European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2026/2143

15.4.2026

Foilsiú iarratais ar chlárú táisc gheografaigh de bhun Airteagal 15(4) de Rialachán (AE) 2024/1143 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

(C/2026/2143)

Laistigh de 3 mhí ó dháta an fhoilsithe seo, féadfaidh údaráis Bhallstáit nó údaráis tríú tír nó duine nádúrtha nó dlítheanach ag a bhfuil leas dlisteanach agus atá bunaithe nó a bhfuil cónaí air i dtríú tír, freasúra a thaisceadh leis an gCoimisiún, i gcomhréir le hAirteagal 17 de Rialachán (AE) 2024/1143 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1).

DOICIMÉAD AONAIR

Ainmniúcháin tionscnaimh agus tásca geografacha táirgí talmhaíochta

‘Jabłka krajeńskie’

Uimhir thagartha AE: PGI-PL-03463 — 18.11.2025

1.   Ainm (nó ainmneacha)

‘Jabłka krajeńskie’

2.   Cineál an táisc gheografaigh

ATFC ☐ TGFC ☒

3.   Tír ar léi an limistéar geografach sainithe

an Pholainn

4.   Tuairisc ar an táirge talmhaíochta

4.1.   Aicmiú an táirge talmhaíochta i gcomhréir leis an gceannteideal agus leis an gcód Ainmníochta Comhcheangailte, dá dtagraítear in Airteagal 6(1) de Rialachán (AE) 2024/1143

0808 10 – Úlla

4.2.   Tuairisc ar an táirge talmhaíochta lena mbaineann an t-ainm cláraithe

Is torthaí milseoige úra d’Aicme I iad ‘Jabłka krajeńskie’ de na cineálacha úll Gala, Golden Delicious, Jonagold agus Champion, chomh maith lena gcorrchineálaigh, a fhástar i gceantar Krajna theas, lena gcumhdaítear Ceantar Bydgoszcz, Ceantar Nakło agus Ceantar Piła.

Saintréith de ‘Jabłka krajeńskie’ is ea a méid siúcra níos airde (arna shloinneadh in °BRIX) agus a leibhéal is airde teinne i gcomparáid leis na cineálacha céanna a fhástar i limistéir eile sa Pholainn. Cuireann na dálaí aeráide sonracha i ndeisceart Krajna, amhail an líon níos airde laethanta gréine agus frasaíocht mheasartha, le dath dian na dtorthaí agus le tiúchan na gnéithe blais. Thairis sin, bíonn tionchar ag na hithreacha, lena struchtúr éagsúil agus lena gcomhdhéanamh saibhir mianraí, ar an gcaoi a bhforbraíonn an dea-bholadh agus uigeacht an bhia, rud a thugann d’úlla ón limistéar sin a saintréithe orgánaileipteacha uathúla.

Ní mór ‘Jabłka krajeńskie’ a tháirgeadh i gcomhréir le scéimeanna cáilíochta agus sábháilteachta bia amhail Integrowana Produkcja (IP) agus/nó GLOBALG.A.P. Déanann gabháltais a chuireann scéim IP i bhfeidhm doiciméadú ar an bpróiseas táirgthe san Iris Táirgthe Comhtháite, a ndéanann comhlacht deimhniúcháin creidiúnaithe iniúchadh bliantúil air.

Saintréithe sonracha fisiceacha, ceimiceacha agus orgánaileipteacha ‘Jabłka krajeńskie’:

Cineál Gala

 

Cruth: cruinnchónúil, rialta

 

Meáchan an toraidh: 140-160 g

 

Craiceann: dearg dian, deirge a chlúdaíonn 65-80 % den dromchla

 

Bia: uachtarúil, súmhar, mínghráinneach, briosc

 

Blas agus dea-bholadh: milis, agus dea-bholadh sainiúil úll air

 

Aigéadacht: íseal, pH thart ar 3,7-3,9

 

Méid siúcra (BRIX): níos mó ná 13,7 °Bx

 

Teinne: níos mó ná 5,3 kg/cm2

Saintréithe idirdhealaitheacha: Seasann ‘Jabłka krajeńskie’ de chineál Gala amach mar gheall ar a ndath is déine agus a méid siúcra is airde ná meántorthaí an chineáil sin. Gné shainiúil eile is ea leibhéal ard teinne na dtorthaí tar éis na buana. Cuireann nochtadh níos fearr don ghrian agus raonta teochta laethúla leathana lena mblas cothromaithe.

Cineál Golden Delicious

 

Cruth: cruinn, beagán cónúil

 

Meáchan an toraidh: 150-170 g

 

Craiceann: idir glas éadrom agus buí, d’fhéadfadh ruachan éadrom a bheith ann

 

Bia: scothbhuí, dlúth, súmhar go leor

 

Blas agus dea-bholadh: mínmhilis, aramatach

 

Aigéadacht: íseal, pH thart ar 3,9

 

Méid siúcra (BRIX): níos mó ná 13,7 °Bx

 

Teinne: níos mó ná 5,3 kg/cm2

Saintréithe idirdhealaitheacha: Sna dálaí a fhaightear i ndeisceart Krajna, baineann an cineál Golden Delicious leibhéal is airde teinne, blas is iomláine agus méid siúcra is airde amach mar thoradh ar chumas maith seolta uisce na n-ithreacha torthúla donna agus an líon ard laethanta gréine le linn an tséasúir fáis.

Cineál Red Jonaprince (Jonagold)

 

Cruth: cruinn, rialta

 

Meáchan an toraidh: 180-200 g

 

Craiceann: dianbhurgúnach, lonrach a chlúdaíonn beagnach 100 % den dromchla

 

Bia: scothbhuí, an-dlúth, súmhar

 

Blas agus dea-bholadh: géar milis, an-aramatach

 

Aigéadacht: íseal, pH thart ar 3,6-3,8

 

Méid siúcra (BRIX): níos mó ná 14,7 °Bx

 

Teinne: níos mó ná 5,3 kg/cm2

Saintréithe idirdhealaitheacha: Seasann Red Jonaprince ó dheisceart Krajna amach mar gheall ar a ndath dian craicinn, a méid siúcra is airde agus a méid is mó brisce. Eascraíonn sé sin as dálaí agra-aeráide áitiúla, go háirithe an raon leathan teochta laethúla agus dáileachtaí talún dea-aeráilte, lena gcumasaítear carnadh siúcra níos fearr sna torthaí.

Cineál Champion

 

Cruth: leathanchónúil

 

Meáchan an toraidh: 160-180 g

 

Craiceann: idir glas éadrom agus buí agus deirge a chlúdaíonn 60-80 % den toradh

 

Bia: uachtarúil, briosc, súmhar

 

Blas agus dea-bholadh: milis le ruainnín géire, a thugann piorra go mín chun cuimhne

 

Aigéadacht: íseal, pH thart ar 3,6-3,8

 

Méid siúcra (BRIX): níos mó ná 11,6 °Bx

 

Teinne: níos mó ná 4,7 kg/cm2

Saintréithe idirdhealaitheacha: Saintréith de chuid ‘Jabłka krajeńskie’ de chineál Champion is ea blas is iomláine, is suntasaí agus méid siúcra is airde ná torthaí caighdeánacha an chineáil sin, mar thoradh ar an gcothromaíocht fhabhrach idir siúcraí agus aigéid. Seasann siad amach freisin mar gheall ar a leibhéal is airde teinne tar éis na buana, rud a mhéadaíonn a seilfré agus a dtarraingteacht tráchtála. Eascraíonn a méid is mó agus a ndea-bholadh is déine as na hithreacha torthúla ina bhfuil neart húmais agus as na dálaí comhshaoil dea-aeráilte is gnách don limistéar.

Chun comparáid a dhéanamh, léirítear sa litríocht gur thart ar 12-13 % de ghnáth na leibhéil chaighdeánacha BRIX le haghaidh na gcineálacha Golden Delicious agus Gala, agus meastar leibhéil ≥ 13 % go fiú a bheith ard. I bhfianaise an mhéid sin, léiríonn na híosleibhéil BRIX atá le fáil in ‘Jabłka krajeńskie’ — ≥ 13,65 °Bx (Gala, Golden Delicious), ≥ 14,70 °Bx (Red Jonaprince) agus ≥ 11,60 °Bx (Champion) — gur mar gheall ar an méid siúcraí nádúrtha is airde agus go mbaineann siad leis an ngrúpa ag a bhfuil cáilíocht chéadfach an-ard atá na torthaí seo difriúil le torthaí eile.

Is saintréith cháilíochta chomh fíor-riachtanach céanna de ‘Jabłka krajeńskie’ í teinne an bhia. Déantar í sin a thomhas trí úsáid a bhaint as treámhéadar láimhe, nuair a fhaightear na torthaí ó shaothraithe (i.e. nuair a sheachadtar chuig Grupa Galster sp. z o.o. iad) agus, ar iarraidh ó cheannaitheoirí, díreach sula ndíoltar iad. De ghnáth, le gairis láimhe tugtar léamha is ísle ná saotharlanna ag a bhfuil tástálaithe teinne digiteacha, agus mar sin d’fhéadfaí a mheas gur coimeádach iad na torthaí a fhaightear. Ar bhonn sonraí ó 2023-2024, is iad seo a leanas na meánleibhéil teinne le haghaidh na gcineálacha éagsúla:

Gala agus corrchineálaigh: ≥ 7,5 kg/cm2,

Golden Delicious agus corrchineálacha: ≥ 6,5 kg/cm2,

Red Jonaprince: ≥ 7,0 kg/cm2,

Champion: ≥ 5,8 kg/cm2,

Meastar go bhfuil leibhéil os cionn 7,0 kg/cm2 tipiciúil le haghaidh úlla milseoige ard-aicme agus deimhníonn siad oiriúnacht na dtorthaí le haghaidh stóráil fhadtéarmach gan caillteanas uigeachta ná úire.

Tá cláir á gcur chun feidhme ag roinnt táirgeoirí freisin chun iarmhair lotnaidicídí a laghdú, agus iad ag iarraidh torthaí a tháirgeadh atá go hiomlán saor ó shubstaintí den sórt sin. A bhuí leis sin, seasann ‘Jabłka krajeńskie’ amach ní hamháin mar gheall ar a gcáilíocht chéadfach ach freisin mar gheall ar a n-ardluach tráchtála i gcomparáid le húlla de na cineálacha céanna atá ar fáil ar an margadh náisiúnta.

4.3.   Maoluithe ar fhoinsiú beatha (i gcás táirgí de thionscnamh ainmhíoch arna n-ainmniú le hAinmniúchán Tionscnaimh faoi Chosaint agus sa chás sin amháin) agus srianta ar fhoinsiú amhábhar (i gcás táirgí próiseáilte arna n-ainmniú le Tásc Geografach faoi Chosaint agus sa chás sin amháin)

4.4.   Céimeanna sonracha táirgthe nach mór a dhéanamh sa limistéar geografach sainithe

Ní mór na céimeanna seo a leanas i dtáirgeadh ‘Jabłka krajeńskie’ a dhéanamh sa limistéar geografach sainithe (Krajna theas):

an dáileacht talún a ullmhú agus an t-úllord a bhunú (suíomh oiriúnach a shainaithint, an ithir a ullmhú, leasú, aoladh);

na crainn a fhás agus aire a thabhairt dóibh (prúnáil samhraidh agus gheimhridh, uisciú sileáin, srianadh fiaile, cosaint ar ghalair agus lotnaidí);

buain na dtorthaí.

4.5.   Rialacha sonracha maidir le pacáistiú, sliseadh, grátáil etc. an táirge talmhaíochta dá dtagraíonn an t-ainm cláraithe

Déantar ‘Jabłka krajeńskie’ a bhuain, a stóráil agus a phacáil sa limistéar atá faoi réir clárú. Ní fhéadfar ach torthaí Aicme I de na cineálacha seo a leanas a mhargú faoin ainm sin: Gala agus corrchineálacha, Golden Delicious agus corrchineálacha, Jonagold agus corrchineálacha, Champion agus corrchineálacha.

Stóráil

Cuirtear na húlla buainte i bpailléid bhoscaí agus stóráiltear iad in atmaisféar rialaithe i bhfuarstórais. Is é an modh is minice a úsáidtear stóráil in atmaisféar atá rialaithe ag ULO ina bhfuil cion ocsaigine 1-2 %. Ceadaítear modhanna stórála eile freisin, ar choinníoll go n-áirithítear leo go mbaintear amach na paraiméadair cháilíochta is gá. Dálaí a mholtar: teocht 1-3 °C (stóráil fhadtéarmach, suas le roinnt míonna) nó 4-10 °C (stóráil ghearrthéarmach, suas le coicís nó mar sin).

Le stóráil sa limistéar TGFC, is féidir an riosca damáiste mheicniúil a laghdú nuair a iompraítear na torthaí ar an mórchóir, agus ar an gcaoi sin iad a chosaint ar chailleadh teinne, úire agus cáilíochtaí blais. Trí fhuarstórais a lonnú sa láthair táirgthe, is féidir faireachán leanúnach a dhéanamh ar cháilíocht agus is féidir rialuithe inmheánacha a dhéanamh, agus ráthaítear leis sin caighdeán aonfhoirmeach táirgí a choinneáil ar bun.

Pacáil

Déantar na torthaí a phacáil ina n-aonar nó ar an mórchóir suas le huasmhéid 20 kg. Déantar pacáil de láimh nó trí úsáid a bhaint as meaisíní speisialaithe a laghdaíonn an riosca damáiste mheicniúil. Déantar an chéim sin freisin sa limistéar TGFC, lena n-áirithítear faireachán leanúnach ar an táirge agus lenar féidir baisceanna a ainmniú go beacht, lena n-áirítear baisc-chóid a shannadh, tionscnamh a léiriú agus an táirgeoir a shainaithint. Neartaíonn an córas pacála sin inrianaitheacht agus barántúlacht ‘Jabłka krajeńskie’.

4.6.   Rialacha sonracha maidir le lipéadú an táirge talmhaíochta dá dtagraíonn an t-ainm cláraithe

5.   Sainmhíniú achomair ar an limistéar geografach

Táirgtear ‘Jabłka krajeńskie’ ar thaobh theas Krajna, i gcúige Kujawsko-Pomorskie (réigiún Nakielski), i mbardais Sicienko agus Koronowo i gCeantar Bydgoszcz agus i mbardais Mrocza, Sadki agus Nakło nad Notecią i gCeantar Nakło, agus i gcúige Wielkopolskie (réigiún Pilski), i gcathair Piła agus i mbardais Białośliwie, Kaczory, Łobżenica, Miasteczko Krajeńskie, Szydłowo, Ujście, Wysoka agus Wyrzysk i gCeantar Piła.

6.   Nasc leis an limistéar geografach

Tá an nasc cúisíoch leis an tionscnamh geografach bunaithe ar

clú

cáilíocht áirithe

saintréithe eile an táirge

Saintréithe comhshaoil an limistéir

Saintréith de chuid Krajna theas is ea dálaí nádúrtha uathúla a mbíonn tionchar díreach acu ar cháilíocht agus ar shaintréithe ‘Jabłka krajeńskie’. Is ithreacha torthúla donna ar chréanna moiréin (aigéadacha agus láiste) is mó atá sa limistéar, arna bhforlíonadh le hithreacha áitiúla podsalacha, rua agus móinteacha, chomh maith le seornaiseoim sna hísealchríocha. Cruthaíonn an mhósáic ithreach sin dálaí gnáthóige éagsúla, rud a thacaíonn le haibiú cothrom na dtorthaí agus le próifíl chasta bhlais a fhorbairt. Is éard atá sa rilíf, a cruthaíodh leis an oighriú deireanach, críochmhoiréin, gleannta tolláin agus cnoic shéimhe a bhfuil airde 150 m acu. Áirithíonn an tír-raon nochtadh maith gréine le haghaidh na n-úllord agus an aeraithe (aerchúrsaíocht nádúrtha). Is aeráid idirthréimhseach atá ann (idir aeráid mhuirí agus aeráid ilchríochach), ina bhfuil séasúr fáis fada (~210 lá) agus frasaíocht mheasartha (~500 mm in aghaidh na bliana). Tá tábhacht ar leith ag baint leis an líon ard laethanta gréine le linn na tréimhse aibiúcháin agus na raonta móra teochta laethúla, rud a chuireann le dath dian na n-úll agus le carnadh siúcraí. Áirithíonn an iliomad lochanna agus gleannta abhann (Noteć, Brda, Łobżonka) cothromaíocht fhabhrach uisce, agus cuireann láithreacht limistéar faoi chosaint (páirceanna tírdhreacha, limistéir Natura 2000) teorainn le tionchair thionsclaíocha agus cuidíonn siad le cothromaíocht éiceolaíoch a choinneáil ar bun. Is é an toradh a bhíonn ar na tosca comhshaoil sin go léir ardméid solad intuaslagtha (°Brix), teinne mhéadaithe agus dath dian na dtorthaí, agus a bpróifíl chomhchuí aigéid siúcra. A bhuí leis sin, faigheann ‘Jabłka krajeńskie’ blas agus dea-bholadh saibhir inaitheanta a fhágann difear idir iad agus úlla de na cineálacha céanna ó limistéir eile sa tír.

Tosca daonna — traidisiún agus scileanna

Tá cáilíocht agus cáil ‘Jabłka krajeńskie’ mar thoradh freisin ar thaithí na saothróirí áitiúla, taithí a forbraíodh agus a cuireadh ar aghaidh ar feadh na nglúnta. I limistéar Krajna, téann traidisiúin fáis torthaí siar chomh fada leis an gcéad leath den 20ú haois ar a laghad; cé gur tharla dianfhorbairt na n-úllord sna 1950idí, bhí eolas áitiúil ar shaothrú crann torthaí sa 19ú haois cheana féin. Faoi láthair, cuireann táirgeoirí a ghrúpáiltear le chéile sa limistéar cleachtais i bhfeidhm a théann níos faide ná teicnící caighdeánacha talmhaíochta agus atá curtha in oiriúint do shaintréithe aeráide agus ithreach Krajna. Áirítear orthu sin prúnáil bheacht samhraidh agus gheimhridh, tanúchán bachlóg de láimh (lena bhfeabhsaítear méid agus teinne na dtorthaí), uisciú sileáin in éineacht le faireachán taise leanúnach (lena gcoisctear díhiodráitiú agus hiodráitiú iomarcach na hithreach araon) agus barrfheabhsú na tréimhse buana le haghaidh gach roinn den úllord. Leis na teicnící talmhaíochta sin, i dteannta buntáistí nádúrtha an limistéir, is féidir úlla a fháil a bhfuil teinne os cionn an mheáin acu tar éis na buana (5,25-5,75 kg/cm2 ar an meán) agus méid siúcra ard (°Brix > 13,65 go minic), mar aon le haigéadacht chothromaithe agus dath dian craicinn. Roghnaíonn saothróirí ó Krajna theas cineálacha agus a gcorrchineálacha go cúramach (e.g. fásann siad an corrchineál Gala Schnico Red ag a bhfuil deirge atá dian go maith, nó rogha línte Golden Delicious), chomh maith le fréamhstoic agus modhanna leasacháin, agus dálaí áitiúla á gcur san áireamh (amhail go bhfuil leibhéil nítrigine nádúrtha is ísle ag na hithreacha in éineacht le cion potaisiam ard). Le blianta fada de thraidisiún an fháis úll, a mbíonn grúpaí táirgeoirí áitiúla agus sainchomhairleoirí torthaí ag tacú leis sa lá atá inniu ann, d’éirigh go maith le forbairt saintréithe cáilíochta inaitheanta úll ón limistéar sin.

Clú agus aitheantas an ainm

Tá baint gan débhrí ag an téarma ‘Jabłka krajeńskie’ le limistéar Pojezierze Krajeńskie [Ceantar Loch Krajeńskie], a bhuí le saintréithe eisceachtúla an táirge agus le cur chuige gníomhach na dtáirgeoirí áitiúla maidir leis an ainm a chur chun cinn. Tháinig an fhianaise is tábhachtaí ar a cháil ar an leibhéal náisiúnta an 9 Lúnasa 2024 nuair a bronnadh deimhniú cáilíochta ‘Jakość Tradycja’ [Traidisiún Cáilíochta] ar an táirge ‘Jabłka krajeńskie’, an t-aon mharc cáilíochta bia Polannach a éilíonn traidisiún táirgthe 50 bliain ar a laghad agus nasc láidir idir an táirge agus a limistéar. Tríd an deimhniú sin a fháil, deimhníodh ní hamháin ardcháilíocht na n-úll ó Krajna ach freisin an traidisiún daingean a bhaineann lena dtáirgeadh agus lena n-inaitheantacht i gcomparáid le táirgí ó limistéir eile. Ina theannta sin, sa tréimhse 2016-2024, bhronn an tAire Talmhaíochta agus Forbartha Tuaithe marc ‘Poznaj Dobrą Żywność’ (PDŻ) [Dea-Bhia a Aithint] roinnt uaireanta ar ‘Jabłka Krajeńskie’, is é sin ar úlla ó Krajna de na cineálacha Gala, Champion agus Red Jonaprince. Comhlíonann ‘Jabłka krajeńskie’ caighdeáin táirgthe idirnáisiúnta freisin (tá deimhniú GLOBALG.A.P. ag Grupa Galster sp. z o.o. a dhéantar a athnuachan gach bliain ó bhí 2011 ann) trí ghníomhaíochtaí oideachais áitiúla. Mar shampla, i mbardas Sicienko eisíodh cluiche cártaí teaghlaigh ar a dtugtar ‘Piotruś’ ina bhfuil léaráidí d’úlloird agus d’úlla Krajna mar ghné d’oidhreacht an limistéir. Ciallaíonn na gníomhaíochtaí sin go léir go bhfuil an t-ainm ‘Jabłka krajeńskie’ fréamhaithe go buan i gcomhfhios daoine áitiúla agus bainteach le húlla ardcháilíochta ó Krajna. Dá bhrí sin, eascraíonn cáil an táirge as a shaintréithe cáilíochta oibiachtúla agus as blianta fada tiomantais ón bpobal áitiúil fás torthaí a chothú agus carachtar áitiúil na n-úll sin a chur chun cinn.

Tagairt d’fhoilsiú shonraíocht táirge an táisc gheografaigh

https://www.gov.pl/web/rolnictwo/wnioski-przekazane-komisji-europejskiej


(1)  Rialachán (AE) 2024/1143 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Aibreán 2024 maidir le tásca geografacha le haghaidh fíona, deochanna biotáilleacha agus táirgí talmhaíochta, chomh maith le sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht agus téarmaí roghnacha cáilíochta le haghaidh táirgí talmhaíochta, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1308/2013, (AE) 2019/787 agus (AE) 2019/1753 agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 (IO L, 2024/1143, 23.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1143/oj).


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/2143/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)