European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2026/2106

29.4.2026

P10_TA(2025)0235

Ardán sonraí comhchoiteann maidir le ceimiceáin, lena mbunaítear creat faireacháin agus ionchais le haghaidh ceimiceán

Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 21 Deireadh Fómhair 2025 ar an togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear ardán sonraí comhchoiteann maidir le ceimiceáin, lena leagtar síos rialacha lena áirithiú go bhfuil na sonraí atá ann inaimsithe, inrochtana, idir-inoibritheach agus in-athúsáidte agus lena mbunaítear creat faireacháin agus ionchais do cheimiceáin (COM(2023)0779 – C9-0449/2023 – 2023/0453(COD))

(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

(C/2026/2106)

Tá Parlaimint na hEorpa,

ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig an bParlaimint agus chuig an gComhairle (COM(2023)0779),

ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 114 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C9-0449/2023),

ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

ag féachaint do thuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 20 Márta 2024  (1),

ag féachaint don chomhaontú sealadach arna fhormheas de bhun Riail 75(4) dá Rialacha Nós Imeachta ag an gcoiste freagrach, agus don ghealltanas a thug ionadaí na Comhairle i litir dar dáta an 25 Meitheamh 2025 go ndéanfadh sí seasamh Pharlaimint na hEorpa a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

ag féachaint do Riail 60 dá Rialacha Nós Imeachta,

ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um an gComhshaol, um an Aeráid agus um Shábháilteacht Bia (A10-0018/2025),

1.

ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh mar a leagtar amach ina dhiaidh seo é (2);

2.

á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;

3.

á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.


(1)   IO C, C/2024/3381, 31.5.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/3381/oj.

(2)  Tá an seasamh seo ag gabháil in ionad na leasuithe a glacadh an 1 Aibreán 2025 (Téacsanna arna nGlacadh, P10_TA(2025)0045).


P10_TC1-COD(2023)0453

Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 21 Deireadh Fómhair 2025 chun go nglacfaí Rialachán (AE) 2025/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear ardán sonraí comhchoiteann maidir le ceimiceáin, lena leagtar síos rialacha chun a áirithiú go bhfuil na sonraí atá ann inaimsithe, inrochtana, idir-inoibritheach agus in-athúsáidte agus lena mbunaítear creat faireacháin agus ionchais do cheimiceáin

(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Rialachán (AE) 2025/2455.)


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/2106/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)