European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2026/1881

7.4.2026

Ordú na Cúirte Ginearálta an 14 Eanáir 2026 – Giftrans agus Giurgiuman v an Coimisiúin

(Cás T-200/25)  (1)

( Caingean le haghaidh neamhniú – Leasanna airgeadais an Aontais a chosaint - Ionchúiseamh riaracháin arna dhéanamh ag OLAF chun tacú le gníomhaíocht Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh nó chun í a chomhlánú - Airteagal 101(3)(c) den Rialachán (AE) 2017/1939 - Tuarascáil deiridh OLAF – Gníomh nach bhfuil faoi réir achomhairc - Neamh-inghlacthacht)

(C/2026/1881)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóirí: Giftrans SRL (Valea Drăganului, an Rómáin), Florin Giurgiuman (Valea Drăganului) (ionadaithe: V. Costa Ramos agus A. Ïandru, Dlíodóirí)

Cosantóir: An Coimisiún Eorpach (ionadaithe: C. Valero agus J. Baquero Cruz, Gníomhairí)

Ábhar

Lena gcaingean de bhun Airteagal 263 CFAE, iarrann na hiarratasóirí go gcuirfí tuarascáil chríochnaitheach na hOifige Eorpaí Frith-Chalaoise (OLAF) a cláraíodh faoin tagairt OC/2022/1031/A5 ar neamhní.

An chuid oibríochtúil

1)

Díbhtear don chaingean toisc í a bheith do-ghlactha.

2)

Ordaítear do Giftrans SRL agus Florin Giurgiuman na costais a íoc.


(1)   IO C, C/2025/3538 an 7.7.2025.


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/1881/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)