European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2026/2067

31.3.2026

Foilsiú na teachtaireachta maidir le leasú caighdeánach formheasta ar shonraíocht táirge le haghaidh tásc geografach i gcomhréir le hAirteagal 5(4) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2025/27 ón gCoimisiún (1)

(C/2026/2067)

TEACHTAIREACHT MAIDIR LE FORMHEAS AR LEASÚ CAIGHDEÁNACH

(Airteagal 24 de Rialachán (AE) 2024/1143)

‘Saint-Nicolas-de-Bourgueil’

Uimhir thagartha AE: PDO-FR-A0585-AM03 — 8.1.2026

1.   Ainm an táirge

‘Saint-Nicolas-de-Bourgueil’

2.   Cineál an táisc gheografaigh

ATFC

TGFC

TG

3.   Earnáil

Táirgí talmhaíochta

Fíon

Deochanna biotáilleacha

4.   An tír ar léi an limistéar geografach

an Fhrainc

5.   Údarás náisiúnta a bhfuil an leasú caighdeánach á chur in iúl aige

Eagraíocht

An Aireacht Talmhaíochta agus Bhiafhlaithis, Ard-Stiúrthóireacht Fheidhmíocht Eacnamaíoch agus Chomhshaoil na bhFiontar

6.   Incháilitheacht mar leasú caighdeánach

Measann údaráis na Fraince go gcomhlíonann an t-iarratas ceanglais Rialacháin (AE) Uimh. 1308/2013 agus (AE) 2024/1143.

Is leasuithe caighdeánacha iad na leasuithe ar an tsonraíocht táirge sin mar a shainítear in Airteagal 24(4) de Rialachán (AE) 2024/1143.

Ní bhaineann an t-iarratas ar leasú ar an ATFC ‘Saint-Nicolas-de-Bourgueil’ le haon cheann de na trí chás ar leasú ar leibhéal an Aontais iad; go sonrach:

(a)

níl i gceist leis athrú ar ainm ná ar úsáid an ainm, ná ar chatagóir an táirge nó na dtáirgí arna n-ainmniú leis an tásc geografach;

(b)

níl an baol ann dá dheasca go gcuirfí an nasc leis an limistéar geografach ar neamhní;

(c)

níl srianta breise ar mhargú an táirge i gceist leis.

Measann údaráis na Fraince dá bhrí sin gur le haghaidh leasú ‘caighdeánach’ atá an t-iarratas.

7.   Tuairisc ar an leasú caighdeánach (nó ar na leasuithe caighdeánacha) formheasta

Teideal

Tús na buainte

Tuairisc

Is mian leis an ngrúpa táirgeoirí le haghaidh ATFC deireadh a chur leis an bhforógra buainte chun bainistíocht riaracháin a shimpliú agus seiceáil á coinneáil ar bun an tráth céanna ar aibíocht na bhfíonchaor.

Déanann an leasú difear don doiciméad aonair.

Teideal

Spriocluach a chur leis an mbeart maidir le toirmeasc ar fhiailí

Tuairisc

D’iarr an grúpa táirgeoirí le haghaidh an ainmniúcháin go gcuirfí sprioc-luach leis an mbeart maidir le cothabháil dáileachta talún.

Is é is aidhm don spriocluach sin faireachán oibiachtúil agus dianchothabháil dáileachta talún a chumasú d’fhonn inbhuanaitheacht an ainmniúcháin a áirithiú.

Déanann an leasú difear don doiciméad aonair.

Teideal

Beart idirthréimhseach

Tuairisc

Cuireadh na dáileachtaí talún a chumhdaítear leis an mbeart idirthréimhseach roimh 1995 le scaradh plandaí 0,90 m laistigh den tsraith chéanna, ach leasaíodh an tsonraíocht an tráth sin le ceanglas maidir le scaradh plandaí íosta 1 m.

I bhfianaise na n-iarrachtaí atá déanta ag táirgeoirí comhlíonadh a dhéanamh agus i bhfianaise shaintréithe cáilíochtúla na ndáileachtaí talún a ndéantar difear dóibh, tá síneadh á chur leis go dtí 2045.

Déanann an leasú difear don doiciméad aonair.

Teideal

Lipéadú

Tuairisc

Chinn an grúpa táirgeoirí le haghaidh an ATFC aonad geografach níos mó a úsáid chun na fíonta a ainmniú, agus an téarma ‘Vin de Loire’ roghnaithe acu in ionad ‘Val de Loire’.

Leanann an fhorbairt sin na treoirlínte cumarsáide a ghlac táirgeoirí fhíonta Loire.

Is é an aidhm atá ann an chéannacht a dhéanamh níos soiléire agus í a ailíniú níos dlúithe le réaltacht na bhfíonta a dhéanann táirgeoirí in abhantrach an Loire.

Déanann an leasú difear don doiciméad aonair.

Teideal

An Cód Geografach a Thabhairt Cothrom le Dáta

Tuairisc

Tugadh na bardais sa limistéar geografach cothrom le dáta i gcomhréir le Cód Geografach Oifigiúil 2025. Ní athraíonn an leasú sin limistéar geografach an ainmniúcháin.

Déanann an leasú difear don doiciméad aonair.

Teideal

Tagairtí

Tuairisc

Tugadh sonraí teagmhála na hInstitiúide Náisiúnta Tionscnaimh agus Cáilíochta cothrom le dáta.

Leasaíodh na socruithe chun comhlíonadh na sonraíochta táirge a sheiceáil.

Déanann an leasú difear don doiciméad aonair.

DOICIMÉAD AONAIR

Ainmniúcháin tionscnaimh agus tásca geografacha na bhfíonta

‘Saint-Nicolas-de-Bourgueil’

Uimhir thagartha AE: PDO-FR-A0585-AM03 — 8.1.2026

1.   Ainm (nó ainmneacha)

‘Saint-Nicolas-de-Bourgueil’

2.   Cineál an táisc gheografaigh

ATFC

TGFC

TG

3.   Tír ar léi an limistéar geografach sainithe

an Fhrainc

4.   Aicmiú an táirge talmhaíochta i gcomhréir leis an gceannteideal agus leis an gcód Ainmníochta Comhcheangailte, dá dtagraítear in Airteagal 6(1) de Rialachán (AE) 2024/1143

2204 - fíon ó fhíonchaora úra, lena n-áirítear fíonta treisithe; úrfhíon fíonchaor seachas é sin atá faoi cheannteideal 2009

5.   Catagóirí na dtáirgí fíniúna mar a liostaítear i gCuid II d’Iarscríbhinn VII a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013

1.

Fíon

6.   Tuairisc ar an bhfíon nó ar na fíonta

Táirge fíniúna

Fíonta dearga socra

Tréithe orgánaileipteacha

Cuma

Bíonn dath idir dath an rúibín agus dath an ghairnéid de dhéine éagsúil ar na fíonta dearga socra.

Dea-bholadh

Tá na fíonta dearga socra galánta agus mín agus bíonn léiriú aramatach acu a chomhcheanglaíonn mionbholaithe de thorthaí dearga agus dubha.

Blas

Tairbhíonn roinnt fíonta níos saibhre de bheith aosaithe ar feadh roinnt blianta, ar lena linn a ghlacann siad mionbhlasanna níos casta.

Faisnéis bhreise maidir le tréithe orgánaileipteacha

-

Saintréithe anailíseacha

Neart alcóil iomlán uasta (in % de réir toirte):

-

Neart alcóil iarbhír íosta (in % de réir toirte):

-

Aigéadacht iomlán íosta:

-

Aonad aigéadachta iomláine íosta:

ina mhilleachoibhéisí in aghaidh an lítir

Aigéadacht luaineach uasta (i milleachoibhéisí in aghaidh an lítir):

-

Dé-ocsaíd sulfair iomlán uasta (i milleagraim in aghaidh an lítir):

-

Faisnéis bhreise maidir le saintréithe anailíseacha

Tá neart alcóil nádúrtha íosta 10,5 % de réir toirte ag na fíonta socra dearga.

Tar éis an tsaibhrithe, níor cheart neart alcóil iomlán de réir toirte na bhfíonta a bheith níos mó ná 13 %.

Tá coipeadh malalachtach éigeantach agus níor cheart an cion aigéid mhalaigh a bheith níos mó ná 0,3 gram in aghaidh an lítir.

Tar éis an phacáistithe, níor cheart an méid siúcra choipthigh (glúcós agus fruchtós) a bheith níos mó ná 2 ghram in aghaidh an lítir.

Aon saintréith anailíseach nach léirítear sa roinn seo tá sí laistigh de na teorainneacha a leagtar síos i reachtaíocht an Aontais is infheidhme.

Táirge fíniúna

Fíonta socra rosé

Tréithe orgánaileipteacha

Cuma

Bíonn dath measartha dian agus glé ar na fíonta rosé socra.

Dea-bholadh

Is iondúil go mbíonn dea-bholaithe úra agus measartha dian de thorthaí dearga agus bána ar na fíonta rosé socra, ar dea-bholaithe iad a mbíonn mionbholaithe citris orthu ó am go chéile.

Blas

Bíonn na fíonta socra úr agus sách dian, agus bíonn mionbhlasanna torthaí citris orthu uaireanta.

Faisnéis bhreise maidir le tréithe orgánaileipteacha

-

Saintréithe anailíseacha

Neart alcóil iomlán uasta (in % de réir toirte)

-

Neart alcóil iarbhír íosta (in % de réir toirte):

-

Aigéadacht iomlán íosta:

3,5

Aonad aigéadachta iomláine íosta:

i ngraim in aghaidh an lítir, arna sloinneadh mar aigéad tartarach

Aigéadacht luaineach uasta (i milleachoibhéisí in aghaidh an lítir):

-

Dé-ocsaíd sulfair iomlán uasta (i milleagraim in aghaidh an lítir):

-

Faisnéis bhreise maidir le saintréithe anailíseacha

Ní mór neart alcóil nádúrtha íosta 10,5 % de réir toirte a bheith ag na fíonta rosé socra.

Tar éis an tsaibhrithe, níor cheart neart alcóil iomlán de réir toirte na bhfíonta a bheith níos mó ná 13 %.

Tar éis an phacáistithe, níor cheart an méid siúcra choipthigh (glúcós agus fruchtós) a bheith níos mó ná 4 ghram in aghaidh an lítir.

Aon saintréith anailíseach nach léirítear sa roinn seo tá sí laistigh de na teorainneacha a leagtar síos i reachtaíocht an Aontais is infheidhme.

7.   Cleachtais fhíoneolaíocha

7.1.   Cleachtais fhíoneolaíocha shonracha a úsáidtear chun an fíon nó na fíonta a dhéanamh, srianta ábhartha maidir lena ndéanamh

Cleachtas fíoneolaíoch

-

Cineál an chleachtais fhíoneolaíoch

Srian maidir le fíonóireacht

Tuairisc

Toirmisctear gualach fíonóireachta a úsáid agus na fíonta rosé á ndéanamh, bíodh sé leis féin nó measctha in ullmhúchán.

Cleachtas fíoneolaíoch

Saibhriú

Cineál an chleachtais fhíoneolaíoch

Cleachtas fíoneolaíoch sonrach

Tuairisc

Ceadaítear teicnící laghdúcháin chun fíonta dearga a shaibhriú, agus tá an ráta uasta maidir le tiúchan páirteach socraithe ag 10 % i ndáil leis na toirteanna a úsáidtear. Tar éis an tsaibhrithe, níor cheart neart alcóil iomlán na bhfíonta a bheith níos mó ná 13 %.

Cleachtas fíoneolaíoch

Dlús plandaithe

Cineál an chleachtais fhíoneolaíoch

An modh saothraithe

Tuairisc

Is é 4 500 planda in aghaidh an heicteáir dlús plandaithe íosta i gcás na bhfíniúnacha, agus fad 2,10 méadar ar a mhéad idir na sraitheanna. Ní mór scaradh de 1 mhéadar ar a laghad a bheith idir plandaí sa tsraith chéanna.

Cleachtas fíoneolaíoch

Rialacha maidir le prúnáil

Cineál an chleachtais fhíoneolaíoch

An modh saothraithe

Tuairisc

Déantar na fíniúnacha a phrúnáil roimh an 1 Bealtaine trí úsáid a bhaint as na teicnící seo a leanas: - prúnáil Guyot aonair, agus 11 bhachlóg ar a mhéad in aghaidh an phlanda, nach mór 7 gcinn díobh ar a mhéad a bheith ar an gcána agus spor amháin nó dhá spor prúnáilte go dtí dhá bhachlóg ar a mhéad; - prúnáil dhúbailte Guyot, le dhá chána ar a mbíonn ceithre bhachlóg ar a mhéad agus spor amháin nó dhá spor a phrúnáiltear go [ar a laghad] bachlóg amháin nó dhá bhachlóg agus 12 bhachlóg ar a mhéad in aghaidh an phlanda; - prúnáil spoir (modh cordon de Royat), agus dhá bhachlóg ar a mhéad in aghaidh an spoir agus 12 bhachlóg ar a mhéad in aghaidh an phlanda.

7.2.   Uastáirgeacht

Gach fíon/catagóir/cineál

Fíonta dearga socra agus fíonta rosé socra

Uastáirgeacht

Uastáirgeacht:

67

Aonad uastáirgeachta:

heictilítear in aghaidh an heicteáir

8.   Léiriú ar an gcineál nó cineálacha fíonchaor óna dtáirgtear an fíon nó na fíonta

Cabernet Franc N

Cabernet Sauvignon N

9.   Sainmhíniú achomair ar an limistéar geografach sainithe

1 -   Limistéar geografach

Buantar na fíonchaora agus déantar na fíonta a tháirgeadh, a fhorbairt agus a aosú i mbardas Saint-Nicolas-de-Bourgueil i roinn Indre-et-Loire (liosta a bhunaítear ar bhonn Chód Geografach Oifigiúil 2025):

2-   Limistéar dáileachta talún críochaithe

Ní mór na fíonta a dhéanamh as fíonchaora a fhástar ar dháileachtaí talún atá lonnaithe sa limistéar táirgeachta, mar a d’fhormheas an Institiúid Náisiúnta Tionscnaimh agus Cáilíochta (Institut national de l’origine et de la qualité - INAO) ag cruinnithe an choiste náisiúnta ábhartha an 7 agus an 8 Samhain 1995.

Cuireann INAO na léarscáileanna lena mbunaítear teorainneacha dháileachtaí talún an limistéir táirgeachta arna bhformheas amhlaidh faoi bhráid halla baile an bhardais a luaitear i mír 1.

10.   Nasc leis an limistéar geografach

Catagóir an táirge fíniúna

1.

Fíon

Achoimre ar an nasc

Tá limistéar fíonsaothrúcháin Saint-Nicolas-de-Bourgueil suite ar léibheann ársa den Loire agus feadh bhunchnoc na fána lena bhfuil sé ceangailte. Tá aghaidh ó dheas aige agus osclaíonn sé ar Ghleann an Loire, cúpla ciliméadar in aghaidh an tsrutha ón áit a mbuaileann an Vienne le Abhainn an Loire. Sa limistéar dáileachta talún críochaithe ina mbuantar na fíonchaora, tá formhór na n-ithreacha leabaithe ar an léibheann a chruthaítear le sil-leagain ghláracha ársa. Tá sil-leagain níos déanaí ar an ngrinneall abhann freisin. Tá na hithreacha an-tréscaoilteach sin go léir gainmheach-gairbhéalach le leibhéil éagsúla clocha iontu agus cúltaiscí uisce teoranta. Ag bun na fána, tá roinnt ithreacha cré-aolchloiche de chailc tuffeau Turónach agus ithreacha sileacáite cré a d’fhorbair ó fhoirmíochtaí cré-ghainmheacha Seanónacha. Tá an limistéar geografach suite ag airde íseal ar an ngob is faide siar de Touraine, agus tairbhíonn sé d’aeráid aigéanach a bhfuil tionchair shuntasacha mhuirí aici. San earrach, cumasaíonn na teochtaí séimhe fás luath plandaí. Cuirtear borradh faoin bpróiseas sin leis an gcosaint ó na gaotha aduaidh a sholáthraíonn an t-ardchlár coillteach os cionn na fána ina bhfástar na fíniúnacha. Téann limistéar táirgeachta fíona Bourgueil siar go dtí bunú Mhainistir Bourgueil in 990 AD. In 1189, mhol Abbé Baudry go hard na spéire a mhainistir agus an fíon a tháirgtear laistigh dá tailte. I gcaitheamh na gcéadta blianta, leathnaigh na fíonghoirt thar theorainneacha an fheirthe agus leath siad ar fud an réigiúin, feadh fhánaí agus léibhinn ársa an Loire. Is as limistéar Bordeaux a tháinig an príomhchineál fíniúna don ATFC sin, Cabernet Franc N, cineál fíniúna ar a dtugtar ‘breton’ go háitiúil. Tugadh go dtí an limistéar é le huiscebhealaí intíre, agus is dócha gur bhain sé níos mó cáile amach sa réigiún tar éis aontas polaitiúil Anjou agus na hAcatáine (an 11ú agus an 12ú haois). Dá bhrí sin, tagraíonn ‘Saint-Nicolas’ d’fhíonta éadroma a tháirgtear i roinnt dáileachtaí talún éagsúla sa bhardas ina bhfuil ithreacha a d’fhorbair ar na sil-leagain ghláracha ghainmheacha is coitianta sa limistéar ATFC sin. Agus iad ag tairbhiú dá suíomh cois abhann feadh an Loire, tá fíonghoirt Saint-Nicolas-de-Bourgueil ina n-onnmhaireoir fíonta míne le fada an lá, go háirithe de Fhlóndras ón 17ú haois ar aghaidh. Leanadh leis an imthoisc sin go dtí géarchéim Fiollocsaeire. Sheas na fíonghoirt go maith in aghaidh an mheatha mar gheall ar a suíomh ar na léibhinn ghláracha ársa. Rinneadh na codanna a scriosadh a athphlandú go tapa le Cabernet Franc N, rud a léiríonn tiomantas na saothróirí fíniúna don chineál sin ó na Meánaoiseanna ar aghaidh. Tá méadú ag teacht ar mhéideanna táirgeachta ó bhí 1937 ann, nuair a aithníodh an t-ainmniúchán tionscnaimh rialaithe ‘Saint-Nicolas-de-Bourgueil’. Is fíonta dearga iad an chuid is mó den táirgeadh, agus níos mó ná 95 % den mhéid acu. Tá dlúthnasc idir an Loire, atá taobh le bun an limistéir táirgeachta fíona, agus tionscnamh agus stair limistéar fíonsaothrúcháin Saint-Nicolas-de-Bourgueil. Rinne an abhainn an fhána mhór a chreimeadh, rud a nocht na carraigeacha ar a bhfoirmíodh na hithreacha ansin. D’fhág sí sil-leagain ghláracha freisin, arb ionann iad agus an chuid eile den talamh fíonsaothrúcháin sa limistéar. Ba trí bhealach trádála agus malartaithe an Loire a tháinig cineálacha Cabernet, arb as Bordeaux ar dtús iad, isteach sa réigiún seo den chéad uair, agus ansin tháinig siad chun bheith ar cheann de na limistéir ina raibh rath orthu. I gcomhréir le nósanna áitiúla, ní áirítear sa limistéar dáileachta críochaithe le haghaidh bhuaint na bhfíonchaor ach ithreacha fíonsaothrúcháin ar ábhair ghláracha, atá an-sainiúil ar an leibhéal réigiúnach, nó na hithreacha éadoimhne a d’fhorbair ar chailc Thurónach na fána. Ós rud é go bhfuil na fíonghoirt neamhchosanta go leor ar an Loire, is féidir leis na tionchair mhuirí leathnú isteach faoin tír. Tá an aeráid i bhfad níos séimhe agus níos tirime ná mar atá i bhfíonghoirt an Loire atá suite níos faide soir. Leis na dálaí sin, agus leis an bhfíoras go dtéann na hithreacha gainmheacha-gairbhéalacha go maith, is féidir an timthriall fáis a thabhairt chun cinn. Cuidíonn na tosca sin, in éineacht leis na rialacha dochta táirgeachta, le Cabernet Franc N léiriú galánta a bhaint amach. An saineolas a fuair na déantóirí fíona thar roinnt glúnta agus a ndílseacht i leith chineál fíniúna Cabernet Franc N le breis agus ocht gcéad bliain, léirítear sin sa rogha cumasc de chineálacha fíniúna ó shuíomhanna éagsúla. Ar ndóigh an saineolas teicniúil sin a cuireadh in oiriúint do dhálaí sonracha an limistéir áitiúil, ar saineolas é a úsáidtear chun fíonta dearga galánta boga a tháirgeadh thar aon fhíon eile, cuireadh in úsáid é i gcás fíonta rosé freisin. Tá an cháil agus an clú atá ar fhíonta ‘Saint-Nicolas-de-Bourgueil’, arna moladh ag Abbé Baudry chomh fada siar leis an 12ú haois, fós ag méadú a bhuí le dinimiceas a shaothróirí fíniúna.

11.   Tuilleadh ceanglas is infheidhme

Teideal an cheanglais/an mhaolaithe

Limistéar in aice láimhe

Creat dlíthiúil

Reachtaíocht náisiúnta

Cineál an cheanglais/an mhaolaithe breise

Maolú maidir le táirgeadh sa limistéar geografach sainithe

Tuairisc ar an gceanglas/ar an maolú

Sa limistéar atá díreach in aice láimhe, arna shainiú le maolú maidir leis na fíonta a dhéanamh, a phróiseáil agus a aosú, cuimsítear críoch na mbardas seo a leanas, bunaithe ar an gCód Geografach Oifigiúil le haghaidh 2025:

Roinn Indre-et-Loire: Avoine, Beaumont-en-Véron, Benais, Bourgueil, La Chapelle-sur-Loire, Chouzé-sur-Loire, Coteaux-sur-Loire (críoch bhardais tharmligthe Saint-Patrice agus Ingrandes-de-Touraine amháin), Restigné, agus Savigny-en-Véron).

Roinn Maine-et-Loire: Allonnes, Brain-sur-Allonnes.

I gcomhréir le hAirteagal 5(1) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33 ón gCoimisiún, comhfhreagraíonn an limistéar atá díreach in aice láimhe do limistéar atá díreach in aice leis an limistéar críochaithe atá i gceist.

Teideal an cheanglais/an mhaolaithe

Lipéadú

Creat dlíthiúil

Reachtaíocht náisiúnta

Cineál an cheanglais/an mhaolaithe breise

Forálacha breise a bhaineann le lipéadú

Tuairisc ar an gceanglas/ar an maolú

Faoi rialacha an Aontais, féadfaidh na Ballstáit méid litreacha na dtéarmaí roghnacha a rialú. Ní mór dóibh a bheith níos mó, ar airde, ar leithead ná ar thiús, ná dhá oiread mhéid na litreacha lena gcruthaítear ainm an ainmniúcháin tionscnaimh faoi chosaint. - Méid na litreacha d’ainm geografach ‘Vin de Loire’, ní fhéadfaidh siad a bheith níos mó, ar airde ná ar leithead, ná dhá thrian de mhéid na litreacha lena gcruthaítear ainm an ainmniúcháin. - I gcás fíonta a bhfuil an t-ainmniúchán tionscnaimh faoi chosaint acu, féadfar ainm aonaid gheografaigh níos lú a shonrú ar a lipéid, ar choinníoll gur suíomh cláraithe é agus go bhfuil sé le feiceáil ar an dearbhú buainte.

Tagairt leictreonach (URL) d’fhoilsiú na sonraíochta táirge

https://info.agriculture.gouv.fr/boagri/document_administratif-47d86866-3725-4fea-b087-8132296a76f9


(1)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2025/27 ón gCoimisiún an 30 Deireadh Fómhair 2024 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2024/1143 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle le rialacha a bhaineann le tásca geografacha, sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht agus téarmaí roghnacha cáilíochta a chlárú agus a chosaint agus lena n-aisghairtear Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 664/2014 (IO L, 2025/27, 15.1.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2025/27/oj).


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/2067/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)