochtain shubstaintiúil taidhleoireachta agus airgeadais na hAraibe Sádaí ar an tSiria, lena n-áirítear trí chomhairliúcháin réigiúnacha, chomh maith le hiarrachtaí cobhsaíochta agus atógála níos leithne; ag iarraidh ar an Araib Shádach agus ar a comhpháirtithe sa réigiún cabhrú le rialtas idirthréimhseach na Siria ollstruchtúr polaitiúil agus slándála marthanach agus cuimsitheach a bhunú; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé ceannasacht agus iomláine chríochach na Siria a chaomhnú, agus rannpháirtíocht agus cosaint mhionlaigh na Siria; á iarraidh go mbeadh comhar feabhsaithe ann idir an tAontas agus an Araib Shádach chun oibriú i dtreo aistriú síochánta agus cuimsitheach sa tSiria agus chun Críostaithe agus gach pobal sa tSiria a chosaint, lena ráthófar a sábháilteacht agus a saoirse reiligiúnach, chomh maith lena n-oidhreacht chultúrtha a chosaint;

15.

ag athdhearbhú thacaíocht an Aontais d’atógáil pholaitiúil agus shocheacnamaíoch na Liobáine agus á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá an comhar idir an tAontas agus an Araib Shádach maidir le Rún 1701 (2006) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe a chur chun feidhme, lena dtugtar tacaíocht d’Fhórsaí Armtha na Liobáine; á chur in iúl gur geal léi iarrachtaí rialtas na Liobáine agus á iarraidh go ndéanfaí Hezbollah a dhí-armáil; á athdhearbhú a thábhachtaí atá sé do thíortha uile an réigiúin ceannasacht agus iomláine chríochach na Liobáine a urramú, agus ag iarraidh ar na páirtithe uile coimeádaithe síochána Fhórsa Eatramhach na Náisiún Aontaithe sa Liobáin (UNIFIL) a choimirciú ag an am céanna;

16.

ag aithint ról cuiditheach na hAraibe Sádaí i measc an teannais réigiúnaigh atá ann faoi láthair, comhar méadaithe idir an Araib Shádach agus Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha, agus normalú taidhleoireachta de réir a chéile leis an Iaráin; ag tabhairt chun suntais ailíniú idir an tAontas agus an Araib Shádach maidir le seachfhórsaí na hIaráine a shrianadh agus stop a chur le tuilleadh forbartha a dhéanamh ar chlár núicléach na hIaráine;

17.

ag tabhairt chun suntais thosaíocht chomhroinnte an Aontais agus na hAraibe Sádaí maidir le síocháin mharthanach a bhunú in Éimin, agus ag moladh tiomantas leanúnach na hAraibe Sádaí do réiteach polaitiúil cuimsitheach a bhaint amach in Éimin; ag iarraidh ar an Araib Shádach tacú le sásra imscrúdaitheach idirnáisiúnta neamhspleách maidir le sáruithe ar an dlí daonnúil idirnáisiúnta in Éimin idir 2015 agus 2022; ag spreagadh méadú ar chabhair dhaonnúil an Aontais agus na hAraibe Sádaí d’Éimin, agus iarrachtaí comhpháirteacha ón dá pháirtí chun gníomhú in aghaidh spriocdhíriú oibrithe cabhrach;

18.

á chur in iúl gur geal léi na cainteanna a bhí faoi stiúir na Náisiún Aontaithe a tionóladh in Riyadh i mí Eanáir 2025 chun treochlár a bhunú don tsíocháin chuimsitheach in Éimin, rud a d’fhág go ndearnadh dul chun cinn maidir le hamlínte dí-armála Houthi; á thabhairt dá haire go bhfuil siad sin fós ag brath ar chúnamh eacnamaíoch ón Araib Shádach;

19.

á chur i bhfáth go bhfuil an tAontas tiomanta go daingean dá áirithiú go gcosnófar bealaí muirí agus cearta loingseoireachta idirnáisiúnta sa Mhuir Rua; ag tabhairt chun suntais tiomantas na hAraibe Sádaí don tslándáil mhuirí agus á iarraidh go mbeadh comhar polaitiúil agus faisnéise níos dlúithe ann le hOibríocht Aspides de chuid Fhórsa Cabhlaigh an Aontais, agus le Ballstáit an Aontais ar bhonn níos leithne;

20.

á chur in iúl gur geal léi rannpháirtíocht na hAraibe Sádaí i dtaca leis an gcaibidlíocht maidir le sos cogaidh san Úcráin a óstáil; ag tathant ar an Araib Shádach comhoibriú níos dlúithe lena comhpháirtithe chun tacú le smachtbhannaí i gcoinne Chónaidhm na Rúise agus bearta a dhéanamh chun cabhrú le deireadh a chur le gníomhaíochtaí scáthchabhlach na Rúise;

21.

ag tabhairt dá haire ghealltanas USD 600 billiún na hAraibe Sádaí chun infheistíocht a dhéanamh sna Stáit Aontaithe, lena n-áirítear comhaontú cosanta agus comhar straitéiseach maidir le teicneolaíochtaí atá ag teacht chun cinn;

22.

ag aithint ról na hAraibe Sádaí maidir le comhar iltaobhach a chothú, lena n-áirítear a rannpháirtíocht mhéadaitheach san Afraic, go háirithe sa tSaiheil, agus san Áise; á iarraidh go mbeadh comhordú níos dlúithe ann idir an tAontas agus an Araib Shádach maidir le comhar fuinnimh, forbairt bonneagair trasréigiúnach, fothú acmhainneachta, forbairt caipitil dhaonna, ionstraimí airgeadais agus sásraí infheistíochta ar fud mhór-roinn na hAfraice; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé tionscadail atá faoi stiúir na hAraibe Sádaí a chomhtháthú le creataí an Aontais, lena n-áirítear tionscnamh Global Gateway;

23.

á thabhairt dá haire gur iarradh go foirmiúil ar an Araib Shádach a bheith ina comhalta de ghrúpa tíortha BRICS; á thabhairt dá haire go léiríonn for-rochtain na hAraibe Sádaí ar BRICS treocht i dtreo comhghuaillíochtaí éagsúlaithe; ag iarraidh ar an Aontas dul i dteagmháil ar bhealach cuiditheach leis an Araib Shádach i bhfóraim iltaobhacha chun leasanna frithpháirteacha trádála agus infheistíochta a chosaint;

24.

á thabhairt dá haire gur neartaíodh an caidreamh déthaobhach idir an Araib Shádach agus an Tuirc, go háirithe i réimsí na slándála agus na cosanta; ag iarraidh ar an Araib Shádach an caidreamh sin a úsáid chun a chur ina luí ar an Tuirc rannchuidiú cuiditheach a dhéanamh le próiseas síochána an Mheánoirthir trí aithint a dhéanamh ar Hamas mar eagraíocht sceimhlitheoireachta agus trí dheireadh a chur le tacaíocht pholaitiúil, eacnamaíoch agus lóistíochta;

25.

á chur in iúl gur geal léi seasamh comhsheasmhach na hAraibe Sádaí maidir lena haicmiú ar an mBráithreachas Moslamach mar eagraíocht sceimhlitheoireachta, agus ag iarraidh ar an Aontas agus ar a Bhallstáit déanamh amhlaidh agus aithint a dhéanamh ar an mBráithreachas Moslamach mar eagraíocht sceimhlitheoireachta;

Claochlú socheacnamaíoch na hAraibe Sádaí agus deiseanna don Aontas

26.

á chur in iúl gur geal léi pleananna uaillmhianacha ‘Fís 2030’ de chuid na hAraibe Sádaí, ina leagtar amach athchóiriú socheacnamaíoch fóinteach chun an tír agus a cuid institiúidí a nuachóiriú, agus chun an geilleagar a éagsúlú;

27.

ag iarraidh ar an Araib Shádach a timpeallacht fuinnimh a athmhúnlú agus aistriú i dtreo fuinneamh in-athnuaite agus hidrigin ghlas mar chuid dá pleananna ‘Fís 2030’; ag iarraidh ar an Araib Shádach cloí lena gealltanais faoi Chomhaontú Pháras agus i gcomhréir le tuairim shaineolach na Náisiún Aontaithe; á thabhairt dá haire go bhfuil an tAontas réidh chun oibriú i gcomhar lena chomhpháirtithe san Araib Shádach ar thionscadail lena gcuirtear chun cinn spriocanna comhshaoil an dá réigiún; ag tabhairt chun suntais tiomantas Ríocht na hAraibe Sádaí don aistriú fuinnimh, ag meabhrú di a gealltanas glan-nialasacht a bhaint amach faoi 2060 agus 50 % dá leictreachas a tháirgeadh ó fhoinsí in-athnuaite faoi 2030; á chur in iúl gur geal léi, sa chomhthéacs sin, tionscadal suaitheanta na hAraibe Sádaí chun ceithre mhilliún tona hidrigine glaine a tháirgeadh go bliantúil faoi 2030;

28.

á chur i bhfios go láidir ról na hAraibe Sádaí mar ghníomhaí atá ag éirí níos tábhachtaí i slabhraí soláthair mianraí agus a hiarrachtaí chun ailíniú le dea-chleachtais idirnáisiúnta; á chur i bhfáth go mbeidh sé ríthábhachtach raon feidhme an chomhair idir an tAontas agus an Araib Shádach a leathnú sa réimse sin chun straitéis um laghdú riosca an Aontais a chomhdhlúthú tuilleadh i ndáil leis sin, agus chun a iarracht a sholáthar amhábhar a éagsúlú;

29.

á aithint go bhfuil dul chun cinn suntasach déanta ag an Araib Shádach chun dul i ngleic lena ráta ard dífhostaíochta i measc na hóige, agus go bhfuil laghdú ó 35,01 % in 2006 go 16 % in 2023 bainte amach aici; á mholadh go leanfadh an Araib Shádach de thús áite a thabhairt don tsaincheist sin;

30.

á chur in iúl gur geal léi cur chuige údaráis na hAraibe Sádaí maidir le níos mó caoinfhulaingthe a ghlacadh agus imeacht ó bheartais reiligiúnacha shriantacha; ag tabhairt dá haire an nasc díreach idir caoinfhulaingt agus fás eacnamaíoch inbhuanaithe, agus á chur i bhfios go láidir go gcothaíonn oscailteacht agus cuimsitheacht dálaí don nuálaíocht, don infheistíocht agus don dul chun cinn sóisialta; ag moladh na n-athchóirithe dearfacha curaclaim a rinneadh san Araib Shádach, lena n-áirítear, go háirithe, ábhar reiligiúnach idirdhealaitheach a bhaint, agus tuilleadh dul chun cinn á spreagadh i ndáil leis sin; ag spreagadh na hAraibe Sádaí leanúint de na hathchóirithe sin;

31.

ag tabhairt chun suntais an dul chun cinn mhóir atá déanta ag an Araib Shádach maidir le rannpháirtíocht na mban sa lucht saothair, a bhfuil méadú go dtí 36 % tagtha uirthi, agus gur deonaíodh an ceart tiomána agus an ceart chun taisteal d’uireasa fir do mhná; á chur i bhfios go láidir go bhfuil méadú faoi dhó tagtha ar rannpháirtíocht na mban sa lucht saothair san Araib Shádach ó 2017 i leith; á thabhairt dá haire go bhfuil 45 % d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide agus 17 % de na fiontair uile faoi úinéireacht mhná na hAraibe Sádaí anois; á mheas go léiríonn na forbairtí sin tionchar na n-athchóirithe dlíthiúla a tugadh isteach ó 2018 i leith (6), lena n-áirítear deireadh a chur leis an toirmeasc tiomána, dlí frithchiaptha a ghlacadh, agus rialacháin nua maidir le stádas pearsanta lena n-ardaítear an aois íosta phósta go 18 mbliana d’aois agus neamhspleáchas na mban a neartú; ag tabhairt chun suntais an méid sin atá bainte amach agus á mholadh go leanfaí leis na hathchóirithe atá dírithe ar chearta na mban agus ar rannpháirtíocht na mban sa saol poiblí a chur chun cinn tuilleadh, i bhfianaise gurb ionann mná faoi láthair agus 41 % den státseirbhís – lena n-áirítear poist shinsearacha taidhleoireachta –, 20 % de bhallraíocht Chomhairle Shura, agus gur thaistil an chéad bhean Arabach Moslamach chuig an spás; á thabhairt dá haire, in ainneoin an dul chun cinn atá déanta, go bhfuil dúshláin fós ann, lena n-áirítear maidir leis an Dlí maidir le Stádas Pearsanta agus neamhionannas idir fir agus mná maidir le pósadh, colscaradh, coimeád leanaí, oidhreacht agus cearta maoine;

32.

á thabhairt dá haire go bhfuil sraith tionscadal bonneagar uaillmhianach seolta ag an Araib Shádach sula ndéanfaidh sí EXPO 2030 agus Corn Domhanda FIFA 2034 a óstáil; ag brath ar chumas rialtas na hAraibe Sádaí ceart na n-oibrithe chun saor-chomhcheangal a ráthú, agus á chur i bhfáth go bhfuil imní fós ann maidir le cóir agus cearta oibrithe, agus maidir le ráta báis na n-imirceach i dtimpistí a bhaineann leis an áit oibre san Araib Shádach; ag aithint na n-athchóirithe a tugadh isteach faoi Thionscnamh Athchóirithe Saothair na hAraibe Sádaí, agus ag iarraidh ar an Araib Shádach a áirithiú go gcuirfear deireadh iomlán le córas urraíochta Kafala in 2025 agus cearta oibrithe dul ar stailc agus dul i mbun cómhargála a ráthú; ag dréim leis go dtapóidh an Araib Shádach an deis a thug Corn Domhanda 2034 FIFA agus go leanfaidh sí d’athchóirithe a chur chun feidhme faoin am sin; ag tathant ar an Araib Shádach reachtaíocht an Aontais maidir le dícheall cuí agus faireachán ar chuideachtaí fruilithe a chomhlíonadh chun a áirithiú go gcumhdóidh siad na costais agus na táillí uile a bhaineann le hearcú oibrithe, agus bearta a thabhairt isteach chun táillí earcaíochta neamhdhleathacha arna n-íoc ag oibrithe a aisíoc;

33.

ag aithint na ndeiseanna atá ann agus na leasanna cóineasaithe maidir le comhar idir an tAontas agus an Araib Shádach a bhfreastalaíonn an comhar idir an tAontas agus an Araib Shádach orthu laistigh den chomhpháirtíocht straitéiseach idir an tAontas agus CCM agus trí thionscnamh Global Gateway an Aontais maidir leis an gConair idir an India, an Meánoirthear agus an Eoraip, rud a mheastar go dtiocfaidh infheistíochtaí as i gcáblaí leictreachais, teileachumarsáid faoin bhfarraige agus cáblaí sonraí, mar aon le píblínte le haghaidh hidrigin ghlas; ag déanamh measúnú ar a acmhainneacht an tAontas a nascadh trí naisc iompair ilmhódaigh; ag tabhairt dá haire rannpháirtíocht na Stát Aontaithe; á iarraidh go láidir go dtabharfaí aghaidh ar bhearna mhaoinithe na Conaire Eacnamaíche idir an India, an Meánoirthear agus an Eoraip trí infheistíochtaí ón Aontas, ó Stáit Aontaithe Mheiriceá agus ón Murascaill, agus trí fhorbairt bonneagair inbhuanaithe a chur chun cinn; ag cur béim ar thábhacht straitéiseach na Conaire Eacnamaíche idir an India, an Meánoirthear agus an Eoraip mar spreagthóir mórathraitheach don nascacht réigiúnach, don chomhtháthú eacnamaíoch agus don chomhar geopholaitiúil; á thabhairt dá haire go bhféadfaí an comhar maidir le bonneagar digiteach straitéiseach a leathnú, lena n-áirítear bealaí sonraí éagsúlaithe agus slána a nascann an Mhurascaill agus an Eoraip, agus é mar chuspóir comhroinnte athléimneacht dhigiteach, slándáil sonraí agus nascacht na hEorpa leis an Áise agus leis an Afraic a fheabhsú; ag aithint na n-iarrachtaí leanúnacha atá á ndéanamh ag an gComhlachas Eorpach Tráchtála i Ríocht na hAraibe Sádaí (ECCKSA) chun comhar a chothú idir cuideachtaí Eorpacha agus an Araib Shádach maidir le bonneagar iompair agus lóistíochta, i gcomhréir le dlíthe díchill chuí an Aontais;

Cearta an Duine

34.

á iarraidh go mbeadh comhar feabhsaithe ann idir an tAontas agus an Araib Shádach maidir le cearta an duine; á chur in iúl gur geal léi an tIdirphlé maidir le Cearta an Duine idir an tAontas agus Ríocht na hAraibe Sádaí atá á reáchtáil faoi stiúir Choimisiún na hAraibe Sádaí um Chearta an Duine agus Ionadaí Speisialta an Aontais Eorpaigh um Chearta an Duine, agus gur reáchtáladh an ceathrú hIdirphlé maidir le Cearta an Duine in Riyadh i mí na Nollag 2024; á thabhairt dá haire gur cumhdaíodh raon leathan saincheisteanna maidir le cearta an duine sa phlé, lena n-áirítear cearta na mban agus cearta grúpaí leochaileacha, an smacht reachta, an ceart chun triail chóir a fháil, pionós an bháis, saoirse chun tuairimí a nochtadh, saoirse comhthionóil agus saoirse comhlachais, gáinneáil ar dhaoine, cearta eacnamaíocha, sóisialta agus cultúrtha, chomh maith le comhar agus gníomhaíochtaí déthaobhacha idir an tAontas agus Ríocht na hAraibe Sádaí i bhfóraim iltaobhacha um chearta an duine; á chur i bhfios go láidir go gcuireann idirphlé maidir le cearta an duine ardán ríthábhachtach ar fáil chun dearcthaí maidir le cearta idirnáisiúnta an duine a mhalartú agus chun comhar iltaobhach a neartú, agus á chur i bhfáth gur cheart go mbeadh sé d’aidhm ag an idirphlé sin agus ag gach idirphlé eile maidir le cearta an duine a bhíonn ar siúl ag an Aontas dul chun cinn nithiúil, intomhaiste agus faoi cheangal ama a áirithiú maidir le cearta an duine, lena n-áirítear athchóirithe ar chearta an duine, deireadh a chur le beartais mhí-úsáideacha, cuntasacht a áirithiú as mí-úsáidí agus daoine aonair atá i bpríosún go héagórach a scaoileadh; á iarraidh go mbunófaí sásra faireacháin struchtúrtha AE ina mbeadh tagarmharcanna agus amlínte soiléire, lena n-áirítear bearta leantacha chun tuilleadh dul chun cinn a spreagadh maidir le hathchóirithe ar chearta an duine; ag tathant ar an Aontas agus ar a Bhallstáit coinníollacha maidir le cearta an duine a chomhaontú go frithpháirteach leis an Araib Shádach le linn na caibidlíochta maidir le comhaontú comhpháirtíochta déthaobhach, lena n-áirítear daingniú croíchoinbhinsiúin maidir le cearta an duine agus cearta saothair ag an Araib Shádach, ach gan a bheith teoranta dó sin, chomh maith le daoine aonair atá i bpríosún go héagórach a scaoileadh saor;

35.

ag aithint na n-athchóirithe sóisialta atá curtha chun feidhme ag an Araib Shádach, amhail an Dlí nua maidir le hIdirbhearta Sibhialta, forbairtí maidir le cumhachtú na mban, an obair maidir le cód coiriúil a dhréachtú, an feabhas atá curtha ar an gcóras urraíochta saothair imirceach Kafala agus cur chun feidhme rialachán saothair nua; á thabhairt dá haire, áfach, go bhfuil dúshláin roimh chóras dlí na hAraibe Sádaí, mar gheall ar easpa dlí coiriúil códaithe agus a spleáchas ar reachtaíocht atá sainmhínithe go leathan, maidir lena áirithiú nach bhfuil cearta áirithe faoi réir coiriúlaithe;

36.

ag aithint rannpháirtíocht mhéadaitheach na sochaí sibhialta san Araib Shádach, agus go bhfuil 5 400 comhlachas agus eagraíocht chláraithe ann, agus á iarraidh go ndéanfaí bearta breise chun tacú leis an treocht dhearfach sin agus í a choinneáil ar bun; á chur in iúl gur cúis bhuartha di an méadú atá tagtha ar ghabhálacha gníomhaithe, feachtasóirí na sochaí sibhialta, intleachtóirí agus cosantóirí chearta an duine a fheidhmíonn a gceart i ndáil le saoirse chun tuairimí a nochtadh, ar líne agus as líne araon, i gcomhréir leis an dlí idirnáisiúnta um chearta an duine; ag spreagadh na hAraibe Sádaí chun athbhreithniú a dhéanamh ar a sainmhíniú ar sceimhlitheoireacht, i gcomhréir le caighdeáin idirnáisiúnta; á iarraidh go scaoilfí saor láithreach daoine aonair atá á gcoinneáil mar gheall ar fheidhmiú síochánta a gceart, go háirithe gníomhaithe tábhachtacha, cosantóirí chearta an duine, criticeoirí síochánta, acadóirí agus cléirigh, agus á iarraidh go mbainfí toirmisc taistil ó na daoine a scaoileadh saor; á mheabhrú gur bhronn an Pharlaimint Duais Sakharov 2015 ar an mblagálaí ón Araib Shádach Raif Badawi; ag tathant ar an Araib Shádach rochtain agus cuairteanna tíre a leathnú chuig raon níos leithne eagraíochtaí um chearta an duine;

37.

ag aithint Straitéis na hAraibe Sádaí um Chearta an Duine le haghaidh Chorn Domhanda FIFA 2034; á athdhearbhú go bhfuil an tAontas réidh chun tacú le hathchóirithe a bhaineann le cearta an duine, athchóirithe saothair agus athchóirithe dlíthiúla atá ar bun faoi láthair; á iarraidh go mbeadh comhar neartaithe ann leis na Náisiúin Aontaithe agus leis an Eagraíocht Idirnáisiúnta Saothair maidir le cearta oibrithe imirceacha, agus athchóirithe cuimsitheacha saothair a chuireann gach duine san áireamh á saothrú i gcomhréir le caighdeáin idirnáisiúnta, go háirithe roimh EXPO 2030 agus Corn Domhanda 2034, chun a áirithiú go ndéantar imscrúdú cuí ar gach bás agus timpiste a bhaineann le hoibrithe imirceacha, gan beann ar an gcúis, an t-am agus an áit a mheastar a bheith ann, agus go bhfaighidh teaghlaigh oibrithe éagtha cúiteamh cothrom agus tráthúil;

38.

ag athdhearbhú tiomantas an Aontais do dhíothú phionós an bháis faoi aon imthosca, agus ag athdhearbhú tiomantas, ar bhonn prionsabail, an Aontais oibriú leis an Araib Shádach chun na críche sin; á chur in iúl gur cúis bhuartha di an géarú ar líon na mbásuithe san Araib Shádach, a shroich an líon nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe seo de níos mó ná 345 in 2024; ag iarraidh ar an Araib Shádach moratóir a bhunú maidir le básuithe; ag cáineadh úsáid leanúnach phionós an bháis i leith cionta neamh-mharfacha, go háirithe coireanna a bhaineann le drugaí – ar sárú ar an dlí idirnáisiúnta um chearta an duine é dá bhrí sin, lena dteorannaítear cur i bhfeidhm phionós an bháis do na ‘coireanna is tromchúisí’ amháin – agus gur náisiúnaigh eachtracha iad os cionn leath de na básuithe uile in 2025, go minic tar éis trialacha nár chomhlíon caighdeáin idirnáisiúnta maidir le triail chóir; á iarraidh go ndéanfaí gníomhaíocht ghnéasach idir daoine den ghnéas céanna a dhíchoiriúlú;

39.

á chur in iúl gur saoth léi coinneáil leanúnach daoine aonair ar gearradh pianbhreith báis orthu mar gheall ar chionta a rinneadh nuair a bhí siad ina leanaí, agus ag iarraidh ar údaráis na hAraibe Sádaí na pianbhreitheanna báis sin a chur ar ceal, i gcomhréir le hoibleagáidí na hAraibe Sádaí faoin dlí idirnáisiúnta agus lena foraithne ríoga i mí Aibreáin 2020; ag iarraidh ar an Araib Shádach gach duine atá á gcoinneáil mar gheall ar a gcearta daonna a fheidhmiú go síochánta a scaoileadh saor láithreach agus gan choinníoll;

40.

ag iarraidh ar an Araib Shádach na croíchoinbhinsiúin idirnáisiúnta uile maidir le cearta an duine agus cearta saothair a dhaingniú; ag spreagadh na hAraibe Sádaí chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh an reachtaíocht reatha agus nua uile, lena n-áirítear an cód pionósach, caighdeáin idirnáisiúnta maidir le cearta an duine agus á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá dlúthchomhar leis na Náisiúin Aontaithe agus le heagraíochtaí neamhspleácha na sochaí sibhialta, i ndáil leis sin;

°

° °

41.

ag treorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún, chuig Leas-Uachtarán an Choimisiúin / Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála, a Shoilse Rí Salman bin Abdulaziz Al Saud, an Prionsa Corónach Mohammad bin Salman Al Saud, Rialtas Ríocht na hAraibe Sádaí agus an Chomhairle Shura; á iarraidh go n-aistreofaí an rún seo go hAraibis.


(1)   IO C 345, 16.10.2020, lch. 67.

(2)   IO C 465, 17.11.2021, lch. 126.

(3)   IO C 99, 1.3.2022, lch. 185.

(4)  Cinneadh Cur Chun Feidhme ón gCoimisiún an 22 Aibreán 2024 lena mbunaítear rialacha oiriúnaithe maidir le víosaí il-iontrála a eisiúint do náisiúnaigh den Araib Shádach a bhfuil cónaí orthu san Araib Shádach agus a bhfuil iarratas á dhéanamh acu san Araib Shádach ar víosaí gearrfhanachta agus lena n-aisghairtear Cinneadh Cur Chun Feidhme C(2022)8007 (C(2024)2689) ón gCoimisiún.

(5)  Téacsanna arna nglacadh, P10_TA(2025)0199.

(6)  An Fóram Eacnamaíoch Domhanda, ‘Saudi women are now legally allowed to drive’ [Tá cead dlíthiúil anois ag mná ón Araib Shádach tiomáint], an 25 Meitheamh 2018.


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/2149/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)