European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2026/1848

27.3.2026

Fógra tionscnaimh maidir le himscrúdú coimirce a bhaineann le hallmhairí táirgí áirithe cothrom-rollta de chruach shileacain-leictreach dírithe ar ghráinní

(C/2026/1848)

Fuair an Coimisiún Eorpach (‘an Coimisiún’) iarraidh ó na Ballstáit imscrúdú coimirce a thionscnamh. Léiríodh san anailís ar an bhfaisnéis a soláthraíodh san iarraidh go bhfuil méadú tagtha le déanaí ar allmhairí táirgí áirithe cothrom-rollta de chruach shileacain-leictreach dírithe ar ghráinní agus lannán agus croíleacán chruach, le haghaidh claochladán agus ionduchtóirí, a ndéantar tuilleadh próiseála ar tháirgí cothrom-rollta de chruach shileacain-leictreach dírithe ar ghráinní isteach iontu, rud a léiríonn go bhfuil fianaise leordhóthanach ann gur cosúil go bhfuil gá le bearta coimirce mar gheall ar na treochtaí sin maidir le hallmhairí. Dá bhrí sin, tá cinneadh déanta ag an gCoimisiún imscrúdú coimirce a thionscnamh de bhun Airteagal 5 de Rialachán (AE) 2015/478 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1) agus Airteagal 3 de Rialachán (AE) 2015/755 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2).

1.   AN TÁIRGE FAOI IMSCRÚDÚ

Is éard atá i gceist sa tairge atá faoi réir an imscrúdaithe seo (1) táirgí áirithe cothrom-rollta de chruach shileacain-leictreach dírithe ar ghráinní, agus (2) lannáin agus croíleacáin chruach, bídís cruachta nó tochraiste nó ná bídís, le haghaidh claochladán agus ionduchtóirí. Tagann allmhairí táirgí áirithe cothrom-rollta de chruach shileacain-leictreach dírithe ar ghráinní faoi chóid AC 7225 11 00 agus 7226 11 00 faoi láthair. Tagann lannáin agus croíleacáin chruach faoi chód AC 8504 90 13 faoi láthair.

Úsáidtear táirgí áirithe cothrom-rollta de chruach shileacain-leictreach dírithe ar ghráinní mar an príomhábhar i gclaochladáin chumhachta agus dáileacháin.

2.   MÉADÚ AR ALLMHAIRÍ AGUS DÍOBHÁIL

Léirítear san anailís ar an bhfaisnéis a soláthraíodh san iarraidh gur tháinig méadú ar allmhairí iomlána táirgí áirithe cothrom-rollta de chruach shileacain-leictreach dírithe ar ghráinní agus lannán agus croíleacán cruach ó 91 362 tona agus 33 163 tona faoi seach in 2021 go 191 056 tona agus 60 334 tona faoi seach sa tréimhse ón 1 Iúil 2024 go dtí an 30 Meitheamh 2025. Is é sin le rá, tháinig méadú 109 % agus 82 % faoi seach ar allmhairí táirgí áirithe cothrom-rollta de chruach shileacain-leictreach dírithe ar ghráinní agus lannán agus croíleacán cruach le linn na tréimhse sin. Is cosúil gur tháinig an méadú ar allmhairí mar thoradh ar fhorbairtí gan choinne amhail acmhainneacht táirgeachta mhéadaithe i dtríú tíortha agus an riosca ina dhiaidh sin go dtiocfaidh méadú breise ar allmhairí ar mhargadh an Aontais. Maidir le táirgí áirithe cothrom-rollta de chruach shileacain-leictreach dírithe ar ghráinní, is mó ná 64 % tomhaltas an Aontais an acmhainneacht bhreise mheasta atá ann cheana de thart ar 630 000 tona ar fud an domhain agus is dócha go ndéanfaidh sí tuilleadh díobhála do thionscal an Aontais, fiú mura ndéanfar ach cuid di a atreorú chuig margadh an Aontais. Ina theannta sin, tá rochtain ar cuid mhór margaí á dúnadh mar thoradh ar bhearta cosanta trádála arna nglacadh ag roinnt tríú tíortha le blianta beaga anuas.

Tá fianaise leordhóthanach ann freisin a léiríonn go raibh méid na n-allmhairí sin ina gcúis le lagú suntasach foriomlán ar sheasamh thionscal an Aontais, nó go bhfuil baol ann go mbeidh siad ina gcúis leis sin, bunaithe ar na táscairí eacnamaíocha a shonraítear in Airteagal 9 de Rialachán (AE) 2015/478 agus in Airteagal 6 de Rialachán (AE) 2015/755. Go háirithe, léiríonn an fhianaise sin go raibh tionchar diúltach ag allmhairí an táirge lena mbaineann, i measc iarmhairtí eile, ar an sciar den mhargadh atá ag táirgeoirí an Aontais. Chuir sé sin brú suntasach ar mhéideanna dhíolacháin thionscal an Aontais, rud a d’fhág go raibh leibhéal diúltach nó leibhéal íseal brabúis ann. Tá tionscal an Aontais fós leochaileach do mhéadú breise ar allmhairí, ar dócha go bhfuil sé ar tí tarlú, go háirithe i bhfianaise na ró-acmhainneachta foriomláine sa mhargadh domhanda. Déanfar scrúdú san imscrúdú ar staid thionscal an Aontais, bunaithe freisin ar na forbairtí is déanaí, amhail aon sraonadh trádála a tháinig mar thoradh ar dhúnadh margaí tríú tíortha mar gheall ar bhearta cosanta trádála.

3.   NÓS IMEACHTA

Arna chinneadh don Choimisiún, tar éis dó na Ballstáit a chur ar an eolas, go bhfuil fianaise leordhóthanach ann chun údar maith a thabhairt le himscrúdú a thionscnamh, tá an Coimisiún, leis seo, ag tionscnamh imscrúdú de bhun Airteagal 5 de Rialachán (AE) 2015/478 agus Airteagal 3 de Rialachán (AE) 2015/755.

Cinnfear leis an imscrúdú an bhfuil, de thoradh forbairtí gan choinne, an táirge lena mbaineann á allmhairiú isteach san Aontas i gcainníochtaí a bhfuil méadú chomh mór sin tagtha orthu agus/nó faoi théarmaí nó coinníollacha atá siad ina gcúis le mórdhíobháil, nó ar baol dóibh a bheith ina gcúis le mórdhíobháil, do tháirgeoirí an Aontais.

3.1.   Freagraí ar an gceistneoir agus aighneachtaí i scríbhinn ó pháirtithe leasmhara

Chun an fhaisnéis is gá a fháil le haghaidh an imscrúdaithe, baileoidh an Coimisiún na freagraí ar an gceistneoir ó tháirgeoirí, comhlachais táirgeoirí, allmhaireoirí agus úsáideoirí an táirge lena mbaineann san Aontas. Foilseofar na ceistneoirí ar lá foilsithe an fhógra seo ar shuíomh gréasáin na hArd-Stiúrthóireachta um an Trádáil. Ní mór na ceistneoirí comhlánaithe a bheith faighte ag an gCoimisiún laistigh de 21 lá ó lá foilsithe an fhógra seo in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Iarrtar ar na páirtithe leasmhara uile lena n-áirítear táirgeoirí onnmhairiúcháin, allmhaireoirí, úsáideoirí an táirge lena mbaineann, a gcomhlachais agus ionadaíochtaí tríú tíortha a gcuid barúlacha a chur in iúl i scríbhinn, faisnéis a chur isteach agus fianaise thacaíochta a chur ar fáil. Ní mór aighneachtaí i scríbhinn i bhformáid shaor a bheith faighte ag an gCoimisiún laistigh de 21 lá ó lá foilsithe an fhógra seo in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Féadfaidh páirtithe leasmhara iad féin a chur in iúl trí theagmháil a dhéanamh leis an gCoimisiún, trí ríomhphost más féidir, láithreach ach de ghnáth tráth nach déanaí ná 15 lá tar éis fhoilsiú an fhógra seo in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Féadfar neamhshuim a dhéanamh d’aon tuairim agus faisnéis a chuirfear isteach tar éis na sprioc-amanna thuas.

3.2.   Treoracha maidir le haighneachtaí i scríbhinn a dhéanamh, agus maidir le ceistneoirí comhlánaithe agus comhfhreagras a sheoladh

Beidh faisnéis a chuirfear faoi bhráid an Choimisiúin saor ó chóipcheart. Ní mór do pháirtithe leasmhara, sula gcuirfidh siad faisnéis agus/nó sonraí atá faoi réir cóipchearta tríú páirtí faoi bhráid an Choimisiúin, cead a iarraidh go sonrach ar shealbhóir an chóipchirt lena gceadaítear a) don Choimisiún an fhaisnéis agus na sonraí a úsáid chun críoch an nós imeachta cosanta trádála seo agus b) an fhaisnéis agus/nó na sonraí a chur ar fáil do pháirtithe leasmhara san imscrúdú seo i bhfoirm a fhágfaidh go mbeidh siad in ann a gcearta cosanta a fheidhmiú.

Gach aighneacht i scríbhinn, lena n-áirítear an fhaisnéis a iarrtar san fhógra seo, ceistneoirí comhlánaithe agus comhfhreagras arna gcur ar fáil ag páirtithe leasmhara a n-iarrtar gur i modh rúin a chaithfí leo, cuirfear an lipéad ‘ Íogair ’ orthu (3). Páirtithe a chuireann faisnéis isteach le linn an imscrúdaithe seo, iarrtar orthu údar a thabhairt lena n-iarraidh gur i modh rúin a chaithfí léi.

Ní mór do pháirtithe a sholáthraíonn faisnéis ‘ Íogair ’ achoimrí neamhrúnda uirthi a chur ar fáil de bhun Airteagal 8 de Rialachán (AE) 2015/478 agus Airteagal 5 de Rialachán (AE) 2015/755, achoimrí ar a gcuirfear an lipéad ‘ Le hiniúchadh ag páirtithe leasmhara ’. Ba cheart na hachoimrí sin a bheith mionsonraithe a ndóthain le go bhféadfar bunús na faisnéise a cuireadh isteach faoi rún a thuiscint go réasúnta agus ní mór dóibh a bheith faighte ag an gCoimisiún an tráth céanna leis an leagan ‘ Íogair ’.

Mura dtabharfaidh páirtí a sholáthróidh faisnéis rúnda cúis mhaith lena iarraidh gur i modh rúin a chaithfí léi nó mura dtabharfaidh sé achoimre neamhrúnda uirthi san fhormáid agus den cháilíocht a iarradh, féadfaidh an Coimisiún neamhaird a thabhairt ar an bhfaisnéis sin mura féidir a thaispeáint go sásúil ó fhoinsí iomchuí go bhfuil an fhaisnéis ceart.

Iarrtar ar pháirtithe leasmhara gach aighneacht agus iarraidh a dhéanamh trí TRON.tdi (https://tron.trade.ec.europa.eu/tron/TDI), lena n-áirítear cóipeanna scanta de chumhachtaí aturnae. Trí úsáid a bhaint as TRON.tdi nó ríomhphost, cuireann páirtithe leasmhara in iúl go n-aontaíonn siad leis na rialacha is infheidhme maidir le haighneachtaí leictreonacha atá sa doiciméad ‘COMHFHREAGRAS LEIS AN gCOIMISIÚN EORPACH I gCÁSANNA COSANTA TRÁDÁLA’, doiciméad a foilsíodh ar shuíomh gréasáin na hArd-Stiúrthóireachta um an Trádáil: https://europa.eu/!7tHpY3. Ní mór do pháirtithe leasmhara a n-ainm, a seoladh, a n-uimhir theileafóin agus seoladh ríomhphoist bailí a thabhairt, agus ba cheart dóibh a áirithiú gur ríomhphost oifigiúil feidhmiúil gnó é an seoladh ríomhphoist a chuireann siad ar fáil, agus gur seoladh é a sheiceáiltear ar bhonn laethúil. Tráth a chuirfear sonraí teagmhála ar fáil, ní dhéanfaidh an Coimisiún cumarsáid le páirtithe leasmhara ach amháin trí TRON.tdi nó trí ríomhphost, mura n-iarrfaidh siad go sainráite na doiciméid uile ón gCoimisiún trí mheán eile cumarsáide, nó mura gá post cláraithe a úsáid mar gheall ar chineál an doiciméid atá le seoladh. Le haghaidh tuilleadh rialacha agus faisnéise a fháil maidir le comhfhreagras leis an gCoimisiún, lena n-áirítear prionsabail a bhaineann le haighneachtaí trí TRON.tdi nó trí ríomhphost, ba cheart do pháirtithe leasmhara féachaint ar na treoracha dá dtagraítear thuas maidir le cumarsáid le páirtithe leasmhara.

Seoladh an Choimisiúin le haghaidh comhfhreagrais:

European Commission

Directorate-General for Trade

Directorate G, Unit G5

Office: CHAR 03/66

1049 Bruxelles/Brussel

BELGIQUE/BELGIË

TRON.tdi: https://tron.trade.ec.europa.eu/tron/tdi

Seoladh ríomhphoist: TRADE-SAFEGUARD-GOES@ec.europa.eu

3.3.   Éisteachtaí

De bhun Airteagal 5 de Rialachán (AE) 2015/478 agus Airteagal 3 de Rialachán (AE) 2015/755, féadfaidh gach páirtí leasmhar iarratas a dhéanamh freisin ar éisteacht a fháil os comhair an Choimisiúin laistigh de 21 lá ó dháta foilsithe an fhógra seo in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

4.   INIÚCHADH AR AN BHFAISNÉIS

Páirtithe leasmhara a chuir a dtuairimí in iúl nó a chuir faisnéis isteach nó ar iarr siad éisteacht a fháil i gcomhréir le hAirteagal 5 de Rialachán (AE) 2015/478 agus le hAirteagal 3 de Rialachán (AE) 2015/755 agus ionadaithe na dtíortha is onnmhaireoirí, féadfaidh siad, arna iarraidh sin i scríbhinn, iniúchadh a dhéanamh ar an bhfaisnéis uile a cuireadh ar fáil don Choimisiún i dtaca leis an imscrúdú seachas doiciméid inmheánacha arna n-ullmhú ag údaráis an Aontais nó a Bhallstát, ar choinníoll go bhfuil an fhaisnéis sin ábhartha do chur i láthair a gcáis agus nach faisnéis rúnda í de réir bhrí Airteagal 8 de Rialachán (AE) 2015/478 nó Airteagal 5 de Rialachán (AE) 2015/755, agus ar choinníoll go bhfuil an fhaisnéis sin á húsáid ag an gCoimisiún san imscrúdú. Féadfaidh páirtithe leasmhara atá tagtha chun cinn a gcuid tuairimí maidir leis an bhfaisnéis atá i gceist a chur in iúl don Choimisiún agus féadfar na tuairimí sin a chur san áireamh i gcás ina bhfuil fianaise leordhóthanach ag tacú leo.

5.   NEAMH-CHOMHOIBRIÚ

I gcásanna ina ndiúltóidh aon pháirtí leasmhar rochtain a thabhairt ar an bhfaisnéis is gá nó nach gcuirfidh aon pháirtí leasmhar an fhaisnéis sin ar fáil laistigh de na teorainneacha ama, nó ina gcuirfidh sé bac suntasach ar an imscrúdú, is ar bhonn na bhfíoras atá ar fáil a fhéadfaidh teacht ar na torthaí, i gcomhréir le hAirteagal 5 de Rialachán (AE) 2015/478 agus le hAirteagal 3 de Rialachán (AE) 2015/755. I gcás ina ndéanfar amach gur sholáthair páirtí leasmhar faisnéis a bhí bréagach nó míthreorach, féadfar neamhaird a thabhairt ar an bhfaisnéis sin agus úsáid a bhaint as na fíorais atá ar fáil.

6.   AN tOIFIGEACH ÉISTEACHTA

Gníomhaíonn an tOifigeach Éisteachta mar phointe teagmhála idir na páirtithe leasmhara agus seirbhísí imscrúdúcháin an Choimisiúin. Déanann an tOifigeach Éisteachta athbhreithniú ar iarrataí ar rochtain ar an gcomhad, ar dhíospóidí maidir le rúndacht doiciméad, ar iarrataí ar shíneadh leis na teorainneacha ama agus ar aon iarraidh eile a bhaineann le cearta cosanta na bpáirtithe leasmhara agus tríú páirtithe a d’fhéadfadh teacht chun cinn le linn na n-imeachtaí.

Féadfaidh páirtithe leasmhara idirghabháil an Oifigigh Éisteachta a iarraidh. I bprionsabal, beidh na hidirghabhálacha sin teoranta do na saincheisteanna a tháinig chun cinn i rith an imeachta seo.

Ba cheart iarraidh ar idirghabháil an Oifigigh Éisteachta a dhéanamh i scríbhinn agus ba cheart na cúiseanna atá leis an iarraidh a shonrú inti. Maidir leis an gcreat ama a leagtar amach i Roinn 3.1 den fhógra seo le haghaidh aighneachtaí chuig an gCoimisiún, i bprionsabal, tá feidhm mutatis mutandis leis na creata ama sin i ndáil le hiarrataí ar idirghabháil ar an Oifigeach Éisteachta. I gcás ina gcuirfear iarrataí den chineál sin isteach lasmuigh de na cláir ama ábhartha, féadfaidh an tOifigeach Éisteachta scrúdú a dhéanamh freisin ar na cúiseanna leis na hiarrataí déanacha sin, ag féachaint go cuí do leasanna dea-riaracháin agus do chur i gcrích tráthúil an imscrúdaithe.

Chun tuilleadh faisnéise agus sonraí teagmhála a fháil, féadfaidh páirtithe leasmhara féachaint ar leathanaigh ghréasáin an Oifigigh Éisteachta ar shuíomh gréasáin Ard-Stiúrthóireacht na Trádála: https://policy.trade.ec.europa.eu/contacts/hearing-officer_en.

7.   SCEIDEAL AN IMSCRÚDAITHE

Má chinneann an Coimisiún go bhfuil gá le bearta, déanfaidh sé na cinntí is gá i gcomhréir le Caibidil V de Rialachán (AE) 2015/478 agus Rialachán (AE) 2015/755 faoi seach, tráth nach déanaí ná 9 mí ón dáta tionscnaimh, mura bhfuil imthosca eisceachtúla ann, agus sa chás sin féadfar síneadh 2 mhí ar a mhéad a chur leis an teorainn ama sin. Ansin foilseoidh an Coimisiún fógra in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh ina leagfar amach fad an tsínte agus achoimre ar na cúiseanna atá leis.

8.   PRÓISEÁIL SONRAÍ PEARSANTA

Aon fhaisnéis phearsanta a bhailítear le linn an imscrúdaithe seo, caithfear léi i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4).

Tá fógra cosanta sonraí le fáil ar shuíomh gréasáin Ard-Stiúrthóireacht na Trádála, fógra a chuireann gach duine ar an eolas faoi phróiseáil sonraí pearsanta faoi chuimsiú ghníomhaíochtaí cosanta trádála an Choimisiúin: https://europa.eu/!vr4g9W.


(1)  Rialachán (AE) 2015/478 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2015 maidir le comhrialacha d'allmhairí (IO L 83, 27.3.2015, lch. 16).

(2)  Rialachán (AE) 2015/755 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2015 maidir le comhrialacha d’allmhairí ó thríú tíortha áirithe (IO L 123, 19.5.2015, lch. 33).

(3)  Is éard is doiciméad ‘Íogair’ ann doiciméad a mheastar a bheith rúnda de bhun Airteagal 8 de Rialachán (AE) 2015/478, Airteagal 5 de Rialachán (AE) 2015/755 agus Airteagal 3.2 de Chomhaontú EDT maidir le Bearta Coimirce. Is doiciméad é freisin atá cosanta de bhun Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 145, 31.5.2001, lch. 43).

(4)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/1848/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)