|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2026/1928 |
26.3.2026 |
BREITHIÚNAS NA CÚIRTE
an 9 Nollaig 2025
i gCás E-11/25
Údarás Faireacháin CSTE v an Íoslainn
(Mainneachtain Stáit CSTE a oibleagáidí a chomhlíonadh – Mainneachtain cur chun feidhme – Treoir (AE) 2019/2161 – Rialacha maidir le cosaint tomhaltóirí)
(C/2026/1928)
I gCás E-11/25, Údarás Faireacháin CSTE v an Íoslainn – IARRATAS ar dhearbhú nár chomhlíon an Íoslainn a hoibleagáidí faoin ngníomh dá dtagraítear i bpointí 1a, 7a, 7g agus 7i d’Iarscríbhinn XIX a ghabhann leis an gComhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch, (Treoir (AE) 2019/2161 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Samhain 2019 lena leasaítear Treoir 93/13/CEE ón gComhairle agus Treoracha 98/6/CE, 2005/29/CE agus 2011/83/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le forfheidhmiú agus nuachóiriú níos fearr rialacha an Aontais maidir le cosaint tomhaltóirí), arna oiriúnú le Prótacal 1 a ghabhann le Comhaontú LEE, agus faoi Airteagal 7 de Chomhaontú LEE, toisc nár ghlac sí na bearta is gá chun an gníomh a chur chun feidhme laistigh den teorainn ama a leagadh síos, nó in aon chás, toisc nár chuir sí Údarás Faireacháin CSTE ar an eolas faoi sin, thug an Chúirt, agus í comhdhéanta de Páll Hreinsson, Uachtarán, Bernd Hammermann (Breitheamh is Rapóirtéir) agus Michael Reiertsen, Breithiúna, breithiúnas an 9 Nollaig 2025, arb é seo a leanas an chuid oibríochtúil de:
Leis seo:
|
(1) |
Dearbhaíonn an Chúirt nár chomhlíon an Íoslainn a hoibleagáidí faoin ngníomh dá dtagraítear ag pointí 1a, 7a, 7g agus 7i d’Iarscríbhinn XIX a ghabhann leis an gComhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (Treoir (AE) 2019/2161 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Samhain 2019 lena leasaítear Treoir 93/13/CEE ón gComhairle agus Treoracha 98/6/CE, 2005/29/CE agus 2011/83/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle i ndáil le forfheidhmiú níos fearr agus nuachóiriú rialacha an Aontais maidir le cosaint tomhaltóirí), arna oiriúnú le Prótacal 1 a ghabhann le Comhaontú LEE, agus faoi Airteagal 7 de Chomhaontú LEE, toisc nár ghlac sí leis na bearta is gá chun an gníomh a chur chun feidhme laistigh den tréimhse fhorordaithe. |
|
(2) |
Ordaíonn an Chúirt don Íoslainn costais na n-imeachtaí a iompar. |
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/1928/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)